Conas cuardach a dhéanamh

Tá fáil ar an leathanach cuardaigh ó leathanach ar bith ar an suíomh ach cliceáil ar an gcluaisín CUARDACH ag an mbarr faoin lógó. Ní mór duit an logainm atá uait a scríobh isteach, i nGaeilge nó i mBéarla, agus cliceáil ar an gcnaipe in aice leis an mbosca cuardaigh.

Gheobhaidh tú liosta torthaí inchliceáilte, torthaí beachta (i.e. logainmneacha atá mar an gcéanna leis an rud a scríobh tú) ar dtús ansin torthaí gaolmhara (i.e. logainmneacha a chuimsíonn an rud a scríobh tú móide míreanna eile). Beidh áiteanna atá braislithe sa bhunachar (e.g. baile an Abhalloirt agus baile fearainn an Abhalloirt i Loch Garman) grúpáilte le chéile go físiúil. Brisfear liostaí fada torthaí ina leathanaigh le 20 toradh in aghaidh an leathanaigh. Is féidir torthaí a shórtáil agus a scagadh.

Is féidir cuardach geografach a dhéanamh freisin ach cliceáil ar 'Aimsigh ar léarscáil' os cionn an bhosca cuardaigh.

Logainmneacha cosúla

Tar éis duit cuardach a dhéanamh, is minic a fheicfidh tú liosta faoi bhun an bhosca cuardaigh ar leathanach na dtorthaí dár teideal 'Logainmneacha cosúla'. Anseo, tugann an t-inneall cuardaigh liosta duit de logainmneacha eile sa tír atá cosúil (ó thaobh litrithe de) leis an logainm a scríobh tú isteach. Mar shampla, más Cathair Saibhín a scríobh tú isteach, molfar Cathair Saidhbhín. Tá an áis seo úsáideach mura bhfuil tú cinnte conas logainm a litriú.