2025-03-17

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Tuilleadh teaghlach Breatnach in Éirinn
Ráithín an Róistigh / Raheenarostia
“the (little) ring-fort of An Róisteach [duine dar sloinne de Róiste < AN Roche]”

(féach logainm.ie #53377)

Dáta: 15/03/2025

Chuirfeadh sé iontas oraibh, b’fhéidir, go gcuirimid an sloinne Roche san áireamh – agus an chruth fhíor-Fhrancach atá air! – sa phlé seo ar na Breatnaigh in Éirinn. Ach ag seo cuid den chuntas ar an sloinne Roche (var. Roach, Roache) in The Oxford Dictionary of Family Names of Ireland (2021) (eag. Kay Muhr & Liam Ó hAisibéil):

Locative name from Old French or Middle English Roche ‘rock, cliff, promontory’. The surname may have denoted someone who lived on or by a prominent rock or rocky place or someone who lived in or > came from a place so named such as one of those called Roque or Roche(s) in Normandy and neighbouring regions or Roche in Cornwall, Roach Farm in Clyst Hydon (Devon) or Roch in Pembrokeshire. The derived Anglo-Norman family name flourished in Pembrokeshire and was brought > to Ireland (particularly Munster and Wexford) from Wales in the twelfth century…

An abairt deiridh sin, gan amhras, a sceitheann orainn. Cé nach féidir a bheith cinnte gur Bhreatnaiseoirí iad na Róistigh a tháinig as Pembrokeshire go hÉirinn, is sloinne de bhunadh na Breataine Bige é de Róiste mar sin féin. Is éard a dúirt Éamonn Mac Giolla Iasachta i dtaobh an tsloinne: “although Roche is not an indigenous Gaelic Irish surname it can nevertheless be regarded as exclusively Irish to-day, being found in England only in Irish and more rarely French emigrant families” (Irish Families, lch.144; 4ú eag.). Cé nach fíor dó i dtaobh Róistigh Shasana (féach The Oxford Dictionary of Family Names in Britain and Ireland s.n. Roche le haghaidh samplaí dúchasacha as na meánaoiseanna thall) tá lán na cirte aige maidir le borradh an tsloinne de Róiste in Éirinn, a rug barr ar aon sloinne eile a tugadh anall leis na hAngla-Normannaigh. Luann Mac Giolla Iasachta sé cinn de bhailte fearainn darb ainm Béarla Rochestown i gContae Loch Garman, dhá cheann i gContaetha Chorcaí agus Chill Chainnigh araon agus ceann amháin i gContaetha Luimnigh, Thiobraid Árann, Chill Dara, na Mí, na hIarmhí agus Bhaile Átha Cliath. Agus tá an sloinne céanna le fáil i dtuilleadh logainmneacha nach iad!

Ag tosnú leis na samplaí den leagan Béarla seo Rochestown, chímid san fhianaise stairiúil – faoi mar a bheifí ag súil leis – go nglaoití Baile an Róistigh “the town(land) of An Róisteach (duine dar sloinne de Róiste (< AN Roche))” ar a leithéid sna meánaoiseanna, le linn don Ghaeilge an lámh in uachtar a fháil ar an mBéarla fud fad na coilíneachta. Cuir i gcás Rochestown (logainm.ie #9430) gar do Dhúglas, i gContae Chorcaí: ‘Rochestoun’ (1385) an tagairt is luaithe ach níos déanaí faightear ‘Ballyn Rochsty’ (1612); tagraíonn ‘Ballenroch’ (1655) do Rochestown (logainm.ie #10970) gar do Chionn tSáile. Faighimid ‘bollanroshtha’ (*c.*1900) ag sean-Ghaeilgeoirí Chontae Chill Chainnigh ag tagairt do Rochestown (logainm.ie #27613). Sa 16ú haois tagraíonn ‘Ballemroste’ (1525) i gcáipéisí gallda (agus ‘bhaile in róistig’ [gen.] (*c.*1550) i gcáipéisí dúchasacha) do Rochestown (logainm.ie #31173) i gContae Luimnigh (féach Logainmneacha na hÉireann I: Contae Luimnigh, p.27). Thagair ‘Balin Roche’ (1508), ‘Ballinrusty’ (1582) do Rochestown (logainm.ie #48067) i gContae Thiobraid Árann.

Tá go leor samplaí eile againn den sloinne An Róisteach ‘duine dar sloinne de Róiste’ i logainmneacha, agus is minic an fhoirm oifigiúil Bhéarla díorthaithe ón leagan Gaeilge féin. Cuir i gcás Baile an Róistigh, a daingníodh i saol an Bhéarla mar Ballinrostig (logainm.ie #12419) i gContae Chorcaí agus Ballinroche (logainm.ie #30613) i gContae Luimnigh. Is i gContae Chorcaí freisin atá Ard an Róistigh “the height of An Róisteach”, Carraig an Róistigh “the rock of An Róisteach”, Fearann an Róistigh “the landholding, (church)land of An Róisteach”, Gaorthadh an Róistigh “the (wooded) river-valley of An Róisteach” agus Gort an Róistigh ‘the field of An Róisteach’: béarlaíodh iad seo mar Ardarostig (logainm.ie #9497), Carrigarostig (logainm.ie #12369), Farranastig [sic] (logainm.ie #9672), Gearagh (logainm.ie #10123) agus Gortroche (logainm.ie #9967) faoi seach. I gContae na Gaillimhe tá Cloch an Róistigh / Clogharoasty “the stone structure (castle) of An Róisteach” (logainm.ie #20030) agus Tóin an Róistigh / Tonaroasty “the bottom(land) of An Róisteach” (logainm.ie #20168), agus thug Creig an Róistigh “the rocky ground of An Róisteach” an t-ainm béarlaithe Roxborough (logainm.ie #19922). Tá dhá shampla againn de Currach an Róistigh / Curraghroche “the wet land of An Róisteach” (tabhair faoi deara an fhorbairt bhrí a d’imir ar currach .i. ó “wet land” go “(grassy, shrubby) moorland”), ceann amháin i gContae Luimnigh (logainm.ie #31579) agus ceann eile i gContae Loch Garman (logainm.ie #49447). Fuair Eanach an Róistigh “the marsh of An Róisteach” (logainm.ie #31540) i gContae Luimnigh ainm nua ar fad sa Bhéarla, mar atá Ashfort.

Is i gCúige na Mumhan agus i gCúige Chonnacht atá formhór na samplaí de na logainmneacha Gaeilge ina bhfuil An Róisteach [Roche] le fáil. Ach bheadh dul amú ar éinne a cheapfadh nár tharla an gaelú céanna i ndeisceart Laighean chomh maith, ceantar eile a bhí dubh le Róistigh. I gContae Loch Garman faighimid Cluain an Róistigh / Clonroche “the (wet) pasture, meadow of An Róisteach” (logainm.ie #52381) agus Ráithín an Róistigh / Raheenarostia “the (little) ring-fort of An Róisteach” (logainm.ie #53377). I gContae Chill Chainnigh béal dorais, faighimid Ráithín an Róistigh eile agus é béarlaithe Raheenroche (logainm.ie #27210), agus bhí ceann eile fós le fáil tráth dá raibh, gar do Chill Téile in oirthuaisceart Chontae Loch Garman: ‘Rahinroch’ (CGn. 31.205.18787), ‘Rathinroch’ (CGn. 37.253.22616) agus ‘Rahinrochetie’ (Inq. Lag. Car.I 4).

Bhí an sloinne seo chomh raidhsiúil sin i gContae Loch Garman sa 16ú haois go dtugtaí ‘Rochelande’ as Béarla ar chuid mhaith de bharúntacht Shíol Maoluír Thoir (Fiants §959) (féach H. Murphy, Family Names of County Wexford, lch.205). Ní heol dúinn cén t-ainm a thugtaí as Gaeilge ar an bhFearann/Tuath Róisteach seo, ach tá cruthúnas againn go raibh Róistigh an cheantair seo seanghaelaithe faoin 16ú haois (féach C. Ó Crualaoich, ‘Some evidence in Tudor Fiants, Calendar of patent rolls and Inquisitions for Irish among families of Anglo-Norman descent in county Wexford between 1540 and 1640’, Studia Hibernica 34, lgh.85–110). Tá Fotharta ar cheann de na barúntachtaí is doimhne galldú sa tír, de réir na tuisceana coitianta (féach m.sh. R. Roche, ‘Forth and Bargy — a place apart’, in Wexford: History and Society, eag. K. Whelan & W. Nolan). Ach tá fianaise againn gur ghlac Róistigh de chuid na barúntachta seo (teaghlach a bhí lonnaithe ar an mBá Nua, ar imeall bhaile Loch Garman) an Ghaeilge, agus go deimhin an Gaelachas, chucu féin. Ní hamháin go raibh leasainmneacha Gaeilge in úsáid acu ag deireadh an 16ú haois (cuir i gcás Róistigh ó ‘Newbay’ darbh ainm ‘Walter Oge’ [Ualtar Óg] agus ‘Walter Reagh’ [Ualtar Riabhach] (1575), luaite in P. & H. Hore, History of the town and county of Wexford VI, p.388) ach tá taighde iontach déanta ag Mary Golden le déanaí a thaispeánann gur thug duine de na Róistigh seo mac leis – ‘Alexander fitz Phillip Roche’ sna taifid ghallda – ar altram do Chlann Dáibhí Mór (McDavymore), teaghlach fíor-Ghaelach in oirthuaisceart an chontae! (Féach C. Ó Crualaoich & K. Whelan, Gaelic County Wexford 1550-1650: a  story never told, le foilsiú.)

Bhí Fotharta ina eiseamlár don choilíneacht ó thaobh na nósanna gallda a choimeád beo, ar ndóigh, ach níl aon nós níos Gaelaí ná an t-altramas. De réir mar a chuirtear a leithéid seo d’fhianaise tháinisteach stairiúil leis an bhfianaise shoiléir ainmneolaíochta, is ea is mó a thuigimid cé chomh cuimsitheach forleathan is a bhí gaelú na coilíneachta Angla-Normannaí. Bhí an Ghaeilge agus an Gaelachas le fáil sna ceantair is glaine gallda de réir an ghnáthinsint ar stair na hÉireann.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí