BRABHSÁIL
baile fearainn
Ceapach Uláin
ginideach: Cheapach Uláin
(Gaeilge)
Cappalane
(Béarla)

Gluais

ceapach, ceapaigh
Béarla plot of land, tillage plot

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    tillage-plot of (the) block, boulder?

    Murab ionann is bf An Cheapach Bheag (#28545), níl aon rian de -ch /-x/ deiridh an aicmitheora le sonrú san fhianaise. Cloítear le foirm an ainmnigh ceapach ina ainneoin sin (cf. bf An Cheapach Ard (#28342)).

    Tá an dara heilimint doiléir. Cuirtear suas de oileán mar cháilitheoir de bharr na samplaí luatha in -ull-/-ol(l)- (1582, 1601, 1607, 1622, 1629, 1659) agus de bharr cháilíocht na talún freisin — téarma is ea oileán a chiallaíonn de ghnáth (lasmuigh de chomthéacs uisce) paiste de dhea-thalamh a bhfuil drochthalamh ar gach taobh de.

    Is cosúil gur cheart na foirmeacha luatha a léamh mar seo a leanas: 1569 ‘Cap-ellan’, 1582 ‘Cap-ollan’, 1601 ‘Keappa ullane’, 1607 ‘Capp-illane’, 1607 ‘Capp-ollane’, ‘Capp-ullan’, 1659 ‘Cap-olane’. Is fiú iad seo a chur i gcomparáid le hainm stairiúil a thagair d’áit timpeall le bf An Goirtínbf Míleac, tamaillín ó thuaidh .i. 1607 ‘Garrifoolane’, 1622 ‘Garrefelan’ CPR, 1639 ‘Garryfelan’, 1660c ‘Garrifollan’ BSD, 1662 ‘Garryfellan’ Inq. Lag. < Garraí Faoláin (?) “the garden of Faolán (ainm pearsanta)”, ina bhfeicimid -oo-, -e-, -o- mar réaduithe ar -ao- na Gaeilge idir dhá chonsan leathana. D’fhéadfaí an cáilitheoir céanna a thuairimiú anseo, agus an túschonsan f- faoi shéimhiú i ndiaidh ceapach/ceapaigh (bain.) .i. Ceapach Fhaoláin (?) “the tillage-plot of Faolán”. Cf. an litriú -o- in 1739 ‘Ballifolan’ faoi bf Baile Uí Fhaoláin/Ballyfolan (#54859) i gCill Mhantáin (agus an litriú -u- in 1643 ‘Morrow O’ffulane’ Dep. 1641 sa chontae céanna úd), agus cf. 1601 ‘Tullalane’, 1615 ‘Tullelane’, 1626 ‘Tulliellane’ < bf Tulaigh Fhaoláin (#8233) i gCorcaigh.

    Bheifí ag súil le rian éigin den fhréamhchonsan f- /f/, áfach, tharla go dtagann a oiread sin tagairtí anuas chugainn. Bhí seisear dar sloinne Whelan sa bharúntacht seo agus M‘Phelan amháin i gCluain na Slí in aimsir Griff. Val.

    Maidir le ulán, cf. na mionainmneacha Gaeltachta cn Cnoc na nUlán (#1395150) i Múscraí agus mng An tUlán Liath (#1398992) in Inis Meáin; ní léir a leithéid de chloch shuntasach anseo.

    Ainmneacha stairiúla:
    Ní léir bunús 1607 ‘Kinnaghan’, ‘Kinaghan’, mionainm a luaitear i dteannta leis an mbaile fearainn seo in LS Uí Dhuinn 22.

Lárphointe

53.1213, -7.40603domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1569
Capellan
F Leathanach: 1338
1582
Capollan
Malaghlen M'Owyn
F Leathanach: 3840
1601
Keappa ullane
Melaghlin M'Owen
F Leathanach: 6523
1607
Cappollane, Cappullan, Cappullane
O Doyne Ms. Leathanach: 22
1607
Cappillane
O Doyne Ms. Leathanach: 30
1622
Cappullane
CPR Leathanach: 552
1629
Cappullane
O Doyne Ms. Leathanach: 177
1642
Cappalawne
Dep. 1641 Leathanach: 170r
1659
Capolane
Cen. Leathanach: 506
1660c
Cappalane
BSD (La) Leathanach: 126
1725
Cappolane
CGn. Leathanach: 44.290.29264
1823
Capalan
Capalane san innéacs
TAB
1832
Cappulane
Dunne Papers Leathanach: 135
1838
Cappalane
BS:AL Leathanach: La056,6
1838
Cappalane
Drogheda Map 1812:AL Leathanach: La056,6
1838
Capalane
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La056,6
1838
Ceapa lán, 'full plot'
OD:AL Leathanach: La056,6
1838
Cappalane
OD:AL Leathanach: La056,6
2005
kapəˈleːn
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm