2025-07-10

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Eoin, Seán agus tuilleadh meascáin (Cuid I)
Johnstown mar bhéarlú ar Baile Eoin, Baile Sheáin, Baile Sheoin, Baile Sheonac, Baile Sheonóid, Baile an tSeánaigh

Dáta: 01/07/2025

Faoi mar a chonaiceamar an tseachtain seo caite, iasacht is ea Eoin (Baiste) a tháinig ó Joannes na Laidine i bhfad roimh theacht na nAngla-Normannach (féach Gaelic Personal Names, D. Ó Corráin & Fidelma Maguire (1981) s.n. Eoin; féach freisin D. Greene, Ériu 35 (1984)), agus é ag freagairt do John (the Baptist) an Bhéarla. Más ea, agus sinn ag déanamh scrúdú ar Baile Eoin / Johnstown (logainm.ie #53384), gar do Dhroichead Eoin i gContae Loch Garman, b’fhéidir go mbeadh fonn orainn a thuairimiú gur cumadh an logainm Gaeilge seo sula dtáinig na hAngla-Normannaigh freisin. Ach ní dócha é. Is fíor gur Eoin atá anseo, seachas Eoghan na nGael: féach an tobar beannaithe Saint John’s Well ar an mbaile fearainn seo, agus féach freisin gurbh é Eoin ba éarlamh do theampall an pharóiste seo atá díreach béal dorais i mBaile Uí Leannáin laistiar (cf. Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lch.387). Ó thaobh na tíopeolaíochta de, áfach, ní bheimis ag súil leis an struchtúr ‘baile + ainm naoimh’ in ainm baile fearainn de bhunús na Gaeilge, murab ionann is a mhacasamhail ‘saint’s name + -town’ atá coitianta i logainmneacha Béarla. (Tabhair faoi deara, freisin, gur sa 12ú haois a éiríonn an eilimint baile fíorbhisiúil i logainmneacha (féach Toner, ‘Baile: settlement and landholding in medieval Ireland’, Éigse 34 (2004)).) Tá sampla den struchtúr Béarla sin le fáil sa logainm Johnstown gar don Nás i gContae Chill Dara (logainm.ie #1181). Ní féidir mórán adhmaid a dhéanamh as na tagairtí is luaithe dá maireann, m.sh. ‘Joneston’ (c 1280), ach tá a bhunús soiléir ó na tagairtí do ‘Ecclesia S. Joannis Baptistae’ agus do ‘Ville Sancti Joannis’ féin ar liosta eaglaisí i gCill Dara ón 17ú haois.
Mar sin agus uile, is é is dóichí ná gur ghaelú é an Baile Eoin seo ar logainm de bhunús Angla-Normannach ó cheart .i. *(Saint) Johnstown nó a leithéid, amhail an sampla i gContae Chill Dara. Lonnaigh na hAngla-Normannach go tiubh sa chuid seo de Chontae Loch Garman sna blianta beaga i ndiaidh an ionraidh, ach faoi mar a tharla ar fud na tíre d’fhan an Ghaeilge ina teanga phobail ag na Gaeil, agus níorbh fhada gur iompaigh na Sean-Ghaill féin den chuid is mó i gContae Loch Garman ina nGaeilgeoirí (cf. C. Ó Crualaoich & K. Whelan, Gaelic Wexford 1550 – 1650 [le teacht]; féach freisin C. Ó Crualaoich, ‘Some evidence in Tudor Fiants, Calendar of Patent Rolls and Inquisitions for Irish among families of Anglo-Norman descent in county Wexford between 1540 and 1640’, Studia Hibernica 34 (2006–2007), lgh. 85–110). Is mar gheall ar an nasc sin a moladh Baile Eoin “the town(land) of Eoin (i.e., Saint John)” mar leagan Gaeilge san Ordú Logainmneacha (Contae Loch Garman) – Dréacht 2016.
Ní foláir ná go gcuirfeadh sé mearbhall ar Bhéarlóirí ag féachaint ar na hainmneacha éagsúla Gaeilge seo a leanas agus iad go léir ag tagairt d’áiteanna darb ainm Béarla Johnstown: Baile Sheonac “the town(land) of Seonac” (logainm.ie #55501) gar don Inbhear Mór, Co. Chill Mhantáin; Baile Sheoin “the town(land) of Seon” (logainm.ie #33579) i gContae Lú; Cill Sheanaigh (logainm.ie #9793) i bpar. Chill Mhichíl, Co. Chorcaí; Baile Sheonóid (logainm.ie #38191) gar do Cheanannas, Co. na Mí. Agus ar Saint Johnstown (logainm.ie #47647) i gContae Thiobraid Árann faighimid Baile an tSeánaigh. (Tá cuid acu seo níos intuigthe ná a chéile don Ghaeilgeoir féin, dar ndóigh!)
Agus cén fáth, freisin, go bhfuil a oiread sin samplaí de Baile Sheáin le fáil sna horduithe logainmneacha? Mar is léir ón liosta thuas, agus mar is eol dúinn féin, níorbh é Eoin amháin a bhí ag freagairt do John an Bhéarla. Go deimhin, is beag duine a rithfeadh leo aon rud ach Seán a rá dá bhfiafrófaí díobh “Cad é John ‘as Gaeilge’?” Is amhlaidh a thagann Seán (< NGM Seaghán) na Gaeilge ó Jehan na hAngla-Normainnise (féach Ó Corráin & Maguire, s.n. Seán). Bhí na Gaeil chomh ceanúil sin air mar ainm pearsanta nach bhféadfaí liosta a sholáthar anseo de na logainmneacha Gaeilge go léir ina bhfuil sé le fáil. Níor mhair an tSean-Fhraincis rófhada mar theanga oifigiúil sa choilíneacht, áfach, agus is gearr go ndéanadh na Sean-Ghaill, agus na Nua-Ghaill ina ndiaidh, an t-ainm pearsanta Gaeilge seo Seán a bhéarlú mar John i gcáipéisí oifigiúla (m.sh. ‘John alias Shane O’Doeran’ [Seán Ó Deoráin], Inq. Lag. Car. I 66), rud a dhaingnigh an t-ionannú sin Seán = John atá againn inniu. De dheasca an ionannaithe sin, nuair nach bhfuil aon fhianaise stairiúil againn ar an leagan áitiúil Gaeilge den logainm, is gnách an t-aistriúchán caighdeánach Baile Sheáin a mholadh, amhail Johnstown (logainm.ie #16671) i gContae Bhaile Átha Cliath.
Tá sé d’ádh againn, áfach, go dtagann roinnt fianaise an-spéisiúil anuas chugainn a thaispeánann foirmeacha Gaeilge éagsúla de na logainmneacha seo. Pléifimid cuid den fhianaise seo an tseachtain seo chugainn, ach idir an dá linn luafaimid ceann de na foirmeacha eile is coitianta, mar atá Baile Sheoin “the town(land) of Seon”. Ainm pearsanta is ea Seon – fuaimnithe [ʃoːn] le ó-fada – a fuair na Gaeil ó John an Mheán-Bhéarla. Tabhair faoi deara nach malairt foirme de Seán [< AN Jehan] atá ann i ndáiríre (pace Ó Corráin & Maguire, s.n. Seán); den chuid is mó, chaitheadh an Ghaeilge le Seán agus Seon mar dhá ainm ar leith amach is amach. Tuilleadh faoi seo an tseachtain seo chugainn!

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí