2025-04-19

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Madraí nó mic tíre? Cnámh le creimeadh.
Gleann na Madadh / Glennamaddy
“the valley of the dogs” nó “the valley of the wolves?”
(féach logainm.ie # 1411949)

Dáta: 14/04/2025

An tseachtain seo caite, agus sinn ag plé leis an bhfocal cnámh “bone” i logainmneacha, luamar scéal áitiúil i gContae Dhún na nGall a mhínigh an logainm Mín na gCnámh / Meennagrauv “the level ground of the bones” (logainm.ie #16118) mar thagairt do “the bones of the slain … gnawed by the wolves and bleaching to the sun and the northern blasts” a fuarthas ann. Más uafásach, is áisiúil an t-íomhá sin dúinn an tseachtain seo, nuair a fhéachfaimid ar dhornán beag den 100 éigin ainm baile fearainn a bhfuil madraí, cúnna agus mic tíre luaite iontu. Madra a úsáidfimid sa nóta seo, de réir an Chaighdeáin; sin í an fhoirm a úsáidtear i gcanúintí na Mumhan freisin, ach dar ndóigh is ann do na foirmeacha mada agus madadh sa teanga bheo i gConnachta agus in Ultaibh. (Cnuasfhocal ab ea madra ó cheart, bunaithe ar mada féin.)

Tosnaímis le logainmneacha Leath Mhogha: tá Cnoc na Madraí / Knocknamadderee “the hill of the dogs” ar dhá bhaile fearainn i gContae Chorcaí (logainm.ie #10297; #12266) agus tá Gleann an Mhadra / Glenavaddra “the valley of the dog” (logainm.ie #49328) ar cheann eile i gContae Phort Láirge. Faighimid an fhoirm chéanna madra i ndeisceart Laighean chomh maith: féach Seisceann na Madraí / Seskinnamadra “the marsh of the dogs” (logainm.ie #3454) i gContae Cheatharlach agus Cúil an Mhadra / Coolamaddra (logainm.ie #54665) in iardheisceart Chontae Chill Mhantáin. (Pléifimid brí an logainm deiridh seo ar ball beag.)

Tagann athrú ar an scéal nuair a théimid isteach i Leath Choinn. Faighimid Baile na Madadh / Dogstown “the town(land) of the dogs” (logainm.ie #38776) i gContae na Mí agus, isteach i gCúige Uladh, faighimid Achadh na Madadh / Rosehill “the field of the dogs” (logainm.ie #3797) i gContae an Chabháin. Tá Coill na Madadh / Kilnamaddy “the wood of the dogs” ar thrí bhaile fearainn i gContae Mhuineacháin (logainm.ie #40166; #40859; #41124) agus ar cheann amháin i gContae Fhear Manach (logainm.ie #61022; placenamesni.org Kilnamaddy). I dTír Chonaill faighimid Corr an Mhadaidh / Corravaddy “the round hill of the dog” (logainm.ie #15505). Siar isteach i gConnachta, tá Cnoc an Mhadaidh / Crockawaddy “the hill of the dog” (logainm.ie #28991) le fáil i gContae Liatroma agus trí bhaile fearainn darb ainm Ceathrú na Madadh / Carrownamaddoo “the quarter of the dogs” (logainm.ie #44918; #45006; #45491) i gContae Shligigh.

Tagann an focal madra/mada(dh) i gceist in ainmneacha ainmhithe eile, gan amhras. Tugtar madra uisce as Gaeilge ar Brl. otter. (Tabhair faoi deara an bhunbhrí cheannann chéanna leis an bhfocal comhshuite dobharchú “otter” [< dobhar ‘uisce’ + ‘cú, madra’], atá in úsáid ó ré na Sean-Ghaeilge féin.) Ní haon iontas é, más ea, go ndearnadh Oileán an Mhada Uisce (logainm.ie #30252) a aistriú mar Otter Island i gContae Liatroma.

Thairis sin tá madra rua againn, focal eile ar an sionnach “fox” dar ndóigh. I gConnachta, tá Coill na Madadh Rua / Kilnamaddyroe “the wood of the foxes’ (logainm.ie #29085) le fáil i gContae Liatroma. Agus ó dheas, tá Cnocán an Mhadra Rua / Browningstown “the hillock of the fox” (logainm.ie #13738) i gContae Chorcaí agus Móin an Mhadra Rua / Monavadaroe (logainm.ie #27046) i gContae Chill Chainnigh. (Tabhair faoi deara go ndeirtear mada rua seachas madra rua sa chaint de bharr comhshamhlaithe; cf. Ó Sé, Gaeilge Chorca Dhuibhne §303.)

Mar sin, tá dáileachán seo mada(dh) vs. madra in ainmneacha na mbailte fearainn an-chosúil leis an úsáid sna canúintí beo a thagann anuas chugainn (cf. freisin Wagner, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects I lch.56 le haghaidh spléachadh ar chanúintí na 1940í). Ach ní hionann sin is a rá nárbh eol an focal mada(dh) i Leath Mhogha. I ndeisceart Laighean, faighimid Páirc an Mhada / Porchavodda “the field of the dog” (#3044) suite leathshlí idir Seisceann an Mhadra / Seskinnamadra i gContae Cheatharlach agus Cúil an Mhadra / Coolamaddra i ndeisceart Chontae Chill Mhantáin. (Agus ba cheart a lua ag an bpointe seo scéilín beag áitiúil a bhaint le Fiacha mac Aodha Ó Broin – eisean a chuir slad ar na Gaill i gCath Ghleann Molúra i 1580 – a bhailigh an tSuirbhéireacht Ordanáis i gCúirt an Phaoraigh, i dtuaisceart Chontae Chill Mhantáin. Cuireadh i leith Fhiacha, “[he] used to hang every person that could not say and Maddú (i.e. Hound and Dog) in the Irish language” (Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis 15/12/1838, lch.17). Bhreac Eoghan Ó Comhraí an scéilín suimiúil seo ó dhuine ar thug sé “an old and poor Protestant” air, agus is ar éigean is féidir glacadh leis mar fhianaise chruinn ar fhuaimniú an fhocail mada i gcanúint Fhiacha Uí Bhroin!)

Agus maidir le madra i Leath Choinn, mar a luamar cheana ba chnuasfhocal é ó cheart: tá sé le fáil – pé acu brí uatha nó iolra a bhí i gceist – i mionainmneacha amhail Loch an Mhadra Uisce / Lough Madderiska (#1371657) i gContae na Gaillimhe agus Loch an Mhadra Alla (#1396353) i nGaeltacht Thír Chonaill. Ba cheart an fhoirm ghin. iol. neamhghnách madradh a lua anseo, freisin: sin é a bhí sa logainm Ceathrú na Madradh / Carrownamaddra (logainm.ie #19513) i ndeisceart Chontae na Gaillimhe, mar ar taifeadadh an fuaimniú /-ˈmɑːdro/ ó chainteoir dúchais i 1955. (Tá meascán inspéise san fhianaise luath don logainm sin, m.sh. ‘-maddragh’ 1613, ‘-madree’ 1617.)

Críochnóimid le téarma comhshuite eile fós, mar atá madra allta, focal eile ar mac tíre “wolf” dar ndóigh. Díol spéise nach bhfuil aon fhianaise dhíreach againn ar an bhfocal seo in aon ainm baile fearainn. Ach féach na haistriúcháin Bhéarla seo a leanas ón 16ú agus ón 17ú haois ar an logainm úd a luamar cheana, Cúil an Mhadra / Coolamaddera (logainm.ie #54665) i gContae Chill Mhantáin: ‘Wolf-ys-hole’ (1560), ‘Wolfeshoal’ (1619) and ‘Wolfesden’ (1627) [.i. Wolf’s Hole, Wolf’s Den]. Is cosúil gur tuigeadh an focal madra sa logainm seo mar thagairt do mhac tíre, beag beann ar an gcáilitheoir allta a bheith in easnamh. (Cuir i gcás freisin logainmneacha in áiteanna iargúlta a luann muc agus cat, nuair is dócha gur muic agus cait fhiáine ba cheart a thuiscint.) Dá bhrí sin, cé gur chóir a bheith an-cháiréiseach agus gan an iomarca adhmaid a dhéanamh as an sampla aonair seo, d’fhéadfadh sé go bhfuil níos mó tagairtí don mhac tíre/mhadra allta i logainmneacha ná mar a mheastaí go dtí seo, i measc na samplaí flúirseacha don fhocal lom mada/madra.

Leis sin, tagaimid faoi dheireadh go dtí Gleann na Madadh / Glennamaddy (logainm.ie #1411949) i gContae na Gaillimhe. Ba í an áit seo ba ábhar don amhrán Four Country Roads, a bhain barr na gcairteanna amach i 1981. “Four roads to Glenamaddy,” a chan an laoch mór ceol tuaithe úd Big Tom, “are the four dusty byways to my heart.” Is dócha gur beag a shíl Big Tom – ná lucht buailte suas an amhráin chéanna ó shin i leith – go mb’fhéidir go raibh na ceithre bhóthar sin ag gabháil isteach i nGleann na Mac Tíre!

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí