2024-06-16

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Fuinseoga, aistriúcháin, aibhneacha agus sloinnte
Cnoc na Fuinseoige/Ashhill “the hill of the ash(-tree)”
(féach logainm.ie #47206)

Dáta: 15/06/2024

Iomáint a bhí á plé againn sa dá alt deiridh agus, ar an dea-uair, táimid ag cloí leis an sárchluiche céanna sin an tseachtain seo. San alt leis ‘Teorainneacha, Áthanna agus Iomáin’ sa Tipperary Historical Journal (2008) lgh. 164–174, a luamar cheana, tugann Art Ó Maolfabhail faoi deara go bhfuil Cnoc na Fuinseoige/Ashhill “the hill of the ash(-tree)” (logainm.ie #47206) suite taobh le Áth na gCamán/Aughnagomaun “the ford of the hurls” (logainm.ie #47499) i gContae Thiobraid Árann. Mar is eol d’éinne a imríonn an iomáint, cé nach bhfuil aon teora leis an dul chun cinn atá déanta leis an snáithín gloine agus ábhair chomhchodacha eile le blianta anuas, níor thángthas fós ar aon mhianach camáin is fearr ná an fhuinseog. An amhlaidh gur comhtharlúint, más ea, a d’fhág Cnoc na Fuinseoige in aice Áth na gCamán? Is deacair a rá, i bhfianaise a choitianta is atá an eilimint fuinseog “ash(-tree)”, et var., in ainmneacha bailte fearainn in Éirinn, gan trácht ar an mbaint atá ag an bhfocal camán féin le haibhneacha agus srutháin mar a pléadh i nóta eile le déanaí. Faighimid samplaí den logainm Gaeilge Baile na Fuinseoige “the town(land) of the ash(-tree)” i gContae Phort Láirge, mar ar béarlaíodh é mar Ballynafineshoge (logainm.ie #50166) (iarracht ar an défhoghar i nGaeilge na háite is ea -fine- gan dabht), agus i nGleann Molúra i gContae Chill Mhantáin, áit a ndearnadh Ballinafunshoge (logainm.ie #55583) de. Tá tagairt do Baile na Fuinseoige eile i gContae Cheatharlach (logainm.ie #3034) le fáil i bhfilíocht Ghaeilge de chuid an 16ú haois — ghlac Constablehill ionad an ainm sin sa Bhéarla le linn an 17ú haois.
An eilimint chéanna atá sna logainmneacha Tuaim na Fuinseoige/Tomnafunshoge “tumulus of the ash(-tree)” (logainm.ie #52479) i gContae Loch Garman agus Gleann na Fuinseoige “the valley of the ash(-tree)” (logainm.ie #27387) i gContae Chill Chainnigh, a bhfuil idir thiontú agus bhéarlú neasfhoghraíochta in úsáid ina ainm Béarla oifigiúil Ashglen or Glennafunshoge. Tá foirm iolra le fáil sna logainmneacha Baile na bhFuinseog “the town(land) of the ash-trees” (logainm.ie #53264) i gContae Loch Garman — ‘Ballinefunshoge’ sna tagairtí is luaithe béarlaithe ach is féidir ainm an lae inniu Funshoge a rianú siar go dtí an 17ú haois — agus Cúil na bhFuinseog/Coolafunshoge “the recess, corner of the ash-trees” (logainm.ie #55930) i gContae Chill Mhantáin. Tá Fuinseog le fáil mar logainm simpléacsúil, freisin, m.sh. Fuinseog/Funshoge “(the) ash-tree” (logainm.ie #53547) i gContae Loch Garman (cf. Baile na bhFuinseog/Funshoge thuasluaite sa chontae céanna) agus An Fhuinseog/Funshog “the ash-tree” (logainm.ie #33533) i gContae Lú.
Rinneadh aistriúchán ar roinnt mhaith logainmneacha Gaeilge chomh maith, amhail Cnoc na Fuinseoige “the hill of the ash(-tree)” thuasluaite a ndearnadh Ashhill sa Bhéarla de. Is mar Ashtown a tiontaíodh an logainm Baile na Fuinseoige “the town(land) of the ash(-tree)” i gContaetha Chill Chainnigh (logainm.ie #26435) agus Phort Láirge (logainm.ie #49728); tá idir leagan aistrithe agus leagan neasfhoghraíochta san ainm oifigiúil Béarla Ashtown or Ballinafunshoge a socraíodh ar Baile na Fuinseoige in aice leis an Tóchar i gContae Chill Mhantáin (logainm.ie #55719). Is trí leathaistriúchán nó shaobhaistriúchán a baineadh Ashfield as Gleann na bhFuinseog “the valley of the ash-trees” (logainm.ie #42268) i gContae Uíbh Fhailí.
Ach ar ndóigh is ann freisin d’fhíor-logainmneacha de bhunús Béarla a thagraíonn don fhuinseog, m.sh. Ashford (logainm.ie #55475) i gContae Chill Mhantáin (Áth na Fuinseoige an leagan Gaeilge oifigiúil) agus Ashgrove, a thug ainm do dhá bhaile fearainn i gContae Chorcaí (logainm.ie #9389; #11919) (dar leagan Gaeilge oifigiúil Garrán na Fuinseoige), agus ceann amháin i gContae Chill Dara (logainm.ie #24922). Logainm ársa Béarla é Ashfield (logainm.ie #17352) i gContae Bhaile Átha Cliath (leagan oifigiúil Gaeilge Gort na Fuinseoige), dá dtaispeánann an fhianaise luath nach -field a bhí ina dheireadh ó cheart ach -town/-ton (féach ‘Asseton’’, ‘Ashton’’, ‘Ashetowne’, srl.).
Is dócha gurb é an bruachbhaile mór Ashtown (logainm.ie #17263) i gContae Bhaile Átha Cliath an sampla is mó le rá den logainm Béarla sin. Ní bhfuair an áit sin a ainm go díreach as an bhfuinseog, áfach, ach as sloinne dhuine de na coilínigh Angla-Normannacha [AN] — sin é an fáth gurb é Baile an Ásaigh “the town(land) of An tÁsach (.i. duine dar sloinne AN Ashe)” an leagan oifigiúil Gaeilge de. Baisteadh an logainm Gaeilge céanna, Baile an Ásaigh, go dúchasach ar bhaile fearainn i nGaeltacht Chorca Dhuibhne (logainm.ie #22600) — Ballinasig an fhoirm Bhéarla a bhí in úsáid go hoifigiúil go dtí 2004 (féach Alt 33(2) de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; An tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004). Tagann an sloinne céanna i gceist sna logainmneacha Gaeilge Fearann an Ásaigh/Farranasa “the land of An tÁsach” (logainm.ie #48791) i gContae Thiobraid Árann agus Garrán an Ásaigh/Garrananassig “the grove of An tÁsach” (logainm.ie #12358) i gContae Chorcaí.
Tugann na trí logainm deiridh seo fianaise an-tairbheach dúinn ar lonnaíocht Angla-Normannach sna háiteanna seo a ndearnadh (ath-)ghaelú orthu ina dhiaidh sin. Agus chun filleadh ar an gcluiche Gaelach a bhí mar théama againn i dtosach báire, díol spéise go raibh lonnaíocht shuntasach Angla-Normannach anallód i ngach contae is bríomhaire iomáint inniu, geall leis, cé is moite de Chontae an Chláir.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí