BROWSE
townland, island or archipelago
Maínis
genitive: Mhaínse
validated name (What is this?)
(Irish)
Mweenish Island
(English)

Hierarchy

county

barony

civil parish

electoral division

Explanatory note

  • Gaeilge

    plain-island
    < maigh + inis

    Measaimid gur comhshuíomh é seo de na focail mag + inis de réir litriú na Sean-Ghaeilge nó magh + inis de réir chóras litrithe na Nua-Ghaeilge Clasaicí (a socraíodh do theanga na tréimhse 1200–*c.*1600). (Thuairimigh T.S. Ó Máille in Galvia IX (1962) gur coimriú ar *Muinginis .i. muing ‘overgrowth’ + inis, le comhshamhlú -ng- le -n-, faoi ndear an logainm.)

    Is minic a fhaightear leaganacha reoite den tuiseal tabharthach i logainmneacha an lae inniu (m.sh. abha, tabh. abhainn; ceall, tabh. cill; lorga, tabh. lorgain; tulach, tabh. tulaigh, srl.), rud nach taise don logainm faoi chaibidil. Sa chás seo, is é seanleagan an tabharthaigh de mag(h) ná maig (litriú na Sean-Ghaeilge) agus muigh (litriú na Nua-Ghaeilge Clasaicí). Ach i gcaighdeán litrithe Gaeilge an lae inniu, atá in úsáid ón mbliain 1945 i leith, ní athraítear an guta bunaidh -a- i ndíochlaonadh focal mar glas > glais, glaise ná i magh > maigh dá réir sin. Tugtar aitheantas, mar chrostagairtí, do na leaganacha maigh agus gin. u. maighe i bhFoclóir Nua-Ghaeilge Uí Dhónaill cuir i gcás.

    I dtaobh an logainm faoi chaibidil, tá a fhios againn gur logainm déshiollach atá sa chaint. In ionad trí shiolla a bheith ann, is amhlaidh a cailleadh an consan -gh- agus táthaíodh na siollaí láir. Go deimhin tá an chuma ar fhoirmeacha traslitrithe den logainm ó dheireadh an 16ú haois amach gur logainm déshiollach ab ea é an uair úd, m.sh. ‘Moynish’ (bl. 1585). Guta fada atá sa siolla tosaigh inniu agus tá an litriú Maínis ar aonghuth leis na hathruithe foghraíochta sin.

    Tugadh stádas dlíthiúil don litriú Maínis in An tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004.

Centrepoint

53.3019, -9.85523latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Properties

GGaeltacht

Archival records

scanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned image

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm