BRABHSÁIL
baile fearainn
Sceichín an Rince
ginideach: Sceichín an Rince
ainm deimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Skeheenaranky
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Sceichín an Rince / Skeheenaranky

    Tá baile fearainn Sceichín an Rince suite in iardheisceart Co. Thiobraid Árann ar theorainn Co. Chorcaí. Tá foirmeacha traslitrithe den logainm ar marthain i gcáipéisí stáit a scríobhadh ar dtús sa dara leath den seachtú haois déag, ar nós Skeheencenky (sic) (bliain 1659), Shehin Rinkie (1664), Skehendrincky (1665-6), Skehyrenky (1666-7) agus, ina dhiaidh sin, Skehenerinky (1714). I dtaca le fianaise na Gaeilge de, níor scríobhadh ach foirceann an logainm – raince – le peann luaidhe in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireachta Ordanáis (paróiste Theampall Toinne, bliain 1840). Scríobh Seán Ó Donnabháin, ar a láimh, an logainm iomlán le dúch ar an leathanach céanna den ainmleabhar, Sceithín a’ raince. Leagan canúnach de rince, ‘dancing, dance’, is ea raince ní foláir, le défhoghar sa siolla tosaigh mar atá fós sa bhfoghraíocht áitiúil. Is é an chiall atá le Sceichín an Rince ná ‘little thorn bush of the dancing’. Sa leabhar The Place-Names of Decies thug an Canónach Pádraig de Paor an míniú a bhí agus atá ag muintir na háite ar bhunús an logainm: ‘The eponymous bush was … the actual dancer, borne for years upon a diminutive floating island in Skeheenrinky pool’. Is foirm dhíspeagtha de sceach é an focal sceichín.

    In aiste dar teideal ‘The evidence for dancing in Ireland’ a scríobh Risteard Breatnach in Irisleabhar Chumann Staire agus Seandálaíochta Chorcaí sa bhliain 1955, léirigh an t-údar gurbh iasacht ón mBéarla é an focal Gaeilge r(a)ingce atá faoi chaibidil anseo agus gur i ndán a cumadh timpeall na bliana 1588 a bhí an tsolaoid is sine den fhocal. Thrácht P. W. Joyce thar a thuilleadh samplaí den fhocal céanna i logainmneacha sa chéad imleabhar dá shaothar clúiteach Irish Names of Places. Ní mór amhras a chur in iontaofacht cuid de na samplaí s’aigesean. Ar cheann de na logainmneacha a tharraing sé chuige bhí, Clogharinka i gCo. Chill Chainnigh. Tá solaoid den logainm áirithe seo ar taifead ón mbliain 1560, Cloghraynke. Foirgneamh cloiche, nó ‘caisleán’ is brí le cloch sa chás seo. An amhlaidh go gcruthaíonn an logainm áirithe sin go raibh an focal r(a)ingce / rince seanbhunaithe sa Ghaeilge faoin mbliain réamhluaite 1560? Tugann logainm eile de chuid an chontae chéanna leid dúinn nach féidir an tátal sin a bhaint as. Is é an t-ainm Gaeilge a tugadh ar bhaile fearainn Webbsborough i gCo. Chill Chainnigh ná Baile an rainnce in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireachta Ordanáis (paróiste Mhaothla, bliain 1838). Tá sampla den logainm sin ar taifead ón mbliain 1398, Ballyfrank agus scríobhadh foirmeacha ar nós Ballinranke (bliain 1584-7) ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, is foirm Ghaelaithe den ainm iasachta Frank atá i ndeireadh an logainm úd ó cheart; rinneadh *Baile an Fhrancaigh (nó Fhraincigh?) de agus athmhíníodh ní ba dhéanaí é mar Baile an Rince.

  • English

    Sceichín an Rince / Skeheenaranky

    little hawthorn, thorn-bush of the dancing...

    The townland of Skeheenaranky is situated in south-west Tipperary, on the Co. Cork border. Transliterated forms of the placename survive in state documents that were first written in the second half of the seventeenth century, such as Skeheencenky (sic) (1659), Shehin Rinkie (1664) Skehendrincky (1665-6), Skehyrenky (1666-7) and later, Skehenerinky (1714). As regards Irish language evidence, only the final part of the placename - raince - was written in pencil in the Ordnance Survey Parish Namebook (Templetenny parish, 1840). John O’Donovan, to judge by his handwriting, wrote the full placename in ink on the same page of the namebook, Sceithín a’ raince. Raince is undoubtedly a dialectal form of the Irish word rince, meaning ‘dancing, dance’, with a diphthong in the initial syllable which can still be heard in local pronunciation. Sceichín an Rince means ‘little thorn bush of the dancing’. Canon Patrick Power in The Place-Names of Decies gave the following account of the placename’s origin – an account which is still prevalent: ‘The eponymous bush was … the actual dancer, borne for years upon a diminutive floating island in Skeheenrinky pool’. Sceichín is a diminutive form of the word sceach, ‘bush’.

    In an article entitled ‘The evidence for dancing in Ireland’, published in the Journal of the Cork Historical and Archaeological Society in 1955, its author, Risteard Breatnach demonstrated that the Irish word r(a)ingce under discussion was borrowed from English and that the earliest example of the word occurs in a poem composed about 1588. P.W. Joyce referred to other instances of the word in placenames in the first volume of his renowned work Irish Names of Places. However, the reliability of some of his examples is questionable. Clogharinka in Co. Kilkenny is one such placename. This particular name is on record from the year 1560 as Cloghraynke. Cloch means a stone structure or ‘castle’ in this instance. Does this particular placename then prove that the word r(a)ingce / rince was well established in Irish by the aforementioned year 1560? Another placename from the same county suggests that this assumption is untenable. The Irish name for Webbsborough townland in Co. Kilkenny is preserved in the Ordnance Survey Parish Namebook (Mothell parish, 1838) as Baile an rainnce. This particular placename was initally recorded as Ballyfrank in 1398 and subsequently as Ballinranke (1584-7). Therefore, the final part of the placename is actually a Gaelicised form of Frank, a name of foreign origin; the placename which originated as *Baile an Fhrancaigh (or Fhraincigh?) was reinterpreted at a later period as Baile an Rince.

Lárphointe

52.3157, -8.15258domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1659
Skeheencenky
Cen. Leathanach: 313
1665-6
Skehendrincky
HMR (TÁ) Leathanach: 22
1666-7
Skehyrenky
HMR (TÁ) Leathanach: 96
1714
Skehenerinky
CGn. Leathanach: 13.393.6109
1715
Skeyheenrinky
CGn. Leathanach: 15.199.7202
1752
Skeheenrinkey
CGn. Leathanach: 151.560.102644
1795
Skehewrinky
Top. Hib.
1840
Skeheenarinky
BS:AL
1840
Skeheenarankey
Grand Jury Docket:AL
1840
raince
pl:AL
1840
Sceithín a'raince
AL
1952
Sceichín an Rínnce
PN Decies Leathanach: 329
1985
ˌʃkehiːnəˈrəiŋkə
Áit.
1985
ˌʃkehənəˈrəiŋkə
Áit.
1985
ʃkəˌhiːnəˈrəiŋkə
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm