Hierarchy
county
barony
civil parish
town
subunits
Explanatory note
- Gaeilge
Dún Seachlainn "the fort of Seachlann" < Domhnach Seachlainn "the church of Seachlann"
< Meán/Sean-Ghaeilge Domnach Sechnaill (Domhnach Seachnaill sa Nua-Ghaeilge) "the church of Seachnall"
Seachlann — ainm pearsanta ar foirm mheititéisithe é de Seachnall (< Secundinus)D’imigh claochlú nach beag ar an ainm seo le caitheamh na haimsire. Is í an tagairt is sine atá againn don áit ná iontráil in Annála Uladh ón mbliain 801, abbas Domnaig Sechnaill. Iasacht luath ó dominicum na Laidine is ea domnach agus baineann na heaglaisí a bhfuil an t-ainm seo orthu le tréimhse thosaigh na Críostaíochta in Éirinn.
Mar leis an dara cuid den logainm, Sechnall, iasacht atá ann ón ainm Laidine Secundinus. Bhí seisean ar dhuine de na heaspaig a bhí ag craobhscaoileadh na Críostaíochta in Éirinn sa 5ú haois. Taispeánann na samplaí stairiúla den logainm atá caomhnaithe i gcáipéisí eaglasta Laidine go ndearnadh Seachlainn de Seachnaill (gin.) de bharr meititéise faoi dheireadh an 12ú haois, e.g. ‘Douenhagsachlin’ (1187), ‘Dounaghsachlayne’ (1248). Tá an t-athrú céanna le feiscint san ainm pearsanta Mael Sechnaill > *Maol Seachlainn.
Faoi dheireadh an 14ú haois bhí Dún curtha in ionad Domhnach i dtosach an logainm, e.g. ‘Dunshaglyn’ (1374), ‘Donshaghlyn’ (1437). Tá an t-athrú céanna le feiscint i lámhscribhinní déanacha Gaeilge, ‘inghean an giúisdís Díolún ó Dhún Seachloinn’, cuir i gcás, in RIA 23 F 12 (18ú haois). Tá an méid a scríobhadh i Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (LSO) (1836) faoin fhoirm Ghaeilge a bhí in úsáid ag cainteoirí Gaeilge an cheantair an tráth úd ag cur leis sin:
Dunshaughlin is always in Irish called Dún Seachlain (pron. Shoghlin) (or Duin S.——) for which they can assign no meaning — never Domhnach S ’ ... ‘In the townland of Bonestown [parish of Dunshaughlin] there is a holy well called Tobar Saint [sic] Seachlain.’
[—Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (Co. na Mí) 263–4]
Centrepoint
Properties
Historical references
1836 |
Dún Seachlain; Duin S.
"(the 'ea' in Seachlain like 'a' in what.)" "never 'Domhnach S:" [Nóta OC]
|
OC:AL Leathanach: Mí039,9
|
1836 |
St Secund[..]es's church
|
OD:AL Leathanach: Mí039,9
|
1836 |
Dún Seochluin
|
pl:AL Leathanach: Mí039,9
|
1836 |
Dunshaughlin
|
OD:AL Leathanach: Mí039,9
|
1836 |
The Parrish of Dunsaghlin
|
DS:AL Leathanach: Mí039,9
|
1836 |
Dunshaghlym
|
DS:AL Leathanach: Mí039,9
|
1836 |
Dunshaughlin
|
Larkin (Mí):AL Leathanach: Mí039,9
|
1836 |
Dunshaghlin
|
GJRates (Old Docket): AL Leathanach: Mí039,9
|
1836 |
Dunshaughlin
|
HCSV:AL Leathanach: Mí039,9
|
1836 |
Dunshaughlin
|
HCER 1826:AL Leathanach: Mí039,9
|
1836 |
Downesoghly
|
Inq. Eliz. I:AL Leathanach: Mí039,9
|
1836 |
Donshaglan
|
Inq. Eliz. I:AL Leathanach: Mí039,9
|
1836 |
Donshaglin
|
Inq. J I:AL Leathanach: Mí039,9
|
1836 |
Donshaghlin
|
Inq. J I:AL Leathanach: Mí039,9
|
1836 |
Downeshallin
|
Inq. J I:AL Leathanach: Mí039,9
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/1416707.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML