Téamaí faoi thrácht

Scagadh ar rogha téamaí coitianta i logainmneacha na hÉireann. Foilsítear na blúirí eolais seo go tráthrialta.

Leathanach 2 as 12 ar ais ar aghaidh

Cnoc an Fhómhair/Knockanore Mountain “an cnoc atá ceangailte leis an bhfómhar”
(féach logainm.ie #
1165819)

Dáta: 01/10/2025

Deireadh ráithe an fhómhair atá i gceist le hainm na míosa, Deireadh Fómhair, agus is tráthúil dá réir sin a thabhairt chun aire nach róchoitianta an focal fómhar (an tráth de bhliain nó toradh saothair na curaíochta etc.) i logainmneacha na hÉireann ach gurb é atá ar fáil sa bhun le Knockanore Mountain, eadhon, Cnoc an Fhómhair, atá ar chnoc i gCiarraí.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Ard an tSeagail/Ardataggle
“talamh ard atá faoi sheagal”
(logainm.ie #
7553)

Dáta: 27/09/2025

Is minice freisin seagal a lua i logainmneacha na mbailte fearainn ná cruithneacht cé nach dtarlaíonn sé chomh coitianta céanna le eorna é in ainmneacha den sórt sin. Ard an tSeagail an bun atá leis an leagan gallda Ardataggle i gContae Laoise agus i gContae an Chláir. Talamh ard atá i gceist freisin le Knockataggle/Cnoc an tSeagail ach, tríd is tríd, ní cosúil go dtarlaíonn seagal a lua baileach chomh minic le eorna i logainmneacha ag tagairt do chnoic nó do chnocáin. Go deimhin, tá Pollataggle i nGaillimh agus Poulataggle ar fáil freisin, más logán nó linn atá i gceist leis an bhfocal tosaigh san ainm Poll an tSeagail. Talamh íseal atá i gceist chomh maith leis an ainm Srahataggle/Sraith na tSeagail “léana, inse an tseagail” i gContae Mhaigh Eo. Tagairt do na páirceanna ina mbíodh an barr á fhás atá i gceist le roinnt bailte fearainn a luaitear seagal ina n-ainm, mar shampla Cappataggle/Ceapaigh an tSeagail “áit curaíochta an tseagail” i nGaillimh agus Gortataggle/Gort an tSeagail “páirc atá faoi sheagal” i gContae Liatroma. Aistriúchán Ryefield i gCorcaigh ar Ghort an tSeagail ach, i gcás Ryefield i gContae an Chabháin, Achadh an tSeagail “páirc atá faoi sheagal” an bun maidir leis an leagan Béarla céanna sin. Bíodh sin amhlaidh, is cinnte go bhfuil Ballyguileataggle i Luimneach ar cheann de na hainmneacha ar bhailte fearainn is neamhchoitianta a bhfuil seagal ann, Baile Gaill an tSeagail “baile Ghall an tSeagail (i.e. an t-eachtrannach a bhfuil baint aige leis an seagal)”.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Ceapach na hEorna
“ionad curaíochta na heorna”,
(logainm.ie #
27806)

Dáta: 20/09/2025

Cappaghnahoran/Ceapach na hEorna “ionad curaíochta na heorna” i gContae Laoise ar cheann de na bailte fearainn in Éirinn a bhfuil tagairt don eorna ina n-ainm. Is léir gur malairt ainm, ón ochtú aois déag, atá i gceist leis an logainm Béarla Windsor.

Mar a tharlaíonn maidir le coirce, is coitianta go mór an focal eorna i logainmneacha na hÉireann ná an focal cruithneacht “wheat”, léiriú ar an tábhacht a bhíodh leis an eorna in aiste bia na nÉireannach (féach logainm.ie #27806). Ó thaobh réimsí tíre, tagtar trasna ar an bhfocal i logainmneacha ó thuaidh, ó dheas, thiar agus thoir agus is deacair dá réir sin a dhéanamh amach an mbíodh saothrú níos tréine ar an mbarr i réigiúin seachas a chéile. Tá Craiginorne/Creag na hEorna “talamh cloiche na heorna” i gContae Aontroma, Carricknahorna/Carraig na hEorna i Sligeach agus Creggaunnahorna/Creagán na hEorna “talamh cloiche na heorna” i gContae Mhaigh Eo. Díol suntais, mar a tharlaíonn maidir le coirce, gur talamh ard atá i gceist le cuid mhór de na logainmneacha ina luaitear eorna, mar shampla Barleyhill i gCorcaigh, aistriúchán simplí ar Chnoc na hEorna. Cnoc na hEorna is bun freisin le Knocknahorn i dTír Eoghain, Knocknahorna i dTír Chonaill agus i Maigh Eo agus Cnocán na hEorna an bun atá le Knocknahorna in Uíbh Fháilí. Tagairt do thalamh ard atá freisin i Maulnahorna i gCorcaigh agus i gCiarraí, Meall na hEorna “maolán na heorna” an bun sa chás sin agus an fhoirm dhíspeagtha Millín na hEorna “maolán beag na heorna” atá i gceist le Milleennahorna, ainm atá ar dhá bhaile fearainn eile i gCorcaigh. Is tagairt d'áit ard Cronyhorn/Corrán na hEorna “cnocán maol nó imeall starrach ar a saothraítear eorna” i gCill Mhantáin, ach tagtar trasna ar eorna freisin, cé nach chomh minic céanna é, i gcom, mar shampla Coomnahorna/Com na hEorna “logán na heorna”.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Gort an Choirce
“an pháirc atá faoi choirce”
(logainm.ie #
17566)

Dáta: 13/09/2025

Ag cloí le téama an fhómhair i rith mhí Meán Fómhair, “lár ráithe an fhómhair”, is cinnte go bhfuil Gort an Choirce “an pháirc atá faoi choirce”, ar chaith cuid mhór daoine tréimhse i nGaeltacht Thír Chonaill i rith laethanta a n-óige, ar cheann de na logainmneacha is coitianta atá ar eolas ag daoine ina bhfuil tagairt don choirce (féach logainm.ie: #14446). Is mar a chéile díreach an t-ainm a chuirtear faoi chló Gortahork i mBéarla agus a chuirtear faoi chló Gortacorka i gContae Liatroma agus Oatfield i gContae an Chláir. “an pháirc atá faoi choirce” a chiallaíonn Aghincurk/Achadh an Choirce i gContae Aontroma freisin. Is meathaistriúchán Oatfield i gContae na Gaillimhe ar Chorr an Choirce “cnocán maol an choirce”, an bunainm céanna, mar a tharlaíonnn, atá le Corrycorka i gContae an Longfoirt. Cnoc an Choirce an bunús atá le Knockhurka i Sligeach agus le Knockaquirk i gCill Mhantáin agus is tagairt Taobh an Choirce/Tiveachorky “taobh cnoic atá faoi choirce” i nDún na Gall freisin don ghnás coirce a chur ar thalamh ard, mar is ea freisin is dócha Tomacork/Tom an Choirce “tor, cnocán an choirce” i gCill Mhantáin. Ní ar thailte arda ina dhiaidh sin a shaothraítí an coirce i ngach cás, mar tá Inchincurka/Inse an Choirce “léana an choirce” i gCorcaigh. Tá Coolacork/Cúil an Choirce “cluanóg, lúb an choirce” i gCill Mhantáin agus Tirchorka/Tír an Choirce “talamh an choirce” i gContae na Mí.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Corrán na Cruithneachta/Whitewell
“an cnoc maol a bhíonn faoi chruithneacht”.
(logainm.ie #
52805)

Dáta: 06/09/2025

Ag tús mhí Meán Fómhair, an mhí láir i ráithe an fhómhair, is fiú a thabhairt faoi deara a laghad bailte fearainn in Éirinn a luaitear cruithneacht “wheat” iontu i gcomparáid le coirce “oats”, eorna “barley” nó seagal “rye”. Tá le tuiscint go soiléir uaidh sin go mba thábhachtaí barra eile ná an chruithneacht in aiste bia na nGael san am a caitheadh.

Ar cheann de na logainmneacha ina bhfuil tagairt don chruithneacht, tá Córrán na Cruithneachta “cnocán maol nó imeall starrach ar a saothraítear an chruithneacht" in aice le Cam Eolaing, Contae Loch Garman, cé go bhfuil sin ceilte ag ainm Béarla nach bhfuil ceangailte leis, Whitewell, tagairt do thobar beannaithe sa bhaile fearainn (féach logainm.ie #52805). Baile fearainn eile a bhfuil tagairt ina ainm don chruithneacht is ea Tullanacrunat/Tulaigh na Cruithneachta “cnocán na cruithneachta” i Muineachán, agus tá Tullycreenaght/Tulaigh Chruithneachta “dromainn na cruithneachta” agus Wheathill/Gort na Cruithneachta “páirc atá faoi chruithneacht” (féach logainm.ie: #63034; #59256) ar fáil i gCúige Uladh chomh maith. Páirtaistriúchán ar an ainm Gaeilge Gort na Cruithneachta “an pháirc atá faoi chruithneacht” atá san ainm Béarla Wheathill i bhFear Manach (féach seo). Is suntasach an rud maidir le bailte fearainn a luaitear cruithneacht ina n-ainm go mbaineann siad le réimsí arda talún; d'fhéadfadh gur mar gheall gur fearr a fhásann an chruithneacht in áit atá oscailte dea-dhraenáilte a tharlaíonn sin.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Ag céachtaíl na gcloch
An Screagán / Screggan
“the rough, rocky, stony ground”

Dáta: 01/09/2025

Is ar éigean a shamhlódh éinne a bhí i láthair ag an gcéad Chomórtas Treabhdóireachta i 1931 cé chomh lárnach is a bheadh sé i saol mhuintir na tuaithe in Éirinn. Níl aon dabht ná gurb é buaicphointe na bliana é dá lán againn, agus sluaite na gcéadta míle daoine ag teacht chuige ar feadh na seachtaine. I mbliana (2025) beidh lucht ‘na Treabhdóireachta’ ag déanamh ar An Screagán (logainm.ie #1166663), atá suite de réir an tseanchórais riaracháin i bparóiste dlí Lainn Eala / Lynally i gContae Uíbh Fhailí. Pléifimid an dara logainm seo ar ball, ach faoi láthair tabharfaimid aghaidh ar an Screagán féin. Tá an eilimint screag intuigthe go maith, is dócha – malairt foirme de creig “(patch of) rough, rocky, stony ground” is ea é – ach maidir leis an iarmhír -án b’fhéidir gur gá a shoiléiriú go bhfuil brí ar leith aige i logainmneacha seachas -án (díspeagadh amhail -ín) sa ghnáthchaint. Is féidir An Screagán a thuiscint mar ‘áit ina bhfuil talamh screagach/carraigeach’ chomh maith le ‘áit ina bhfuil screag/creig bheag’. (Cf. bogán, a thagann i gceist go minic i logainmneacha sa chiall ‘(áit ina bhfuil) talamh bog’, agus é díorthaithe ón aidiacht bog.) Malairt foirme í screagán de creagán – forbairt ar creig (eDIL s.v. crec) é féin – atá mínithe sna foclóirí mar “rocky eminence” nó “(patch of) stony, barren, ground” (FGB s.v. screagán; cf. eDIL s.v. screc). Is é an sampla is cáiliúla, is dócha, an paróiste darb ainm An Creagán / Creggan (logainm.ie #2734; cf. PNNI) i gContae Ard Mhacha, ar chum Art Mac Cumhaigh aisling álainn faoi (cúpla véarsa le clos anseo, á chanadh ag cainteoir dúchais de bhunadh na háite an bhliain chéanna inar reáchtáladh an chéad Chomórtas Treabhdóireachta).

Ba dhóigh leat nach mbeadh áit darb ainm An Screagán / Screggan ‘(patch of) stony, barren, ground’ ró-oiriúnach do chomórtas treabhdóireachta! Más ea, b’fhéidir gurb é ‘The Rocks of Bawn’ an t-amhrán is oiriúnaí do chomórtas na bliana seo. Ach ar ndóigh, ní gá gur thagair an logainm do bhaile fearainn an Screagáin ina iomláine. (Sin ceist an-shuimiúil sa logainmníocht, a chaithfimid a fhágaint i leataoibh go fóill.) Nuair a scrúdaímid na léarscáileanna cáilíochta talún a chuireann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar fáil (léarscáileanna GCC) feicimid go bhfuil gairbhéal aolchloiche sa leathchuid thiar theas den Screagán, le till aolchloiche sa chuid thiar thuaidh. Díreach lastoir den bhaile fearainn, áfach, faighimid dhá phaiste shuntasacha lomcharraige, agus is cosúil gurb iad seo na screagáin a thug ainm don áit. Tugtar An Muclach / Mucklagh anois ar an mbaile fearainn ina bhfuil an lomcharraig seo, ainm a d’fhéadfadh a bheith níos déanaí ná An Screagán, b’fhéidir, is a rá go dtagraíonn sé don úsáid a bhaintí as an áit seachas don topagrafaíocht féin.

Is ann do bheagán shamplaí eile den téarma tuairisciúil seo screagán i logainmneacha. Éinne a shiúil an cnoc suas i dtreo Carraig Phádraig (#47551) i gContae Thiobraid Árann, cuimhneoidh siad ar an lomcharraig shuntasach atá taobh leis an mbóithrín. An talamh céanna atá le fáil sa bhaile fearainn teorantach leis an gCarraig lastuaidh, darb ainm An Screagán / Scraggaun (#47524). Tá gné cosúil leis seo le fáil in áit eile i gContae Dhoire darb ainm An Screagán / Scriggaun (cf. placenamesni.org) freisin. Ach is é creagán an leagan is coitianta go mór i logainmneacha. (Luamar sampla amháin cheana ach tá sé chomh bisiúil sin nach bhféadfaimis na samplaí go léir a thabhairt anseo.)

Tá an Screagán s’againne suite i bparóiste sibhialta Lainn Eala “church of (the) swan”. Tá an chéad eilimint ansin an-spéisiúil; tá sé gaolmhar le llann ‘eaglais’ atá chomh raidhsiúil sin i logainmneacha na Breatnaise. Ba é Colmán Eala an t-éarlamh, naomh a bhfuil clú is cáil air sa traidisiún Gaelach (féach P. Ó Riain, A Dictionary of Irish Saints). Go deimhin tá go leor leagan éagsúil dá ‘bheatha’ (beathaisnéis naoimh) a thagann anuas chugainn. Déanann cuid acu seo iarracht bunús an bhuafhocail Eala a mhíniú, m.sh. ‘Betha Cholmain Eala annso’ as Beathaí Naomh na hÉireann [Bethada Náem nÉrenn]. Tugtar ginealach an Cholmáin anseo chomh maith le cuntas ar a theacht go dtí an dúiche inar bhunaigh sé Lainn Eala. Deirtear linn go raibh péist urchóideach darbh ainm Lainn ina chónaí i Loch Eala agus nach leomhadh duine ná ainmhí dul i ngaire don loch ar a heagla. [Peist urcoidech do bí i lLoch Eala … ni lamhadh duine na ainmide dol a n-gaire don loch ar a h-ecladob e comhainm na peiste-sin .i. Lainn]. Tháinig Colmán agus ‘chuir fios ar a chairde cúnta’, gur dhícheannaigh beirt naomh eile an phéist. Bheannaigh na naoimh an reilig agus chuireadar corp na péiste ann. Lainn ab ainm don phéist agus Loch Eala a bhí ar an loch cheana féin, ná déanaimis dearmad; mar sin féin, sa leagan seo den scéal tagann tuilleadh ealaí go dtí an teampall nua chun ceol a chanadh do na naoimh ann chun leasainm Cholmáin agus an logainm féin a dheimhniú! (Le haghaidh tuilleadh tagairtí don áit seo sna foinsí dúchasacha féach E-Onomasticon s.n. lann elo.)

Mar is minic a tharlaíonn sa tseanlitríocht, táimid ag déanamh iontais anois cé acu arbh ann don logainm Loch Eala i ndáiríre nó ar cruthaíodh é ar mhaithe leis an dinnseanchas. Éinne mbeadh amhras orthu agus a d’fhéachfadh ar an mbaile fearainn Lainn Eala / Lynally Glebe (#42263), nach bhfuil aon loch ann, dhéanfaidís beag is fiú den scéal. Ach casaimis ar na léarscáileanna úd a luamar cheana, bunaithe ar thaighde eolaíochta na GCC: is amhlaidh atá achar mór talamh glárach idir Abhainn Thulach Mhór agus abhainn na Clóidí, díreach lastuaidh den láthair eaglasta. Flooded Bottoms a mharcáiltear anseo ar an léarscáil SO 1ú eag., agus tá sé inmheasta gur anseo a bhí an loch stairiúil. (Cuir i gcás gur léir ar na léarscáileanna céanna go raibh an loch beag in aice le bf Muclach i bhfad ní b’fhairsinge tráth dá raibh.)

Mar a tharlaíonn anois is arís sna nótaí seo, tá pointe tábhachtach le déanamh anseo. Is minic trácht ar athfhliuchadh mar laghdú ar riosca tuilte; b’fhéidir gur i gceantair mar seo – ceantair a bhí fliuch go nádúrtha tráth dá raibh, de réir na fianaise geolaíochta in éineacht leis an bhfianaise logainmníochta – ba cheart tosnú. Ach stopaimis an chaint seo faoin bhfliuchadh, mar tá fhios ag an saol Fódlach go mbíonn ár ndóthain báistí againn i mí Mheán Fómhair! Tá súil againn nach mar sin don Treabhdóireacht i mbliana; ach b’fhéidir nach aon díobháil é a bheith ar siúl ar thalamh crua an Screagáin i ndeireadh na dála, seachas san áit a raibh Loch Eala tráth agus an ollphéist ina cónaí ann.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

An féidir le logainm a bheith “unlovely”?
Baile Bogáin (Theas, Thuaidh) / Ballyboggan (South, North)
“town(land) of/at (the) soft ground”
(logainm.ie #
17566)

Dáta: 30/08/2025

Tá na bailte fearainn Baile Bogáin Thuaidh agus Baile Bogáin Theas suite i bparóiste dlí Fhionnghlaise (de réir an tseanchórais riaracháin), díreach mar a mbuaileann an Chabrach, Glas Naíon agus Fionnghlas le chéile. Tá an leagan Béarla Ballyboggan i mbéal an phobail le déanaí. In eagarfhocal a foilsíodh ar an Irish Times i mí Aibreáin, pléadh an athghiniúint uirbeach a bhí beartaithe don cheantar seo, agus dúrthas an méid seo faoin ainm: ‘The 77-acre district … has been given the unlovely working title of Ballyboggan after a little-known local road’ (Irish Times (24-04-2025), sinne a chuir isteach an bhéim). Ar ndóigh, spreag an t-alt seo cur is cúiteamh maidir le hainm na forbartha nua. Cuireadh aighneacht faoi bhráid an údaráis áitiúil (Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath) ag impí orthu an t-ainm a athrú go Hamilton, ‘after Ireland’s greatest mathematician, William Rowan Hamilton’ (féach Submission: William Rowan-Hamilton). Luaigh an aighneacht an t-athainmniú a rinneadh ar Dhroichead Broome mar Hamilton Bridge i 1958, agus an t-ainm Broombridge-Hamilton Depot a bhaist an tAire Iompair ar an Iosta Luas nua i 2014. Níor luaigh an aighneacht na hainmneacha eile nach iad i gcomharsanacht Dhroichead Broome a chaomhnaíonn an duine ceannann céanna, mar atá Cúirt Rowan Hamilton agus Cearnóg Hamilton ar an gCabrach, chomh maith le Ard Hamilton, Bealach Hamilton, Radharc Hamilton agus Siúlán Hamilton i mBaile an Ásaigh. Laoch mór ab ea an Hamaltúnach, gan aon amhras, ach ba dhóigh leat go bhfuil sé go maith as mar atá sé cheana, ó thaobh aitheantas in ainmneacha oifigiúla de. Ach de réir na tuairisce is déanaí ar an Irish Times ((23-08-2025)), is cosúil go bhfuil an Chomhairle Cathrach chun ‘Broombridge-Hamilton’ a bhaisteadh ar an athghiniúint uirbeach seo i ndeireadh na dála – anuas ar na sé shráidainm, an droichead agus Iostas Luas – rud a fhágann naoi (9) ngné sa cheantar atá ainmnithe as Hamilton go dtí seo, uimhir a bhfuil cuma shamhailteach air.

Ach cad a thabharfadh ar dhuine an focal Béarla “unlovely” a úsáid i leith an logainm Ballyboggan? Féachaimis ar an mbunleagan Gaeilge. Mar a luamar i dtús an nóta seo, is iad Baile Bogáin Theas agus Baile Bogáin Thuaidh na leaganacha Gaeilge a dearbhaíodh san Ordú Logainmneacha (Contae Bhaile Átha Cliath) 2011, ordú a rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (mar a bhí) faoi Chuid 5 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Bunaíodh na foirmeacha Gaeilge san ordú seo ar an taighde a rinne an Brainse Logainmneacha (oifig de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta anois). Sular shínigh an tAire an t-ordú sin, bhí gach logainm scrúdaithe ag an gCoimisiún Logainmneacha agus, thairis sin, curtha faoi bhráid an phobail le haghaidh tréimhse comhairliúcháin. (Tabhair faoi deara nach bhfuarthas aon aighneachtaí maidir leis na leaganacha Gaeilge Baile Bogáin Thuaidh agus Baile Bogáin Theas ar feadh na dtrí mhí sin.)

Fo-roinnt riaracháin a rinne an tSuirbhéireacht Ordanáis sna 1840í faoi ndear na míreanna North agus South; ní raibh ann ó cheart ach Baile Bogáin. B’in é an leagan a mhol an Coimisiún Logainmneacha ar deireadh, agus an bhrí atá le tuiscint as ná “town(land) of (the area of) soft ground”. Ach, faoi mar a tharlaíonn go minic, ní raibh an fhianaise stairiúil gan a bheith casta agus débhríoch. Go deimhin, mheas Seán Ó Donnabháin, fathach mór an 19ú haois maidir le logainmneacha agus cúrsaí Gaeilge i gcoitinne – nach bhfuil ach aon (1) sráidín amháin i mBaile Átha Cliath ainmnithe in ómós dó, mar eolas – mheas seisean gur ‘baile an bhogáin’ [Baile an Bhogáin] “the town(land) of the soft ground” a bhí ann agus é ag breithniú na fianaise ar son na Suirbhéireachta Ordanáis i 1840. Níl de dhifríocht idir sin agus an leagan oifigiúil, ar ndóigh, ach an t-alt. Nuair a bhí an Coimisiún Logainmneacha ag féachaint ar an bhfianaise ina iomláine – agus roinnt tagairtí breise ar fáil dóibh nach raibh os comhair Uí Dhonnabháin– mheasadar siúd nach raibh dóthain ann ar son an ailt sin, ná ar son an tséimhithe ar thúschonsan b(h)ogáin a bheadh riachtanach ina dhiaidh. Is maith a bhí fhios ag baill an Choimisiúin gur minic nach dtagann na gnéithe sin slán tríd an bpróiseas béarlaithe, agus b’éigean dóibh breithiúnas tomhaiste a thabhairt maidir leis an bhfoirm ba chóir a mholadh mar leagan dlíthiúil sa dréachtordú a bhí le cur faoi bhráid an phobail. Bhí leagan eile le cur san áireamh, freisin, mar atá Baile Uí Bhogáin “the town(land) of Ó Bogáin”, ina bhfuil an sloinne dúchasach a ndéantar Boggan de sa bhéarlú de ghnáth. Ach arís, bheimis ag súil le rian de shéimhiú ar thús na heiliminte deiridh sa chás sin.

Téann an Coiste Logainmneacha (a tháinig i gcomharbas ar an gCoimisiún Logainmneacha) i ngleic le mórán ceisteanna casta cáiréiseacha agus an fhianaise á meas acu agus is minic nach mbíonn oiread na fríde idir dhá (nó trí!) leagan Ghaeilge a d’fhéadfaí a mholadh. Nuair a shocraítear foirm Ghaeilge mar leagan dlíthiúil de logainm áirithe – agus ar ndóigh ní féidir leis an Stát ach an t-aon leagan Gaeilge amháin a dhearbhú de gach logainm oifigiúil dá chuid – socraítear í toisc go dtugann trom na fianaise le fios, i dtuairim an Choiste Logainmneacha, gurbh í sin an fhoirm den ainm is déanaí a bhí in úsáid ag muintir na háite fad is a bhí an Ghaeilge ina teanga phobail ann. Ní hionann sin is a rá go ndéantar dearmad ar gach féidearthacht eile as an bpointe sin amach, áfach! (Mar shampla, feicfimid thíos gurb ann do Ballyboggan eile i gContae na Mí nach bhfuil bh- séimhithe le sonrú ar thagairt ar bith sa taifead gallda, ach atá luaite i bhfoinsí iontaofa Gaeilge mar Baile Uí Bhogáin mar sin féin!) Ar na dualgaisí atá ar an mBrainse Logainmneacha, tá an fhianaise do gach logainm a chur i láthair agus míniú a thabhairt ar chomhthéacs na bhfoirmeacha oifigiúla de réir mar a shocraítear iad.

Ar aon chuma, bheartaigh an Coimisiún gurbh é an t-ainm a bhí á chur in iúl ag tromlach na fianaise ná Baile Bogáin. Maidir le bogán “soft ground” féin (féach FGB s.v. bogán, AFB s.v. bogán, eDIL s.v. bocán), seans gurbh é an talamh glárach cois na Tulchann a bhí i gceist, áit ina bhfanfadh an cré bog maoth tamall fada tar éis don abhainn a chur thar maoil, cuir i gcás. D’fhéadfadh sé chomh maith céanna go raibh gnéithe eile ann tráth a thug ainm don áit, gnéithe atá folaithe nó scriosta le fada ag an tírdhreach uirbeach. Tá samplaí eile againn de Ballyboggan mar logainm béarlaithe ar fud na tíre, ach ní hí an Ghaeilge chéanna atá laistiar de gach ceann acu. Mar a luamar thuas, is béarlú é Ballyboggan (logainm.ie #38910) i gContae na Mí ar Baile Uí Bhogáin “the town(land) of Ó Bogáin”: scríobhann na Ceithre Máistrí ‘baile ui bogáin’ [gin.] (1447) agus is é tagairt a fhreagraíonn dó sin in Annala Chonnacht ‘a mBali .h. Bhogan’ (mar a seasann .h. do na Nua-Ghaeilge). An sloinne céanna atá againn in ainm an bhaile fearainn Baile Uí Bhogáin / Ballybogan (logainm.ie #16254) i gContae Dhún na nGall agus in ainm an tsráidbhaile Cluain Uí Bhogáin / Clanabogan “the (wet) pasture of Ó Bogáin” (logainm.ie #1167028; PNNI) i gContae Thír Eoghain. In oirdheisceart na tíre, áfach, ní Ó Bogáin atá againn ach sloinne eile ar fad sa trí bhaile fearainn darb ainm Baile Uí Bheagáin “the town(land) of Ó Beagáin”, a bearlaíodh mar Ballyboggan (x2) agus mar Bogganstown (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Townland names of Co. Wexford).

Tá an t-ainmfhocal coitianta bogán ‘talamh bog’ i bhfad níos bisiúla i logainmneacha ná mar atá na sloinnte sin, de réir mar is féidir linn a dhéanamh amach. Tagraíonn Baile an Bhogáin / Ballyboggan (logainm.ie #20382), par. Áth Eascrach, Contae na Gaillimhe, don phortach in iarthar an bhaile fearainn. Is cosúil gur Baile an Bhogáin atá taobh thiar den dara shampla de Ballyboggan (logainm.ie #19834) i bpar. Mhuine Mheá sa chontae céanna freisin: tá an fhianaise casta ach is oileán atá ann le portach ar gach taobh de (cf. léarscáileanna GCC). Ní baile amháin a úsáidtear le bogán i logainmneacha: féach aicmitheoirí eile amhail Tamhnaigh an Bhogáin / Tawnawoggaun “the grassy (up)land of (in) the soft ground” (logainm.ie #37443) i gContae Mhaigh Eo agus Tor an Bhogáin / Turavoggaun “the tall rock of (at) the soft ground” (logainm.ie #46101) i gContae Thiobraid Árann. Ní foláir nó tagraíonn an dara hainm seo do cheann de na paistí lomcharraige in aice le Moanavoggaun (mionainm < ?Móin an Bhogáin “the bog of the soft ground”), mar a bhfuil portach mór.

Tagann bogán i gceist mar aicmitheoir ann féin freisin, sa chiall “(area of) soft ground”. Mar shimpléacs – is é sin, mar eilimint aonair gan cháiliú – faighimid An Bogán i gContaetha Cheatharlach (logainm.ie #3353), Chill Chainnigh (logainm.ie #26705), Thiobraid Árann (logainm.ie #46791), na Gaillimhe (logainm.ie #19912), Liatroma (logainm.ie #29021) agus na Mí (logainm.ie #38231). Tá dhá bhaile fearainn i gContae na Gaillimhe ina bhfuil an focal san iolra, mar atá Na Bogáin / Boggauns “the areas of soft ground” (logainm.ie #18961; #20404). Agus bogán le fáil in éineacht le haidiachtaí cáilithe i leithéid An Bogán Fionn / Bogganfin “the fair, white soft ground” (logainm.ie #42321) i gContae Ros Comáin, An Bogán Mór / Lowpark “the big area of soft ground” (logainm.ie #18023) i gContae na Gaillimhe, agus An Bogán Riabhach / Boggaunreagh “the greyish, striped soft ground” (logainm.ie #41518) i gContae Uíbh Fhailí. Dá bhrí sin is uile, ní haon chadhan aonair é Baile Bogáin i mBaile Átha Cliath, agus a oiread sin samplaí de bogán i logainmneacha ar fud na tíre. (NB Cé go bhfuil an Brainse Logainmneacha ag déanamh taighde ar na logainmneacha thuas ó na 1960í i leith, is oth linn a rá nach bhfuil aon eolas againn ó mhuintir na háite mar gheall ar iad a bheith “lovely” nó “unlovely”.)

Ag filleadh ar ais dúinn ar Bhaile Bogáin i mBaile Átha Cliath mar fhocal scoir, tabhair faoi deara nach dtagann aon tagairt anuas chugainn atá níos sine ná 1613. Ach is féidir talamh slán a dhéanamh de go dtéann an logainm siar i bhfad roimhe sin. Ar an drochuair, ní féidir an chuid is mó de logainmneacha na hÉireann a rianú níos sia siar ná tús an 17ú haois, de dheasca easpa cáipéisí stairiúla. Ní gá a rá gur ríléir gur cumadh an logainm seo Baile Bogáin nuair a bhí an Ghaeilge mar theanga pobail sa cheantar; dá bharr sin is logainm é a bhfuil brí agus tábhacht ag baint leis ó thaobh an chultúir agus na teangeolaíochta de. Anuas air sin, is ball é den tacar logainmneacha Gaeilge úd a thagraíonn do thalamh fliuch in áiteanna nach bhfuil a leithéid le fáil a thuilleadh go minic. Níl aon insint ar an méid gnáthóga bogaigh a scriosadh le linn na bhfeabhsuithe – mar dhea – a chuir na húinéirí nua i bhfeidhm ar an tír tar éis na ndíshealbhuithe forleathana sa 17ú haois, agus is minic nach bhfuil aon chuimhne ar na gnéithe seo ach sna logainmneacha féin. Ar na céadta is na céadta samplaí dá leithéid, tá an logainm breá dúchasach Baile Bogáin / Ballyboggan “town(land) of (at) (the) soft land”, ar bhruacha na sean-Tulchann taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath ina measc.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Más fíor bréag… (Cuid II)
Airí Bhréige / Arrybreaga
“(the) false (summer) milking-place”
(logainm.ie #
32471)

Dáta: 23/08/2025

Cúpla mí ó shin, fuair an Brainse Logainmneacha fiosrúchán ó chainteoir dúchais Ghàidhlige as Eilean Leòdhais in Inse Ghall agus í ag fiafraí an raibh aon samplaí i nGaeilge na hÉireann den eilimint Ghàidhlige àirigh. Tagann an focal sin i gceist i logainmneacha Inse Ghall sa bhrí “an area or pasture land for … summer milking of cattle”, de réir a mínithe féin, agus is minic a bhíonn siad seo le fáil in áiteanna iargúlta, scoite amach. (Le haghaidh plé acadúil ar àirigh na Gàidhlige, a bhfuil stair an-spéisiúil ag roinnt leis i logainmneacha Inse Ghall, cf. Foster 2017; Fellow-Jensen, Nomina 1980.) Tuigtear buaile i logainmneacha Leòdhais mar “cattle fold, enclosure, dairy, milking place” freisin, ceart go leor, ach áiteanna iad seo atá suite ar an gcoimíneacht ar imeall na feirme féin, murab ionann is àirigh. Chomh fada agus is féidir a dhéanamh amach, a dúirt sí, ní bhaintí úsáid as buaile i Leòdhas mar ainm ar na láithreacha buailteachas samhraidh i bhfad i gcéin.

Ba mhór an díol spéise é sin dúinne, mar i logainmneacha na hÉireann – cé go gcreidtear a mhalairt go coitianta – níl gá go dtagraíonn an eilimint buaile do bhuailteachas sléibhe go sonrach .i. na beithígh a thabhairt go dtí talamh ard. Ní hea, ach d’fhéadfadh buaile a thagairt do shuíomh ar bith, is cuma ardán nó ísleán, atá oiriúnach don innilt i gcoinníollacha áirithe aimsire, nó d’áit ar bith a chuirtear in áirithe chun innilt ann ag tréimhsí ar leith den bhliain, cuir i gcás Buaile na Nollag / Boleynanollag “the boley of Christmas-time” (logainm.ie #21027) i gContae na Gaillimhe agus Buaile na Cásca “the boley of Easter-time” a béarlaíodh mar Easterfield (logainm.ie #20989) i gContae na Gaillimhe (‘Baulanacaske’ 1801) agus mar Boolanacausk “the boley of Easter-time” (logainm.ie #7433) i gContae an Chláir. (Mar sin féin, faoi mar a chonaiceamar an tseachtain seo caite, níor mhór bheith aireach sna háiteanna seo uaireanta, m.sh. An Bhuaile Bhradach / Bolabradda “the treacherous boley” (logainm.ie #52877) agus An Bhuaile Bhréagach / Ballybregagh “the false (deceptive, treacherous) boley” (logainm.ie #52339) i gContae Loch Garman.)

Sna samplaí thuas as Leòdhas, dhá rud éagsúla ab ea àirigh agus buaile na Gàidhlige, agus an àirigh suite i bhfad i gcéin ón bhfeirm. I bhFoclóir Dwelly (Am Faclair Beag) s.v. àirigh, tugtar na míniúcháin “hill pasture” agus “Summer residence for herdsmen and cattle”. Tá na bríonna sin an-ghairid do áirge na Sean-Ghaeilge (bunfhoirm àirigh na Gàidhlige): féach “summer milking-places in the mountains”, “place for milking cows, byre, cowshed” (eDIL s.v. áirge; d’fhéadfadh an tréad féin a bheith i gceist freisin). Sampla maith ón tseanteanga is ea Luid Mael Ruain Tamlachta fechtas dia airge .i. ceppan i Sléib Mairgge ‘Chuaigh Maolruain Thamhlachta uair amháin go dtí a airge .i. ceapán i Sliabh Mairge’ i gcló ag Fergus Kelly, Early Irish Farming lch. 44.)

Thug an comhfhreagras seo orainn samplaí a scrúdú den leagan Nua-Ghaeilge den fhocal céanna i logainmneacha, mar atá áirí. (Cf. ‘a herd (of cattle), a pasture, a herdman’s hut’ Dinneen (1927) s.v. airghe; ‘milking-place; herd (of cows)’ Ó Dónaill s.v. áirí. Tabhair faoi deara idir a- gairid agus á- fada tosaigh; féach thíos.) Is follas ar an gcéad dul síos go bhfuil na bríonna seo atá luaite le àirigh na Gàidhilge – buailteachas samhraidh i bhfad amach ón bhfeirm – clúdaithe cheana féin ag buaile i nGaeilge na hÉireann. Is í buaile an eilimint is raidhsiúla go mór ar áiteanna buailteachais sa Nua-Ghaeilge abhus, bídís ard nó íseal, bídís i ngiorracht don fheirm nó scoite amach, murab ionann is buaile i Leòdhas a bhfuil dáileachán an-teoranta aici. É sin ráite, is ann don fhocal Nua-Ghaeilge áirí i logainmneacha abhus freisin, cé go bhfuil sé an-neamhchoitianta.

An sampla is soiléire, b’fhéidir, is ait le rá ach tá sé le fáil chomh fada ó bhaile ó Inse Ghall is a d’fhéadfaí a dhul in Éirinn! Tá an baile fearainn Drom na hÁirí / Drominaharee “the ridge of the (summer) milking-place” (logainm.ie #23392) suite i gContae Chiarraí, 700 km slí ó Leòdhas, rud a mheabhraíonn dúinn cé chomh fada fairsing is a bhí saol na Gaeilge tráth dá raibh. Díol spéise, áfach, nár thuig Gaeilgeoirí Chiarraí brí …na hÁirí faoi lár an 19ú haois. Ná níor thuig Seán Ó Donnabháin féin é i gceart, nuair a thug cuairt ar an áit i 1841 leis an tSuirbhéireacht Ordanáis. Cainteoir dúchais Gaeilge ab ea an Donnabhánach agus bhí cur amach maith aige ar an tseanlitríocht fiú ag an tráth sin dá shaol. Mhínigh seisean an logainm mar “ridge of the watching”, agus é ag iarraidh áirí a cheangal leis an bhfocal aire (eDIL s.v. 1 aire). Tá Drom na hÁirí suite i gceantar crochta sléibhtiúil, áit nach mbeifí ag súil le buailteachas ach le linn an tsamhraidh amháin. Ach dhealródh sé nach raibh an áirí seo in úsáid faoin 18ú/19ú haois, nó neachtar acu go raibh an focal sin féin scriosta ar fad ag an bhfocal buaile sa ghnáthchaint le fada, ionas gur imigh brí an logainm as cuimhne.

Bíodh sin mar atá, díol spéise go bhfuil sampla againn sa chontae céanna den fhocal áiríoch “herdsman” – díorthaithe ó áirí gan amhras (eDIL s.v. áirgech) – sa logainm Doirín na nÁiríoch / Derreenanaryagh “the (little) (oak-)grove of the herdsmen” (logainm.ie #22330), a thagraíonn do bhaile fearainn sléibhtiúil eile, gar do Ghleann Chárthaigh. Ait go leor, thuig Ó Donnabháin an focal seo (‘shepherds’ a scríobh seisean), faoi mar a thuig an Seabhac (Pádraig Ó Siochfhradha), mórscoláire dúchasach eile, sa 20ú haois.

I Leath Mhogha atá na samplaí eile le fáil freisin. Tá Gleann Áirí / Glenary “valley of (the) (summer) milking-place” (logainm.ie #49236) i Sléibhte an Chomaraigh, Contae Phort Láirge. Agus tá dhá shampla de Coill Áirí “wood of (the) (summer) milking-place” againn, ceann acu béarlaithe Killary gar do Bhéal an Átha i gContae Thiobraid Árainn (logainm.ie #46377) agus ceann eile mar Killaree i gContae Chill Chainnigh (logainm.ie #26989). Ní sléibhtiúil an áit í Coill Áirí i gContae Chill Chainnigh, ach tá cnoic lomcharraige ghéara go maith ann (féach epa), ag bagairt os cionn an Chaisleáin Dhuibh agus iad faoi chrainn. Ní fhéadfaí aon bhuailteachas a dhéanamh anseo ach amháin sa samhradh. (Tabhair faoi deara nár thuig Gaeilgeoirí Chill Chainnigh an focal áirí i lár an 19ú haois ach an oiread! Is é míniú a thugadar d’Eoghan Ó Comhraí, ‘there are three of the Kings of Ireland buried in [the large rath in Killaree townland], whence the name Kileree or the Cell of the King’ LSO I 203 (1839), mar a bheadh *cill an rí ann!)

Sa deisceart fós atá Airí Bhuí / Arywee “yellow (summer) milking-place” (logainm.ie #31155) i gContae Luimnigh. Tabhair faoi deara an mhalairt foirme áitiúil, airí le a-gairid. Talamh íseal atá anseo, rud a thugann le fios b’fhéidir go raibh an airí ag tagairt d’áit in aice leis an bportach in iarthar an bhaile fearainn. Ísleán is ea Airí Bhréige / Arrybreaga “false (summer) milking-place” (logainm.ie #32471) sa chontae céanna freisin, a bhfuil an talamh draenáilte go maith den chuid is mó, agus a bheadh oiriúnach don bhuailteachas ó cheann ceann na bliana. Ach tá cúpla páirt de nach bhféadfaí a úsáid go dtí an samhradh, mar atá, an lomcharraig suas an cnoc i dtreo na Cloiche Fada lastoir, agus an mhóin eanaigh laistiar. B’fhéidir gur thagair an focal gin. bréige ‘bréagach’ san ainm do cheann den dá áit seo, a cheapfadh duine a bheadh oiriúnach don bhuailteachas ach nach raibh i ndáiríre.

