BRABHSÁIL
baile fearainn
Cúil Achaidh Bheag
ginideach: Chúil Achaidh Bheag
(Gaeilge)
Coolagh
(Béarla)

Gluais

achadh, -ach
Béarla field
beag, big
Béarla small
Béarla corner, nook

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    corner, nook of (the) field

    Baile fearainn beag é seo sa lá atá inniu ann (24 acra), ach bhí achar mór i gceist le 1655 ‘Cullaghy’ ar an Down Survey: 337 acra de dhea-thalamh agus 176 acra de choill agus portach a bhí i seilbh Shéamais Mhic Dhónaill. Taispeánann an BSD gur bronnadh 14 acra de ghabháltas sin Mhic Dhónaill ar William Legatt — cf. Legatt’s Lot SO i dtuaisceart bhaile fearainn Coolagh an lae inniu. Slogadh an chuid eile den seanbhaile fearainn isteach in bf Coolnavarnoge and Coolaghy (#28461) agus is léir mar sin gurb ionann bunús do Coolaghy agus don logainm seo idir chamáin .i. Coolagh.

    Is ann don logainm bf Na Cúlacha (#28468) .i. foirm iolra de cúil “corner, nook”, sa bharúntacht theorantach Tigh na hInse. (Tá fianaise Ghaeilge againn dó sin .i. 1595 ‘na gCulach’ [gin. iol.].) Ach mar gheall ar an bpátrún béime san fhuaimniú áitiúil 2005 /kuːˈlahiˑ/ (#28461), arb ionann é agus (#28599) ó bhunús, is dócha gur fearr Cúil Achaidh “corner, nook of (the) field” anseo.

    Baintear úsáid as an idirdhealaitheoir beag toisc go maireann an bunainm sa logainm eile úd (#28461).

    Ainmneacha stairiúla:

    1. Buaile na mBodach “the boley, summer milking-place of the low-bred persons” ainm eile atá le sonrú i gcuid den fhianaise.

Lárphointe

53.1442, -7.2262domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1549
Bowlenemoddaghe
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 98
1563
Ballebogan
F Leathanach: 498
1563
Ballnyboddaghe
F Leathanach: 498
1571
Ballebodaghe
F Leathanach: 1715
1571
Ballebogan
F Leathanach: 1715
1619
Coolocke al' Ballyboggan & Ballnyboddagh
Hugh McCallough McDonell
Inq. Lag. Leathanach: 15 J I
1621
Cooloches alias Ballibogan and Ballinebodagh
CPR Leathanach: 95
1637
Coolaghes al' Ballyboggan & Ballyneboddagh
Inq. Lag. Leathanach: 23 C I
1655
Cullaghy
= bf Coolagh + cuid de bf Coolnavarnoge & Coolaghy
DS
1838
Coolagh
BS:AL Leathanach: LA019,6
1838
Collough
Map 1720 (Warburton, Rev. Leathanach: LA019,6
1838
Coolaghy
HCSV:AL Leathanach: LA019,6
1838
Coolagh
Stopford, Rev. G.:AL Leathanach: LA019,6
1838
Coolahy
Cahill Co. Map:AL Leathanach: LA019,6
1838
Cowlagh al' Cowtagh
[mícheart]
Inq. C I:AL Leathanach: LA019,6
1838
Cullaghy
Inq. C II:AL Leathanach: LA019,6
1838
Cullaghy
DS:AL Leathanach: LA019,6
1838
Cúlach, 'back of a hill,' cul-achaidh, 'back-field'
OD:AL Leathanach: LA019,6
1838
Coolagh
OD:AL Leathanach: LA019,6
2005
ˈkuːlak
Áit.
2005
ˈkuːlək
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm