Ag céachtaíl na gcloch
An Screagán / Screggan
“the rough, rocky, stony ground”
Dáta: 01/09/2025
Is ar éigean a shamhlódh éinne a bhí i láthair ag an gcéad Chomórtas Treabhdóireachta i 1931 cé chomh lárnach is a bheadh sé i saol mhuintir na tuaithe in Éirinn. Níl aon dabht ná gurb é buaicphointe na bliana é dá lán againn, agus sluaite na gcéadta míle daoine ag teacht chuige ar feadh na seachtaine. I mbliana (2025) beidh lucht ‘na Treabhdóireachta’ ag déanamh ar An Screagán (logainm.ie #1166663), atá suite de réir an tseanchórais riaracháin i bparóiste dlí Lainn Eala / Lynally i gContae Uíbh Fhailí. Pléifimid an dara logainm seo ar ball, ach faoi láthair tabharfaimid aghaidh ar an Screagán féin. Tá an eilimint screag intuigthe go maith, is dócha – malairt foirme de creig “(patch of) rough, rocky, stony ground” is ea é – ach maidir leis an iarmhír -án b’fhéidir gur gá a shoiléiriú go bhfuil brí ar leith aige i logainmneacha seachas -án (díspeagadh amhail -ín) sa ghnáthchaint. Is féidir An Screagán a thuiscint mar ‘áit ina bhfuil talamh screagach/carraigeach’ chomh maith le ‘áit ina bhfuil screag/creig bheag’. (Cf. bogán, a thagann i gceist go minic i logainmneacha sa chiall ‘(áit ina bhfuil) talamh bog’, agus é díorthaithe ón aidiacht bog.) Malairt foirme í screagán de creagán – forbairt ar creig (eDIL s.v. crec) é féin – atá mínithe sna foclóirí mar “rocky eminence” nó “(patch of) stony, barren, ground” (FGB s.v. screagán; cf. eDIL s.v. screc). Is é an sampla is cáiliúla, is dócha, an paróiste darb ainm An Creagán / Creggan (logainm.ie #2734; cf. PNNI) i gContae Ard Mhacha, ar chum Art Mac Cumhaigh aisling álainn faoi (cúpla véarsa le clos anseo, á chanadh ag cainteoir dúchais de bhunadh na háite an bhliain chéanna inar reáchtáladh an chéad Chomórtas Treabhdóireachta).
Ba dhóigh leat nach mbeadh áit darb ainm An Screagán / Screggan ‘(patch of) stony, barren, ground’ ró-oiriúnach do chomórtas treabhdóireachta! Más ea, b’fhéidir gurb é ‘The Rocks of Bawn’ an t-amhrán is oiriúnaí do chomórtas na bliana seo. Ach ar ndóigh, ní gá gur thagair an logainm do bhaile fearainn an Screagáin ina iomláine. (Sin ceist an-shuimiúil sa logainmníocht, a chaithfimid a fhágaint i leataoibh go fóill.) Nuair a scrúdaímid na léarscáileanna cáilíochta talún a chuireann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar fáil (léarscáileanna GCC) feicimid go bhfuil gairbhéal aolchloiche sa leathchuid thiar theas den Screagán, le till aolchloiche sa chuid thiar thuaidh. Díreach lastoir den bhaile fearainn, áfach, faighimid dhá phaiste shuntasacha lomcharraige, agus is cosúil gurb iad seo na screagáin a thug ainm don áit. Tugtar An Muclach / Mucklagh anois ar an mbaile fearainn ina bhfuil an lomcharraig seo, ainm a d’fhéadfadh a bheith níos déanaí ná An Screagán, b’fhéidir, is a rá go dtagraíonn sé don úsáid a bhaintí as an áit seachas don topagrafaíocht féin.
Is ann do bheagán shamplaí eile den téarma tuairisciúil seo screagán i logainmneacha. Éinne a shiúil an cnoc suas i dtreo Carraig Phádraig (#47551) i gContae Thiobraid Árann, cuimhneoidh siad ar an lomcharraig shuntasach atá taobh leis an mbóithrín. An talamh céanna atá le fáil sa bhaile fearainn teorantach leis an gCarraig lastuaidh, darb ainm An Screagán / Scraggaun (#47524). Tá gné cosúil leis seo le fáil in áit eile i gContae Dhoire darb ainm An Screagán / Scriggaun (cf. placenamesni.org) freisin. Ach is é creagán an leagan is coitianta go mór i logainmneacha. (Luamar sampla amháin cheana ach tá sé chomh bisiúil sin nach bhféadfaimis na samplaí go léir a thabhairt anseo.)
Tá an Screagán s’againne suite i bparóiste sibhialta Lainn Eala “church of (the) swan”. Tá an chéad eilimint ansin an-spéisiúil; tá sé gaolmhar le llann ‘eaglais’ atá chomh raidhsiúil sin i logainmneacha na Breatnaise. Ba é Colmán Eala an t-éarlamh, naomh a bhfuil clú is cáil air sa traidisiún Gaelach (féach P. Ó Riain, A Dictionary of Irish Saints). Go deimhin tá go leor leagan éagsúil dá ‘bheatha’ (beathaisnéis naoimh) a thagann anuas chugainn. Déanann cuid acu seo iarracht bunús an bhuafhocail Eala a mhíniú, m.sh. ‘Betha Cholmain Eala annso’ as Beathaí Naomh na hÉireann [Bethada Náem nÉrenn]. Tugtar ginealach an Cholmáin anseo chomh maith le cuntas ar a theacht go dtí an dúiche inar bhunaigh sé Lainn Eala. Deirtear linn go raibh péist urchóideach darbh ainm Lainn ina chónaí i Loch Eala agus nach leomhadh duine ná ainmhí dul i ngaire don loch ar a heagla. [Peist urcoidech do bí i lLoch Eala … ni lamhadh duine na ainmide dol a n-gaire don loch ar a h-ecla … dob e comhainm na peiste-sin .i. Lainn]. Tháinig Colmán agus ‘chuir fios ar a chairde cúnta’, gur dhícheannaigh beirt naomh eile an phéist. Bheannaigh na naoimh an reilig agus chuireadar corp na péiste ann. Lainn ab ainm don phéist agus Loch Eala a bhí ar an loch cheana féin, ná déanaimis dearmad; mar sin féin, sa leagan seo den scéal tagann tuilleadh ealaí go dtí an teampall nua chun ceol a chanadh do na naoimh ann chun leasainm Cholmáin agus an logainm féin a dheimhniú! (Le haghaidh tuilleadh tagairtí don áit seo sna foinsí dúchasacha féach E-Onomasticon s.n. lann elo.)
Mar is minic a tharlaíonn sa tseanlitríocht, táimid ag déanamh iontais anois cé acu arbh ann don logainm Loch Eala i ndáiríre nó ar cruthaíodh é ar mhaithe leis an dinnseanchas. Éinne mbeadh amhras orthu agus a d’fhéachfadh ar an mbaile fearainn Lainn Eala / Lynally Glebe (#42263), nach bhfuil aon loch ann, dhéanfaidís beag is fiú den scéal. Ach casaimis ar na léarscáileanna úd a luamar cheana, bunaithe ar thaighde eolaíochta na GCC: is amhlaidh atá achar mór talamh glárach idir Abhainn Thulach Mhór agus abhainn na Clóidí, díreach lastuaidh den láthair eaglasta. Flooded Bottoms a mharcáiltear anseo ar an léarscáil SO 1ú eag., agus tá sé inmheasta gur anseo a bhí an loch stairiúil. (Cuir i gcás gur léir ar na léarscáileanna céanna go raibh an loch beag in aice le bf Muclach i bhfad ní b’fhairsinge tráth dá raibh.)
Mar a tharlaíonn anois is arís sna nótaí seo, tá pointe tábhachtach le déanamh anseo. Is minic trácht ar athfhliuchadh mar laghdú ar riosca tuilte; b’fhéidir gur i gceantair mar seo – ceantair a bhí fliuch go nádúrtha tráth dá raibh, de réir na fianaise geolaíochta in éineacht leis an bhfianaise logainmníochta – ba cheart tosnú. Ach stopaimis an chaint seo faoin bhfliuchadh, mar tá fhios ag an saol Fódlach go mbíonn ár ndóthain báistí againn i mí Mheán Fómhair! Tá súil againn nach mar sin don Treabhdóireacht i mbliana; ach b’fhéidir nach aon díobháil é a bheith ar siúl ar thalamh crua an Screagáin i ndeireadh na dála, seachas san áit a raibh Loch Eala tráth agus an ollphéist ina cónaí ann.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)