Lámhscríbhinní

Lámhscríbhinn Sheáin Uí Dhonnabháin

Na leathanaigh ó Lámhscríbhinn Sheáin Uí Dhonnabháin (féach thuas) mar chomhadlann íomhánna ardtaifigh.

Íoslódáil ZIP Á SHOLÁTHAR AG: An Brainse Logainmneacha

Lámhscríbhinn Sheáin Uí Dhonnabháin

Tá ‘Glossary, Irish Topog[raphical] Dict[ionary]’ scríofa ar dhroim an chlúdaigh cheangailte agus ar idirshliocht scríofa le dúch atá greamaithe ar cheann de na leathanaigh bhána ag tús an tsaothair. Tá ‘Ordnance Survey of Ireland’ clóite freisin ar dhroim an chlúdaigh. De réir dealraimh scríobh Seán Ó Donnabháin an lámhscríbhinn ina hiomláine fad is a bhí sé fostaithe ag an tSuirbhéireacht Ordanáis.

Thosaigh Ó Donnabháin ag obair leis an tSuirbhéireacht Ordanáis ar an 28 Deireadh Fómhair 1830. Scríobhadh an dara cuid den lámhscríbhinn níos lú ná dhá mhí ina dhiaidh sin. Dáta comhaimseartha eile sa lámhscríbhinn ná, litir den dáta Jan[uar]y? 15, 1832 le Myles John O’Reilly go Ó Donnabháin a greamaíodh den leathanach cúil. Tá an tras-scríobh a rinne Ó Donnabháin ar iontrálacha éagsúla ó Shanas Cormaic (nó ‘Cormac’s Glossary’) le feiceáil sna spásanna bána sa litir agus tá na hiontrálacha céanna san áireamh sa tríú cuid den lámhscríbhinn. Tá leathanach beag páipéir eile greamaithe ar an leathanach cúil le teideal lámhscríofa ag Ó Donnabháin ‘Topographical words extracted from an Irish song’.

Seo a leanas inneachar na lámhscríbhinne atá gan uimhreacha leathanaigh:

  1. Gluais in ord aibítre de mhíreanna logainmneacha Béarlaithe éagsúla, a leaganacha Gaeilge agus a n-aistriúcháin. Cóip ghlan de lámhscríbhinn a thiomsaigh agus a scríobh Seán Ó Donnabháin i Mí na Samhna agus i Mí na Nollag 1830 -- feic A. Ó Maolfabhail, ‘An tSuirbhéireacht Ordanáis agus Logainmneacha na hÉireann 1824-34’, PRIA 89 C 3 (1989).

  2. Bunús na logainmneacha ar fad atá in +Ecclesiastical History of Ireland+ le Lanigan [ceithre imleabhar, 1822] tugtha ag Lanigan é féin, ag Vallancey agus eile, le nótaí suntasacha ag Seán Ó Donnabháin. Nollaig 23, 1830.

  3. Liosta focal Gaeilge a bhíonn mar chuid de go leor logainmneacha in Éirinn. Tá aistriúcháin i ndiaidh na bhfocal Gaeilge agus de ghnáth samplaí ábhartha de logainmneacha. Tá roinnt ainmneacha pearsanta agus sloinnte san áireamh freisin. Tá an dáta 'Nov[embe]r 26th 1831' istigh sa téacs.

  4. Liosta ainmneacha naomh ar tiomnaíodh séipéil Éireannacha dóibh. Tá an liosta gearr seo ar an leathanach verso deireanach agus tá logainmneacha samplacha de ainmneacha na naomh san áireamh ann.

Íoslódáil PDF Á SHOLÁTHAR AG: An Brainse Logainmneacha