Foinsí
Seo áis lenar féidir cuardach a dhéanamh ar c.7,000 foinse a cheadaigh an Brainse Logainmneacha agus taighde á dhéanamh ar fhianaise stairiúil logainmníochta in imeacht na mblianta. Cé go bhfuil eagarthóireacht áirithe déanta ar an ábhar, ba chóir glacadh leis go bhfuil neamhréireachtaí agus dúbailtí ann. Tá tuilleadh eolais faoi fhorbairt agus úsáid na háise le fáil anseo.
-
British Museum Library Additional Ms, No. 4787, p.82: cóip i Laidin a scríobh James Ware, Lúnasa 5, 1624 de Choidéacs de chuid Mhainistir Bhaile an Tobair, a scríobh Donatus O’Riogan idir 1450-1462 do Tomás Ó Rónáin... Féach Logainmneacha Mhaigh Eo.Lámhscríbhinn