Acmhainní logainmníochta

Áis atá sa rannóg seo chun ábhar eolais i dtaobh logainmneacha faoi leith a chur ar fáil. Tá logainm.ie buíoch de na daoine agus na heagraíochtaí éagsúla a sholáthair an t-ábhar seo. Cuirfear fáilte roimh a thuilleadh ábhair (aistí, grianghraif agus eile) ach dul i dteagmháil linn ag logainm@dcu.ie.

Acmhainní oideachais »

Tá na hacmhainní oideachais seo á soláthar mar áis do theagascóirí agus d'fhoghlaimeoirí. Cuid lárnach d’oidhreacht na hÉireann is ea na logainmneacha. Tá súil againn mar sin go spreagfaidh na hacmhainní seo spéis daoine iontu. Tá na hacmhainní i nGaeilge agus tá siad inphriontáilte.

Téamaí faoi thrácht »

Scagadh ar rogha téamaí coitianta i logainmneacha na hÉireann. Foilsítear na blúirí eolais seo go tráthrialta.

Orduithe logainmneacha »

Liosta na n-ionstraimí reachtúla a thugann feidhm d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Foilseacháin »

Rogha foilseachán logainmníochta a bhaineann le logainmneacha na hÉireann agus atá ar fáil le híoslódáil.

Lámhscríbhinní »

Tá cóipeanna scanta de scríbhinní ó lámh chuid de scoláirí móra logainmneacha na hÉireann anseo.

Léaráidí »

Cuireann na híomhánna seo faisnéis maidir le struchtúr riaracháin na tíre i láthair.

Léarscáileanna stairiúla »

Is bailiúchán é seo de léarscáileanna stairiúla a bhaineann le cúigí agus contaetha na hÉireann chomh maith leis an tír ar fad.