Foinsí

Tá timpeall 7,000 foinse i mbunachar sonraí logainm.ie faoi láthair.

Stair an bhailiúcháin

Cuireadh an t-eolas seo le chéile thar thréimhse fhada. Sa bhliain 1946 a cuireadh an Coimisiún Logainmneacha ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann. Bhí comhfhreagras áirithe faoi leaganacha Gaeilge logainmneacha curtha sa siúl ag an gCoimisiún go gairid ina dhiaidh sin. Toisc go raibh cúraimí eile ar bhaill an Choimisiúin, taobh amuigh den logainmníocht, bunaíodh Brainse Logainmneacha lánaimseartha sa bhliain 1956 a bhí ina chuid den tSuirbhéireacht Ordanáis. Is cuid de Roinn na Gaeltachta atá sa Bhrainse Logainmneacha ón mbliain 1999.

Ba é socrú ainmneacha Gaeilge na mbailte poist in Éirinn an chéad chúram mór a leagadh ar an mBrainse Logainmneacha i gcomhar leis an gCoimisiún Logainmneacha. Is ar chártaí innéacs a breacadh an t-eolas stairiúil faoi na logainmneacha ar dtús. Tá íomhánna scanta de na cártaí go léir, nach mór, le feiceáil ar logainm.ie agus iad nasctha leis na logainmneacha cuí. Ceadaíodh iliomad saothar stairiúil nuair a bhí an obair thaighde ar siúl, chomh maith le foilseacháin ón bhfichiú haois inar moladh litriú Gaeilge logainmneacha. Cuireadh an litriú a moladh sna foinsí tánaisteacha sin ar na cártaí innéacs freisin. Seo cuid de na leabhair úd a ceadaíodh, mar aon leis na noda a ceapadh dóibh ar na cártaí innéacs:

Saothar eile a ceadaíodh nuair a bhí taighde ar siúl ar ainmneacha na bpostoifigí ná léarscáil Gaeilge d’Éirinn ar an scála 1:500,000 a foilsíodh in 1938; is i gcomhairle le Fiachra Éilgeach agus leis an Athair Pól Breathnach a socraíodh na logainmneacha dó sin. Tá íomhá den léarscáil úd ar fáil anseo.

As cáipéisí de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis (SO), a cuireadh ar bun in Éirinn in 1824, is ea a baineadh a lán de na foinsí, as Ainmleabhair Pharóiste na Suirbhéireachta (AL) go mórmhór agus as cáipéisí eile a thionscain an SO leis, ar nós Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (LSO) agus na ‘Memoranda’ (Mem. SO). Is léir ón liosta foinsí atá anseo gur ceadaíodh mórchuid finnéithe comhaimseartha agus faisnéiseoirí, chomh maith le cáipéisí éagsúla, idir cháipéisí stairiúla agus comhaimseartha, fad a bhí obair sin na chéad Suirbhéireachta Ordanáis ar siúl go dtí 1846.

Ar ndóigh tá ainmneacha na scoláirí Gaeilge a bhí fostaithe ag an SO chun eolas a bhailiú faoi logainmneacha luaite in ainmneacha na bhfoinsí chomh maith, ar nós John O’Donovan/Seán Ó Donnabháin (OD), Eugene (O’) Curry/Eoghan Ó Comhraí (EC), Thomas O’Conor/Tomás Ó Conchúir (OC), Patrick O’Keefe/Pádraig Ó Caoimh (OK).

Taobh amuigh d’fhoinsí na Suirbhéireachta Ordanáis, is iomaí saghas foinse a cheadaigh foireann an Bhrainse Logainmneacha i rith na mblianta sa taighde leanúnach a bhí agus atá ar siúl acu ar logainmneacha na hÉireann: leabhair, ailt i dtréimhseacháin agus i bhfoilseacháin eile, foclóirí, léarscáileanna, lámhscríbhinní etc.

Nóta faoin obair eagarthóireachta ar an mbailiúchán

D’athraigh na slite a bhí ag an mBrainse Logainmneacha chun fianaise stairiúil logainmníochta a thaifeadadh agus a chur i láthair le himeacht aimsire. Tá na hathruithe sin le tabhairt faoi deara ar na taifid chartlainne a ghabhann lena lán de na logainmneacha ar shuíomh logainm.ie, mar a bhfuil íomhánna de chártaí innéacs lámhscríofa agus de leathanaigh chlóscríofa A4, i dteannta na dtaifead téacs atá á n-ionchur sa bhunachar sonraí i bhformáid leictreonach faoi láthair. Toisc gur bhailigh taighdeoirí éagsúla an t-ábhar ón iliomad foinsí a bhí in úsáid ag an mBrainse Logainmneacha thar thréimhse fhada, ní raibh córas na nod a ceapadh de réir a chéile. Sa bhailiúchán leictreonach seo, féachadh leis na dúbailtí a chumasc nuair a bhí noda éagsúla ag tagairt don saothar céanna agus tugadh na noda chun rialtachta a oiread agus ab fhéidir.

Tá eagarthóireacht áirithe déanta ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge ar an mbailiúchán, de réir chomhairle an Bhrainse Logainmneacha:

Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil eagarthóireacht chríochnúil déanta ar an mbailiúchán, agus go bhfuil an obair idir lámha i gcónaí.

Cuirfear fáilte roimh aiseolas agus roimh cheartúcháin (logainm@dcu.ie).