BROWSE
An Chathair
genitive: na Cathrach
validated name (What is this?)
(Irish)
Caher
(English)

Other names

Cahir
local name (What is this?)
(English)

Explanatory note

  • Gaeilge

    An Chathair / Caher
    the stone ring-fort

    Luaitear an logainm Dún Iascaig i dtéacs Gaeilge a cumadh sa naoú haois meastar. Ginideach an ainmfhocail iascach is ea an dara focal. Cnuasainm atá ann agus ‘éisc’ is brí leis. (Tabhair faoi deara go bhfuil caisleán meánaoiseach na Cathrach suite cois taobh na Siúire.) Faightear dornán eile tagairtí do Dún Iascaigh (et var.) sa Ghaeilge, ar nós Dún Iasgaigh (1450), Dún Iasccaigh (1581), Dún Iasc agus Dún Iascaigh. I saothar Shéathrúin Céitinn, arbh as an taobh sin tíre dó, atá an dá sholaoid dheiridh. Dealraíonn se gur tógadh cathair (‘fort’) le hais, nó ar láthair, seandúin. Nuair a luaitear an chathair go sonrach, is foirm fhada den logainm is comónta sna téacsanna luatha, idir Ghaeilge agus Laidin, m.sh. Cathair Duine Iascaig (1100c), Cathair Duine hIascaigh (1100c.), Ratherdunesk (leg. K-) (1260), Katherdunesk (1300), Catherdunesqe (1302-6), Cathyrdonyesk (1309), Kahirdunaheascy, Kahyrdunaheascy, Kahirdiynaheascy (1475). Go deimhin, tá foirm fhada an logainm le fáil go rialta ón bhfianaise is sine anuas go dti iontráil an Ainmleabhair, bliain 1840. Seo cuid dá bhfuil againne ón séú haois déag amach, Cathair Duine hIascighe (1516), Chathrach Dúna hIascaigh (ginideach) (1550c.), Cathair Dúna hIasc (1570c.), Cathair Dúine hIasccaigh (1599), Cathair Dhúna hIasc (1760c), Caithir Dhún Íasg (1829), Cathair Dhun Iasca (1840).

    Tá fianaise ann leis, go dtugtaí An Chathair ar an áit, beag beann ar Dún Iascaigh. Is i gcáipéisí Laidine atá na samplaí is luaithe den fhoirm ghairid, Cathir (1302-6), le Cather (1305) m.sh. Seo i mo dhiaidh dornán samplaí as téacsanna Gaeilge den fhoirm ghairid, na Cathrach (ginideach) (1550), An Chathair (1570c), ‘ris an gCathair’ (1570c), na Cathrach (ginideach) (1627, filíocht Shéathrúin Céitinn), ‘on gCathair’ (1827, Cinnlae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin). Tá nóta i gceann de Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis, atá comhaimseartha leis na hAinmleabhair (1840), a léiríonn go raibh an fhoirm ghairid in úsáid an tráth úd: ‘The name of this Parish is pronounced in Irish Cathair...The ancient name was Cathair Dhuna Íasca’. Tá an chuma air go bhfuil an ráiteas sin fíor. An fhoirm ghairid amháin a bailíodh ó na cainteoirí deireanacha a raibh Gaeilge óhindhúchas acu in iardheisceart Cho Thiobraid, timpeall 1963. Ba é an dála céanna é i Sliabh gCua, i gCo. Phort Láirge laisteas, triocha bliain roimhe sin. I gcnuasach béaloidis ón cheantar sin a cuireadh i gcló in Béaloideas (1936), is iad na leaganacha a fhaightear ná ‘go dtí an Chathair’, ‘ón Chathair’. Is don fhoirm fhada amháin a thug Seosamh Laoide aitheantas sa dha eagrán dá shaothar Post-Seanchas, Cathair Dúin Iascaigh (1905) agus Cathair Dhúin Iasgaigh (1922). Go deimhin chuir an Laoideach roimhe leaganacha fada logainmneacha a úsáid in ionad na leaganacha gearra.
    (P. Ó Cearbhaill)

Centrepoint

52.3766, -7.92861latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Properties

POThere is or was once a post office here

Archival records

scanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned image

Historical references

850c
Dún Iascaig
Bruiden Átha hÍ
Béal. Imleabhar: 54-5, Leathanach: 7
1100c
Cathair Duine Iascaig, Cathraigh Duine Iascaigh (var. lec.: iascaid, ... iascad Lec. 237 Va 29-30,33; caithir ... iascad, catraig ... iascad BB 376 a 34-35, 38-39)
Rennes Dind. Leathanach: 443
1100c
dun iascaig (bunaithe ar dind.)
YBL Leathanach: 212 a 11-12
1200c
cathair Duine hIascaigh
CAnmann Leathanach: 308
1260
Ratherdunesk
Pont. Hib. Leathanach: II.300
1300
Katherdunesk
CJR Leathanach: 346
1302-6
Catherdunesqe
Pap. Tax. Leathanach: 307
1302-6
Cathir
Pap. Tax. Leathanach: 306
1305
le Cather
CJR Leathanach: 20
1308-9
Carigisdoese
RBO Leathanach: 146
1308-9
Cathyrdoueske
COD Leathanach: I.164
1309
Cathyrodonysk
RPat. Cl. Leathanach: 11
1310
Catherdunesk
RPat. Cl. Leathanach: 15
1358
Cathir
COD Leathanach: II.38
1358
Cathyrdoueske
COD Leathanach: II.42
1359
Cathirdowiske
COD Leathanach: II.31
1375
Catherdonneske
RPat. Cl. Leathanach: 93
1389
Cathir
COD Leathanach: II.134
1407
Cathyrduueske
COD Leathanach: II.280
1408c
Cahirdowneske
COD Leathanach: IV.177
1421
Cathyr
CPL Leathanach: VII.165
1433
Cathyrdoueske
COD Leathanach: III.100
1449-64
I nDún Iasgaigh
Marcher Lords Leathanach: 92,I.926
1472
Cathyr
COD Leathanach: III.211
1472
Cathhyr
CPL Imleabhar: XIII, Leathanach: 324
1475
Kahirdunaheascy, Kahyrdunaheascy, Kahirdiynaheascy
CPL Imleabhar: XIII, Leathanach: 407
1476
Cayrdunhesch
CPL Imleabhar: XIII, Leathanach: 509
1484
Cathar
CPL Leathanach: XIV.245
1487
Cathyr
CPL Leathanach: XV.102
1488
Chatherghoneske
CPL Leathanach: XV.148
1488/9
Kayr
CPL Leathanach: XIV.245
1494
Kahirduneas
Ann. Lis. Leathanach: 41
1500c
Care
COD Leathanach: IV.344
1508
Cahir, Charhir
COD Leathanach: III.332
1516
cathair duine-hiascighe
AU I Leathanach: III.522
1530
Cahirdouheske
COD Leathanach: IV.136
1540
Cahyr
F Leathanach: 110, 124
1541
Cahir, Cahir-doneiske
F Leathanach: 165
1541
Care Deneske, Care
Ir. Mon. Poss. Leathanach: 331
1542
Chaier alias Cahirdowneyske
F Leathanach: 338
1542
Cahyr alias Cahirdowneyske
COD Leathanach: IV.237
1542
the Cahir
COD Leathanach: IV.212
1545
Caire
COD Leathanach: IV.281
1547
Cahir
COD Leathanach: V.1
1548
Cahir
COD Leathanach: V.3
1548
Cahir
F Leathanach: 187
1548
Kahir
F Leathanach: 188
1548
Kaher
F Leathanach: 203
1550c
Chathrach Dúna hIascaigh (gin.)
Sen. Buitlér. Leathanach: 166
1550c
na Cathrach
Sen. Buitlér. Leathanach: 162167
1557
Kahyr
F Leathanach: 158
1559
chathrach Dúine Iasccaigh
ARÉ Leathanach: V.1570
1561
Cahir alias Caredeneske, Care
F Leathanach: 391
1566
Cahier Downhiesk, Cahier
F Leathanach: 938
1570c
Cathoir Dúna hIasg (:riasg)
Butler Poems Leathanach: 246
1570c
Cathair Dúna hIasc
Butler Poems Leathanach: 963
1570c
brugh na Cathrach
Butler Poems Leathanach: 561
1570c
an Chathuir
Butler Poems Leathanach: 919954956
1570c
an Chathair
Butler Poems Leathanach: 923950986
1570c
ris an cCathair
Butler Poems Leathanach: 980
1570c
ráth Dúna hIasguigh
Butler Poems Leathanach: 928
1570c
Fionnbhruagh ... Dúin an Iasguigh
Butler Poems Leathanach: 970
1571
Cahir alias Cardneske
F Leathanach: 1761
1576
Cahir
F Leathanach: 2812
1578
Cahir alias Cardneske, Care
F Leathanach: 3377
1581
Dún Iasccaigh
ARÉ Leathanach: V.1758
1583
Chaier alias Chaierdowneyske
F Leathanach: 4141
1583
Cairdoneske, Caier
F Leathanach: 4168
1585-6
Cahirdoneask
F Leathanach: 4836
1587
the Abbey of Cahir
COD Leathanach: VI.35
1588
Cahir
Inq. Leathanach: I.196, Magrath Vis
1589
Cahir
Inq. Leathanach: I.118
1592-3
Cahir
DSPMcGrath Leathanach: 153
1596
cathrach dúin iasccaigh
ARÉ Leathanach: VI.1996
1598
Caer
Descr. Ir. Leathanach: 215228
1598
cathrach dhúini iascaigh
ARÉ Leathanach: VI.2082
1599
chathair dúine hiasccaigh
ARÉ Leathanach: VI.2114
1605
Cahir otherwise Cahirdowneske
CPR Leathanach: XII.24.53a
1607
Cahir
RVis. (Lis.) Leathanach: 303
1607
Caher
RVis. (Lis.) Leathanach: 323
1607
Cahir
CPR Leathanach: 109a
1610
Cahere
CPR Leathanach: LXVIII.22.174b
1615
Cahir
RVis. (Lis.) Leathanach: 291
1615
Cahir als Caher-downeskin
Inq. Leathanach: I.302
1616
Cahir
CPR Leathanach: 303a
1619
Cahire
CPR Leathanach: XXIII.56.454a
1626
Dún Iasc
Céitinn Leathanach: I.442
1627
na Cathrach (gin)
Céitinn Leathanach: II.15081575
1627
Dún Iasc
Céitinn Leathanach: I.1520
1635c
Dún Iasgaigh
FFÉ Leathanach: I.120
1635c
Dún Iasc
FFÉ Leathanach: III.262
1642
Dún Iascaigh
Céitinn Leathanach: I.1100
1650c
na Cathrach
LM Leathanach: 156291
1654
Cahyr
CS I Leathanach: I.260,349,350
1654
Cahir
CS II Leathanach: II.408
1655
Cahir
DS
1659
Cahyr
Cen. Leathanach: 311
1660c
Cahir
BSD Leathanach: 145-148
1662
Cahir alias Cardunesk
Inq. Leathanach: III.325
1665-6
Cahyr
HMR (TÁ) Leathanach: 26
1666-7
Cahir
HMR (TÁ) Leathanach: 85
1760c
Cathair Dhúna hIasc
Barántas Leathanach: 105
1775
Cahier
T&S Leathanach: 114
1827
on cCathair
Cinnlae Amhl. Leathanach: I.18
1829
Caithir Dhún Íasg
RIA Leathanach: 23 0 75 (Cat.3557)
1840
Cahir
BS:AL
1840
cathair dhun iasca
pl:AL
1840
Cathair Dhún iascadh, Cathair 'fortress'
AL
1840
'The name of this Parish is pronounced in Irish Cathair...'
LSO (TÁ) Leathanach: 362/130, Nóta: T.O'C., LSO II
1936c
go dtí an Chathair, ó'n Chathair
Béal. Leathanach: VI.178
1963-4
nˈxahirˈ
Dinnseanchas Leathanach: I.34

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm