2025-07-12

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Tuilleadh meascáin le John is Seán (Cuid II)
Johnstown as Béarla Baile Eoin, Baile Sheáin, Baile Sheoin, Baile Sheonac, Baile Sheonóid agus Baile an tSeánaigh

Dáta: 12/07/2025

Phléamar samplaí de Eoin, Seán agus Seon an tseachtain seo caite in ainmneacha bailte fearainn agus an nasc atá acu (cuid acu níos dírí ná a chéile) leis an ainm Brl. John. Leanfaimid ar aghaidh an tseachtain seo le roinnt foirmeacha díspeagtha de John sa Bhéarla agus a leaganach Gaeilge siúd.

Ar na foirmeacha díspeagtha seo tá Johnin, atá le fáil go soiléir in ainm Béarla an bhaile fearainn Johninstown (logainm.ie #25464) i gContae Chill Dara. (Fágfaimid ainm Gaeilge an bhaile fearainn i leataoibh go fóillín beag.) Is mar Seoinín a gaelaíodh Johnin de ghnáth, ach – murab ionann is Seán < AN Jehan – díol spéise nach raibh SeoinínSeon féin coitianta i measc na nGael dúchasach riamh. Ní hionann an cás do na Gaeil de bhunadh na Sean-Ghall (.i. na hAngla-Normannaigh ghaelaithe), áfach, a bhaineadh úsáid as idir Seon agus Seoinín sa Ghaeilge, mar is léir ó na ginealaigh a chuir an Dubhaltach Mac Fhirbhisigh i dtoll a chéile sa 17ú haois, mar shampla (féach Ó Muraíle (eag.) Leabhar Mór na nGenealach iml. 5, innéacs). Fágann sin go dtagann na hainmneacha pearsanta seo Seon agus Seoinín i gceist i logainmneacha sna ceantair úd inar lonnaigh na nAngla-Normannaigh, agus gur ghlac an Ghaeilge chucu féin tar éis cúpla glúin: ar na samplaí seo tá Baile Sheoin Rua “the town(land) of Seon Rua” (logainm.ie #26975) i gContae Chill Chainnigh (ní hí an aidiacht rua “reddish(-haired)” atá anseo ach leagan Gaeilge áitiúil den sloinne Angla-Normannach Ruth: féach ‘Johnroothston’ (1613) agus ainm Béarla an bhaile fearainn féin .i. Ruthstown); agus Fearann Seoin / Farranshone “the land of Seon” (logainm.ie #30471; #30587) i gContae Luimnigh. Bhreac taighdeoirí na chéad Suirbhéireachta Ordanáis an fhoirm Ghaeilge áitiúil ‘Baile seón’ sa bhaile fearainn Baile Sheoin / Johnstown (logainm.ie #33579) i gContae Lú, agus is léir ón bhfianaise stairiúil gur Baile Sheoin a bhí ar Johnstown (#52633) gar do Bhun Clóidí i gContae Loch Garman freisin (féach Logainmneacha na hÉireann IV, lch. 1078).

Tá an fhoirm dhíspeagtha Seoinín (< Brl. Johnin) le fáil sa logainm Baile Mhic Sheoinín “the town(land) of the son of Seoinín”, a béarlaíodh mar Ballymacshoneen i gContaetha Loch Garman (logainm.ie #54110) agus Chorcaí (logainm.ie #8939); agus sa logainm Baile Sheoinín “the town(land) of Seoinín” féin, a béarlaíodh mar Ballyshoneen i gContaetha Chorcaí (logainm.ie #9206; #9436), Luimnigh (logainm.ie #32413) agus Phort Láirge (logainm.ie #50402), agus thairis sin mar Ballyjennings i gContae Mhaigh Eo (logainm.ie #35038). Tá Seoinín le fáil freisin sna logainmneacha Cloch Mhic Sheoinín / Clonmacshane “the stone (structure) of the son of Seoinín” (logainm.ie #3534) i gContae Cheatharlach; Gráig Sheoinín / Graigueshoneen “the hamlet of Seoinín” (logainm.ie #49783) agus Fearann tSeoinín / Farranshoneen “the land of Seoinín” (logainm.ie #50301) i gContae Phort Láirge; chomh maith le Leacain tSeoinín / Lackenshoneen “the hillside of Seoinín” (logainm.ie #9357) i gContae Chorcaí.

Ar ndóigh, is focal maslach é ‘Seoinín’ sa Ghaeilge – agus Shoneen i mBéarla na hÉireann – sa lá atá inniu ann (féach ‘duine a bhfuil luí aige le nósanna Shasana’ FGB s.v.; cf. “a shoneen, a jackeen or johnnie, an aper of foreign ways…” Foclóir an Duinnínigh s.v. Seoinín). Cruthúnas breise atá san úsáid tharcaisniúil seo, ní foláir, nach raibh Seoinín coitianta riamh i measc na nGael dúchasach.

Tá leagan díspeagtha eile le fáil sa logainm Béarla Jonastown (logainm.ie #54013) i ndeisceart Chontae Loch Garman: cuireann na foirmeacha luatha ‘Ionokeston’ (1540), ‘Jonickstown’ (1577), ‘Johnnockstown’ (1622), srl., an bunainm Johnock+’s+-town in iúl. Is cosúil go raibh an t-ainm seo Johnock an-choitianta in Éirinn agus tá na leaganacha gaelaithe Seonac, Seonag le fáil i roinnt mhaith logainmneacha. Cuir i gcás Baile Sheoinic Bháin / Ballyshonickbane “the town(land) of white(-haired) Seonac” (logainm.ie #32243) i gContae Luimnigh; Fearann Mhic Sheoinic / Farran “the land of the son of Seoineac” (logainm.ie #8891) i gContae Chorcaí (malairt foirme de Seonac le -n- caol atá ansin); Baile Mhic Sheonaic “the town(land) of the son of Seonac” (logainm.ie #50160) i gContae Phort Láirge (gan aon ghaol le hainm Béarla na háite .i. Sappertown: ‘Sappertown alias BallimcShonick’ 1735); Baile Sheonaic / Ballyshonock “the town(land) of Seonac” (logainm.ie #49829; #52627) i gContaetha Phort Láirge agus Loch Garman; agus faightear Baile Sheonac – gan aon infhilleadh ar an ainm pearsanta sa tuiseal ginideach – béarlaithe mar Ballyshonock (logainm.ie #12793) agus Ballyhonock (logainm.ie #13666) i gContae Chorcaí.

Díol spéise an logainm Johnstown (logainm.ie #55501) gar don Inbhear Mór i gContae Chill Mhantáin, mar ní béarlú é sin ar *Baile Sheáin ná ar *Baile Sheoin, ach ar Baile Sheonac! Sa chás sin, léiríonn an fhianaise luath gur thuig lucht an Bhéarla an bhaint a bhí ag an ainm Gaeilge Seonac (‘Bally[s]onicke’ (1620), ‘Ballyshanoge’ (1715)) leis an ainm Béarla John (‘Johnstown’ (1668, 1724, srl.)). Arís, tá na logainmneacha seo a luann Seonac le fáil sna ceantair úd ar lonnaigh na hAngla-Normannaigh iontu agus a raibh an Ghaeilge mar theanga pobail iontu ina dhiaidh sin. Bheadh fonn ar dhuine a thuiscint as sin nár éirigh Seonac seo coitianta i measc na nGael dúchasach, ach oiread le Seoinín, ach is amhlaidh atá roinnt samplaí le fáil i nginealaigh na nGael féin. Más ea, dhealródh sé nach raibh an t-ainm pearsanta Seonac teoranta do na Sean-Ghaill, murab ionann is Seoinín.

Tá súil againn gur mhínigh an t-eolas thuas an chúis go bhfreagraíonn Brl. John i logainmneacha na hÉireann don éagsúlacht ainmneacha seo Eoin, Seán, Seon, Seoinín agus Seonac, ainmneacha atá neamhspleách ar a chéile gan a bheith go hiomlán neamhghaolmhar. Is féidir linn, mar sin, ár n-aird a dhíriú anois ar fhothacar suimiúil logainmneacha a bhfuil an eilimint John(’s)- le fáil sna leaganacha Béarla ach nach bhfuil baint dá laghad acu le haon cheann de na hainmneacha Gaeilge a luamar cheana, mar atá Johnstown i bparóiste Chill Mhichíl i gContae Chorcaí, Saint Johnstown i gContae Thiobraid Árann agus Johnstown lámh le Ceanannas i gContae na Mí.

Is de bharr míthuiscint ar an logainm Gaeilge Cill Sheanaigh (< Cill tSeanaigh) “the church of Seanach” (logainm.ie #9793), de réir gach dealraimh, a tháinig an leagan Béarla Johnstown chun cinn sa sampla úd as Contae Chorcaí. In ainneoin gurbh ann do roinnt cléireach darbh ainm Seanach anallód, ceann acu ab éarlamh don eaglais seo mar is léir, is cosúil gur tuigeadh go raibh baint éigin ag an ainm le Brl. John. Agus ní ainm pearsanta (eaglasta ná tuata) atá sa logainm Saint Johnstown (logainm.ie #47647) i gContae Thiobraid Árann, ach sloinne — is éard atá i gceist leis an leagan Gaeilge Baile an tSeánaigh (‘Ballentane’ 1601, ‘Baile an t-seána’ 1840) ná “the town(land) of An Seánach”, mar a gciallaíonn An Seánach “the person surnamed Saint John”. Luaitear an sloinne sin féin i dtagairtí luatha don bhaile fearainn, m.sh. ‘John de Sancto Johanne of Scadaneston’ (thugtaí *Scaddanstown ar an áit sa Bhéarla freisin).

Ní raibh d’ainm ag lucht Gaeilge na háite ar Johnstown (#38191) gar do Cheanannas i gContae na Mí sa bhliain 1836 ach ‘Baile sheonoid’ [Baile Sheonóid]. Gaelú é Seonó(i)d ar an ainm Meán-Bhéarla Jonot — leagan eile fós de John! Is é Janet an fhoirm is mó a úsáidtear inniu, mar shloinne agus mar ainm pearsanta mná (cf. P. Hanks, R. Coates, P. McClure: Oxford Dictionary of Family Names in Britain and Ireland). Ach sa chás seo freisin, is léir gur thuig lucht an Bhéarla go raibh Jonot gaolmhar le John: is mar Johnstown, et var., amháin a thagraítear don áit san fhianaise tríd síos. Níl d’fhianaise ar an mbunfhoirm *Jonotstown ach an leagan áitiúil Gaeilge a breacadh síos i 1836. Is fiú a lua gurb é a mhalairt atá fíor faoi Johninstown (logainm.ie #25464) i gContae Chill Dara, a luamar thuas. Sa chás sin, cuireann formhór glan na fianaise, chomh maith le leagan an lae inniu, an t-ainm Brl. Johnin in iúl, cé gurb é ‘Johnston’ (1540) an tagairt is sine dá dtagann anuas, rud a chuireann Brl. John in iúl gan amhras. Dá bhrí sin, ó tharla go raibh Johninstown seanbhunaithe i saol an Bhéarla ó thús an 17ú haois i leith (cf. ‘Jeninstown’ (1621)), díol mór spéise gur thug Gaeilgeoir áitiúil ‘baile sheoin’ [Baile Sheoin] mar ainm Gaeilge ar an áit sa bhliain 1837, os coinne *Baile Sheoinín a mbeifí ag súil leis. Mar bharr ar an suntas, féach go bhfuil tacaíocht don leagan eisceachtúil seo le fáil san aon tagairt amháin sa taifead stairiúil a léiríonn ainm Gaeilge na háite, mar atá ‘Ballyshean’ (1563).

Ní bheidh sé d’aga againn, ámh, aon trácht a dhéanamh ar na hainmneacha eile úd a bhfuil gaol de shaghas éigin acu le Brl. John (amhail Jack, Jackett, Jackson, Jackman…), agus beidh orainn Baile Suingean / Saint Johnstown (logainm.ie #1416625) i gContae Dhún na nGall a fhágaint go dtí lá eile.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí