BROWSE
Pomeroy
genitive: Pomeroy
validated name (What is this?)
(Irish)
Pomeroy
(English)

Explanatory note

  • Gaeilge

    Pomeroy an Bhéarla:

    Gan trácht ar an mbaile féin, tagraíonn Pomeroy do thrí chinn d’aonaid riaracháin, mar atá an paróiste sibhialta, an baile fearainn sa pharóiste sin, agus baile fearainn teorannach den ainm chéanna atá suite sa pharóiste sibhialta Díseart Dá Chríoch. Is féidir na hainmneacha seo a rianú siar go dtí lár an 18ú haois nuair a cruthaíodh an paróiste sibhialta Pomeroy, ach seans go bhfuil siad níos sine ná sin sa cheantar. D’fhás sráidbhaile ag an gcrosbhóthar atá tamaillín laistigh den mbaile fearainn teorannach Cavanakeeran (ní fios cathain a d'fhás ach sa bhliain 1751 a céadbhronnadh ceadúnas margaidh ann) agus ghlac sé ainm an pharóiste nua.

    Ar léarscáil na Plandála, ‘Map of the Escheated Counties of Ulster’ (1609), tá an baile fearainn ‘Cauankerrin’ teorannach le ‘cauan Ichah’ [= bf Cavanacaw] agus le ‘Dirrichase’ [= bf Derryhash, par. Dhíseart Dá Chríoch] araon. Níl in Cavanacaw ná in Derryhash sa lá atá inniu ann ach bailte fearainn beaga, agus is léir ach leagan amach an lae inniu a chur i gcomórtas leis an seanléarscáil go bhfuil an dá bhaile fearainn nua Pomeroy suite ar phíosa maith de na seanbhailte fearainn seo ‘cauan Ichah’ agus ‘Dirrichase’ agus go bhfuil an baile fearainn mór Cavanakeeran fágtha slán, geall leis.

    Mar sin, níor sháraigh an ainm nua Pomeroy an tseanainm Cavanakeeran in aon chor, mar ainm pharóiste (níl a leithéid de pharóiste is Cavanakeeran ann), mar ainm ar an mbaile fearainn (níl na bailte fearainn Pomeroy suite sa bhaile fearainn stairiúil Cavanakeeran agus thairis sin maireann Cavanakeeran slán agus an ainm chéanna air), ná mar ainm ar an sráidbhaile (is i lár an 18ú haois a bunaíodh é sin).

    (Féach http://www.placenamesni.org/placenamesniviewer/map.phtml?me=267717,369966,273717,374966, ‘Historic 1830’ le haghaidh teorainneacha oifigiúla na mbailte fearainn is na bparóistí.)

    Ionannú ‘Cabhán an Chaorthainn’ le baile Pomeroy:

    De réir dealraimh, ba é Seosamh Laoide a chéadmhol ‘Cabhán an Chaorthainn’ a úsáid mar leagan Gaeilge de Pomeroy sa leabhar Post-Sheanchas (1905), leabhrán d’ainmneacha Gaeilge na mbailte poist a chuir sé i dtoll a chéile do Chonradh na Gaeilge.

    Tá an sliocht seo a leanas bainte as litir a scríobh an Laoideach ina míníonn sé a rogha; tar éis dó a rá gur aimsigh sé ‘Cauankerrin’ ar léarscáil na Plandála san áit a mheas sé Pomeroy a bheith, leanann sé air:

    “I believe the old name has survived in Co. Monaghan. I asked Patrick Morris [ó Fhearnaigh, Co. Mhuineacháin] to get for me the Irish name of Emyvale (recte Sgairbh na gCaorach). He actually got Cabhán na gCaorach. I believe that the old man who gave this from hazy recollection was mixing up Cabhán a’ Chaorthainn (Pomeroy) with Sgairbh na gCaorach (Emyvale).”
    Ní raibh aon deimhniú ag an Laoideach ó chainteoirí dúchais sna contaetha mórdtimpeall ar Thír Eoghain, mar sin, ar an ionannú seo idir ainm an tseanbhaile fearainn Cabhán an Chaorthainn agus ainm an bhaile *Pomeroy* (níor mhiste a lua go raibh claonadh ag an Laoideach ar logainmneacha a mheas sé a bheith róghallda a ghaelú anois is arís).

    Ghlac lucht an Chonartha leis an ainm faoi mar a ghlacadar le gach aon ainm Ghaeilge eile in Post-Seanchas, agus buanaíodh í dá bharr sin. Ní luaitear an phostoifig san eagrán is luaithe de ‘Postal Directory’ an tSaorstáit, ach is é an leagan céanna ‘Cabhán an Chaorthainn’ atá molta sna heagráin dhéanacha (dar teideal Eolaí an Phoist).

    An ainm oifigiúil Pomeroy/Pomeroy:

    Deineadh taighde cuimsitheach ar an ainm as an nua sna 1950í agus sna 1960í, agus tar éis dóibh plé doimhin a dhéanamh agus aighneastaí ón bpobal a mheas mhol an Coimisiún Logainmneacha an leagan Gaeilge Pomeroy in Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist (1969). Tá sé ina ainm oifigiúil ó 1973.

Centrepoint

54.5915, -6.93247latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Properties

POThere is or was once a post office here
Northern Ireland

Archival records

scanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned image

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm