2024-11-06

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Chugat an púca!
Inse an Phúcaigh/Inch or Inchaphuca (logainm.ie #3600)

Dáta: 01/11/2024

Tuigeann gach éinne cad is púca ann, ach b’fhéidir nach dtuigeann go raibh réimse ról ag an gcarachtar sin sa bhéaloideas a bhí i bhfad níos ilghnéithí ná ‘taibhse scanrúil’ (AFB s.v. púca). Mar shampla, ar an iliomad drochghníomhartha a chuirtear i leith na dtaibhsí mallaithe seo, tá sé de dhroch-cháil ar phúca na sméar gurb eisean a loiteann na sméara dubha agus a chuireann ó mhaith iad gach Oíche Shamhna. (Féach mar shampla scéalta Gaeilge i mBailiúchán na Scol ó Dhúlainn, Contae an Chláir; ón Tulaigh, Contae na Gaillimhe; agus ón nGrafaidh, Contae Dhún na nGall.) Más ea, agus sinn i mbéal an gheimhridh in Éirinn pléimis cuid de na deacrachtaí a bhaineann leis an eilimint seo púca a aithint in ainmneacha bailte fearainn agus i logainmneacha eile nach iad.

Ar chloisint an logainm Poll an Phúca duit, is dócha gurbh é an chéad sampla a rithfeadh leat an taiscumar ollmhór úd i gContae Chill Mhantáin (logainm.ie #113024). (Pollaphuca as Béarla – Poulaphouca ar uairibh – nó Blessington Lake(s) go háitiúil.) Fuair an taiscumar ainm ón eas ar an Life ag Droichead Pholl an Phúca. Eas láidir luath a bhí ansin tráth, de réir na dtagairtí a thagann anuas chugainn, seachas an sileán a fágadh ann ó tógadh an damba don taiscumar i 1937: “a mighty fall called by the Natives Pullagh Fuckagh […] reported to be the greatest in Ireland” The Civil Survey [c 1654] Iml. VII, lch. 288; “Poolapooka a remarkable Cataract” Noble & Keenan (Cill Dara) (1752), srl. Ar ndóigh is aisteach an focal poll mar aicmitheoir (generic element) agus eas faoi thagairt aige (eDIL s.v. poll): murab amhlaidh a aistríodh an t-ainm ón linn thíos faoi, d’fhéadfadh sé – ó tharla go raibh sé luaite leis an eilimint púca (eDIL s.v. púca) – gur ‘áit ghránna’ a bhí i gceist ó cheart (AFB s.v. poll).

Is amhlaidh atá go leor samplaí den logainm céanna seo Poll an Phúca timpeall na tíre. Tá ceann eile i gContae Chill Mhantáin (logainm.ie #55309) atá suite i bhfad ó bhaile ón taiscumar, gar don Inbhear Mór. Sa chás sin, is cosúil gurb é gné atá faoi thagairt san ainm foinse uisce ar theorainn an pharóiste, mar a bhfuil Pollaphuca marcáilte ar thobar ar na léarscáileanna 6ʺ de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis. Díol spéise an mionlogainm Béarla seo a leanas san Ainmleabhar: “‘Pucks Hole’ at which a stream rises and runs southwards” (1839). (Ní raibh aon Ghaeilge sa cheantar faoin tráth sin.)

In iarthar na tíre, tá dhá bhaile fearainn ar leith i gContae na Gaillimhe darb ainm Poll an Phúca/Pollaphuca (logainm.ie #21453; #21627) agus ceann eile i gContae an Chláir (logainm.ie #6921). Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil sampla eile againn sa bhaile fearainn Pollaphuca (logainm.ie #43687) i gContae Ros Comáin, freisin, cé nach bhfuil an taighde curtha i gcrích sa chontae sin fós. (Bhreac Séan Ó Donnabháin ‘Poll a’ phúca’ san Ainmleabhar tar éis dó an lá a chaitheamh le seanchaí áitiúil: ‘O’Flyn […] knows every bush in the parish of Kiltullagh, the names of which he pronounced for me [while we examined] the Namebooks’ (Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (RC) I 146 (5/7/1837).) Sa tuaisceart, faighimid ainm an bhaile fearainn Poll an Phúca (logainm.ie #33597) i gContae Lú arna shaobhaistriú go Béarla mar Puckstown.

Is léir go raibh nós seanbhunaithe an dá eilimint poll agus púca a úsáid in éineacht le chéile nó a chomhlogú le chéile i logainmneacha Gaeilge na hÉireann. (Luafaimid an comhlogú céanna i dtír eile an tseachtain seo chugainn.) Go deimhin, d’aimsigh an Dr. Pádraig Ó Cearbhaill (iar-Phríomhoifigeach Logainmneacha) 19 sampla den logainm Poll an Phúca san aiste cuimsitheach leis, ‘An púca i logainmeacha’, Ainm Iml. 2 (1987) lgh. 96–113.

Mar le mionainmneacha de, tá dhá sholaoid de Poll an Phúca i gContae Phort Láirge (logainm.ie #1421672; #1421028). Tá ceann amháin acu seo suite i nGaeltacht na nDéise, agus tugtar Clais an Phúca “the trench of the pooka” agus An Gleann “the glen” air chomh maith (#1421028). Tá samplaí eile den logainm Clais an Phúca i gContaetha Chiarraí (#24499) agus Thiobraid Árann (#1436889); agus tá Gleann an Phúca “the glen of the pooka” féin le fáil i gContaetha Chorcaí (#12339; #12966), Thiobraid Árann (#67204) agus Phort Láirge (#49075). Is beag an bhearna shéimeantach idir na hainmneacha deiridh seo agus an dá shampla stairiúla de Log an Phúca “the hollow of the pooka” i Sléibhte Bhaile Átha Cliath; díol spéise go bhfuil seans ann gur thagair ceann amháin díobh sin d’eas contúirteach ar shruthán sléibhe (Mionlogainmneacha de bhunús Gaeilge i ngleannta Chontae Bhaile Átha Cliath lch.153). Tamall siar ó dheas ó bhaile atá [Baile an Phléimeannaigh Theas ] Tóin an Phúca/Flemingtown South or Tonaphuca (#25719) “the bottom(land) of the pooka” ar thaobh Chontae Chill Dara de na sléibhte céanna. De réir mar a thuig na Gaeil na cúrsaí seo, más ea, ba sna hísleáin rite seo – claiseanna, gleannta, loig agus go háirithe poill – ba dhóichí go mór a chasfaí an púca ort!

Toisc a oiread sin tagairtí don phúca i logainmneacha Gaeilge, níor thógtha ar dhuine a cheapadh gur obair shaoráideach é anailís a dhéanamh ar litriúcháin bhéarlaithe ar nós -fook, -pooka, -phucka, -phuca, puck(s)-, srl. Ach ní hannamh a chruthaíonn a leithéid tromluí don taighdeoir. Faoi mar a phléann Ó Cearbhaill (1987), is minic nach é an púca atá taobh thiar díobh – ná focal Gaeilge ar bith eile – ach leaganacha Gaeilge den sloinne Pook/Puck nó den ainm pearsanta/chéadainm Foulke. Bhí na hainmneacha seo, i bhfoirmeacha éagsúla, coitianta i measc na nAngla-Normannach in Éirinn: m.sh. Fulke Furlang i gContae Loch Garman (anno 1395) (Rolla meamram, 19–20 Risteard II, scannán 7). Cuir i gcás an logainm béarlaithe Inchaphuca (logainm.ie #3600) i gContae Cheatharlach. Bheadh sé réasúnta glacadh leis ar an gcéad fhéachaint gur Inse an Phúca “the holm of the pooka” an Ghaeilge cheart. (Gan amhras, socraíodh an litriú béarlaithe sin i 1839 ar an tuiscint gurbh in é an bunleagan Gaeilge!). Ach is amhlaidh a chuireann an fhianaise ina iomláine Inse an Phúcaigh “the holm of An Púcach” in iúl (‘Inchnefowkie’ (1593)). Mar a phléamar i roinnt nótaí le déanaí, is éard atá san ainm An Púcach foirm aidiachtúil ainmfhoclaithe den sloinne Púc, ar leagan gaelaithe é den sloinne Béarla Pook/Puck a thug na hAngla-Normannaigh isteach. Beidh tuilleadh le rá faoi sin an tseachtain seo chugainn.

Mar fhocal scoir, ós ag caint ar fhoirmeacha béarlaithe de, níor mhiste aird a tharraingt ar an litriú caighdeánach -phuca (seachas -phooka, -fooka, srl.) ar léarscáileanna de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis i mbeagnach gach cás dá raibh an focal púca sa bhunlogainm Gaeilge, dar leo. Tá an litriú sin le rianú siar go dtí cinneadh a rinne Seán Ó Donnabháin go han-luath, agus é ag tabhairt a bhreithiúnais ar mhionlogainm a bhí le greanadh ar na léarscáileanna sa bhaile fearainn An Sián/Shean (#60574) i gContae Fhear Manach: “PollaPhuca,” a mhol sé, “as in the Irish” (Meamraim na Suirbhéireachta Ordanáis (FM) lch.163 (16/2/1835)). Bunaíodh an litriú “Gaeilge” seo Pollaphuca mar leagan caighdeánach béarlaithe den logainm feasta – rud a bhí neamhghnách go leor – ach amháin nó gur bhain an tSuirbhéireacht ceantair Ghaeltachta amach ina raibh an litriú Poul- ag teastáil sa chéad eilimint mar gheall ar an gcanúint.

Ní mór cuimhneamh go raibh an Donnabhánach agus a chuid comhghleacaithe sa Rannóg Topagrafaíochta den tSuirbhéireacht Ordanáis báite i logainmneacha Gaeilge – agus sa chultúr Gaelach i gcoitinne – ar feadh a saoil, agus go rabhadar i bhfad Éireann níos tuisceanaí don oidhreacht sin ná mar a thugtar le fios sa dráma Translations. Ní den chéad uair agus, is dócha, ní den uair dhéanach atáimid á rá sin!

[CÓC & AMGC]

Breis téamaí