Téamaí faoi thrácht
Scagadh ar rogha téamaí coitianta i logainmneacha na hÉireann. Foilsítear na blúirí eolais seo go tráthrialta.
Chugat an púca!
Inse an Phúcaigh/Inch or Inchaphuca
(logainm.ie #3600)
Dáta: 19/10/2026
Tuigeann gach éinne cad is púca ann, ach b’fhéidir nach dtuigeann go raibh réimse ról ag an gcarachtar sin sa bhéaloideas a bhí i bhfad níos ilghnéithí ná ‘taibhse scanrúil’ (AFB s.v. púca). Mar shampla, ar an iliomad drochghníomhartha a chuirtear i leith na dtaibhsí mallaithe seo, tá sé de dhroch-cháil ar phúca na sméar gurb eisean a loiteann na sméara dubha agus a chuireann ó mhaith iad gach Oíche Shamhna. (Féach mar shampla scéalta Gaeilge i mBailiúchán na Scol ó Dhúlainn, Contae an Chláir; ón Tulaigh, Contae na Gaillimhe; agus ón nGrafaidh, Contae Dhún na nGall.) Más ea, agus sinn i mbéal an gheimhridh in Éirinn pléimis cuid de na deacrachtaí a bhaineann leis an eilimint seo púca a aithint in ainmneacha bailte fearainn agus i logainmneacha eile nach iad.
Ar chloisint an logainm Poll an Phúca duit, is dócha gurbh é an chéad sampla a rithfeadh leat an taiscumar ollmhór úd i gContae Chill Mhantáin (logainm.ie #113024). (Pollaphuca as Béarla – Poulaphouca ar uairibh – nó Blessington Lake(s) go háitiúil.) Fuair an taiscumar ainm ón eas ar an Life ag Droichead Pholl an Phúca. Eas láidir luath a bhí ansin tráth, de réir na dtagairtí a thagann anuas chugainn, seachas an sileán a fágadh ann ó tógadh an damba don taiscumar i 1937: “a mighty fall called by the Natives Pullagh Fuckagh […] reported to be the greatest in Ireland” The Civil Survey [c 1654] Iml. VII, lch. 288; “Poolapooka a remarkable Cataract” Noble & Keenan (Cill Dara) (1752), srl. Ar ndóigh is aisteach an focal poll mar aicmitheoir (generic element) agus eas faoi thagairt aige (eDIL s.v. poll): murab amhlaidh a aistríodh an t-ainm ón linn thíos faoi, d’fhéadfadh sé – ó tharla go raibh sé luaite leis an eilimint púca (eDIL s.v. púca) – gur ‘áit ghránna’ a bhí i gceist ó cheart (AFB s.v. poll).
Is amhlaidh atá go leor samplaí den logainm céanna seo Poll an Phúca timpeall na tíre. Tá ceann eile i gContae Chill Mhantáin (logainm.ie #55309) atá suite i bhfad ó bhaile ón taiscumar, gar don Inbhear Mór. Sa chás sin, is cosúil gurb é gné atá faoi thagairt san ainm foinse uisce ar theorainn an pharóiste, mar a bhfuil Pollaphuca marcáilte ar thobar ar na léarscáileanna 6ʺ de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis. Díol spéise an mionlogainm Béarla seo a leanas san Ainmleabhar: “‘Pucks Hole’ at which a stream rises and runs southwards” (1839). (Ní raibh aon Ghaeilge sa cheantar faoin tráth sin.)
In iarthar na tíre, tá dhá bhaile fearainn ar leith i gContae na Gaillimhe darb ainm Poll an Phúca/Pollaphuca (logainm.ie #21453; #21627) agus ceann eile i gContae an Chláir (logainm.ie #6921). Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil sampla eile againn sa bhaile fearainn Pollaphuca (logainm.ie #43687) i gContae Ros Comáin, freisin, cé nach bhfuil an taighde curtha i gcrích sa chontae sin fós. (Bhreac Séan Ó Donnabháin ‘Poll a’ phúca’ san Ainmleabhar tar éis dó an lá a chaitheamh le seanchaí áitiúil: ‘O’Flyn […] knows every bush in the parish of Kiltullagh, the names of which he pronounced for me [while we examined] the Namebooks’ (Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (RC) I 146 (5/7/1837).) Sa tuaisceart, faighimid ainm an bhaile fearainn Poll an Phúca (logainm.ie #33597) i gContae Lú arna shaobhaistriú go Béarla mar Puckstown.
Is léir go raibh nós seanbhunaithe an dá eilimint poll agus púca a úsáid in éineacht le chéile nó a chomhlogú le chéile i logainmneacha Gaeilge na hÉireann. Go deimhin, d’aimsigh an Dr. Pádraig Ó Cearbhaill (iar-Phríomhoifigeach Logainmneacha) 19 sampla den logainm Poll an Phúca san aiste cuimsitheach leis, ‘An púca i logainmeacha’, Ainm Iml. 2 (1987) lgh. 96–113.
Mar le mionainmneacha de, tá dhá sholaoid de Poll an Phúca i gContae Phort Láirge (logainm.ie #1421672; #1421028). Tá ceann amháin acu seo suite i nGaeltacht na nDéise, agus tugtar Clais an Phúca “the trench of the pooka” agus An Gleann “the glen” air chomh maith (#1421028). Tá samplaí eile den logainm Clais an Phúca i gContaetha Chiarraí (#24499) agus Thiobraid Árann (#1436889); agus tá Gleann an Phúca “the glen of the pooka” féin le fáil i gContaetha Chorcaí (#12339; #12966), Thiobraid Árann (#67204) agus Phort Láirge (#49075). Is beag an bhearna shéimeantach idir na hainmneacha deiridh seo agus an dá shampla stairiúla de Log an Phúca “the hollow of the pooka” i Sléibhte Bhaile Átha Cliath; díol spéise go bhfuil seans ann gur thagair ceann amháin díobh sin d’eas contúirteach ar shruthán sléibhe (Mionlogainmneacha de bhunús Gaeilge i ngleannta Chontae Bhaile Átha Cliath lch.153). Tamall siar ó dheas ó bhaile atá [Baile an Phléimeannaigh Theas nó] Tóin an Phúca/Flemingtown South or Tonaphuca (#25719) “the bottom(land) of the pooka” ar thaobh Chontae Chill Dara de na sléibhte céanna. De réir mar a thuig na Gaeil na cúrsaí seo, más ea, ba sna hísleáin rite seo – claiseanna, gleannta, loig agus go háirithe poill – ba dhóichí go mór a chasfaí an púca ort!
Toisc a oiread sin tagairtí don phúca i logainmneacha Gaeilge, níor thógtha ar dhuine a cheapadh gur obair shaoráideach é anailís a dhéanamh ar litriúcháin bhéarlaithe ar nós -fook, -pooka, -phucka, -phuca, puck(s)-, srl. Ach ní hannamh a chruthaíonn a leithéid tromluí don taighdeoir. Faoi mar a phléann Ó Cearbhaill (1987), is minic nach é an púca atá taobh thiar díobh – ná focal Gaeilge ar bith eile – ach leaganacha Gaeilge den sloinne Pook/Puck nó den ainm pearsanta/chéadainm Foulke. Bhí na hainmneacha seo, i bhfoirmeacha éagsúla, coitianta i measc na nAngla-Normannach in Éirinn: m.sh. Fulke Furlang i gContae Loch Garman (anno 1395) (Rolla meamram, 19–20 Risteard II, scannán 7). Cuir i gcás an logainm béarlaithe Inchaphuca (logainm.ie #3600) i gContae Cheatharlach. Bheadh sé réasúnta glacadh leis ar an gcéad fhéachaint gur Inse an Phúca “the holm of the pooka” an Ghaeilge cheart. (Gan amhras, socraíodh an litriú béarlaithe sin i 1839 ar an tuiscint gurbh in é an bunleagan Gaeilge!). Ach is amhlaidh a chuireann an fhianaise ina iomláine Inse an Phúcaigh “the holm of An Púcach” in iúl (‘Inchnefowkie’ (1593)). Mar a phléamar i roinnt nótaí le déanaí, is éard atá san ainm An Púcach foirm aidiachtúil ainmfhoclaithe den sloinne Púc, ar leagan gaelaithe é den sloinne Béarla Pook/Puck a thug na hAngla-Normannaigh isteach.
Mar fhocal scoir, ós ag caint ar fhoirmeacha béarlaithe de, níor mhiste aird a tharraingt ar an litriú caighdeánach -phuca (seachas -phooka, -fooka, srl.) ar léarscáileanna de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis i mbeagnach gach cás dá raibh an focal púca sa bhunlogainm Gaeilge, dar leo. Tá an litriú sin le rianú siar go dtí cinneadh a rinne Seán Ó Donnabháin go han-luath, agus é ag tabhairt a bhreithiúnais ar mhionlogainm a bhí le greanadh ar na léarscáileanna sa bhaile fearainn An Sián/Shean (#60574) i gContae Fhear Manach: “PollaPhuca,” a mhol sé, “as in the Irish” (Meamraim na Suirbhéireachta Ordanáis (FM) lch.163 (16/2/1835)). Bunaíodh an litriú “Gaeilge” seo Pollaphuca mar leagan caighdeánach béarlaithe den logainm feasta – rud a bhí neamhghnách go leor – ach amháin nó gur bhain an tSuirbhéireacht ceantair Ghaeltachta amach ina raibh an litriú Poul- ag teastáil sa chéad eilimint mar gheall ar an gcanúint.
Ní mór cuimhneamh go raibh an Donnabhánach agus a chuid comhghleacaithe sa Rannóg Topagrafaíochta den tSuirbhéireacht Ordanáis báite i logainmneacha Gaeilge – agus sa chultúr Gaelach i gcoitinne – ar feadh a saoil, agus go rabhadar i bhfad Éireann níos tuisceanaí don oidhreacht sin ná mar a thugtar le fios sa dráma Translations. Ní den chéad uair agus, is dócha, ní den uair dhéanach atáimid á rá sin!
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
Coill na Sián/Kilnashane
“an choill ina bhfuil liosanna”
(féach logainm.ie #27773)
Dáta: 12/10/2026
I gcodarsnacht leis na sióga in Clonnasheeoge/Cluain na Sióg agus Páirc na Sióg i Loch Garman, maille le Ballynasheeoge/Baile na Sióg "baile (fearainn) na sióg" i nGaillimh, ar annamh a luaitear go sainiúil iad i logainmneacha na mbailte fearainn, tá gné eile atá gaolmhar leis an bhfocal sin, sián (< síodhán) "lios (beag) de chuid na sióg", coitianta go maith in ainmneacha na mbailte fearainn, mar shampla Kilnashane/Coill na Sián "an choill ina bhfuil liosanna na síog" i gContae Laoise (féach logainm.ie: #27773). An Sián "lios na sióg" is bun le Shean i bPort Láirge agus i gCorcaigh; Shean in Ard Mhacha agus i bhFear Manach; Sheean i gCill Dara, i Luimneach, san Iarmhí, i Ros Comáin agus i gCeatharlach; Sheeaun i gContae an Chláir agus i nGaillimh; Sheehaun i Ros Comáin. Tá an focal céanna in Sheeanmore/An Sián Mór "lios mór na sióg"i gContae Mhaigh Eo agus i Sligeach, ainm a léiríonn go raibh an díspeagadh atá i gceist le sián "lios (beag) de chuid na sióg" imithe ó thuiscint. Ag teacht ar an gcás ón taobh eile, An Sián Beag "lios beag na sióg" an bun leis an leagan gallda Shanbeg i gContae Laoise. Os a choinne sin, ní cosúil gur comparáid idir dhá shián cóngarach dá chéile atá i gceist le, Shean Beg/An Sián Beag "lios na sióg, beag"agus Shean More/An Sián Mór"lios na sióg, mór", ar dhá bhaile fearainn atá ag síneadh lena chéile i gContae Phort Láirge seachas dealú i dhá bhaile fearainn faoi leith idir dhá réimse a bhíodh in aon bhaile fearainn amháin roimhe sin ar a dtugtaí An Sián "lios na sióg". Is furasta a thiocfadh duine amú maidir leis an ainm gallda Golashane i gContae na Mí ó tá dhá ainm faoi leith, Gabhla agus An Sián "lios na sióg", curtha ina chéile ann. Tá Sián "lios na sióg" ar fáil freisin i gcuid mhór ainmneacha bailte fearainn de leithéid Carrickateane/Carraig an tSiáin "carraig lios na sióg" i gContae Liatroma ina dtarlaíonn an tuiseal ginideach de sián "lios na sióg". Is díol suntais go bhfuil tagairt don sián "lios na sióg" in ainmneacha oiread sin bailte fearainn agus, ina ainneoin sin, an seantuiscint i seanchas na hÉireann ar na sióga dulta i léig chomh mór agus, go deimhin, beag is fiú á dhéanamh de in Éirinn.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
Cnocán an Bhácúis / Mountoven
‘the hillock of the oven, bakehouse’ (logainm.ie #24606)
Dáta: 06/10/2026
Anois, agus mí Dheireadh Fómhair buailte linn, is mithid dúinn aghaidh a thabhairt ar chuid de na bealaí a bhí ann chun arbhar a phróiseáil tar éis an fhómhair sa chultúr Gaelach.
Ar an gcéad dul síos, tá an iomarca samplaí de Baile an Mhuilinn “the town(land) of (at) the mill” i logainmneacha na hÉireann chun iad ar fad a lua anseo. In amanna béarlaíodh é mar Ballymullen nó a leithéid, mar a fheictear in Ballymullen (logainm.ie #42090) i gContae Uíbh Fhailí; Ballinwillin (logainm.ie #10197) i gContae Chorcaí, agus Ballinvullin (logainm.ie #31884) i gContae Luimnigh. Ach is minice ar fad a aistríodh Baile an Mhuilinn go Milltown sa Bhéarla agus bunús Gaeilge an logainm faoi cheilt. Mar shampla, i gcás an bhaile fearainn a dtugtar Milltown (logainm.ie #3301) air sa Bhéarla in aice le Míseal i gContae Cheatharlach, léiríonn an tagairt is sine don ainm, ‘Ballymollen’ (1552), chomh maith le ‘Ballyvullen als. Milltowne’ (1631), gur dócha gurbh é Baile an Mhuilinn “the town(land) of (at) the mill” bunfhoirm an ainm. Is amhlaidh an scéal i gcás Milltown (logainm.ie #21909) in aice le Tuaim i gContae na Gaillimhe: ‘Balleyvollen’ (1574); agus Milltown (logainm.ie #52208) in aice le Fearna i gContae Loch Garman: ‘Ballynmollin’ (1597). Sna cásanna sin ar fad, léiríonn na foirmeacha stairiúla gurbh é Baile an Mhuilinn an bunainm. Ar an taobh eile den scéal, gach seans gur ainmníodh roinnt samplaí eile de Milltown sa Bhéarla féin le linn na mblianta luatha den choilíneacht Angla-Normannach. Cuir i gcás Milltown (logainm.ie #25811) gar do Dhroichead Nua i gContae Chill Dara, mar a léiríonn an tagairt is sine den ainm ‘Mylton’ (1329) gur dócha gur sa Bhéarla a cumadh an t-ainm. Tugann an fhoirm bhéarlaithe ‘ballymolyn’ (1628) le fios go raibh an leagan Gaeilge Baile an Mhuilinn sa chúrsaíocht freisin faoin 17ú haois. Níl aon amhras ach go mbaineann sé sin leis an nGaeilge a theacht chun cinn mar theanga phobail i gcoilíneacht na nAngla-Normannach féin. Sampla eile atá ar aon dul leis seo is ea Milltown (logainm.ie #53596), gar do Bhaile Uí Choileáin i gContae Loch Garman, a bhí i seilbh Mhainistir Thinteirn na nAngla-Normannach i Muileann an tSáile. Tagraítear dó seo i bhfoinsí stairiúla mar ‘ballymolyn’ (1628) agus ‘Ballywoollen’ (1654), agus arís, thabharfadh na foirmeacha sin le fios go raibh Baile an Mhuilinn sa chúrsaíocht agus, dá bharr sin, gur léiriú é ar úsáid fhorleathan na Gaeilge i gcoilíneacht na nAngla-Normannach ansin freisin.
Mar a chonaic muid thuas, faightear muileann “mill” mar cháilitheoir i logainmneacha amhail Baile an Mhuilinn “the town(land) of (at) the mill” ach is amhlaidh go bhfaightear é mar aicmitheoir (.i. an phríomheilimint, a bhíonn chun tosaigh i logainmneacha Gaeilge de ghnáth) chomh maith. Ar na samplaí a léiríonn seo tá Muileann an Bhata / Mullinavat “the mill of the stick, cudgel” (logainm.ie #1411898) i gContae Chill Chainnigh (ní léir cén cineál bata atá i gceist); Muileann an Droichid / Mullandrait “the mill of (at) the bridge” (logainm.ie #16561) in Contae Dhún na nGall; agus Muileann an Mheidhg / Mullinaveige “the mill of the whey” (logainm.ie #55717) i gContae Chill Mhantáin. Ar ndóigh, is ann do roinnt logainmneacha a cumadh sa Bhéarla leis an bhfocal mill iontu tar éis 1600 amhail Sinnottsmill (logainm.ie #53657) i gContae Loch Garman agus Arundelsmills (logainm.ie #9161) i gContae Chorcaí; sna cásanna seo, is aistriúcháin iad na foirmeacha Gaeilge Muileann an tSionóidigh agus Muileann Arundel, faoi seach. Níor cuireadh stop leis an muilleoireacht tar éis deireadh a theacht ar fhorlámhas na nGael in Éirinn, agus níor cuireadh stop le cumadh na logainmneacha ach an oiread.
Ní hé an mhuilleoireacht téama na míosa seo, áfach, ach na próisis a úsáideadh chun grán a dheighilt agus a thriomú sa chultúr Gaelach sular cuireadh chuig an muileann féin é. Déanfaidh muid plé gairid ar dhéanamh an aráin freisin. Ar an ábhar sin, taispeánann Fergus Kelly in Early Irish Farming gur laistigh den áith arbhair féin a dheintí an grán a bhualadh go ginearálta. B’fhéidir go míníonn sé sin an easpa tagairtí do bhualadh arbhair in ainmneacha na mbailte fearainn. Is ann d’ainm fobhaile i gContae Chorcaí a thagraíonn do na buailteoirí féin, is cosúil, mar atá Baile na mBuailteoirí / Thrasherstown (logainm.ie #1410361). Ar an taobh eile den scéal, tá go leor tagairtí in ainmneacha na mbailte fearainn ar fud na tíre do áith “drying-kiln (for grain)” (see dil.ie s.v. áith). Mar shampla, is é Achadh na hÁithe “the field of the kiln” atá taobh thiar de Aghnahaha (logainm.ie #29747) i gContae Liatroma; Annahaia (logainm.ie #39292; #39716) i gContae Mhuineacháin; agus Aughnahoy (logainm.ie #62914) i gContae Aontroma. Anuas orthu sin tá Áth na hÁithe / Annahagh “the ford of (at) the kiln” (logainm.ie #40480) i gContae Mhuineacháin; Carraigín na hÁithe / Carrigeenahaha “the (little) rock of (at) the kiln” (logainm.ie #49837) i gContae Phort Láirge; Gort na hÁithe / Gortnahaha “the field of the kiln” i gContaetha Thiobraid Árann (logainm.ie #47172) agus an Chláir (logainm.ie #6967). Anuas air sin, is é Cnoc na hÁithe “the hill of the kiln” is bunús le Knocknahaha (logainm.ie #24508) i gContae Chiarraí agus Knocknahaw (logainm.ie #18037) i gContae na Gaillimhe. Ar aon dul le muileann “mill”, ní fhéadfaí gach sampla de áith “kiln” sna logainmneacha a lua anseo. Sula mbogfaidh muid ar aghaidh áfach, is fiú dúinn a lua go bhfaightear átha mar ghinideach uatha do áith in amanna, cé gurb é áithe an ginideach uatha caighdeánach. Ní nach ionadh, mar sin, go ndéantar an dá fhocal sin a mheascadh sna logainmneacha ó am go chéile. Bíodh sin mar atá, is de bharr inscne a thuigeann muid an difear ó thaobh brí de idir Cúil na hÁtha / Coolnaha “the nook, recess of (at) the kiln” (logainm.ie #1373986) i gContae Mhaigh Eo agus Cúil an Átha Salaigh / Coole “the recess, corner of (at) the dirty ford” (logainm.ie #52571) i gContae Loch Garman: ‘Coulinaghsalligh’ (1654); mar an gcéanna do Droim na hÁtha / Drumnaha “the ridge of (at) the kiln” (logainm.ie #14703) seachas Droim an Átha / Druminaw “the ridge of (at) the ford” (logainm.ie #16218), i nDún na nGall.
Pléitear in Early Irish Farming (EIF) próiseas eile chun dias an arbhair a dheighilt ón ngas, próiseas ar a dtugtaí loiscreán (nó loistreán ní ba dhéanaí) (EIF 240). Mar a mhíníonn Kelly: ‘this involves the careful burning of each ear of corn so that the glumes and chaff are burnt away, leaving the grains. This method is particularly suitable for small-scale cereal-growing, and has the advantage that the grains are partially dried by the flames’ (ibid). Is cosúil go raibh an nós seo fós ar siúl isteach sa 17ú haois, is a rá gur thug an rialtas gallda reachtanna isteach in 1634 chun é a chosc (ibid., lch 23). Níl aon amhras ach go n-athródh an próiseas seo an blas a bheadh ar an bplúr, agus b’fhéidir gurb í cuisine na hÉireann atá thíos leis mar gheall ar é a chailliúint.
Mínítear loiscreán i bhFoclóir Uí Dhónaill mar “fire for singeing” and “singed corn”, agus luaitear arán loiscreáin “bread made from singed and ground oats” freisin (FGB s.vv. loiscreán, loistreán). Thabharfadh sé sin le fios gur lean an cleachtas sin ar aghaidh isteach san 20ú haois, i gceantar áirithe ar aon chuma. In Dictionary of the Irish Language, atá bunaithe ar fhoinsí Sean- agus Meán-Ghaeilge, mínítear é mar “singed grain” (dil.ie s.v. loiscreán) agus i measc na mbríonna a luaitear leis i bhFoclóir an Duinnínigh tá “corn burnt off the ear instead of being threshed” agus “a prepared cooking-place or fire for drying corn”. Dá bharr sin ar fad, is cosúil gur féidir linn loiscreán nó an leagan malartach loistreán sna logainmneacha a thuiscint mar áit a dheintí grán a bharrloscadh nó a thriomú. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh muid Ceathrú an Loistreáin / Carrowlustraun / (logainm.ie #18861) a mhíniú mar “the quarter of the (place for) corn-singeing, corn drying”. Bíodh sin mar atá, mínítear loiscreán mar “burning, destruction” i bhfoclóir an Duinnínigh chomh maith, agus ní féidir an míniú sin a chur as an áireamh sna logainmneacha ach an oiread.
Cé nach bhfuil mórán ainmneacha bailte fearainn ann a bhfuil loiscreán “(place for) corn-singeing, corn drying” mar eilimint iontu, is cinnte go bhfuil a dhóthain acu ann le tabhairt le fios go raibh an cleachtas réasúnta forleathan sa tír. Is ó Cnoc an Loiscreáin “the hill of the (place for) corn-singeing, corn drying; the hill of the burning” (logainm.ie #6836) a thagann an dá logainm béarlaithe Knockaluskraun (logainm.ie #6467) and Knockloskeraun (logainm.ie #6836) i gContae an Chláir. Is cosúil gurb é Baile Loistreáin “town(land) of (the place for) corn-singeing, corn drying; town(land) of (the) burning” atá taobh thiar de Ballystrane (logainm.ie #16968) i gContae Bhaile Átha Cliath. Is ó Log an Loistreáin “the hollow of the (place for) corn-singeing, corn drying; the hollow of the burning” a thagann Lugalustran (logainm.ie #29982) i gContae Liatroma, agus i gContae Shligigh in aice láimhe tá Tuar Loistreáin / Toorlestraun (logainm.ie #45567) “lea-(field), bleaching-green of (the place for) corn-singeing, corn drying”; bleaching-green of burning”; tá Leac an Loistreáin / Lackalustraun (logainm.ie #34404) “the flat stone, flagstone of the (place for) corn-singeing, corn drying; the flat stone, flagstone of the burning” againn i gContae Mhaigh Eo agus is ó Cathair Loistreáin (logainm.ie #21711) “circular stone fort of (the place for) corn-singeing, corn drying; circular stone fort of (the) burning” bunainm Gaeilge an tsráidbhaile aitheanta a thugtar Caherlistrane air sa Bhéarla. Ní léir cén áit ina raibh an cathair “circular stone fort” sa chás seo, áfach.
Is ann do Cnoc an Loiscreáin “the hill of the (place for) corn-singeing, corn drying; the hill of the burning” (logainm.ie #13661) eile i gContae Chorcaí, a bhfuil a bhrí ceilte ar fad do Bhéarlóirí faoin ainm Mountbell, ainm déanach a thagair d’ainm an tí mhóir sa bhaile fearainn. Is é an dála céanna é ag Baile an Loiscreáin (logainm.ie #53425) i gContae Loch Garman, a dtagann a ainm Béarla Tottenhamgreen ón sloinne Tottenham. Fuair an teaghlach sin seilbh ar an mbaile fearainn seo i ndiaidh an talamh seo a bheith bronnta ar ‘Charles Collins’ [recte Collis] le linn aimsir Chromail; ba iad muintir ‘James ffurlong, Ir. Papist’, an t-úinéir in 1641 (Civil Survey IX: Wexford, lch. 87), a díshealbhaíodh. Is cosúil go raibh sé i seilbh na bhFurlangach ar feadh na nglúnta roimhe sin (cf. ‘Mathew ffurlonge of Ballelostram [Tottenhamgreen]’ [1573], History of the Town and County of Wexford VI, lch. 386). Ach is léir go bhfuil tagairt againn sa bhunainm Gaeilge don chleachtas feirmeoireachta seo atá faoi chaibidil againn: Baile an Loiscreáin “the town(land) of (the place for) corn-singeing, corn drying; the town(land) of the burning” (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mBailte Fearainn, Co. Loch Garman).
Bheadh sé tarraingteach a shamhlú go dtugtaí an grán a próiseáltaí in Baile an Loiscreáin / Tottenhamgreen go Muileann Fúca / Foulkesmill “the mill of Fúca” chun é a mheilt. (Ainm pearsanta de bhunús Angla-Normannach is ea Fúca.) Tá tagairt againn ón mbliain 1642 do ‘Brannah mc James of Pucksmill … miller’ san áit céanna (1641 Depositions: MS 818, fol. 101v). Díol mór spéise freisin is ea go bhfuil Muileann Fúca sa chóngar céanna le Baile an Bhácúis “the town(land) of the bakehouse, bakery”, logainm stairiúil i bparóiste Chluain Caoin: féach ‘Ballinvacus’ (Civil Survey IX [1654], p. 90), ‘Ballinbakehouse orse. Ballenbackhouse’ níos déanaí (CGn. 405.338.266143). Díol spéise an logainm deiridh seo. Iasacht ón bhfocal ‘bakehouse’ i mBéarla na nAngla-Normannach is ea bácús, atá le fáil i ndornán logainmneacha eile ar fud na tíre amhail Cúil an Bhácúis / Coolavacoose “the recess, nook of the bakehouse, bakery” (logainm.ie #25504) i gContae Chill Dara; Gort an Bhácúis / Gortavacoosh “the field of the bakehouse, bakery” (logainm.ie #31135) i gContae Luimnigh agus Tigh an Bhácúis / Tinvaucoosh “the house of (at) the bakehouse, bakery” (logainm.ie #27562) i gContae Chill Chainnigh. Sna cásanna sin ar fad, tá na leaganacha béarlaithe de na logainmneacha réasúnta dílis do na bunainmneacha Gaeilge ó thaobh foirme de. Ach rinneadh béarlú de shaghas eile ar fad ar Cnocán an Bhácúis (logainm.ie #24606) i gCorca Dhuibhne, gur tugadh an t-ainm galánta Mountoven air. Tugann Foclóir Uí Dhuinnín “a bakery” (Dinneen s.v.) agus “oven” mar mhíniú ar bácús, áfach, agus is é an míniú a thugann Ó Dónaill air ná “bakehouse; pot-oven” (FGB). Mar sin cé gur mar “the hillock of the bakehouse, bakery” a d’aistreodh muide é, níl Mountoven ró-fhada ón sprioc!
B’fhéidir go spreagfaidh mílisín na míosa seo na seandálaithe bia chun aghaidh a thabhairt ar an loiscreán agus arán stairiúil ár sinsir a athbheochan. Agus ní go seanbhlastúil a deirimid é sin!
(Conchubhar Ó Crualaoich, Aindí Mac Giolla Chomhghaill & Justin Ó Gliasáin)
- Baile an Mhuilinn/Milltown
- Cnoc an Loiscreáin/Knockaluskraun
- Cnoc an Loiscreáin/Knockloskeraun
- Gort na hÁithe/Gortnahaha
- Muileann Arundel/Arundelmills
- Baile an Mhuilinn/Ballinwillin
- Cnoc an Loiscreáin/Mountbell
- Droim na hÁtha/Drumnaha
- Droim an Átha/Druminaw
- Muileann an Droichid/Mullandrait
- Baile Loistreáin/Ballystrane
- Cnoc na hÁithe/Knocknahaw
- Ceathrú an Loistreáin/Carrowlustraun
- Cathair Loistreáin/Caherlustraun
- Baile an Mhuilinn/Milltown
- Cnoc na hÁithe/Knocknahaha
- Cnocán an Bhácúis/Mountoven
- Cúil an Bhácúis/Coolavacoose
- Baile an Mhuilinn/Milltown
- Tigh an Bhácúis/Tinvaucoosh
- Achadh na hÁithe/Aghnahaha
- Log an Loistreáin/Lugalustran
- Gort an Bhácúis/Gortavacoosh
- Baile an Mhuilinn/Ballinvullin
- Leac an Loistreáin/Lackalustraun
- Achadh na hÁithe/Annahaia
- Achadh na hÁithe/Annahaia
- Áth na hÁithe Theas/Annahagh South
- Baile an Mhuilinn/Ballymullen
- Tuar Loistreáin/Toorlestraun
- Gort na hÁithe/Gortnahaha
- Carraigín na hÁithe/Carrigeennahaha
- Baile an Mhuilinn/Milltown
- Cúil an Átha Salaigh/Coole
- Baile an Loiscreáin/Tottenhamgreen
- Baile an Mhuilinn/Milltown
- Muileann an tSionóidigh/Sinnottsmill
- Muileann an Mheidhg/Mullinaveige
- Achadh na hÁithe/Aughnahoy
- Muileann Fúca/Foulkesmill
- Cúil na hÁtha/Coolnaha
- Baile na mBuailteoirí/Thrasherstown
- Muileann an Bhata/Mullinavat
- Cathair Loistreáin/Caherlustraun
Ceapach na hEorna
“ionad curaíochta na heorna”
(logainm.ie #27806)
Dáta: 05/10/2026
Tá Cappaghnahoran/Ceapach na hEorna “ionad curaíochta na heorna” i gContae Laoise ar cheann de na bailte fearainn in Éirinn a bhfuil tagairt don eorna ina n-ainm. Is léir gur malairt ainm, ón ochtú aois déag, atá i gceist leis an logainm Béarla Windsor.
Mar a tharlaíonn maidir le coirce, is coitianta go mór an focal eorna i logainmneacha na hÉireann ná an focal cruithneacht “wheat”, léiriú ar an tábhacht a bhíodh leis an eorna in aiste bia na nÉireannach (féach logainm.ie #27806). Ó thaobh réimsí tíre, tagtar trasna ar an bhfocal i logainmneacha ó thuaidh, ó dheas, thiar agus thoir agus is deacair dá réir sin a dhéanamh amach an mbíodh saothrú níos tréine ar an mbarr i réigiúin seachas a chéile. Tá Craiginorne/Creag na hEorna “talamh cloiche na heorna” i gContae Aontroma, Carricknahorna/Carraig na hEorna i Sligeach agus Creggaunnahorna/Creagán na hEorna “talamh cloiche na heorna” i gContae Mhaigh Eo. Díol suntais, mar a tharlaíonn maidir le coirce, gur talamh ard atá i gceist le cuid mhór de na logainmneacha ina luaitear eorna, mar shampla Barleyhill i gCorcaigh, aistriúchán simplí ar Chnoc na hEorna. Cnoc na hEorna is bun freisin le Knocknahorn i dTír Eoghain, Knocknahorna i dTír Chonaill agus i Maigh Eo agus Cnocán na hEorna an bun atá le Knocknahorna in Uíbh Fháilí. Tagairt do thalamh ard atá freisin i Maulnahorna i gCorcaigh agus i gCiarraí, Meall na hEorna “maolán na heorna” an bun sa chás sin agus an fhoirm dhíspeagtha Millín na hEorna “maolán beag na heorna” atá i gceist le Milleennahorna, ainm atá ar dhá bhaile fearainn eile i gCorcaigh. Is tagairt d'áit ard Cronyhorn/Corrán na hEorna “cnocán maol nó imeall starrach ar a saothraítear eorna” i gCill Mhantáin, ach tagtar trasna ar eorna freisin, cé nach chomh minic céanna é, i gcom, mar shampla Coomnahorna/Com na hEorna “logán na heorna”.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Cnoc na hEorna/Barleyhill
- Meall na hEorna/Maulnahorna
- Millín na hEorna/Milleennahorna
- Millín na hEorna/Milleennahorna
- Cnoc na hEorna/Knocknahorna
- Ceapach na hEorna/Windsor or Cappaghnahoran
- Creagán na hEorna/Creggaunnahorna
- Cnocán na hEorna/Knocknahorna
- Corrán na hEorna/Cronyhorn
- Creag na hEorna/Craiginorne
Ard an tSeagail/Ardataggle
“talamh ard atá faoi sheagal”
(logainm.ie #7553)
Dáta: 28/09/2026
Is minice freisin seagal a lua i logainmneacha na mbailte fearainn ná cruithneacht cé nach dtarlaíonn sé chomh coitianta céanna le eorna é in ainmneacha den sórt sin. Ard an tSeagail an bun atá leis an leagan gallda Ardataggle i gContae Laoise (#28812) agus i gContae an Chláir (#7553). Talamh ard atá i gceist freisin le Knockataggle/Cnoc an tSeagail (#21888) ach, tríd is tríd, ní cosúil go dtarlaíonn seagal a lua baileach chomh minic le eorna i logainmneacha ag tagairt do chnoic nó do chnocáin. Go deimhin, tá Pollataggle (#19254) i nGaillimh agus Poulataggle (#5904) ar fáil freisin, más logán nó linn atá i gceist leis an bhfocal tosaigh san ainm Poll an tSeagail. Talamh íseal atá i gceist chomh maith leis an ainm Srahataggle/Sraith an tSeagail “léana, inse an tseagail” i gContae Mhaigh Eo (#35429). Tagairt do na páirceanna ina mbíodh an barr á fhás atá i gceist le roinnt bailte fearainn a luaitear seagal ina n-ainm, mar shampla Cappataggle/Ceapaigh an tSeagail “áit curaíochta an tseagail” i nGaillimh (#17864) agus Gortataggle/Gort an tSeagail “páirc atá faoi sheagal” i gContae Liatroma (#29111). Aistriúchán é Ryefield i gCorcaigh ar Ghort an tSeagail ach, i gcás Ryefield i gContae an Chabháin, Achadh an tSeagail “páirc atá faoi sheagal” an bun maidir leis an leagan Béarla céanna sin. Bíodh sin amhlaidh, is cinnte go bhfuil Ballyguileataggle i Luimneach ar cheann de na hainmneacha ar bhailte fearainn is neamhchoitianta a bhfuil seagal ann, Baile Gaill an tSeagail “baile Ghall an tSeagail (i.e. an t-eachtrannach a bhfuil baint aige leis an seagal)”.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
Gort an Choirce
“an pháirc atá faoi choirce”
(logainm.ie #17566)
Dáta: 21/09/2026
Ag cloí le téama an fhómhair i rith mhí Meán Fómhair, “lár ráithe an fhómhair”, is cinnte go bhfuil Gort an Choirce “an pháirc atá faoi choirce”, ar chaith cuid mhór daoine tréimhse i nGaeltacht Thír Chonaill i rith laethanta a n-óige, ar cheann de na logainmneacha is coitianta atá ar eolas ag daoine ina bhfuil tagairt don choirce (féach logainm.ie: #14446). Is mar a chéile díreach an t-ainm a chuirtear faoi chló Gortahork i mBéarla agus a chuirtear faoi chló Gortacorka (#29695) i gContae Liatroma agus Oatfield (#7390) i gContae an Chláir. “an pháirc atá faoi choirce” a chiallaíonn Aghincurk/Achadh an Choirce (#56311) i gContae Ard Mhacha freisin. Is meathaistriúchán Oatfield i gContae na Gaillimhe ar Chorr an Choirce (#18022) “cnocán maol an choirce”, an bunainm céanna, mar a tharlaíonnn, atá le Corrycorka (#32512) i gContae an Longfoirt. Cnoc an Choirce (#44689) an bunús atá le Knockhurka i Sligeach agus le Knockaquirk (#55744) i gCill Mhantáin agus is tagairt Taobh an Choirce/Tiveachorky (#13932) “taobh cnoic atá faoi choirce” i nDún na Gall freisin don ghnás coirce a chur ar thalamh ard, mar is ea freisin is dócha Tomacork/Tom an Choirce (#55830) “tor, cnocán an choirce” i gCill Mhantáin. Ní ar thailte arda ina dhiaidh sin a shaothraítí an coirce i ngach cás, mar tá Inchincurka/Inse an Choirce (#9831) “léana an choirce” i gCorcaigh. Tá Coolacork/Cúil an Choirce (#55410) “cluanóg, lúb an choirce” i gCill Mhantáin agus Tirchorka/Tír an Choirce (#38244) “talamh an choirce” i gContae na Mí.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Gort an Choirce/Oatfield
- Inse an Choirce/Inchincurka
- Taobh an Choirce/Tievachorky
- Gort an Choirce/Gortahork
- Corr an Choirce/Oatfield
- Gort an Choirce/Gortacorka
- Corr an Choirce/Corrycorka
- Tír an Choirce/Tirachorka
- Cnoc an Choirce/Knockahurka
- Cúil an Choirce/Coolacork
- Cnoc an Choirce/Knockaquirk
- Tom an Choirce/Tomacork
- Achadh an Choirce/Aghincurk
Gile, glaine, uisce agus soilse
Áthán Solais/Lightford
(logainm.ie #35733)
Dáta: 14/09/2026
Táimid anois sa dara leath den fhómhar, agus is dócha go mbeimid tosnaithe go luath ar an gcnáimhseáil faoin ngiorrú sa tráthnóna agus faoin ngrian a bheith níos moille agus níos moille san éirí in aghaidh an lae. Ar a laghad is lú, tá roinnt daoine ina gcónaí i mbailte fearainn a bhfuil an focal solas le fáil sna logainmneacha, chun misneach éigin a thabhairt dóibh le linn an gheimhridh. Cé nach dtuigimid as an bhfocal solas i nGaeilge an lae inniu ach ainmfhocal coitianta nach bhfuil de bhrí aige ach “light” (cf. AFB s.v. > solas), ní mar sin a bhaintí úsáid as i logainmneacha de réir dealraimh.
Níl an focal solas róchoitianta in ainmneacha Gaeilge bailte fearainn. Tá dhá shampla againn den ainm Áth Solas ina bhfuil -s deiridh leathan, foirm a thuigfí sa lá atá inniu ann mar a bheadh ghinideach iolra ann, sa chiall “ford of (the) lights”. Tá ceann amháin díobh seo béarlaithe mar Assolas i gContae Chorcaí (logainm.ie #10624) ach tá an ceann eile béarlaithe mar Ardsollus i gContae an Chláir (logainm.ie #6185). Meabhrú atá sa dara sampla nach féidir brath ar fhoirm bhéarlaithe aonair riamh! Ba dhóigh leat gur ard “height, hillock” a bhí ann, rud atá go hiomlán mícheart: féach ‘áth solas’ (c.1350), ‘Áth s[.]l[.]is’ (1839) i bhfoinsí Gaeilge. Agus tá logainm stairiúil ar eolas againn a thagair d’áth ar an River Mine (ó Abhainn na Muinge de réir dealraimh) san Easca Mhór i gContae Loch Garman. Tá ‘Aghsolish’ (Civil Survey IX, lch. 262) tite i léig ó shin ach is léir gur Áth Solais le -s caol a bhí ann. Tá an logainm céanna le fáil — le foirm dhíspeagtha den aicmitheoir — mar Áthán Solais (#35733) i gContae Mhaigh Eo, nó “(little) ford of (the) light”. Béarlaíodh é seo go hoifigiúil mar Lightford.
Díol mór spéise comhlogú seo an dá eilimint áth + solas — is é sin, iad a bheith le fáil go minic i dteannta a chéile i logainmneacha. Cad is cúis leis an oiread seo tagairtí d’áthanna le soilse? Thuairimítí tráth go mb’fhéidir gur thug na hainmneacha seo le fios go raibh nós ag na Gaeil lóchrainn a choimeád ar lasadh ag na háthanna seo — faoi mar a choimeádtaí in aice le lánaí agus bóithríní dorcha sna bailte — chun go bhféadadh taistealaithe a gcuid trilseán nó “links” a lasadh istoíche. (Trilis agus díreach tine an dá ainm a bhí ag Tadhg Ó Neachtain ar a leithéid ina fhoclóir lámhscríofa a chríochnaigh sé i 1739. Ní foláir nó las sé féin na mílte trilseán agus é ag póirseáil tríd an bpríomhchathair ar feadh a shaoil.)
Ach is é is dóichí, b’fhéidir, ná gurbh éard atá againn i leithéid Áth Solas agus Áthán Solais ná rian de sheanbhrí an fhocail solas mar aidiacht sa chiall “bright, clear, light-giving” sa tSean-Ghaeilge (eDIL s.v. solus). Sa ré luath, más ea, thuigfí Áth Solas mar “clear ford”, agus an t-uisce a ghabh thart faoi thagairt. Maidir leis an substainteach a d’eascair as an aidiacht SG solus, ní solas “light” amháin a chuireadh sé in iúl ach glaine “clarity” freisin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an fhoirm ghinideach den ainmfhocal in Áth Solais a thagairt do cháilíocht an uisce freisin, mar a bheadh áth (na) glaine “ford of (water-)clarity”. D’fhéadfaimis an bhrí chéanna a thuiscint as ainmneacha bailte fearainn eile ansin, amhail Loch Solais/Loughsollish (#26260) i gContae Chill Chainnigh agus Loch an tSolais/Loughnasollis (#50286) i gContae Phort Láirge, mar a bheadh loch na glaine “the lake of (water-)clarity”.
Tá dhá bhaile fearainn fágtha a bhfuil solas ina n-ainmneacha Gaeilge ach nach éasca iad a shamhlú le huisce, mar atá Machaire Solas/Magherasollus (#16378) i gContae Dhún na nGall agus Ros Solas/Rossollus (logainm.ie #39837) i gContae Mhuineacháin. Is deacair an Machaire Solas seo a thuiscint sa chomhthéacs a leagamar amach thuas: d’fhéadfadh sé, cinnte, gur fíorshoilse éigin a thug ainm don talamh réidh seo (níor luamar fós Liam na sopóige nó an tine gealáin!) nó b’fhéidir gur ainm luath é ina bhfuil solas ag feidhmiú mar aidiacht, agus cáilíocht mholta éigin á cur i leith an mhachaire féin. Tabhair faoi deara go dtugtar An Machaire Buí/Magheraboy (#16494) “the yellow field, plain” ar an mbaile fearainn beag atá buailte leis laisteas, b’fhéidir mar chodarsnacht leis (An) Machaire Solas anallód.
Ach mar le Ros Solas (logainm.ie #39837) de — ainm a chiallódh “clear wood, (wooded) height” nó “wood, (wooded) height of (the) lights” is cosúil — tugann cuid den fhianaise foirm eile le fios (cé nach bhfuil na foinsí go hiomlán iontaofa) .i. ‘Shraghsollus’ < Srath Solas ina bhfuil an focal srath “low-lying land along a river”. Srutháin is teorainneacha don bhaile fearainn seo ar thrí thaobh de, agus tá áth sa chúinne thiar thuaidh ag gabháil isteach sa bhaile fearainn béal dorais.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
Driseoga, putóga is cancráin!
Lios na Drise/Lisnadrish
(logainm.ie #19957)
Dáta: 07/09/2026
Mar a dúramar an tseachtain seo caite agus sinn ag plé le sméar, díol spéise a mhinicí is a bhuailtear le logainmneacha a luann an dris féin .i. an tor ar a bhfásann an caor dubh milis úd. Is amhlaidh nach mbeimid in ann ach blaiseadh beag den fhlúirseacht logainmneacha sin a thabhairt anseo.
Is annamh a bhuailtear leis an bpréamhfhocal féin dris “briar, bramble” in ainmneacha bailte fearainn. Dhealródh sé ar an mbeagán taighde atá déanta ar logainmneacha Chontae Ros Comáin go dtí seo gur dócha gur béarlú é Carrowndrisha (#44253) ar ‘Ceathramhadh na drise’ [Ceathrú na Drise] “the quarter(land) of the brambles”. Sin é a mheas Seán Ó Donnabháin, logainmneoir de chuid na chéad Suirbhéireachta Ordanáis, agus é ar obair pháirce anseo i 1837. Is cinnte gurb é an focal atá le fáil san eilimint deiridh de Lios na Drise/Lisnadrisha “the ring-fort of the briar” (logainm.ie #19957) i gContae na Gaillimhe. Faighimid malairt foirme in -s leathan i roinnt ainmneacha bailte fearainn chomh maith, amhail Ard Dreas/Ardrass “height of (the) briars” (logainm.ie #25298) i gContae Chill Dara; Cill Dreasa/Kiltrassy “church of (the) briar” (logainm.ie #26301) i gContae Chill Chainnigh; Cill Dreas/Kildress “church of (the) briars” (logainm.ie #64346; freisin placenamesni.org) i gContae Thír Eoghain; Cúil Dreas/Cooldross “corner, recess of (the) briars” (logainm.ie #55546) i gContae Chill Mhantáin; agus Gort na Dreasa/Gortnadrass “the field of the briar” (logainm.ie #45594) i gContae Shligigh. (Tabhair faoi deara nach bhfuil an t-alt le fáil ach sa sampla deireanach seo amháin, rud a d’fhéadfadh aois mhór a thabhairt le fios do na samplaí eile.) Tá forbairt ar an bhfocal seo dreas le fáil mar Dreastarnach/Dresternagh (logainm.ie #4911) i gContae an Chabháin — foirm eile de dreasarnach “briary place” (féach FGB https://www.teanglann.ie/ga/fgb/dreasarnach) atá ansin. Forbairt ábhairín difriúil ar an bhfocal céanna, agus an bhrí chéanna leis, a fhaightear i gContae Liatroma, mar atá Dreastarnán, béarlaithe mar Dristernaun (logainm.ie #29207) agus Dristernan (#29230). Tá an focal céanna le fáil in s-caol sa logainm Dristearnán/Dristernan “briary place” (logainm.ie #15212) i gContae Dhún na nGall.
Go deimhin níl aon teorainn leis na foircinn a ceanglaíodh den phréamhfhocal dris seo i logainmneacha thar na cianta. Ó thaobh an leagain driseog de, bíonn idir fheidhm dhíspeagtha (‘X beag’) agus fheidhm áitreabhach/chnuasach (‘áit lán de X’) le -óg/-eog i logainmneacha: d’fhéadfadh driseog tor nó toir ar leith a chur in iúl, amhail Baile na nDriseog “the town(land) of the briars” (logainm.ie #52228) i gContae Loch Garman, nó áit lán de thoir chomh maith céanna, amhail Driseog “place abounding in briars”, atá béarlaithe mar Drisoge i gContae Cheatharlach (logainm.ie #3144); Drissoge i gContae na Mí (logainm.ie #39163); agus Drishoge i gContaetha Bhaile Átha Cliath (logainm.ie #16741; #57137), Liatroma (logainm.ie #29229) agus Thiobraid Árann (logainm.ie #48318).
Tá leagan cnuasach eile den phréamhfhocal le fáil sa logainm Cnoc Drisleach/Knockdrislagh “hill of (the) briars” (logainm.ie #11837) i gContae Chorcaí (féach FGB s.v. drisleach). Agus tá freámhaí eile an-chosúil leis sin le fáil sna logainmneacha Drisneach/Dresnagh “briary (place)” (logainm.ie #16588) i gContae Dhún na nGall agus Buaile na nDrisneach “the cattle-fold, summer pasture of the briary places” (logainm.ie #41951) i gContae Uíbh Fhailí — cé gur dheacair é sin a léamh ar an mbéarlú truaillithe Bohernagrisna! Aidiacht, freisin, le fáil sa logainm An Chorr Dhriseach “the briary round hill” (logainm.ie #34164) i gContae Mhaigh Eo. Forbairt ar an aidiacht dheiridh seo a thug Driseachán “briary place”, atá béarlaithe mar Drishaghaun i gContaetha na Gaillimhe (logainm.ie #20692), Mhaigh Eo (logainm.ie #35225), agus Ros Comáin (logainm.ie #42966). An Driseachán, leis an alt, a socraíodh mar ainm oifigiúil ar an ionad daonra darb ainm leathaistrithe Béarla Brierfield (logainm.ie #1413455) i gContae na Gaillimhe. Ar na fréamhaithe eile tá Driseán/Drishane “place of briars” i gContaetha an Chláir (logainm.ie #6900) agus Thiobraid Árainn (logainm.ie #48934); tá trí shampla leis an alt le fáil i gContae Chorcaí .i. An Driseán/Drishane (logainm.ie #566; #13045; #13437).
Tá cúpla logainm le lua anseo ina bhfuil caora nó torthaí eile le fáil sna leaganacha Béarla seachas an dris atá sa bhunainm Gaeilge. Drishoge or Strawberryhill a tugadh sa Bhéarla ar Driseog (logainm.ie #41203) i gContae Uíbh Fhailí, agus tugadh Cherryfield or Drishagan ar Driseachán “briary place” (logainm.ie #44012) i gContae Ros Comáin. Dealraíonn sé gur trí sheans a tharla a leithéid ach níl an taighde córasach curtha i gcrích ar an dara hainm agus is fíor go mbíonn leathaistriúcháin an-spéisiúla le fáil sa taobh sin tíre freisin.
Mar fhocal scoir, agus sinn ag plé míniú na logainmneacha seo, m.sh. Lios na Drise i gContae na Gaillimhe nó Baile na nDriseog i Loch Garman, cuimhnímis go bhfuil brí eile leis an bhfocal dris agus le driseog, mar atá ‘duine cantalach’, faoi mar a úsáidtear an focal briar féin sa Bhéarla i gContae an Chláir agus in áiteanna eile inniu. D’fhéadfaí a mhaíomh, más ea, gur cheart Lios na Drise a aistriú mar “the ring-fort of the cantankerous person”. Dhealródh sé gurbh é an t-ainm pearsanta Drisín (cf. ‘Drisin mac Arga a quo Hui Drisin’ ag D. Ó Corráin ‘The families of Corcomroe’ in North Munster Antiquarian Journal 17 (1975): 26) atá sa logainm eile a luamar thuas, Baile Dhrisín/Ballydrisheen (logainm.ie #23712) i gContae Chiarraí — mhíneodh sé sin an séimhiú ar an D- atá soiléir san fhianaise stairiúil. Tá brí eile ag an ainmfhocal drisín (drisheen) i mBéarla na hÉireann inniu, gan dabht, mar atá an phutóg dhubh úd a luaitear le Contae Chorcaí. Ó thaobh na sanasaíochta de, tá baint aige sin leis an mbrí a thugtar sna foclóirí faoin bhfocal driseachán — ach táimid measartha cinnte nach é atá i gceist le driseachán i logainmneacha!
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- An Driseán/Drishane
- Driseog/Drisoge
- Dreastarnach/Dresternagh
- An Sceach/Skeagh
- Driseán/Derryshaan
- Cnoc Drisleach/Knockdrislagh
- An Driseán/Drishane
- An Driseán/Drishane
- Dristearnán/Dristernan
- Drisneach/Dresnagh
- Driseog/Drishoge
- Lios na Drise/Lisnadrisha
- Driseachán/Drishaghaun
- Baile Dhrisín/Ballydrisheen
- Ard Dreas Íochtarach/Ardrass Lower
- Ard Dreas Uachtarach/Ardrass Upper
- Cill Dreasa/Kiltrassy
- Dreastarnán/Dristernaun
- Driseog/Drishoge
- Dreastarnán/Dristernan
- An Chorr Dhriseach/Corradrishy
- An Driseachán/Drishaghaun
- Driseog/Drissoge
- Driseog/Drishoge or Strawberryhill
- An Driseachán/Drishaghaun
- /Cherryfield or Drishagan
- /Carrowndrisha
- Driseog/Drishoge
- Driseán/Drishane
- Baile na nDriseog/Ballynadrishoge
- Cúil Dreas Uachtarach/Cooldross Upper
- Driseog/Drishoge
- Cill Dreas Íochtarach/Kildress Lower
- An Driseachán/Brierfield
An tSeisreach Mhór / Shesheraghmore
“the big plough-land” (logainm.ie #45859)
Dáta: 01/09/2026
I milisín mhí Mheán Fómhair 2025 phléigh muid An Screagán / Screggan “the rough, rocky, stony ground” (logainm.ie #1166663), ainm na háite ina raibh an Craobhchomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar siúl. Luadh sa phíosa sin, nach dtagraíonn an logainm do chaighdeán na talún sa bhaile fearainn sin ach do lomán carraige atá díreach thar teorainn an bhaile fearainn in An Mhuclach / Mucklagh “the place of pigs; piggery” (logainm.ie #42264). Níl baint ag ceachtar acu sin logainm le céachta ná le treabhdóireacht, ach is amhlaidh go bhfuil roinnt logainmneacha ann a thagraíonn do thalamh treafa, don treabhdóireacht nó don chéachta féin nó cuid de. Mar is iondúil, áfach, is minic nach mar a shíltear a bhítear sna logainmneacha.
As go brách linn go Contae Mhaigh Eo ar dtús. Is beag amhras ach go dtagraíonn an logainm Corr na gCéachta / Cornageaghta “the round hill of the ploughs” (logainm.ie #36465) don chnoc beag cruinn atá sa bhaile fearainn sin (féach: Fiachra Mac Gabhann (2014), Logainmneacha Mhaigh Eo 10, lch. 72). Gairbhéal agus gaineamh agus till aolchloiche atá san fho-ithir anseo (féach epa.ie). Is cinnte go mbeadh till aolchloiche feiliúnach don chéachta, ar ndóigh. Tá baile fearainn eile sa chontae chéanna den ainm Droim Céachta / Drumkeaghta, agus gach uile sheans gur tagairt eile don chéachta atá anseo sa bhrí “ridge of (the) plough”, mar a mhol Mac Gabhann (ibid. iml. 6, lch. 202). Tá droim anseo i gcúinne thoir theas an bhaile fearainn áit a bhfuil till aoilchloiche ann freisin, murab ionann is an chuid eile den bhaile fearainn mar a bhfuil portach réitithe ann. Tá corrthagairt ar fáil don ainm pearsanta Céacht freisin (féach dil.ie s.v. Cécht; agus Leabhar Mór na nGenealach, eag. Nollaig Ó Muraíle). Más amhlaidh gurb é an t-ainm pearsanta sin atá sa logainm, d’fheadfaí é a mhíniú mar “the ridge of Céacht (ainm pearsanta)”. B’fhéidir nach bhfuil sé sin ródhóchúil, toisc nach raibh an t-ainm pearsanta sin róchoitianta le beagnach míle bliain ó theacht na nAngla-Normannach i leith, de réir cosúlachta. Bíodh sin amhlaidh, is ann do logainmneacha eile a bhfuil an t-ainm pearsanta sin Céacht iontu. I nGaeltacht Chontae Dhún na nGall, amach ón gcósta ag na Clocha Corra (logainm.ie #14530) ar Árainn Mhór (logainm.ie #14527), faighimid an mionlogainm Carraig Mhic Céachta “the rock of the son of Céacht” (logainm.ie #1395581). Níl aon amhras faoin ainm pearsanta a bheith san ainm sa chás seo (agus féach freisin an carachtar miotaseolaíochta Mac Céacht i seanscéalta amhail Toghail Bhruíon Da Dhearga). Maidir le céachta (“plough”) féin, áfach, níl aon amhras ann ach gurb in atá taobh thiar den logainm béarlaithe Coolakay in aice le hÁth na Sceire i gContae Chill Mhantáin: Cúil an Chéachta “the recess, nook of the plough” (logainm.ie #55110). D’fhéadfadh an leagan Béarla Coolakay duine a chur ar strae, ach tá an bhunfhoirm Ghaeilge Cúil an Chéachta le léamh go soiléir ar fhoirmeacha béarlaithe amhail ‘Cowle-Keight’ (1603: CPR) agus ‘Coolekeaghta’ (1761: Powerscourt Papers). Gaineamh agus gairbhéal atá i bhformhór na hithreach sa bhaile fearainn seo. Tá an stráice ina bhfuil an ithir sin suite idir ceantar mór creagach ar an taobh thoir theas agus an Deargail ar theorannacha theas, thiar, agus thiar thuaidh an bhaile fearainn. Is dóigh gurb é sin an talamh treafa a luaitear go hindíreach san ainm (féach epa.ie).
Ar ndóigh, ní hé céacht(a) an t-aon fhocal amháin sa Ghaeilge a thagraíonn d’uirlisí treabhdóireachta. I gContae Shligigh, lastuaidh de Thobar an Choire, mar shampla, tá Cluain Arathair / Cloonaraher “meadow, pasture of ploughing, (the) plough” (logainm.ie #45718) ann. Luaitear an dara Cluain Arathair i bhféilirí na naomh, ach ní léir go díreach cén áit ina raibh sé sin (féach DIAS Onomasticon). Is éard atá sa dara heilimint den logainm sin an focal arathar “ploughing equipment, plough; ploughing” (FGB s.v. arathar), atá réasúnta neamhchoitianta sna logainmneacha. Faightear é i logainm stairiúil eile, áfach, mar atá Druim Arathair “ridge of (the) ploughing, plough” (féach DIAS Onomasticon), nach léir a shuíomh beacht ach an oiread. I gcás an bhaile fearainn Cluain Arathair / Cloonaraher i gContae Shligigh, faightear paiste de thill gaineamhchloiche, atá feiliúnach don treabhdóireacht, le portach réitithe mórthimpeall air (féach epa.ie).
Focal eile a bhaineann le cúrsaí treabhdóireachta agus atá i bhfad níos coitianta ná na cinn atá luaite againn go dtí seo is ea seisreach. Is é is réimse bríonna leis an téarma sin “plough”, “plough-team” (FGB s.v. seisreach) agus “plough-land (as much land as a six-horse plough could plough in a year)” (eDIL s.v. seisrech). Díol suntais, dála an scéil, gur i gCúige Mumhan amháin a fhaightear an focal seo i logainmneacha (féach an léarscáil thíos). Anuas air sin, is i gContae Thiobraid Árann is mó a mhaireann seisreach “ploughland” mar aicmitheoir nó phríomheilimint. Ar na samplaí sa chontae sin tá An tSeisreach Chaol / Sheseraghkeale “the narrow ploughland” (logainm.ie #46740); An tSeisreach Mhór / Shesheraghmore “the big ploughland” (logainm.ie #45859); An tSeisreach Rua / Shesharoe “the red ploughland” (logainm.ie #46363); agus Seisreach Scanláin / Shesheraghscanlan “the plough-and of Scanlán (ainm pearsanta)” (logainm.ie #45949).
(Dáileadh seisreach “plough-team; plough; plough-land” in ainmneacha bailte fearainn.)
Faightear seisreach mar cháilitheoir i gContae Thiobraid Árann chomh maith: cuir i gcás Ráth na Seisreach / Rathsasseragh “the ring-fort of the ploughlands” (logainm.ie #49035) atá ar imeall bhaile Thiobraid Árann. Mar a tharlaíonn sé, ní luaitear aon ráth sa taifead seandálaíochta anseo, ach gach seans go dtagraíonn an t-ainm do cheann de na imfhálaithe trasna na teorann i gCorróg Mhór (logainm.ie #49033). Tá roinnt bailte fearainn sa chontae céanna a bhfuil An Leathsheisreach “the half-ploughland” (logainm.ie #46002; # 46582; #46812) mar ainm orthu. Ba ghnách go ndéantaí ainmneacha den déanamh sin a bhéarlú mar Lahesseragh, ach i gcás amháin ghlac ainm an tí mhóir Landsdown (logainm.ie #46357) ionad ainm Gaeilge an bhaile fearainn. Maidir leis an logainm Béarla Middleplough (logainm.ie #46530), sa chontae céanna arís, ní léir ar an gcéad amharc an aistriúchán ar bhunainm Gaeilge atá ann nó an ainm é a cumadh sa Bhéarla. Tá fianaise ar fáil gur aistríodh ainmneacha amhail An Leathsheisreach Chrua “the hard half plough-land” mar ‘Hardplow orse Leisreaghcrua’ (CPR, p. 303), áfach, agus d’fhéadfaí a thuairimiú dá bharr sin gur aistriúchán ar *An tSeisreach Láir is ea Middleplough. Go deimhin, ní fhaightear Middleplough nó a leithéid i logainmneacha Shasana, de réir cosúlachta, rud a thugann orainn a mheas gur aistriúchán ar bhunlogainm Gaeilge atá anseo ó cheart.
Is féidir talamh slán a dhéanamh de gur An Leathsheisreach “the half-ploughland” atá taobh thiar de Lahesheragh North, ~ South (logainm.ie #24233; #24234) i gContae Chiarraí. Faightear leathsheisreach mar cháilitheoir i gContae Thiobraid Árann, ar nós seisreach féin, faoi mar atá le feiceáil in Fearann na Leathsheisrí “the land of the half-ploughland”, logainm atá béarlaithe mar Farranlahassery in aice leis an gCathair (logainm.ie #48114), agus mar Farran taobh le hImleach (logainm.ie #48790). Tá samplaí eile den logainm céanna ar fáil in áiteanna eile i gCúige Mumhan: béarlaíodh é mar Farranalahesery (logainm.ie #49769) i gContae Phort Láirge agus mar Farranlaheshery East agus West (logainm.ie #10002; #10166) i gContae Chorcaí; agus faightear Baile na Leathsheisrí / Ballynalahessery “the town(land) of the half-ploughland” (logainm.ie #49377; #49376) i gContae Phort Láirge freisin. Tá Currach na Leathsheisrí “the marsh of the half ploughland” (logainm.ie #11728) cóngarach do Chill na Mallach i dtuaisceart Chorcaí, baile fearainn a fhaigheann a ainm oifigiúil Béarla Currymount ón tigh mór ansin (‘Currymount [otherwise] Curraghnalahesery’; CGn. 345.594.235308). Is dócha go dtagann Curry ón gcéad eilimint currach, ach is mó an seans go mbaineann Brl. -mount leis an nós a bhí faiseanta tráth an focal sin a úsáid in ainmneacha galánta na dtithe móra. Chun an plé ar an eilimint seisreach mar cháilitheoir sna logainmneacha a thabhairt chun clabhsúir, féach Fearann na Seisrí / Farrannasheshery “the land of the plough(land)” (logainm.ie #8120) i gContae Chorcaí agus an dá thobar den ainm Tobar na Seisrí / Tobernashesree “the well of the ploughland” i gContae Luimnigh (logainm.ie #1415346; #1415466).
Is cinnte go bhfuil eilimintí eile ann a thagraíonn don treabhdóireacht, don chéachta nó do chuid den chéachta i logainmneacha na tíre. (Cuir i gcás coltar (gen. sg. coltair; var. coiltir; cf. dil.ie s.v. coltar) a fhaightear in Sliabh Coiltir / Slievecoiltia “mountain of (the) coltar” (logainm.ie #53617) i gContae Loch Garman nó soc “a snout; a ploughshare” in Tír an tSoic / Tiratick “the land of the snout, or ploughshare” (logainm.ie #45002) i gContae Shligigh.) Léiríonn na samplaí atá tugtha againn i Milisín na Míosa seo go bhfuil tagairtí don treabhdóireacht, don chéachta nó do chuid de coitianta go maith i logainmneacha na tíre. Chun a thuilleadh eolais a fháil ar na gnéithe sin de thraidisiún Gaelach na hÉireann, níl leabhar ar bith níos fearr ná Early Irish Farming le Fergus Kelly ina bhfuil eolas flúirseach le fáil ar an ábhar seo i luathstair na hÉireann. Ní inniu ná inné a thosaigh muintir na hÉireann ag cur spéise sa ‘Treabhdóireacht’, ar ndóigh, agus beidh craobhchomórtas na bliana seo ag déanamh ceiliúrtha ar chleachtas feirmeoireachta a théann siar breis agus míle bliain.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Justin Ó Gliasáin)
- Fearann na Seisrí/Farrannasheshery
- Fearann na Leathsheisrí Thoir/Farranlaheshery East
- Fearann na Leathsheisrí Thiar/Farranlaheshery West
- Currach na Leathsheisrí/Currymount
- Árainn Mhór/Aran Island
- Na Clocha Corra/Cloghcor
- An Leathsheisreach Thuaidh/Lahesheragh North
- An Leathsheisreach Theas/Lahesheragh South
- Corr na gCéachta/Cornageaghta
- An Muclach/Mucklagh
- Tír an tSoic/Tiratick
- Cluain Arathair/Cloonaraher
- An tSeisreach Mhór/Shesheraghmore
- Seisreach Scanláin/Shesheraghscanlan
- An Leathsheisreach/Lahesseragh
- An Leathsheisreach/Landsdown
- An tSeisreach Rua/Shesharoe
- An tSeisreach Láir/Middleplough
- An Leathsheisreach/Lahesseragh
- An tSeisreach Chaol/Shesheraghkeale
- An Leathsheisreach/Lahesseragh
- Fearann na Leathsheisrí/Farranlahassery
- Fearann na Leathsheisrí/Farran
- Corróg Mhór/Corrogemore
- Ráth na Seisreach/Rathsasseragh
- Baile na Leathsheisrí Thuaidh/Ballynalahessery North
- Baile na Leathsheisrí Theas/Ballynalahessery South
- Fearann na Leathsheisrí/Farranalahesery
- Coimín Shliabh Coiltir/Slievecoiltia Commons
- Cúil an Chéachta/Coolakay
- An Screagán/Screggan
- Carraig Mhic Céachta/Carrickvickeaghty
- Tobar na Seisrí/Tobernashesree
- Tobar na Seisrí/Tobernashesree
Sméara, mulláin agus driseacha
Mullán na Sméar/Mullannasmear
(logainm.ie #52671)
Dáta: 31/08/2026
Ag an taca seo den bhliain — mí Mheán an Fhómhair gan aon agó — bíonn go leor againn ag tnúth le cnuasach na sméar atá le fáil go flúirseach ar fud na tuaithe. Níl uait ach buicéad a bheith agat, tamall a chaitheamh i mbun an ghnó, agus gan aon nath a chur sa scríobadh dosheachanta ón dris dheilgneach.
Níl ach dornán ainmneacha bailte fearainn a dhéanann tagairt don chaor beag milis seo, an sméar. Orthu seo tá Mullán na Sméar/Mullaunnasmear (logainm.ie #52671), gar do Bhun Clóidí i gContae Loch Garman. ‘Cnocán’ a léifeadh duine ar an mullán sin ar an gcéadfhéachaint, b’fhéidir, ach cuimhnímis gur tháinig forbairt chéille ar an bhfocal seo i logainmneacha an Oirdheiscirt, mar atá ‘bánóg’ (“green field, lea-field”) (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lch. 1355). I gCúige Mumhan faighimid Áth na Sméar/Aghsmear “the ford of the (black)berries” (logainm.ie #46828) agus Ceapach na Sméar/Cappanasmear “the plot of the (black)berries” (#46104) i gContae Thiobraid Árann; agus Cúil na Sméar/Coolnasmear “the corner, recess of the (black)berries” (logainm.ie #49308) i gContae Phort Láirge.
Ach ná ceapadh éinne go mbaineann sméara dubha le Leath Mhogha amháin! Tabhair faoi deara Críoch na Sméar/Creenasmear “the territory of the (black)berries” (logainm.ie #14331) i gContae Dhún na nGall. Agus i gContae Fhear Manach, tuigeadh do Ghaeilgeoirí na háite i 1834 gur foirm ghinideach iolra de sméar a bhí i ndeireadh an logainm Tulaigh Ros Sméarann/Tullyrossmearan “mound, hillock of the wood (or elevated ground) of the (black)berries” (logainm.ie #130663). (D’aontaigh an Coimisiún Logainmneacha leis an tuiscint áitiúil chéanna agus an leagan oifigiúil Gaeilge á shocrú in Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist (1969), tar éis dóibh an leagan sin a chur faoi bhráid an phobail ar liosta sealadach 1962.) Bheifeá ag súil le lagiolra i gcaint an lae inniu (iol. na sméara, gin. iol. na sméar) ach féach an fhoirm mhalartach ‘smeranna drisi’ i lámhscríbhinn de chuid an 15ú haois, a léiríonn infhilleadh mar n-ghas, rud a thabharfadh gin. iol. na sméarann in áiteanna (eDIL s.v. 1 smér). (Féach leis gur mar n-ghas a d’infhilltí mér sa tSean-Ghaeilge freisin, foirm mhalartach de SG smér (sméar) (eDIL s.v. 2 mér).) Tá tuairimithe in áit eile gur ainm pearsanta Méarán atá sa cháilitheoir (féach placenamesni.org), ach is fearr a réiteodh an fuaimniú áitiúil béarlaithe /ˈtoliːrɑ ˈsmeːrən/ leis an míniú áitiúil i 1834 agus leis an bhfoirm oifigiúil a moladh i 1969 .i. Tulaigh Ros Sméarann.
Tarraingíonn P.W. Joyce aird ar shampla eile i gCúige Uladh, mar atá Drumnasmear (logainm.ie #62416) i gContae Aontroma, ar béarlú é ar Droim na Sméar “the ridge of the (black)berries” (ginideach lagiolra), faoi mar a mhínítear ar placenamesni.org. Ach ní dócha go bhfuil an ceart ag an Seoigheach nuair a deir sé i dtaobh Sméar/Smear (logainm.ie #32836) i gContae an Longfoirt gur logainm simpléacsúil é a chiallaíonn ‘a place producing blackberries’ (The Origin and History of Irish Names of Places, iml. II, lch. 325) — murab ionann is saghasanna áirithe plandaí agus crann, ní heol dúinn aon samplaí d’ainm toraidh leis féin mar logainm as Gaeilge. Dá bhrí sin ní cinnte brí Sméar sa chás seo.
Ach in ainneoin nach bhfuil an sméar caomhnaithe i mórán ainmneacha bailte fearainn, níl aon dabht ach gur chuid lárnach de réim bia na nGael a bhí ann, chomh maith lena lán torthaí agus caora fiáine eile nach é (féach Fergus Kelly, Early Irish Farming, lch. 306). Ní hé ‘fiáin’ an focal ceart sa chás seo, b’fhéidir. Mar gheall ar a luachmhaire is a bhí na sméara is dócha go ndéantaí saothrú éigin ar a leithéid seo de thoir, nó ar a laghad go bhfágtaí an dris ag fás go rábach d’aonghnó ina lán áiteanna. Go deimhin, tá neart tagairtí againn in ainmneacha bailte fearainn don fhocal seo dris agus go leor focal eile atá fréamhaithe as, faoi mar a phléifimid an tseachtain seo chugainn.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Críoch na Sméar/Creenasmear
- Sméar/Smear
- Ceapach na Sméar/Cappanasmear
- Áth na Sméar/Aghsmear
- Cúil na Sméar Íochtarach/Coolnasmear Lower
- Cúil na Sméar Uachtarach/Coolnasmear Upper
- Sliabh Chúil na Sméar/Coolnasmearmountain
- Mullán na Sméar/Mullaunnasmear
- /Drumnasmear
- Tulaigh Ros Sméarann/Tullyrossmearan