2024-06-01

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Craobh na hIomána, camáin agus camaibhneacha.
Ré na hIomána/Reanahumana “the level ground of the hurling (the level hurling-ground)”
(féach logainm.ie #7884)

Dáta: 01/06/2024

Seo linn isteach i mí an Mheithimh, an dara mí den samhradh de réir mar a thuigtear in Éirinn é, agus borradh ceart anois faoi chraobh iomána an CLG. Níl aon chomórtas páirce eile ar domhan is mó a chuireann lúcháir agus scleondar ar dhaoine i lár an tsamhraidh — ach dúinne na hainniseoirí is annamh a leagann cos i bPáirc an Chrócaigh lá na cinniúna, is minic nach mbíonn le fáil ón gcoimhlint ach buairt is crá croí. Mar atá a fhios ag an saol, téann an iomáint i bhfad siar i stair na tíre seo. Ná cuireadh sé aon iontas orainn, más ea, go bhfuil tagairtí don chluiche céanna le fáil i roinnt ainmneacha bailte fearainn, cé go bhfuil cuid de na samplaí níos cinnte ná a chéile agus nach féidir bunbhríonna eile a chur as an áireamh.
Pé scéal é, is dócha gurb í tagairt is dírí dá bhfuil againn in ainmneacha bailte fearainn Ré na hIomána/Reanahumana “the level ground of the hurling (i.e., the level hurling-ground)” (logainm.ie #104144 i gContae an Chláir. Ach is ann freisin do logainmneacha Béarla a thagraíonn don iomáint. Cuir i gcás Hurlers Cross (logainm.ie #104144), i gContae an Chláir arís, áit a fuair ainm ón tábhairne Hurlers Inn a bhí suite ag an gcrosbhóthar de réir dealraimh. Go hiondúil, áfach, ní bhíonn a leithéid seo d’ainmneacha Béarla chomh seanbhunaithe le logainmneacha Gaeilge ná baol air.
Sa bhliain 2008 scríobh Art Ó Maolfabhail, iar-Phríomhoifigeach Logainmneacha, aiste spreagúil dar teideal ‘Teorainneacha, Áthanna agus Iomáin’ san iris Tipperary Historical Journal (lgh. 164–174) inar phléigh sé logainmneacha éagsúla i gContaetha Luimnigh, Thiobraid Árann agus Chill Chainnigh a d’fhéadfadh a bhaint leis an iomáint. Tá cuid de na samplaí an-éiginnte, ar ndóigh, ach is féidir glacadh le Áth na gCamán/Aughnagomaun (logainm.ie #47499) i gContae Thiobraid Árann mar thagairt don iomáint, faoi mar a thuigtí go háitiúil é. D’fhiosraigh an scoláire clúiteach úd Seán Ó Donnabháin an logainm i 1840 le linn na Suirbhéireachta Ordanáis. Ba as Cill Chainnigh don Donnabhánach, ar ndóigh, agus is dócha gur maith an rud é gur mhínigh sé an logainm mar “ford of the hurlets [sic]” san Ainmleabhar Paróiste — seachnaíonn an focal seanfhaiseanta Brl. hurlet ‘camán’ an tseandíospóireacht a bhíonn le clos gan stad sa Ghalltacht inniu .i. cé acu is cirte sa Bhéarla, hurlhurley. (Mar eolas, Garmanach agus Bleá Cliathach a chuir an nóta seo i dtoll a chéile, agus dar leosan níl d’ainm Béarla ar an uirlis chéanna ach hurl!)
Ach sin scéal thairis. Agus brí camán á meas i logainmneacha Gaeilge, is tábhachtaí go mór sanas agus bunús an fhocail féin. Ar ndóigh, ó tharla gur díspeagadh díreach é camán ar an bhfocal cam, d’fhéadfaí earra nó gné ar bith atá ‘cam’ a thuiscint as (FGB s.vv. camán, cam) .i. ‘rud camtha nó lúbtha’ (AFB s.v. camán). Cuir i gcás Achadh Camán/Aghacommon (logainm.ie #56421) i gContae Ard Mhacha — cé gur mhínigh muintir Ghaeilge na háite an logainm sin mar “field of the hurls” faoi na 1830í, tugann an Dr. Pat McKay faoi deara in A Dictionary of Ulster Place-Names gur dócha gur ghné nádúrtha a bhí faoi thagairt an chéad lá, mar atá ‘windings in the Closet river, which forms its northern boundary’ (féach placenamesni.org s.n. Aghacommon). Thuig Seán Ó Donnabháin na miondifríochtaí seo go maith, mar ba dhual dó, agus ainm Béarla na habhann Hurley River i gContae na Mí faoi thrácht aige i 1836 — scríobh sé in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireachta Ordanáis gur aistriúchán a bhí sa Bhéarla sin ar ‘Camán’ na Gaeilge .i. An Camán (logainm.ie #1166957), ach gur mheas sé gurbh éard a chuir an bunainm in iúl i ndáiríre ná ‘abhainn cham’. Agus go deimhin, is cosúil go dtagraíonn ainm na habhann do na lúbanna agus na castaíocha úd lastoir ó thuaidh de dhroichead Ráth Faiche.
Tá áit eile darb ainm An Camán/Hurley Point (logainm.ie #104145) i nDuínis, oileán beag i mbéal na Sionainne i gContae an Chláir. Ach ní do chamais abhann ná don chluiche páirce a thagraíonn an t-ainm úd sa chás seo, de réir dealraimh, ach do chruth Dhuínse féin. Tá athruithe tagtha ar an tírdhreach idir an dá linn, cinnte, ach don té a d’fhéachfadh ar léarscáil 6ʺ (1ú eag.) de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis tá an-chosúlacht le camán iománaíochta le sonrú ar an oileáinín seo (cé gur fíor gur mó a chuirfeadh seanchruth an oileáin bas camáin an lae inniu i gcuimhne). Níl aon dabht, áfach, ná gurb é an gléas spóirt féin atá faoi thagairt sa mhionainm iontach Lios Fear Beag na gCamán/Lisfarbegnagommaun (logainm.ie #1410538) in aice Chora Finne i gContae céanna an Chláir, bíodh gur i gcomhthéacs osnádúrtha an tseanchais é. Is é brí atá leis sin, ar ndóigh, “the ring-fort of the little hurley-wielding men” — tugann Bailiúchán na Scol cuntas breá ar bhunús an logainm dúinn, a breacadh síos ó dhuine de sheanfhondúirí na háite i 1939.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí