Logainm an lae
Diméin an tSonnaigh/Sonna Demesne
Fáilte
Téama faoi thrácht
Iliomad sloinnte Gaeilge in aon leagan Béarla.
Baile Uí Chearnaigh/Ballycarney “the town(land) of Ó Cearnaigh”
(féach logainm.ie #52146)
Dáta: 25/01/2025
Sa tráchtaireacht dúinn ar chuntas beoga úd Stanihurst ar shaighdiúirí Gaelacha sa 16ú haois an tseachtain seo caite, thánamar chomh fada leis an sloinne Ó Ceithearnaigh “descendant of Ceithearnach [ainm pearsanta]” nó “descendant of ceithearnach [.i. an saighdiúir]”, faoi mar atá le fáil sa logainm Baile Uí Cheithearnaigh/Ballycarney “the town(land) of Ó Ceithearnaigh” (logainm.ie #12876) i gContae Chorcaí. Tá cur síos ag de Bhulbh ar cé chomh coitianta is a bhí Ó Ceithearnaigh faoin 16ú haois agus tugann faoi deara nach féidir i gcónaí na foirmeacha béarlaithe (Kearney, Kerns, Kearns) a aithint go héasca ar Ó Cearnaigh “descendant of Cearnach [ainm pearsanta]” (Carney, Kearney, O’Kearney) (Sloinnte Gaedheal is Gall, s.nn. Ó Cearnaigh; Ó Ceithearnaigh). Is minic atá a leithéid de chosúlachtaí sna foirmeacha béarlaithe de shloinnte Gaeilge éagsúla ina gcrá croí don sloinnteoir agus don logainmneoir araon. Munarb amhlaidh go dtagann fianaise slán i bhfoinsí Gaeilge ar ámharaí an tsaoil, bíonn ar an taighdeoir an bunleagan den sloinne a dhéanamh amach ar shlite eile.
I gcás na sloinnte Ó Ceithearnaigh agus Ó Cearnaigh, ar a laghad tá seans go mbeadh rian de -th- láir na Gaeilge le sonrú sna tagairtí luatha béarlaithe. Cuir i gcás Baile Uí Cheithearnaigh/Ballykearney (logainm.ie #12876) i gContae Chorcaí agus Cluain Uí Cheithearnaigh/Cloonykerny (logainm.ie #43381) i gContae Ros Comáin, mar a gcuireann ‘Ballykeherryny’ agus ‘Cloonekeherny’ Ó Ceithearnaigh in iúl go soiléir. Ní hionann easpa fianaise agus fianaise ar easpa, ar ndóigh, ach muna dtagann aon tagairtí stairiúla mar sin anuas chugainn (agus muna bhfuil aon fhianaise thánaisteach eile ar fáil dúinn) ní mór glacadh leis gur Ó Cearnaigh atá i gceist seachas foirm laghdaithe de Ó Ceithearnaigh. Tagann an prionsabal seo i gceist fiú sna ceantair sin a raibh claonadh sa chanúint Ghaeilge féin -th- a bheith balbh idir dhá ghuta ghairide. (Bhí an fuaimniú sin coitianta i gCúige Laighean agus i gcuid de Chúige Uladh, agus dar ndóigh tá sé le clos go suntasach inniu in Inis Oírr, m.sh. athair mar a bheadh *a’air.)
De réir de Bhulbh, bhí an sloinne Ó Cearnaigh ar theaghlach de chuid Dhál gCais (Contae an Chláir inniu) a raibh stádas ard acu i gCaiseal; ar theaghlach de chuid Ó Fiachrach i gContae Mhaigh Eo; agus ar theaghlach eaglasta a bhí ina n-airchinnigh i nDoire (Sloinnte Gaedheal is Gall s.n. Ó Cearnaigh). I gcáipéisí de chuid an Phápa tá tagairtí do theaghlaigh eaglasta den sloinne céanna ní hamháin i nDoire ach i ndeoisí Bhaile Átha Cliath, Ghleann Dá Loch, Achadh Conaire, Thuama, Mhaigh Eo, Chill Ala agus Ail Finn freisin (féach Calendar of Papal Registers relating to Great Britain and Ireland, passim). (Cuimhnímis arís gur theaghlaigh oidhreachtúla ab ea na teaghlaigh eaglasta i measc na nGael, go ndeachaigh an ghairm eaglasta ar aghaidh trí na glúinte ón athair don mhac agus mar sin de.) Ní haon iontas é go dtagann an sloinne seo Ó Cearnaigh i gceist i gcuid mhaith ainmneacha bailte fearainn, is a rá go raibh sé le fáil chomh forleathan sin ar fud an oileáin agus oidhreacht ghairmiúil ag formhór na dteaghlach sin. Ar na bailte fearainn seo tá trí cinn darb ainm Baile Uí Chearnaigh/Ballycarney “the town(land) of Ó Cearnaigh” i gContaetha Loch Garman, Cheatharlach agus Luimnigh (logainm.ie #52146, #3111, #31409); Cúil Uí Chearnaigh/Coolycarney “the nook, recess of Ó Cearnaigh” (logainm.ie #52138) i gContae Loch Garman; Fearann Uí Chearnaigh/Carney “the land of Ó Cearnaigh” (logainm.ie #45417) i gContae Shligigh; Doire Uí Chearnaigh/Derrycarney “the (oak-)wood of Ó Cearnaigh” (logainm.ie #46231) i gContae Thiobraid Árann; agus i gContae Chorcaí tá Garrán Uí Chearnaigh/Garraneycarney “the grove of Ó Cearnaigh” (logainm.ie #11324) chomh maith le Gleann Uí Chearnaigh “the valley of Ó Cearnaigh”, béarlaithe mar Glanycarney (#8504) agus Glenacarney (#10555).
Maidir le Lios Ó gCearnaigh/Lisgarney “the ring-fort of (the) Uí Chearnaigh” (logainm.ie #29170) agus Droichead Abhann Ó gCearnaigh/Six-mile-bridge “the bridge at the river of (the) Uí Chearnaigh” (#1416537) i gContae an Chláir, d’fhéadfadh an cáilitheoir Uí Chearnaigh (gin. Ó gCearnaigh sa Nua-Ghaeilge Mhoch; gin. Ó Cearnaigh [sic] sa Nua-Ghaeilge chaighdeánach) bheith ina fhoirm iolra den sloinne thuas nó d’fhéadfadh sé bheith ina ainm treabhchais. Is dóchúla an treabhchas, ba dhóigh leat, in ainm na habhann Abhainn Ó gCearnaigh. (Ghlac an t-ainm sin ionad Raite, nach léir brí, a mhaireann sa logainm Bun Raite/Bunratty “the bottom/end of the River Raite” (#6219) gan amhras.) Sna seanghinealaigh faighimid tagairtí do threabhchas eile darbh ainm Uí Chearnaigh i Maigh Dhá Chon, áit a mbuaileann Contaetha Cheatharlach, Loch Garman agus Chill Mhantáin lena chéile sa lá atá inniu ann (‘Uí Chearnaigh i Muigh Dha Chonn’; féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lch.264).
Ba é ainm a bhí ar an gceantar mórthimpeall ar Dhiméin Bhaile an Chinnéidigh (logainm.ie #55643) i gContae Chill Mhantáin, Baile Ó gCearnaigh “the town(land) of the Uí Chearnaigh”. Sa chás seo is cosúil gur leagan iolra den sloinne Ó Cearnaigh atá sa cháilitheoir: féach go raibh post eaglasta ag John Ykaernay [Seán Ó Cearnaigh] i bparóiste Dhroim Catha sa bhliain 1457 (Calendar of Papal Registers relating to Great Britain and Ireland XI lgh.331–337). Seans go bhfuair Muintir Chearnaigh na tailte seo darbh ainm Baile Ó gCearnaigh de bharr an stádais eaglasta seo an chéad lá. (Mar a chífimid i nóta na seachtaine seo chugainn, níorbh é seo an t-aon ghairm oidhreachtúil amháin a bhí ag an teaghlach seo!) Ní raibh an sloinne róchomónta in oirthear Chontae Chill Mhantáin, ach díol spéise go bhfaighimid Morris Kearny fitz Wm. [Muiris nó Murcha mac Liam Ó Cearnaigh] agus é ina chónaí in áit darbh ainm ‘Kilenerye’ sa bhliain 1599 (Fiant [Eilís] §6303). Ní mhaireann an logainm stairiúil úd ach is léir go raibh sé suite i gCill Mhuire (logainm.ie #55658), i ngiorracht do Dhiméin Bhaile an Chinnéidigh sa cheantar úd darbh ainm tráth Baile Ó gCearnaigh “the town(land) of the people surnamed Ó Cearnaigh”.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Baile Uí Chearnaigh/Ballycarney
- Bun Raite Thiar/Bunratty West
- Gleann Uí Chearnaigh/Glanycarney
- Gleann Uí Chearnaigh/Glenacarney
- Garrán Uí Chearnaigh/Garraneycarney
- Baile Uí Cheithearnaigh/Ballykearney
- Lios Ó gCearnaigh/Lisgarney
- Baile Uí Chearnaigh/Ballycarney
- Cluain Uí Cheithearnaigh/Cloonykerny
- Fearann Uí Chearnaigh (O'Beirne)/Carney (O'Beirne)
- Doire Uí Chearnaigh/Derrycarney
- Cúil Uí Chearnaigh/Coolycarney
- Baile Uí Chearnaigh/Ballycarney
- Díméin Bhaile an Chinnéidigh/Mount Kennedy Demesne
- Cill Mhuire/Kilmurry
- Droichead Abhann Ó gCearnaigh/Six-mile-bridge