Fógra
Réamhfhógra faoi Cheardlann Logainmneacha 2024 anseo »
Logainm an lae
Oileán na Coradh/Corry Island
Fáilte
Téama faoi thrácht
Paróiste San Nioclás/Saint Nicholas
Dáta: 27/11/2023
Is cinnte gurb é San Nioclás an naomh is coitianta a cheangal le mí na Nollag in Éirinn faoin tráth seo. Dá ainneoin sin, ní bhíodh aon tagairt do Nioclás i seanfhéilirí na naomh sa tír seo ach is leis an ré tar éis theacht na Normánach a bhaineann gach tagairt don naomh i logainmneacha. Tá paróiste San Niocláis ó thuaidh de Dhroichead an Chaisleáin i Loch Garman agus ar bheagán den stair a fhiosrú, tugtar chun aire gur aistríodh ainm an pharóiste ó 'St. Nicholas's Priory' in Exeter Shasana, teach eaglasta ar thug David Roche, Angla-Normánach, fearann dó sa cheantar seo. Is tagairt an t-ainm don séipéal atá anois ina fhothrach ar a dtugtaí Temple-St Nicholas. Is léir ó struchtúr na Gaeilge ar an ainm 'Temple-St Nicholas' \ Teampall San Nioclás, leagan den ainm a bhfuil tuairisc air ón mbliain 1618, go bhfuil athghaelú le cur san áireamh tar éis don choilíniú tarlú ar dtús. Is fiú a thabhairt faoi deara gur tiomnaithe do San Nioclás a bhíodh séipéal paróiste na Carraige in aice le baile Loch Garman chomh maith agus go mbíodh na Róistigh i réim tráth san áit a bhfuil an dá shéipéal (féach logainm.ie: #2622; #2644). (Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Paróiste San Nioclás/Saint Nicholas
- Paróiste San Niocláis/Saint Nicholas
- Paróiste San Niocláis/Saint Nicholas
- Cill San Niocláis/Kill Saint Nicholas
- Paróiste San Nioclás/Saint Nicholas
- Paróiste San Nioclás Lasmuigh/Saint Nicholas' Without
- Paróiste San Nioclás Laistigh/Saint Nicholas Within