Maidir leis an tionscadal

Tionscadal taighde de chuid grúpa taighde Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) is ea Logainm agus is é an Dr Brian Ó Raghallaigh príomhthaighdeoir an tionscadail. Is iad príomhchuspóirí an tionscadail (1) teicneolaíocht úrscothach a chur ar fáil chun taighde logainmníochta an Bhrainse Logainmneacha (Rialtas na hÉireann) a éascú agus (2) sonraí logainmníochta an Stáit a chraobhscaoileadh trí logainm.ie.

Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta. Bunaíodh an tionscadal in 2007 agus seoladh an chéad leagan den suíomh poiblí in 2008. Seoladh an leagan reatha den suíomh in 2022. Bhuaigh www.logainm.ie an Séala Eorpach Teanga in 2010 agus ba bhuaiteoir catagóire é ag Gradaim Ríomh-Rialtais na hÉireann, 2011 & 2016.