Más peaca a bheith buí…!
Leasainmneacha na nGael (Cuid II)
Gorteenayanka / Goirtín an Gheancaigh
“the (little) field of the snub-nosed, rude person”
(féach logainm.ie #20188)

Dáta: 09/08/2025

I nóta na seachtaine seo caite phléamar an focal carrach “mangy, scabby, rough-skinned”, a bhí chomh coitianta sin i measc na nGael gur tháinig sé slán i roinnt ainmneacha bailte fearainn, amhail Baile Mhic Aodha Charraigh / Ballymacahara “the town(land) of the son of scabby, mangy, rough-skinned Aodh” (logainm.ie #55479) i gContae Chill Mhantáin. Féachaimis anois ar roinnt buafhocal gonta eile a thagann anuas chugainn i logainmneacha.

Bhí cuid de na téarmaí seo ní ba mhaslaí ná a chéile, chomh fada agus is féidir a dhéanamh amach. Tá Lios Aodha Ghruama / Lissagroom “the ring-fort of gloomy Aodh” (logainm.ie #8091) i gContae Chorcaí agus Baile an Ghéill Ramhair / Ballingayrour “the town(land) of the fat hostage” (logainm.ie #30902) i gContae Luimnigh neamhúrchóideach go leor, mar shampla, i gcomórtas le Oileán an Easpaig Ghortaigh / Bishop’s Island “the island of the mean, stingy, hungry bishop” (logainm.ie #7132) i gContae an Chláir! Tá cuid eile fós atá beagáinín débhríoch, agus uaireanta ní féidir a bheith cinnte cé acu moladh nó cáineadh atá iontu. Ba dhóigh leat gur leasainm dearfach é lúbach “strong, supple”, cuir i gcás; ach féach go gciallaíonn an focal sin “slippery, crafty” chomh maith céanna! Más ea, cén sórt duine ab ea ‘Moriertagh Loobagh McMolrony Fyn’ .i. Muircheartach Lúbach Mac Maolruanaidh Fhinn (CPR p.331)? (Géag de Chlann Dhonncha in oirdheisceart Chontae Shligigh ab ea Clann Mhaolruanaidh Fhinn.) Féach freisin gur eascair sloinne as an bhfocal seo lúbach, faoi mar a chonaiceamar an tseachtain seo caite agus Ó Clabaigh a eascairt as clabach “big-mouthed, big-lipped”: thug Muintir Lúbaigh (Brl. Lubby/Looby) ainm do Baile Uí Lúbaigh / Ballylooby “the town(land) of Ó Lúbaigh” (logainm.ie #31574) i gContae Luimnigh.

Mar an gcéanna don fhocal geancach, a deirtí le duine a raibh geanc orthu .i. ‘caincín beag sciota’ ó cheart (AFB s.v. geancach). Ach d’fhás brí dhímholta eile as freisin, mar atá “snubby, surly, rude” (eDIL s.v. genncach; FGB s.v. geancach). Sa chás seo a leanas, áfach, is é is dóichí go bhfuil an leasainm ag tagairt don tsróin, tharla go bhfuil sé le fáil i nglúinte éagsúla den aon teaghlach amháin: sa bhliain 1549, tugadh pardún do ‘Donald gangaughe O’Dowill’ .i. Dónall Geancach Ó Dúill (Doyle) ón Choill (par. Chill Phádraig), gar do na Crosa Beaga i gContae Loch Garman (Fiants [Éad.] §314); garmhac leis siúd ab ea ‘Daniel Doyle alias Gankagh’ – Dónall Geancach eile – ó ‘Kildenis’ (logainm nach maireann) i dTigh na Croise, par. Chluana, gar d’Inis Córthaidh, a bhí páirteach in éirí amach 1641 (C. Ó Crualaoich & K. Whelan, Gaelic Wexford 1550-1650; cf. The Past 17 (1990), lch.36). Ar na samplaí eile ón tréimhse céanna tá ‘Donyll geankaghe O’Cuyllon’ .i. Dónall Geancach Ó Coiliúin (Cullen) ó Dhún Ing, Contae Chill Mhantáin, ar tugadh pardún oifigiúil dó i 1549 (Fiants [Éad.] §272).

Níos gaire dár linn féin, sa bhliain 1839, a breacadh síos ‘cnoc uilliam gannca’ [le défhoghar san fhocal deireanach] mar ainm áitiúil Gaeilge ar Cnoc Liam Gheancaigh / Knockwilliam “the hill of snub-nosed/rude Liam” (logainm.ie #27123) i gContae Chill Chainnigh; bhí foirmeacha Gaeilge den logainm Goirtín an Gheancaigh / Gorteenayanka ‘the (little) field of the snub-nosed or rude person” (logainm.ie #20188) in oirthear Chontae na Gaillimhe fós le clos i lár an 20ú haois. Níl aon eolas againn faoi shloinnte na ngeancach seo, ach is comhartha iad mar sin féin ar a choitianta is a bhí an buafhocal sin i measc na nGael.

(Féach freisin geancánach, a bhí comónta i gCúige Uladh ag tagairt do “one of the lower and more vicious kinds of fairies”, mar a mhínigh an Duinníneach é go snasta sa dara heagrán dá fhoclóir (1927) s.v. geanncánach; cf. FGB s.v. geancánach. Tháinig an focal seo i gceist i ndornán mionlogainmneacha sa tuaisceart, m.sh. Poll na nGeancánach / Pullagankana “the hole, pool of the malevolent snub-nosed fairies”, a bailíodh i bparóiste Shearcóige, Contae an Chabháin, go luath sa 20ú haois.)

Bhíodh gnéithe eile seachas carachtar an duine i gceist ag buafhocail, ar ndóigh. Ní raibh i gcuid mhaith acu ach tagairt do ghruaig nó do chraiceann an duine, m.sh., bán, ballach (“freckled”), crón (“swarthy”), dubh, fionn, liath, odhar (“greyish, mousey-brown”), riabhach (“greyish, dusky”), srl. (NB Ceist cháiréiseach is ea stair agus brí bheacht na bhfocal ar dhathanna a rianú i dteanga ar leith, agus is contúirteach an gnó iad a ‘mheaitseáil’ le téarmaí dathanna i dteanga eile! Mar sin, ní sholáthraítear na haistriúcháin Bhéarla seo a leanas ach mar eolas ginearálta.) Mar a tharlaíonn sé, is iad a leithéid seo de bhuafhocail is mó a bhuailtear linn in ainmneacha na mbailte fearainn. Féach mar shampla Baile Sheoinic Bháin / Ballyshonickbane “the town(land) of white Seoinic” (logainm.ie #32243) i gContae Luimnigh; Gort Sheáin Chróin / Gortshanecrone “the field of swarthy Seán” (logainm.ie #13305) i gContae Chorcaí; Baile Thaidhg Dhuibh / Ballyteigeduff “the town(land) of black Tadhg” (logainm.ie #28485) i gContae Laoise; Áit Tí Tomáis Riabhaigh / Attithomasreva “the house-site of greyish, dusky Tomás” (logainm.ie #18891) i gContae na Gaillimhe; agus Léim Fhir Léith “leap of (the) grey man” nó “the leap of Fear Liath [ainm pearsanta]” (logainm.ie #22686) i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Bhí buí ar na haidiachtaí is coitianta acu seo. D’úsáidtí é le dath gruaige, go háirithe sa tseanteanga (cf. an comhfhocal MG foltbuide ‘le gruaig bhuí’, eDIL s.v. folt, falt compds. (1)), ach ar ndóigh is minicí go mór é sa Nua-Ghaeilge ag tagairt do dhath craiceann duine. Is é dath craicinn a bhí i gceist ná ‘ábhairín donn’ nó “sallow” – mar a úsáidtear an focal sin i mBéarla na hÉireann (FGB s.v. 3 buí (2)) – ach gan a bheith chomh dorcha le crón (eDIL s.v. crón; FGB s.v. crón). Níor rómholta an focal é buí sa chiall seo, ceart go leor, ach ní raibh sé rómhaslach ach an oiread: mar a deir an seanfhocal Gaeilge, Más peaca a bheith buí, tá na mílte damanta!

Pé acu gruaig nó craiceann, tagann buí i gceist i roinnt ainmneacha bailte fearainn i dteannta le hainmneacha pearsanta, m.sh. Baile Dháith Bhuí / Ballyduboy “the town(land) of ‘yellow’ Dáith [leagan eile den ainm Dáibhí]” (logainm.ie #53145) i gContae Loch Garman; Baile Mhic Sheáin Bhuí / Ballymacshaneboy “the town(land) of the son of ‘yellow’ Seán” (logainm.ie #30800) i gContae Luimnigh; Baile Sheáin Bhuí / Ballyjohnboy “the town(land) of ‘yellow’ Seán” (logainm.ie #27364) i gContae Chill Chainnigh; Cluain Mhic Sheáin Bhuí / Clone “the meadow, pasture of the son of ‘yellow’ Seán” (logainm.ie #30800) i gContae Luimnigh; Inis Dáith Bhuí / Inisdauwee “the island of ‘yellow’ Dáith” (logainm.ie #20679) i gContae na Gaillimhe; agus Tamhnaigh Mhic Giolla Bhuí / Tawnycoolawee “the arable field of the son of Giolla Buí [‘the ‘yellow’ fellow’]”, nó “the arable field of Mac Giolla Bhuí [sloinne, Brl. McIlwee]” (logainm.ie #35715) i gContae Mhaigh Eo.

Dála an scéil, más rud é gur dath gruaige a bhí i gceist le buí in aon cheann de na samplaí seo, is cosúil gur mhór an moladh a bheadh ann. Luamar sna nótaí seo cheana an staraí Sasanach darbh ainm Fynes Moryson, a chaith seal in Éirinn (1600–1603) ina rúnaí don Fhear Ionaid, an Tiarna míchlúiteach Muinseo. Tá tuairisc againn uaidh siúd go raibh na Gaeil ceanúil thar meán ar “yellow hair” (féach Analecta Hibernica 37: ‘The Irish Sections of Fynes Moryson’s Unpublished Itinerary’, in eagar ag Graham Kew). Is cosúil gur ghruaig fhionn .i. dath an óir a bhí i gceist ag Moryson le yellow; ní raibh an focal Brl. blond(e) in úsáid an uair sin. (Is cosúil go raibh tóir ag na Sasanaigh féin ar a leithéid, chomh maith, mar tá tagairtí ag Shakespeare do yellow hair mar chomhartha idéalach ar óige agus sláinte; cf. Janziz, ‘A Study of Colour Words in Shakespeare’s Works’ (PhD, Sheffield, 1997).)

Níl pléite againn anseo agus i nóta na seachtaine seo caite ach rogha beag de na buafhocail a thagann anuas, ar ámharaí an tsaoil, mar eilimintí in ainmneacha bailte fearainn. Tá sé ar intinn againn anailís le dealramh a dhéanamh ar an ábhar inspéise seo sna blianta beaga amach romhainn. Gan amhras, níl le fáil in ainmneacha na mbailte fearainn ach céatadán beag de na leasainmneacha agus buafhocail inspéise atá bailithe againn as foinsí stairiúla, idir dhúchasach agus ghallda. (Gan trácht ar shamplaí suntasacha as an tseanlitríocht ar nós Aiteannchaithreach!) Tá dornán beag le fáil de bhreis orthu seo sna logainmneacha stairiúla, ar ndóigh, rud a chuireann i gcuimhne dúinn nach bhfuil aon insint ar an méid nár tháinig slán thar bhearna baoil an 17ú haois nuair a tugadh buille maraithe na muice don sochaí Gaelach.

Mar ardú meanman ar an gcuimhne gruama sin, críochnaímis leis an mbuafhocal súgach. Is focal breá dearfach é súgach ar uairibh agus brí shoineanta ‘meidhreach’ leis, ach is minicí go mór a thugann sé braon faoin bhfiacail le fios (AFB s.v. súgach; eDIL s.v. súcach): faoi mar a chan an réice, Má chím daoine súgacha is má bhím súgach leo / ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? Bíodh sin mar atá, tagann súgach i gceist i gcúpla logainm stairiúil a bhí suite gar do Bhaile Mhic Liam Rua (par. Mhoing Airt), sa cheantar úd darb ainm An Dufair / The Duffry “the wilderness, jungle” siar amach ó Inis Córthaidh, Contae Loch Garman. Cuireann na foirmeacha béarlaithe ‘Rahingerrald Soughagh’ (NAI-Lodge-4-237 [1622]) agus ‘Aghgarraltsugagh’ (The Civil Survey of Wexford IX [1654] lch. 279) na logainmneacha Ráithín Ghearailt Shúgaigh “the ring-fort of tipsy, cheerful Gearalt” agus Áth Ghearailt Shúgaigh “the ford of tipsy, cheerful Gearalt” in iúl. Is mór an trua nach bhfuil aon eolas eile againn faoin nGearalt Súgach seo, ach más in é an t-ainm a bhí amuigh air sa cheantar, is féidir a shamhlú nach dtagadh sé trasna an átha sin go saoráideach i gcónaí, an créatúr

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)