2025-07-20

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Toibreacha fíoruisce
Tobar na nGealt “the well of the mad persons”
(see logainm.ie #1414570)

Dáta: 14/07/2025

Tá an t-ádh linn in Éirinn gurb é a thuigimidne le ‘ganntanas uisce’ cosc ar phíobáin má bhíonn an aimsir róbhrothallach i lár mí Iúil. Ní mar sin do gach tír! Is le linn aimsir the is mó a chuimhnímid ar a thábhachtaí is atá an fíoruisce. Bíonn na húdaráis áitiúla – agus Uisce Éireann anois – ag cur poill tóraíochta chun tairbhe a bhaint as na foinsí flúirseacha uisce atá thíos fúinn ar feadh an ama: uisce faoi thalamh sa chiall is dearfaí. Ach tugann an nádúr an t-uisce aníos chomh maith, agus cuireann sé ar fáil go saoráideach é i dtoibreacha fíoruisce. Pé ar domhan de, tá an cine daonna ag tarraingt ar thoibreacha de shaghas amháin nó de shaghas eile leis na mílte bliain, agus ní haon iontas go bhfuil tagairtí flúirseacha do na foinsí tábhachtacha fíoruisce seo le fáil in ainmneacha na mbailte fearainn in Éirinn.

Caithfimid súil thapaidh an tseachtain seo ar na príomhthéarmaí éagsúla ar thoibreacha i logainmneacha. Tosnaímid le tiobra, atá gaolmhar le tobar féin (féach eDIL s.v. tipra; do luathstair an fhocail cf. Carey, Éigse 52 (2002) lch. 80). Is minic a bhíonn an bhfoirm infhillte tiobraid calctha i logainmneacha, faoi mar atá sa sampla is mó go mór le rá, Tiobraid Árann / Tipperary “the well of/at the (river) Ára”. (Féach An Ára / River Ara (#67249); cf. F.J. Byrne, Éigse 9 (1958) lch. 25). Téarma eile is ea fuarán “spring, fountain” (féach AFB s.v. fuarán, FGB s.v. uarán), mar shampla Ceathrú na bhFuarán / Carrownaworan “the quarter(land) of the springs, fountains” (logainm.ie #45715) i gContae Shligigh. D’fhorbair an fhoirm Nua-Ghaeilge fuarán as an bhfoirm Sean-Ghaeilge úarán (eDIL s.v.), le f- proistéiteach curtha leis. Mar a chífimid an tseachtain seo chugainn, d’fhorbair SG úarán go NG órán freisin i gcanúintí áirithe, foirm atá le fáil i ndornán beag logainmneacha i gCúige Chonnacht, m.sh. Órán / Oran “(the) spring, fountain” (logainm.ie #2114) i gContae Ros Comáin.

Dar ndóigh is é tobar féin is raidhsiúla go mór i logainmneacha (eDIL s.v. topar), mar a mbeifí ag súil leis. Ní fhéadfaí na samplaí go léir a lua ná baol air! Ach is cuma toibreacha nó fuaráin, is féidir glacadh leis den chuid is mó gur foinsí fíoruisce de shaghas éigin a thug ainm do na háiteanna seo go léir. Ní hannamh mar sin féin, áfach, a sholáthraíonn an logainm eolas eile mar gheall ar an uisce féin. Cuir i gcás Tobar an Iarainn / Toberanierin (logainm.ie #52786) (‘Tober in ernig’ 1581), gar do Cham Eolaing i gContae Loch Garman, láthair chatha cháiliúil a bhuaigh na hÉireannaigh Aontaithe i 1798. Tá brí an ainm Ghaeilge an-shoiléir ar fad .i. “the well of the iron” (logainm.ie #52786). Dá bhrí sin is díol suntais go gcuirtear síos ar an tobar seo mar Spa Well ar léarscáil 6″ na Suirbhéireachta Ordanáis (1ú eagrán), agus go deimhin mar Spa Well (Chalybeate) ar na heagráin níos déanaí. Is éard atá i gceist le Brl. chalybeate ná uisce mianraí a bhfuil salainn iarainn ann. Tháinig faisean i measc na n-uaisle le linn an 18ú haois cuairt a thabhairt ar a leithéid de spánna ar lorg leigheas as an uisce. B’fhéidir nach bhfuil muintir Thobar an Iarainn ag teacht i dtír ar an áis nádúrtha seo mar ba chóir dóibh, mar is iomaí spánna ard-nósacha eile .i. ‘Destination Spas’ atá tagtha ar an bhfód le déanaí in áiteanna nach bhfuil aon uiscí speisialta acu. Ar aon chuma, is léir ón logainm Gaeilge go raibh ainm in airde ar cháilíochtaí uisce Thobar an Iarainn i bhfad sular greanadh an Spa Well ar léarscáileanna an 19ú haois.

Tá an t-uisce iarainn go maith don sláinte, ar ndóigh, ach is minic a luann ainmneacha toibreacha leigheasanna ar leith freisin. (Le haghaidh plé domhain ar na leigheasanna agus na gnéithe osnádúrtha eile a bhaineann le toibreacha féach an tráchtas The holy wells of County Kilkenny (2018) leis an Dr. Pádraig Ó Dálaigh, iar-Ardoifigeach Logainmneacha ag an mBrainse seo.) Is léir, mar shampla, cén úsáid a bhaineadh muintir na háite anallód as an uisce a thug ainm don bhaile fearainn Tobar an Fhaithne / Toberanania “the well of (the cure for) the wart (i.e, warts)” (logainm.ie #45003) i gContae Shligigh. (Más ea, díol spéise gur thuig na cainteoirí dúchasacha deireanacha sa 19ú haois gur luibh éigin ab ea an faithne!) Is amhlaidh a rinneadh iniúchadh ar shampla uisce as Tobar na nGealt / Tobernagalt “the well of the mad people” (logainm.ie #1414570) ar an Screallach Bheag / Scrallaghbeg (#24607) sa ghleann mór le rá Gleann na nGealt / Glannagalt “the valley of the mad people” (logainm.ie #24603), sa chuid sin de Leithinis Chorca Dhuibhne nach bhfuil sa Ghaeltacht. I nóta a breacadh in Ainmleabhar na Suirbhéireachta Ordanáis (1841) deirtear gurbh éard a bhí anseo ‘a Spring … visited by the Mad people’, agus nach raibh an tobar féin suite ach céad mhéadar éigin ó áit darbh ainm ‘Ath na nGelth’ [Áth na nGealt “the ford of the mad people”]. Nuair a chuala lucht léirithe an chláir Cogar ar TG4 é seo, chuireadar sampla uisce as Tobar na nGealt faoi thástáil eolaíoch go bhfuarthas amach go raibh leibhéal litiaim thar an ngnáth ann. Míonra is ea litiam a úsáidtear mar chóir leighis le haghaidh neamhord déphólach agus an dúlagair. Bheadh sé spéisiúil a fháil amach an bhfuil na hairíonna céanna le brath ar aon cheann de na foinsí uisce timpeall sa ghleann eile darb ainm Gleann na nGealt / Glannagalt “the valley of the mad people” (logainm.ie #41350) i bparóiste Chill Bhairméidín i gContae Phort Láirge! Go deimhin, ba mhór an áis anailís cheart a bheith déanta ar na toibreacha go léir a bhfuil leigheasanna luaite leo sa bhéaloideas áitiúil, de réir an eolais atá le fáil i gcáipéisí na Suirbhéireachta Ordanáis sa 19ú haois nó i mBailiúchán na Scol go luath sa 20ú haois, agus i gcartlanna eile nach iad.

Pléifimid tuilleadh samplaí de na heilimintí tiobra/tiobraid, tobar, fuarán agus uarán an tseachtain seo chugainn.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí