BRABHSÁIL
paróiste dlíbaile fearainn
Cill Átha na Súileach
ginideach: Chill Átha na Súileach
(Gaeilge)
Kilnasoolagh
(Béarla)

Gluais

Béarla ford
Béarla church

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Is baile fearainn agus paróiste dlí Cill Átha na Súileach i mbarúntacht Bhun Raite Íochtarach, Co. an Chláir. Tá tagairtí luatha don pharóiste meánaoiseach i gcáipéisí Laidine éagsúla, ar nós Kelluonasulech (1256) in Calendar of Papal Letters agus Kellomsoleach (1306 circa) in Ecclesiatical ('Papal') Taxation. Má chuimhnítear go ndéantaí earráidí litrithe nuair a scríobhtaí agus nuair a chóipeáiltí logainmneacha Gaeilge i dtéacsanna Laidine, tá foirmeacha luatha an logainm ag teacht tríd is tríd leis an sampla Gaeilge den ainm a scríobhadh in Caithréim Thoirdhealbhaigh, Cill Éo na Súileach -- téacs a cumadh de réir dealraimh i lár an cheathrú haois déag ina ndéantar cur síos ar chogadh a troideadh i Co. an Chláir ó dheireadh an 13ú haois go dtí tús an 14ú haois. Measctar an logainm ar uairibh le logainm eile ar ar tugadh idir Cill [na] Subhalach agus Cill Subalaigh sa téacs céanna agus ar a dtugtar Kiltolagh Church ar léarscáil sé horlaí sa mhíle na Suirbhéireachta Ordanáis de Co. an Chláir (leathanach léarscáile 18, baile fearainn na Ceathrún Caoile Móire, paróiste Inse Chrónáin).

    Tugaimis aghaidh ar Cill Átha na Súileach arís. Cuireann foirmeacha stairiúla den logainm, ón gcúigiú haois déag amach, athrú in iúl i gcáilíocht ghuta an dara siolla, leithéidí Kyllanasculeach (bliain 1443), Kyllaghnesowlaghe (1586), Killathnassullagh (1611). Is é an fhoirm a fhaightear i nDánta Aindréis Mhic Cruitín, Ceall Áth na Súlach. Tá léiriú breise ar an athrú i gcáilíocht an ghuta i ndoiciméid chomhaimseartha na Suirbhéireachta Ordanáis, bliain 1839. Scríobh Eoghan Ó Comhraí, cuir i gcás, an cuntas seo ar an ainm i Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis, Co. an Chláir: 'The present name of this Parish with the Irish speaking peasantry is Cill-á-na-Súla, and tho' this is evidently a corruption, still it is very difficult to say what the true original form of the name was, as we have no reference to it in any ecclesiastical authorities ... Of the ancient church ... not a vestige now remains, but its site is supposed to be occupied by the present modern Protestant house of worship'. De dhéanta na fírinne, luaitear an áit i bhfoinsí eaglasta, mar atá léirithe agam roimhe seo. Seo mar a d'aistrigh Seán Ó Donnabháin, scoláire oirirc eile Gaeilge a bhí fostaithe ag an tSuirbhéireacht Ordanáis, an logainm in Ainmleabhar na Suirbhéireachta Ordanáis (paróiste Chill Átha na Súileach): 'church of the ford of the eye'. Is inmheasta gur athmhíníodh an dara focal mar áth, 'a ford', chomh fada siar leis an gcúigiú haois déag (féach solaoidí de thuas). Achar gairid taobh theas de bhaile fearainn Chill Átha na Súileach, tá sruthán agus bóthar ag gabháil trasna ag teacht ón mbaile fearainn. Gheobhadh áth a bheith anseo uair amháin agus tagairt dó a bheith go héasca san ainm Cill Átha na Súileach.

    Is é ainm Gaeilge atá ar an River Swilly i Co. Dhún na nGall a théann i Loch Súilí An tSúileach. Aidiacht shubstainteach is ea súileach a thagann ón ainmfhocal súil, 'eye'. 'Having eyes' is brí liteartha don fhocal úd, nó súilíní in uisce seans nuair is abhainn atá i gceist. As an tSúileach (an abhainn) is ea a ainmníodh Loch Súilí (ginideach Súileach). Is inmheasta go bhfuil foirm ghinidigh éagsúil de an tsúileach i Cill Eo na Súileach, bunfhoirm Ghaeilge Kilnasoolagh. (Cuir i gcomparáid le tulaí agus tulach, foirmeacha ginidigh den ainmfhocal baininscneach tulach.) B'fhéidir gurbh ionann An tSúileach agus an sruthán réamhluaite a ritheann laisteas de theampall Protastúnach Chill Átha na Súileach. Brí eile ab fhéidir a bhaint as** na Súileach** ná 'of the bubbles'. (PÓCearbhaill)

  • English

    Kilnasoolagh is the name of a townland and a civil parish in the barony of Bunratty Lower, Co. Clare. There are early references to the medieval parish in various Latin documents, such as Kelluonasulech (1256) in Calendar of Papal Letters and Kellomsoleach (1306 circa) in the Ecclesiatical ('Papal') Taxation. If one allows for spelling errors which probably occurred in the process of recording and copying Irish placenames in Latin texts, these early forms of the placename are in broad agreement with the Irish example of the name recorded in Caithréim Thoirdhealbhaigh, Cill Éo na Súileach -- a text which was probably composed in the mid-fourteenth century and deals with a war which occurred in Co. Clare in the late 13th and early 14th centuries. The placename has occasionally been confused with another placename, referred to variously as Cill [na] Subhalach and Cill Subalaigh in the same text and now written as Kiltolagh Church on the Ordnance Survey six inch map of Co. Clare (map-sheet 18, townland of Carrowkeel More, parish of Inchicronan).

    Returning to Kilnasoolagh, later historical examples of the placename indicate a qualitative change in the vowel of the second syllable, e.g. Kyllanasculeach (dated 1443), Kyllaghnesowlaghe (1586), Killathnassullagh (1611). This is illustraed by the following example from Dánta Aindréis Mhic Cruitín, Ceall Áth na Súlach. The contemporary evidence which is furnished by the Ordnance Survey documentation of 1839 provides us with further substantiation of the change in vowel quality. Eugene (O) Curry, for instance, wrote the following account of the name in the Ordnance Survey Letters, Co Clare: 'The present name of this Parish with the Irish speaking peasantry is Cill-á-na-Súla, and tho' this is evidently a corruption, still it is very difficult to say what the true original form of the name was, as we have no reference to it in any ecclesiastical authorities ... Of the ancient church ... not a vestige now remains, but its site is supposed to be occupied by the present modern Protestant house of worship'. In fact it is referred to in ecclesiastical sources, as I have already demonstrated. John O'Donovan, another eminent Irish scholar who was employed by the Ordnance Survey, translated the name as follows in the Ordnance Survey Namebook (parish of Kilnasoolagh): 'church of the ford of the eye'. The second word may have been re-interpreted as áth, 'a ford', as early as the fifteenth century (see previous examples). A short distance south of Kilnasoolagh townland, there is a stream which is traversed by a road leading from the townland. There may have been a ford here previously, to which the name Cill Átha na Súileach could readily refer.

    The Irish name of the River Swilly in Co. Donegal, which flows into Lough Swilly, is An tSúileach. Súileach can be classified as a substantive adjective, which is derived from the noun súil, 'eye'; it literally means 'having eyes', or possibly 'bubbling' in reference to a river. Lough Swilly / Loch Súilí (genitive of Súileach) derives its name from the River Swilly. Cill Eo na Súileach, the original Irish name of Kilnasoolagh, may contain a different genitive form of an tsúileach (Compare both tulaí and tulach as genitive of the feminine noun tulach.) An tSúileach may refer to the afore-mentioned stream which flows south of the Protestant church of Kilnasoolagh. Alterantively na Súileach may mean 'of the bubbles'. (PÓCearbhaill)

Lárphointe

52.7624, -8.90832domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1256
Kelluonasulech
CPL Leathanach: 1.326
c.1306
Kellomsoleach
Pap. Tax. Leathanach: 301
c.1350
crech cille eo na súilech
CThoir. Leathanach: 56
1443
Kyllanasculeach
Ann. Laon. Leathanach: 32
1466
Killanasulech
Ann. Laon. Leathanach: 44
1586
Kyllaghnesowlaghe
Inq.(Ga) Leathanach: 1.68
1611
Killathnassulagh
Inchiquin Leathanach: 308
1615
Killanafinlaghe
RVis. (Kill.) Leathanach: 214
c.1655
Killinasullogh Parish
DS
1659
Killanasullagh
Cen. Leathanach: 166
c.1660
Killanasulogh
BSD (Cl) Leathanach: 155
c.1660
Killanasullogh
BSD (Cl) Leathanach: 157
1666
Killanasulagh
ASE Leathanach: 87.18
c.1700
Ceall Áth na Súlach
Dánta AMC Leathanach: 3
1727
Killanasullagh
CGn. Leathanach: 55.104.36094
1787
Killanasulogh
Pelham (Cl)
1839
Kilnasoola
AL
1839
cill á na sula
OD:AL
1839
Cill óigh na sula local name, 'church of the ford of the eye'
OD:AL
1839
cill á na sula
pl:AL

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm