BRABHSÁIL
baile fearainn
Baile Claghdair
ginideach: Bhaile Claghdair
(Gaeilge)
Ballyclider
(Béarla)

Gluais

Béarla townland, town, homestead

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    (the) town of —

    Ní léir bunús an cháilitheora anseo.

    Tá iontrálacha 1563, 1587, 1607, 1608 gaolmhar le chéile. Tá sé le tuiscint go raibh an fuaimniú sa 16ú haois an-ghairid d’fhuaimniú 2007 /baliˑˈkləidər/. Mar gheall ar an bpatrún béime sin is dócha gur focal amháin atá sa cháilitheoir agus mar sin ní bheadh dealramh le leithéid *claí dara(ch) “ditch of oak”, a mbeadh béim an ghutha ar an dara mír.

    Is é is dóichí ná gur ainm pearsanta nó sloinne atá ann, faoi mar a thuairimíonn Ó Donnabháin. Más ea ní heol dúinn aon sampla dá leithéid d’ainm i measc na nGall in Éirinn, agus measaimid gur beag an seans gur sloinne nó ainm athartha Gaeilge atá ann (m.sh. *Baile Mhic L—), cé nach féidir a leithéid a chur as an áireamh. D’fhéadfaí *Baile Mhic + ainm/sloinne Angla-Normannach a mheas chomh maith, b’fhéidir: cf. ‘Richard Lydyr [Cill Dara]’ CJR III.

    Réiteach fuaime a mholaimid sa dara heilimint.

    Ainmneacha stairiúla:
    Tá imfhálú in iarthuaisceart an bhaile fearainn (www.archaeology.ie). Sa chur síos ar thailte an Phiogóidigh in 1608 luaitear ‘a croft called Croghtnegirta’ < Crochta na Goirte (?) “the croft of hunger” díreach taobh istigh de theorainn thuaidh an bhaile fearainn seo sula ritheann sé soir isteach sa ‘great moor of Moanevane’ (Moanavaw Bog (#1419171)) (CPR 112).

Lárphointe

53.038, -7.24836domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1549
Ballyeleder
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 56 +58
1563
Ballecloyder
F Leathanach: 496
1587
Ballecloyder
F Leathanach: 5047
1607
Ballyclayder
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
1608
Ballicloyder
CPR Leathanach: 113
1659
Balliclidar
Cen. Leathanach: 497
1660c
Ballecloyder
BSD (La) Leathanach: 97
1714
Ballyclydor
CGn. Imleabhar: 14, Leathanach: 69, Uimhir: 5193
1805
Ballyclide
Cahill (La)
1838
Baile Chladhdair, 'Clayder's town'
OD:AL Leathanach: La061,6
1838
Baile clyder
pl:AL Leathanach: La061,6
1838
Ballyclider
OD:AL Leathanach: La061,6
1838
Ballyclider
BS:AL Leathanach: La061,6
1838
Ballyclyder
HCSV:AL Leathanach: La061,6
1838
Ballyclide
CM:AL Leathanach: La061,6
1838
Ballyclider
HCons PR:AL  Leathanach: La061,6
1838
Ballyclayder
Inq. J I:AL Leathanach: La061,6
2004
baliˑˈkləidər
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm

Fo-aonaid