An Coiste Logainmneacha
Tháinig deireadh le téarma oifige an Choimisiúin Logainmneacha ar an 11 Deireadh Fómhair 2012. Faoi réir chinneadh an Rialtais i dtaca le Plean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, socraíodh go dtiocfadh coiste saineolaithe, a d’fheidhmeodh ar bhonn pro bono, in áit an Choimisiúin Logainmneacha, agus go ndéanfaí an obair go príomha ar líne. Ar an 19 Meán Fómhair 2013, d’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go raibh Coiste Logainmneacha ainmnithe aige.
Ceapadh Coiste nua Logainmneacha ar an 11 Eanáir 2020. Is é an príomhdhualgas atá ar an gCoiste Logainmneacha comhairle a chur ar an Aire Gaeltachta maidir le logainmneacha na hÉireann mar a shainítear iad sin in alt 31 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
Liosta na n-ionstraimí reachtúla a thugann feidhm d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Baill an Choiste Logainmneacha
- An tOllamh Liam Mac Mathúna (Cathaoirleach): Iar-Cheann Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD); iar-bhall den Choimisiún Logainmneacha; eagarthóir ar Éigse.
- An Dr Éamonn Ó hÓgáin: Iar-Eagarthóir agus Bainisteoir ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge, Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath.
- Máire Feiritéar: Saineolaí ar Ghaeilge Chonamara; aoichainteoir ar chláir RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir le Gaeilge agus logainmneacha.
- Donncha Ó Baoill: Feidhmeannach Forbartha Teanga agus Cultúir, Údarás na Gaeltachta, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall.
- An Dr Emma Nic Cárthaigh: Duine d’eagarthóirí Foclóir Stairiúil Áitainmneacha Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh; léachtóir le Sean-Ghaeilge.
- An Dr Nollaig Ó Muraíle: Iar-Léachtóir Sinsireach le Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh; saineolaí ar logainmneacha agus ar ghinealaigh na hÉireann.
- Seosamh Ó Braonáin: Iar-Chathaoirleach ar an gCoimisiún Logainmneacha; iar-chraoltóir le Raidió na Gaeltachta.
- An Dr Frances Kane: Taighdeoir le Tionscnamh Logainmneacha Thuaisceart Éireann.
- Dónall Mac Giolla Easpaig: Iar-Phríomh-Oifigeach Logainmneacha, An Brainse Logainmneacha.
- An Dr Úna Bhreathnach: Bainisteoir Eagarthóireachta/Ollamh Cúnta, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).