Ar ais arís dúinn, más ea, ag caint ar bhréaga i logainmneacha. Seo tuilleadh samplaí mar fhocal scoir:

  • Ard Mhacha Bréige “the false Ard Mhacha”, béarlaithe Ardmaghbreague i gContae na Mí (logainm.ie #38187) agus Armaghbrague i gContae Ard Mhacha féin (logainm.ie #56378; placenamesni); mar chodarsnacht ar an bhfíor-Ard Mhacha / Armagh (#1411561) is cosúil;
  • Cnoc Bréige / Knockbreaga “false, (dangerously) deceptive(?) hill” (logainm.ie #37474) i gContae Mhaigh Eo;
  • An Buachaill Bréige / Boughilbreaga “the false boy, cowherd” (logainm.ie #1413201) i gContae Luimnigh (‘there is an old stone on top of it’ c. 1973);
  • Seáinín na Bréige / Shauneenabreaga “the false Seáinín” (logainm.ie #1421372) i gContae Phort Láirge, ar carn é ar bharr sléibhe (WA002-080).
  • Faill na Bréige / Foylenabreaga “the false cliff” (#1415485) cois taobh na hEatharlaí i gContae Luimnigh;
  • Trá Bhréige / Trawbreaga Bay “treacherous strand” (logainm.ie #111463) i gContae Dhún na nGall, mar a bhfuil tuairisc i Litreacha na Súirbhéireachta Ordanáis ar dhaoine a bheith sciobtha isteach san fharraige le taoidí tobanna;
  • An Carnán Bréagach / Carnanbregagh “the false/deceptive (little) cairn, heap of stones” (logainm.ie #33822) i gContae Lú.

Luamar an tseachtain seo caite an tuairisc a thug Seán Ó Donnabháin as a chuimhne féin ar An Bhréagach “the treacherous (river)”, abhainn i gContae Chill Chainnigh a fuair ainm toisc go gcuireadh sé thar maoil gan choinne, go tubaisteach tragóideach ar uairibh. Nuair a bhí an Donnabhánach in iarthar Chorca Dhuibhne i 1841, thaispeáin muintir na háite carraig mhór dó amuigh i gCuan Fionntrá, le dornán carraigeacha beaga eile idir í agus tír, agus dúradar leis gur mhinic a chuiridís seo dallamullóg ar lucht na mbád. Is é ainm atá ar an ngné chontúirteach seo An Bréagaire “the liar” (logainm.ie #1393949).

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Más fíor bréag é (Cuid I)
An Fear Bréige / Farbreaga
“the false man”
(logainm.ie #
55861)

Dáta: 16/08/2025

Sa phlé dúinn ar leasainmneacha na nGael le cúpla seachtain anuas, bhuaileamar le roinnt buafhocal pearsanta agus aidiachtaí tuairisciúla nach raibh rómholtach, cuir mar sin é! Leanaimid ar aghaidh ar an téama sin leis na samplaí seo a leanas:

  • ‘Ferrall Bradagh’ .i. Fearghal Bradach (“thieving/dishonest”) ó Chontae an Longfoirt (Fiants [Eilíse] §4924, anno 1596);
  • ‘Walter Bradagh m‘Laghlin boy’ .i. Ualtar Bradach mac Lochlainn Bhuí ó Chontae na Gaillimhe (Fiants [Eilíse] §4028, anno 1582) (phléamar buí “yellow” an tseachtain seo caite; féach freisin gur minic a sheasann Brl. Laghlin do Maoleachlainn);
  • ‘Morgh bregaghe m‘Teig oge’ .i. Murcha Bréagach mac Taidhg Óig ó Inse Uí Chuinn, Contae an Chláir (Fiants [Eilíse] §3042, anno 1577);
  • ‘John Bregagh’ .i. Seán Bréagach ó Chontae Luimnigh (is dócha), (Fiants [Eilíse] §6461, anno 1600);
  • ‘Edm. Bregagh M‘Echey’ .i. Éamann Bréagach Mac an Chaoich , .i. lying/deceitful Éamann Mac an Chaoich ó phar. Inis Caoin, Contae an Chabháin (Fiants [Eilíse] §4908, anno 1586). (Mac an Chaoich a thugtaí ar an bpríomhghéag de Muintir Raghallaigh in oirdheisceart Chontae an Chabháin (cf. #380), a thug ainm don bharúntacht Clann Chaoich / Clankee (#11).

Tá réimse bríonna ag na focail bréagach agus bradach , ar ndóigh, agus níl siad teoranta do bhuafhocail phearsanta ach chomh beag. Mar shampla, bó bhradach a thugtar ar bheithíoch a ghabhann ar strae agus a chuireann spéis i mbarraí an fheirmeora béal dorais. Bríonna eile atá le bradach is ea “obtained unjustly, stolen” agus fiú – ag bradaíl isteach ar bréagach féin – “false” (féach Ó Duinnín, FGB, AFB s.v.). I logainmneacha – agus go háirithe sna logainmneacha úd a thagraíonn do ghnéithe aiceanta – is éard a chuireann bradach in iúl gur chóir bheith ar d’airdeall san áit seo ar shlí éigin; go gcuirfeadh sé dallamullóg ort; nó go deimhin gur áit chontúirteach amach is amach atá ann. (Cf. an nath Brl. treacherous conditions a deirtear le haimsir nó talamh.) Bhí an ceart ag Fiachra Mac Gabhann, nach maireann, an logainm An Móinín Bradach / Moneenbradagh (logainm.ie #35707) i gContae Mhaigh Eo a mhíniú mar “the dangerous (little) bogland” (Logainmneacha Mhaigh Eo V, lch. 540). Agus féach go bhfuil ‘Red Shaking Bog’ léirithe ar léarscáil de chuid an 17ú haois a mhíníonn brí an logainm An Portach Bradach / Portaghbradagh (logainm.ie #44765) i gContae Shligigh (Down Survey [1654], bar. Thír Fhiachrach). A leithéid sin de bhrí atá le tuiscint freisin, de réir dealraimh, i gcás logainmneacha amhail An Bhuaile Bhradach / Bolabradda (logainm.ie #52877) i gContae Loch Garman, mar a bhfuil paistí móra de thalamh glárach cois Abhainn na hInse, a thugann le fios go raibh sé de nós ag an abhainn cur thar maoil. Mhairfeadh an talamh sin bog maoth (agus dá bhrí sin, contúirteach do na hainmhithe) tar éis don talamh mórthimpeall bheith tiormaithe cruaite a dhóthain chun beithígh a thabhairt isteach ann (féach Logainmneacha na hÉireann IV, lch. 555).

Amhail an Bhuaile Bhradach i gCo. Loch Garman, tá paiste suntasach de thalamh glárach i mbaile fearainn An Baile Bradach / Balbradagh (logainm.ie #38613) i gContae na Mí, agus b'fhéidir go mbaineann an mhír bradach sa logainm seo leis an talamh glárach sin ag fanacht bog agus lábach tar éis don talamh mórthimpeall air éirí tirim agus sabháilte do bheithígh, freisin. Sa chás seo, áfach, tharla gur baile an t-aicmitheoir, d’fhéadfadh sé gur aidiacht ainmfhoclaithe atá san fhocal bradach sa chás seo, agus ‘gadaí’ i gceist; más ea, d’fhéadfaimis an logainm a thuiscint mar Baile Bradach “town(land) of (the) thieves”. Logainm eile a d’fhéadfaí a thuiscint ar an dá bhealach is ea Bóthar Bradach / Boherbraddagh (logainm.ie #32035) i gContae Luimnigh (“thieving road / road of thieves” i Logainmneacha na hÉireann I, lch. 73): theastódh mionscrúdú ar an leagan amach agus ar cháilíocht na talún chun a dhéanamh amach cé acu brí is dóichí. Uaireanta is léir ón topagrafaíocht go bhfógraíonn na hainmneacha dainséar: gleann rite is ea Gleann Bradach / Glenbradagh (logainm.ie #12300) i gContae Chorcaí; carraigeacha farraige is ea An Méile Bradach (logainm.ie #1396731), amach ó chósta na nArlann i nGaeltacht Dhún na nGall.

Mar an gcéanna don fhocal bréagach féin, a d’fhéadfadh priacal éigin a chur in iúl i logainmneacha. Tá cuid mhaith den bhaile fearainn An Bhuaile Bhréagach / Ballybregagh (logainm.ie #52339), Contae Loch Garman, nach mbeadh oiriúnach do bheithígh fiú tar éis triomach fada (féach Logainmneacha na hÉireann IV, lch. 239). Tagann an focal seo i gceist in ainmneacha abhann is sruthán chomh maith: mar rabhadh dúinn a bhe ith ag faire amach do mhaidhmeanna tuile (nó ábhair iontais eile) a ainmníodh na haibhnte An Bhréagach / Breagagh “the treacherous (river)” i gContae Thiobraid Árann (logainm.ie #116103) agus i gContae Chill Chainnigh (logainm.ie #116566), agus an sruthán beag An Sruthán Bréagach / Srahanbregach “the false(?) stream” (logainm.ie #41847) i gContae Uíbh Fhailí. B’as Contae Chill Chainnigh do Sheán Ó Donnabháin, agus ba é taithí a bhí aigesean ar abhainn na Bréagaí sa chontae sin ná, nach mbíonn inti le linn an tsamhraidh ach “a mere streamlet”, ach nuair a phléascann scamaill bháistí ar na sléibhte thuas, “the little runnel is suddenly swelled to such a height that it often sweeps away men and cattle” LSO (Dún na nGall [sic]) lch. 31 (1835).)

Ach is ann do logainmneacha inar léir nach dtugann an focal bréagach aon chontúirt le fios. Mar atá luaite againn cheana sna nótaí seo, is minic gnéithe aiceanta ainmnithe as an gcosúlacht atá acu le daoine nó le hainmhithe má tá an radharc ceart agat. Agus is minic scéalta iontacha cumtha ag lucht na bréagshanasaíochta is na seanlitríochta chun na hainmneacha sin a mhíniú ar ais! (Faighimid malairt dheas ar an ngnáthchur chuige i dtaobh sanasaíocht logainmneacha sa seanscéal Fionaíl Rónáin (MG Fingal Rónáin) ón 9ú haois. Tarlaíonn eachtra tábhachtach gar do chairn chloch darb ainm Ba Aoife “the cows of Aoife”. Ait go leor, ní thugann an reacaire aon mhíniú samhlaitheach ar an logainm inspéise seo, ach cur síos lom: ‘Ba Aoife .i. clocha atá le taobh an tsléibhe. Is cosúil iad le ba fionna de chéin.’ [Bae Aífi .i. clocha filet la tóeb int ṡléibe. It cosmaile fri bú finna do chéin.] Seift liteartha atá anseo, áfach, mar chasann an scéal go tragóideach ar ball nuair a dhéanann duine tagairt mhíthráthúil do na clocha céanna mar bha meafaracha. Ní sceithfimid a thuilleadh! [Cf. FSÁG s.nn. Baoi Aoife, Bun Aoife.]) Pé ar domhan dé, is ann do roinnt logainmneacha ar nós An Fear Bréige / Farbreaga (logainm.ie #55861) i gContae Chill Mhantáin agus An Fear Bréagach (logainm.ie #1418649) i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh (‘Cloch mhór ard, cheapfá gur fear atá ann’ 1969) nach bhfuil i gceist ach clocha a bhfuil cuma an duine orthu. Is minic nach mbíonn san fhírinne ach an dearcadh atá agat! Tuilleadh samplaí an tseachtain seo chugainn.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Más peaca a bheith buí…!
Leasainmneacha na nGael (Cuid II)
Gorteenayanka / Goirtín an Gheancaigh
“the (little) field of the snub-nosed, rude person”
(féach logainm.ie #
20188)

Dáta: 09/08/2025

I nóta na seachtaine seo caite phléamar an focal carrach “mangy, scabby, rough-skinned”, a bhí chomh coitianta sin i measc na nGael gur tháinig sé slán i roinnt ainmneacha bailte fearainn, amhail Baile Mhic Aodha Charraigh / Ballymacahara “the town(land) of the son of scabby, mangy, rough-skinned Aodh” (logainm.ie #55479) i gContae Chill Mhantáin. Féachaimis anois ar roinnt buafhocal gonta eile a thagann anuas chugainn i logainmneacha.

Bhí cuid de na téarmaí seo ní ba mhaslaí ná a chéile, chomh fada agus is féidir a dhéanamh amach. Tá Lios Aodha Ghruama / Lissagroom “the ring-fort of gloomy Aodh” (logainm.ie #8091) i gContae Chorcaí agus Baile an Ghéill Ramhair / Ballingayrour “the town(land) of the fat hostage” (logainm.ie #30902) i gContae Luimnigh neamhúrchóideach go leor, mar shampla, i gcomórtas le Oileán an Easpaig Ghortaigh / Bishop’s Island “the island of the mean, stingy, hungry bishop” (logainm.ie #7132) i gContae an Chláir! Tá cuid eile fós atá beagáinín débhríoch, agus uaireanta ní féidir a bheith cinnte cé acu moladh nó cáineadh atá iontu. Ba dhóigh leat gur leasainm dearfach é lúbach “strong, supple”, cuir i gcás; ach féach go gciallaíonn an focal sin “slippery, crafty” chomh maith céanna! Más ea, cén sórt duine ab ea ‘Moriertagh Loobagh McMolrony Fyn’ .i. Muircheartach Lúbach Mac Maolruanaidh Fhinn (CPR p.331)? (Géag de Chlann Dhonncha in oirdheisceart Chontae Shligigh ab ea Clann Mhaolruanaidh Fhinn.) Féach freisin gur eascair sloinne as an bhfocal seo lúbach, faoi mar a chonaiceamar an tseachtain seo caite agus Ó Clabaigh a eascairt as clabach “big-mouthed, big-lipped”: thug Muintir Lúbaigh (Brl. Lubby/Looby) ainm do Baile Uí Lúbaigh / Ballylooby “the town(land) of Ó Lúbaigh” (logainm.ie #31574) i gContae Luimnigh.

Mar an gcéanna don fhocal geancach, a deirtí le duine a raibh geanc orthu .i. ‘caincín beag sciota’ ó cheart (AFB s.v. geancach). Ach d’fhás brí dhímholta eile as freisin, mar atá “snubby, surly, rude” (eDIL s.v. genncach; FGB s.v. geancach). Sa chás seo a leanas, áfach, is é is dóichí go bhfuil an leasainm ag tagairt don tsróin, tharla go bhfuil sé le fáil i nglúinte éagsúla den aon teaghlach amháin: sa bhliain 1549, tugadh pardún do ‘Donald gangaughe O’Dowill’ .i. Dónall Geancach Ó Dúill (Doyle) ón Choill (par. Chill Phádraig), gar do na Crosa Beaga i gContae Loch Garman (Fiants [Éad.] §314); garmhac leis siúd ab ea ‘Daniel Doyle alias Gankagh’ – Dónall Geancach eile – ó ‘Kildenis’ (logainm nach maireann) i dTigh na Croise, par. Chluana, gar d’Inis Córthaidh, a bhí páirteach in éirí amach 1641 (C. Ó Crualaoich & K. Whelan, Gaelic Wexford 1550-1650; cf. The Past 17 (1990), lch.36). Ar na samplaí eile ón tréimhse céanna tá ‘Donyll geankaghe O’Cuyllon’ .i. Dónall Geancach Ó Coiliúin (Cullen) ó Dhún Ing, Contae Chill Mhantáin, ar tugadh pardún oifigiúil dó i 1549 (Fiants [Éad.] §272).

Níos gaire dár linn féin, sa bhliain 1839, a breacadh síos ‘cnoc uilliam gannca’ [le défhoghar san fhocal deireanach] mar ainm áitiúil Gaeilge ar Cnoc Liam Gheancaigh / Knockwilliam “the hill of snub-nosed/rude Liam” (logainm.ie #27123) i gContae Chill Chainnigh; bhí foirmeacha Gaeilge den logainm Goirtín an Gheancaigh / Gorteenayanka ‘the (little) field of the snub-nosed or rude person” (logainm.ie #20188) in oirthear Chontae na Gaillimhe fós le clos i lár an 20ú haois. Níl aon eolas againn faoi shloinnte na ngeancach seo, ach is comhartha iad mar sin féin ar a choitianta is a bhí an buafhocal sin i measc na nGael.

(Féach freisin geancánach, a bhí comónta i gCúige Uladh ag tagairt do “one of the lower and more vicious kinds of fairies”, mar a mhínigh an Duinníneach é go snasta sa dara heagrán dá fhoclóir (1927) s.v. geanncánach; cf. FGB s.v. geancánach. Tháinig an focal seo i gceist i ndornán mionlogainmneacha sa tuaisceart, m.sh. Poll na nGeancánach / Pullagankana “the hole, pool of the malevolent snub-nosed fairies”, a bailíodh i bparóiste Shearcóige, Contae an Chabháin, go luath sa 20ú haois.)

Bhíodh gnéithe eile seachas carachtar an duine i gceist ag buafhocail, ar ndóigh. Ní raibh i gcuid mhaith acu ach tagairt do ghruaig nó do chraiceann an duine, m.sh., bán, ballach (“freckled”), crón (“swarthy”), dubh, fionn, liath, odhar (“greyish, mousey-brown”), riabhach (“greyish, dusky”), srl. (NB Ceist cháiréiseach is ea stair agus brí bheacht na bhfocal ar dhathanna a rianú i dteanga ar leith, agus is contúirteach an gnó iad a ‘mheaitseáil’ le téarmaí dathanna i dteanga eile! Mar sin, ní sholáthraítear na haistriúcháin Bhéarla seo a leanas ach mar eolas ginearálta.) Mar a tharlaíonn sé, is iad a leithéid seo de bhuafhocail is mó a bhuailtear linn in ainmneacha na mbailte fearainn. Féach mar shampla Baile Sheoinic Bháin / Ballyshonickbane “the town(land) of white Seoinic” (logainm.ie #32243) i gContae Luimnigh; Gort Sheáin Chróin / Gortshanecrone “the field of swarthy Seán” (logainm.ie #13305) i gContae Chorcaí; Baile Thaidhg Dhuibh / Ballyteigeduff “the town(land) of black Tadhg” (logainm.ie #28485) i gContae Laoise; Áit Tí Tomáis Riabhaigh / Attithomasreva “the house-site of greyish, dusky Tomás” (logainm.ie #18891) i gContae na Gaillimhe; agus Léim Fhir Léith “leap of (the) grey man” nó “the leap of Fear Liath [ainm pearsanta]” (logainm.ie #22686) i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Bhí buí ar na haidiachtaí is coitianta acu seo. D’úsáidtí é le dath gruaige, go háirithe sa tseanteanga (cf. an comhfhocal MG foltbuide ‘le gruaig bhuí’, eDIL s.v. folt, falt compds. (1)), ach ar ndóigh is minicí go mór é sa Nua-Ghaeilge ag tagairt do dhath craiceann duine. Is é dath craicinn a bhí i gceist ná ‘ábhairín donn’ nó “sallow” – mar a úsáidtear an focal sin i mBéarla na hÉireann (FGB s.v. 3 buí (2)) – ach gan a bheith chomh dorcha le crón (eDIL s.v. crón; FGB s.v. crón). Níor rómholta an focal é buí sa chiall seo, ceart go leor, ach ní raibh sé rómhaslach ach an oiread: mar a deir an seanfhocal Gaeilge, Más peaca a bheith buí, tá na mílte damanta!

Pé acu gruaig nó craiceann, tagann buí i gceist i roinnt ainmneacha bailte fearainn i dteannta le hainmneacha pearsanta, m.sh. Baile Dháith Bhuí / Ballyduboy “the town(land) of ‘yellow’ Dáith [leagan eile den ainm Dáibhí]” (logainm.ie #53145) i gContae Loch Garman; Baile Mhic Sheáin Bhuí / Ballymacshaneboy “the town(land) of the son of ‘yellow’ Seán” (logainm.ie #30800) i gContae Luimnigh; Baile Sheáin Bhuí / Ballyjohnboy “the town(land) of ‘yellow’ Seán” (logainm.ie #27364) i gContae Chill Chainnigh; Cluain Mhic Sheáin Bhuí / Clone “the meadow, pasture of the son of ‘yellow’ Seán” (logainm.ie #30800) i gContae Luimnigh; Inis Dáith Bhuí / Inisdauwee “the island of ‘yellow’ Dáith” (logainm.ie #20679) i gContae na Gaillimhe; agus Tamhnaigh Mhic Giolla Bhuí / Tawnycoolawee “the arable field of the son of Giolla Buí [‘the ‘yellow’ fellow’]”, nó “the arable field of Mac Giolla Bhuí [sloinne, Brl. McIlwee]” (logainm.ie #35715) i gContae Mhaigh Eo.

Dála an scéil, más rud é gur dath gruaige a bhí i gceist le buí in aon cheann de na samplaí seo, is cosúil gur mhór an moladh a bheadh ann. Luamar sna nótaí seo cheana an staraí Sasanach darbh ainm Fynes Moryson, a chaith seal in Éirinn (1600–1603) ina rúnaí don Fhear Ionaid, an Tiarna míchlúiteach Muinseo. Tá tuairisc againn uaidh siúd go raibh na Gaeil ceanúil thar meán ar “yellow hair” (féach Analecta Hibernica 37: ‘The Irish Sections of Fynes Moryson’s Unpublished Itinerary’, in eagar ag Graham Kew). Is cosúil gur ghruaig fhionn .i. dath an óir a bhí i gceist ag Moryson le yellow; ní raibh an focal Brl. blond(e) in úsáid an uair sin. (Is cosúil go raibh tóir ag na Sasanaigh féin ar a leithéid, chomh maith, mar tá tagairtí ag Shakespeare do yellow hair mar chomhartha idéalach ar óige agus sláinte; cf. Janziz, ‘A Study of Colour Words in Shakespeare’s Works’ (PhD, Sheffield, 1997).)

Níl pléite againn anseo agus i nóta na seachtaine seo caite ach rogha beag de na buafhocail a thagann anuas, ar ámharaí an tsaoil, mar eilimintí in ainmneacha bailte fearainn. Tá sé ar intinn againn anailís le dealramh a dhéanamh ar an ábhar inspéise seo sna blianta beaga amach romhainn. Gan amhras, níl le fáil in ainmneacha na mbailte fearainn ach céatadán beag de na leasainmneacha agus buafhocail inspéise atá bailithe againn as foinsí stairiúla, idir dhúchasach agus ghallda. (Gan trácht ar shamplaí suntasacha as an tseanlitríocht ar nós Aiteannchaithreach!) Tá dornán beag le fáil de bhreis orthu seo sna logainmneacha stairiúla, ar ndóigh, rud a chuireann i gcuimhne dúinn nach bhfuil aon insint ar an méid nár tháinig slán thar bhearna baoil an 17ú haois nuair a tugadh buille maraithe na muice don sochaí Gaelach.

Mar ardú meanman ar an gcuimhne gruama sin, críochnaímis leis an mbuafhocal súgach. Is focal breá dearfach é súgach ar uairibh agus brí shoineanta ‘meidhreach’ leis, ach is minicí go mór a thugann sé braon faoin bhfiacail le fios (AFB s.v. súgach; eDIL s.v. súcach): faoi mar a chan an réice, Má chím daoine súgacha is má bhím súgach leo / ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? Bíodh sin mar atá, tagann súgach i gceist i gcúpla logainm stairiúil a bhí suite gar do Bhaile Mhic Liam Rua (par. Mhoing Airt), sa cheantar úd darb ainm An Dufair / The Duffry “the wilderness, jungle” siar amach ó Inis Córthaidh, Contae Loch Garman. Cuireann na foirmeacha béarlaithe ‘Rahingerrald Soughagh’ (NAI-Lodge-4-237 [1622]) agus ‘Aghgarraltsugagh’ (The Civil Survey of Wexford IX [1654] lch. 279) na logainmneacha Ráithín Ghearailt Shúgaigh “the ring-fort of tipsy, cheerful Gearalt” agus Áth Ghearailt Shúgaigh “the ford of tipsy, cheerful Gearalt” in iúl. Is mór an trua nach bhfuil aon eolas eile againn faoin nGearalt Súgach seo, ach más in é an t-ainm a bhí amuigh air sa cheantar, is féidir a shamhlú nach dtagadh sé trasna an átha sin go saoráideach i gcónaí, an créatúr

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Leathanach 2 as 12 ar ais ar aghaidh