Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
Ní léir brí.
Tagann eidheann (agus eidhneán) “ivy” i gceist mar cháilitheoir i ndornán maith logainmneacha ar fud na tíre, ach ní heol dúinn aon sampla cinnte de mar aicmitheoir. D’fhéadfaí oigheann “cauldron” a chur san áireamh, sa chiall “hollow” — cuir i gcás an log i lárthuaisceart an bhaile fearainn ina bhfuil blúire beag de lomán carraige marcáilte ar www.epa.ie (díreach laisteas den phointe triantánachta 316′ ar SO 6″). Tá lomán carraige, chomh maith le cairéil, le fáil sa bf Eidhean (#31292) i Luimneach freisin; réiteach fuaime atá sa leagan Gaeilge sa chás sin. Cf., b’fhéidir, Ó Duinnín s.v. oigheann agus www.dil.ie s.v. 1 aigen.
Ainmneacha stairiúla:
Rinne an Príseach amach gur anseo a bhí an mionainm 1549 ‘Belladreit’, ‘Bielladrut’ a d’aimsigh sé i lámhscríbhinní an Chorragánaigh < Béal an Droichid “the approach to the bridge” (cf. Eyne Bridge SO thar an Trióg ar theorainn thiar an bhaile fearainn). Féach bf Béal an Droichid (#42302) in Uíbh Fhailí, agus cf. bf Béal Átha an Droichid (#63048) in Aontroim agus abh Áth an Droichid (#1393831) i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.Mionainmneacha ar an léarscáil:
Ní heol dúinn aon tagairt stairiúil don chnoc Red Hill SO i ndeisceart an bhaile fearainn.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1549 |
Eyen
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 56 + 58
|
1549 |
Heyne
bounds of Leyse
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 51
|
1551 |
Eyen
|
F Leathanach: 703
|
1551 |
Eyen
|
F Leathanach: 896
|
1552 |
Eynekyllmense
Eyne, Killeen or Killeenlynagh SO
|
F Leathanach: 928
|
1557c |
Eyen
|
P.R.O.L. Leathanach: 62/1
|
1563 |
Eyen
|
F Leathanach: 559
|
1563c |
Ene
|
|
1569 |
Eynekelins alias Eynekillines
|
F Leathanach: 1247
|
1569 |
Eyen
John Whitney, gent
|
F Leathanach: 1353
|
1571 |
Eyn
|
F Leathanach: 1720
|
1603 |
Eyneskilmeuse
|
CPR Leathanach: 16
|
1608 |
Eineskillinese
|
CPR Leathanach: 126
|
1614 |
Ein
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 J I
|
1615 |
Gin or Ein
|
CPR Leathanach: 283
|
1659 |
Eyne
|
Cen. Leathanach: 497
|
1660c |
Eyne
|
BSD (La) Leathanach: 97
|
1805 |
Eyne
|
|
1838 |
Eyne
|
BS:AL Leathanach: La061,11
|
1838 |
Eyne
|
HCSV:AL Leathanach: La061,11
|
1838 |
Eyne
|
CM:AL Leathanach: La061,11
|
1838 |
Eyne
|
HCons PR:AL Leathanach: La061,11
|
1838 |
Ein
|
Inq. J I:AL Leathanach: La061,11
|
1838 |
Eidhin, 'abounding in ivy'
|
OD:AL Leathanach: La061,11
|
1838 |
Eyne
|
pl:AL Leathanach: La061,11
|
1838 |
Eyne
|
OC:AL Leathanach: La061,11
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28659.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML