Léim go dtí an bosca cuardaigh
Á lódáil
Léarscáil á lódáil...
Cill Dhéagláin
ginideach: Chill Dhéagláin
(Gaeilge)
Ashbourne
(Béarla)
Gluais
cill church
Nóta mínithe
  • Gaeilge

    the church of Déaglán
    Déaglán — ainm pearsanta
    Iasacht luath ó cella na Laidine is ea cell (cill na Nua-Ghaeilge) a chiallaíonn eaglais. Tá breis is fiche paróiste (dlí) sa Mhí a bhfuil an téarma lonnaíochta eaglasta seo chun tosaigh iontu. Cill Dhéagláin a thugtar i nGaeilge ar bhaile Ashbourne agus ar an mbaile fearainn Killegland araon; is i bparóiste dlí Killegland atá baile Ashbourne suite. De ghnáth ní scríobhtaí an litir -d- i dtosach an dara focal sa bhfianaise stairiúil, leithéid ‘Kilegelan’, ‘Killegelan’, ‘Kildeglan’ (sampla amháin), ‘Killeglan’ in Register of St. Thomas; ‘Killeglan’ (bliain 1302–6, 1414, 1634), ‘Killegland’ (1660c). Comhshamhlú -ld- > -ll- is cúis leis an athrú fuaime sin. Deirtear i mBeatha Dhéagláin gur bhunaigh Naomh Déaglán mainistir i mBreaghaibh agus gur uaidh a ainmníodh í. Glactar leis gur Cill Dhéagláin an fhondúireacht atá i gceist

Eangach Náisiúnta

O 06 53

Taifid chartlainne
Nasc buan
https://www.logainm.ie/37735.aspx
Tuilleadh eolais faoin áit seo

Sonraí ríomhaireachta