I milisín mhí Mheán Fómhair 2025 phléigh muid An Screagán / Screggan “the rough, rocky, stony ground” (logainm.ie #1166663), ainm na háite ina raibh an Craobhchomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar siúl. Luadh sa phíosa sin, nach dtagraíonn an logainm do chaighdeán na talún sa bhaile fearainn sin ach do lomán carraige atá díreach thar teorainn an bhaile fearainn in An Mhuclach / Mucklagh “the place of pigs; piggery” (logainm.ie #42264). Níl baint ag ceachtar acu sin logainm le céachta ná le treabhdóireacht, ach is amhlaidh go bhfuil roinnt logainmneacha ann a thagraíonn do thalamh treafa, don treabhdóireacht nó don chéachta féin nó cuid de. Mar is iondúil, áfach, is minic nach mar a shíltear a bhítear sna logainmneacha.
As go brách linn go Contae Mhaigh Eo ar dtús. Is beag amhras ach go dtagraíonn an logainm Corr na gCéachta / Cornageaghta “the round hill of the ploughs” (logainm.ie #36465) don chnoc beag cruinn atá sa bhaile fearainn sin (féach: Fiachra Mac Gabhann (2014), Logainmneacha Mhaigh Eo 10, lch. 72). Gairbhéal agus gaineamh agus till aolchloiche atá san fho-ithir anseo (féach epa.ie). Is cinnte go mbeadh till aolchloiche feiliúnach don chéachta, ar ndóigh. Tá baile fearainn eile sa chontae chéanna den ainm Droim Céachta / Drumkeaghta, agus gach uile sheans gur tagairt eile don chéachta atá anseo sa bhrí “ridge of (the) plough”, mar a mhol Mac Gabhann (ibid. iml. 6, lch. 202). Tá droim anseo i gcúinne thoir theas an bhaile fearainn áit a bhfuil till aoilchloiche ann freisin, murab ionann is an chuid eile den bhaile fearainn mar a bhfuil portach réitithe ann. Tá corrthagairt ar fáil don ainm pearsanta Céacht freisin (féach dil.ie s.v. Cécht; agus Leabhar Mór na nGenealach, eag. Nollaig Ó Muraíle). Más amhlaidh gurb é an t-ainm pearsanta sin atá sa logainm, d’fheadfaí é a mhíniú mar “the ridge of Céacht (ainm pearsanta)”. B’fhéidir nach bhfuil sé sin ródhóchúil, toisc nach raibh an t-ainm pearsanta sin róchoitianta le beagnach míle bliain ó theacht na nAngla-Normannach i leith, de réir cosúlachta. Bíodh sin amhlaidh, is ann do logainmneacha eile a bhfuil an t-ainm pearsanta sin Céacht iontu. I nGaeltacht Chontae Dhún na nGall, amach ón gcósta ag na Clocha Corra (logainm.ie #14530) ar Árainn Mhór (logainm.ie #14527), faighimid an mionlogainm Carraig Mhic Céachta “the rock of the son of Céacht” (logainm.ie #1395581). Níl aon amhras faoin ainm pearsanta a bheith san ainm sa chás seo (agus féach freisin an carachtar miotaseolaíochta Mac Céacht i seanscéalta amhail Toghail Bhruíon Da Dhearga). Maidir le céachta (“plough”) féin, áfach, níl aon amhras ann ach gurb in atá taobh thiar den logainm béarlaithe Coolakay in aice le hÁth na Sceire i gContae Chill Mhantáin: Cúil an Chéachta “the recess, nook of the plough” (logainm.ie #55110). D’fhéadfadh an leagan Béarla Coolakay duine a chur ar strae, ach tá an bhunfhoirm Ghaeilge Cúil an Chéachta le léamh go soiléir ar fhoirmeacha béarlaithe amhail ‘Cowle-Keight’ (1603: CPR) agus ‘Coolekeaghta’ (1761: Powerscourt Papers). Gaineamh agus gairbhéal atá i bhformhór na hithreach sa bhaile fearainn seo. Tá an stráice ina bhfuil an ithir sin suite idir ceantar mór creagach ar an taobh thoir theas agus an Deargail ar theorannacha theas, thiar, agus thiar thuaidh an bhaile fearainn. Is dóigh gurb é sin an talamh treafa a luaitear go hindíreach san ainm (féach epa.ie).
Ar ndóigh, ní hé céacht(a) an t-aon fhocal amháin sa Ghaeilge a thagraíonn d’uirlisí treabhdóireachta. I gContae Shligigh, lastuaidh de Thobar an Choire, mar shampla, tá Cluain Arathair / Cloonaraher “meadow, pasture of ploughing, (the) plough” (logainm.ie #45718) ann. Luaitear an dara Cluain Arathair i bhféilirí na naomh, ach ní léir go díreach cén áit ina raibh sé sin (féach DIAS Onomasticon). Is éard atá sa dara heilimint den logainm sin an focal arathar “ploughing equipment, plough; ploughing” (FGB s.v. arathar), atá réasúnta neamhchoitianta sna logainmneacha. Faightear é i logainm stairiúil eile, áfach, mar atá Druim Arathair “ridge of (the) ploughing, plough” (féach DIAS Onomasticon), nach léir a shuíomh beacht ach an oiread. I gcás an bhaile fearainn Cluain Arathair / Cloonaraher i gContae Shligigh, faightear paiste de thill gaineamhchloiche, atá feiliúnach don treabhdóireacht, le portach réitithe mórthimpeall air (féach epa.ie).
Focal eile a bhaineann le cúrsaí treabhdóireachta agus atá i bhfad níos coitianta ná na cinn atá luaite againn go dtí seo is ea seisreach. Is é is réimse bríonna leis an téarma sin “plough”, “plough-team” (FGB s.v. seisreach) agus “plough-land (as much land as a six-horse plough could plough in a year)” (eDIL s.v. seisrech). Díol suntais, dála an scéil, gur i gCúige Mumhan amháin a fhaightear an focal seo i logainmneacha (féach an léarscáil thíos). Anuas air sin, is i gContae Thiobraid Árann is mó a mhaireann seisreach “ploughland” mar aicmitheoir nó phríomheilimint. Ar na samplaí sa chontae sin tá An tSeisreach Chaol / Sheseraghkeale “the narrow ploughland” (logainm.ie #46740); An tSeisreach Mhór / Shesheraghmore “the big ploughland” (logainm.ie #45859); An tSeisreach Rua / Shesharoe “the red ploughland” (logainm.ie #46363); agus Seisreach Scanláin / Shesheraghscanlan “the plough-and of Scanlán (ainm pearsanta)” (logainm.ie #45949).
(Dáileadh seisreach “plough-team; plough; plough-land” in ainmneacha bailte fearainn.)
Faightear seisreach mar cháilitheoir i gContae Thiobraid Árann chomh maith: cuir i gcás Ráth na Seisreach / Rathsasseragh “the ring-fort of the ploughlands” (logainm.ie #49035) atá ar imeall bhaile Thiobraid Árann. Mar a tharlaíonn sé, ní luaitear aon ráth sa taifead seandálaíochta anseo, ach gach seans go dtagraíonn an t-ainm do cheann de na imfhálaithe trasna na teorann i gCorróg Mhór (logainm.ie #49033). Tá roinnt bailte fearainn sa chontae céanna a bhfuil An Leathsheisreach “the half-ploughland” (logainm.ie #46002; # 46582; #46812) mar ainm orthu. Ba ghnách go ndéantaí ainmneacha den déanamh sin a bhéarlú mar Lahesseragh, ach i gcás amháin ghlac ainm an tí mhóir Landsdown (logainm.ie #46357) ionad ainm Gaeilge an bhaile fearainn. Maidir leis an logainm Béarla Middleplough (logainm.ie #46530), sa chontae céanna arís, ní léir ar an gcéad amharc an aistriúchán ar bhunainm Gaeilge atá ann nó an ainm é a cumadh sa Bhéarla. Tá fianaise ar fáil gur aistríodh ainmneacha amhail An Leathsheisreach Chrua “the hard half plough-land” mar ‘Hardplow orse Leisreaghcrua’ (CPR, p. 303), áfach, agus d’fhéadfaí a thuairimiú dá bharr sin gur aistriúchán ar *An tSeisreach Láir is ea Middleplough. Go deimhin, ní fhaightear Middleplough nó a leithéid i logainmneacha Shasana, de réir cosúlachta, rud a thugann orainn a mheas gur aistriúchán ar bhunlogainm Gaeilge atá anseo ó cheart.
Is féidir talamh slán a dhéanamh de gur An Leathsheisreach “the half-ploughland” atá taobh thiar de Lahesheragh North, ~ South (logainm.ie #24233; #24234) i gContae Chiarraí. Faightear leathsheisreach mar cháilitheoir i gContae Thiobraid Árann, ar nós seisreach féin, faoi mar atá le feiceáil in Fearann na Leathsheisrí “the land of the half-ploughland”, logainm atá béarlaithe mar Farranlahassery in aice leis an gCathair (logainm.ie #48114), agus mar Farran taobh le hImleach (logainm.ie #48790). Tá samplaí eile den logainm céanna ar fáil in áiteanna eile i gCúige Mumhan: béarlaíodh é mar Farranalahesery (logainm.ie #49769) i gContae Phort Láirge agus mar Farranlaheshery East agus West (logainm.ie #10002; #10166) i gContae Chorcaí; agus faightear Baile na Leathsheisrí / Ballynalahessery “the town(land) of the half-ploughland” (logainm.ie #49377; #49376) i gContae Phort Láirge freisin. Tá Currach na Leathsheisrí “the marsh of the half ploughland” (logainm.ie #11728) cóngarach do Chill na Mallach i dtuaisceart Chorcaí, baile fearainn a fhaigheann a ainm oifigiúil Béarla Currymount ón tigh mór ansin (‘Currymount [otherwise] Curraghnalahesery’; CGn. 345.594.235308). Is dócha go dtagann Curry ón gcéad eilimint currach, ach is mó an seans go mbaineann Brl. -mount leis an nós a bhí faiseanta tráth an focal sin a úsáid in ainmneacha galánta na dtithe móra. Chun an plé ar an eilimint seisreach mar cháilitheoir sna logainmneacha a thabhairt chun clabhsúir, féach Fearann na Seisrí / Farrannasheshery “the land of the plough(land)” (logainm.ie #8120) i gContae Chorcaí agus an dá thobar den ainm Tobar na Seisrí / Tobernashesree “the well of the ploughland” i gContae Luimnigh (logainm.ie #1415346; #1415466).
Is cinnte go bhfuil eilimintí eile ann a thagraíonn don treabhdóireacht, don chéachta nó do chuid den chéachta i logainmneacha na tíre. (Cuir i gcás coltar (gen. sg. coltair; var. coiltir; cf. dil.ie s.v. coltar) a fhaightear in Sliabh Coiltir / Slievecoiltia “mountain of (the) coltar” (logainm.ie #53617) i gContae Loch Garman nó soc “a snout; a ploughshare” in Tír an tSoic / Tiratick “the land of the snout, or ploughshare” (logainm.ie #45002) i gContae Shligigh.) Léiríonn na samplaí atá tugtha againn i Milisín na Míosa seo go bhfuil tagairtí don treabhdóireacht, don chéachta nó do chuid de coitianta go maith i logainmneacha na tíre. Chun a thuilleadh eolais a fháil ar na gnéithe sin de thraidisiún Gaelach na hÉireann, níl leabhar ar bith níos fearr ná Early Irish Farming le Fergus Kelly ina bhfuil eolas flúirseach le fáil ar an ábhar seo i luathstair na hÉireann. Ní inniu ná inné a thosaigh muintir na hÉireann ag cur spéise sa ‘Treabhdóireacht’, ar ndóigh, agus beidh craobhchomórtas na bliana seo ag déanamh ceiliúrtha ar chleachtas feirmeoireachta a théann siar breis agus míle bliain.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Justin Ó Gliasáin)