An ghaoth aduaidh bíonn sé crua, cuireann sé driuch ar dhaoine;
An ghaoth aniar bíonn sé dian, baineann sé uan as caora;
An ghaoth aneas bíonn sé tais, agus cuireann sé rath ar shíolta;
An ghaoth anoir bíonn sé tirim, is cuireann sé iasc chun tíreach.
Rann faoin ngaoth a raibh leaganacha éagsúla de ar fáil ar fud na Gaeltachta tráth. Tagann an leagan thuas ó Chontae Chill Chainnigh (féach Éigse iml. 36). Tabhair faoi deara gnéithe canúna ar nós -th leathan deiridh = /x/ (-ch leathan); -r- caol = /ʒ/ (cosúil leis an gconsan láir mar a bheadh zh i mBrl. treasure, pleasure); dá bhrí sin deireadh Gaeilgeoirí Osraí an líne dheireanach mar a bheadh ‘An ghaoch anoizh bíonn sé tizhim, is cuizheann sé iasc chun tízheach’.)
Agus sinn ag druidim leis an Athbhliain is gnách dúinn bheith ag féachaint ar aghaidh sa saol. Beidh súil ag mórán againn, mar shampla, gur féidir dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide le tuilleadh úsáide a bhaint as acmhainní in-athnuaite fuinnimh amhail an ghaoth, an taoide agus an ghrian. An ghaoth a bheidh faoi chaibidil againn an mhí seo. Ba olc an ghaoth an stoirm thubaisteach a bhuail Éirinn Lá Nollaig na mBan (6 Eanáir) na bliana 1839, an oíche ar a dtugtar Oíche na Gaoithe Móire sa traidisiún. Bhí na taighdeoirí logainmneacha Seán Ó Donnabháin agus Tomás Ó Conchúir ar obair pháirce sna sléibhte i gContae Chill Mhantáin nuair a tháinig an stoirm seo faoina ndéin, gur rugadh amuigh orthu faoin mbrúchtaíl sneachta. Tá cuntas an Donnabhánaigh ar imeachtaí na hoíche sin le léamh i Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (Cill Mhantáin) lgh. 205–208.
Níl aon teora le cumhacht na gaoithe, rud ar féidir tairbhe a bhaint as le tuirbíní gaoithe chun leictreachas a ghiniúint. Ach ní haon mhaith do na tuirbíní céanna stoirmeacha tobanna fíochmhara; is fearr dóibh an ghaoth leanúnach ná an ghaoth láidir, agus roghnaíonn na hinnealtóirí suímh oiriúnacha dá réir. Díol spéise, mar sin, súil a chaitheamh ar an léarscáil a thaispeánann suíomh na bhfeirmeacha gaoithe sa Stát (seai.ie: windatlas), mar níl ceann ar bith acu suite in áit atá ainmnithe as an ngaoth sa Ghaeilge. Ní hionann é sin is a rá go ndearna na Gaeil neamhaird den ghaoth ina gcuid logainmneacha, mar is léir don té a chuardódh an eilimint gin. (na) gaoithe “of (the) wind” ar logainm.ie. Tá míreanna eile i logainmneacha a chuireann ‘gaoth’ in iúl, ar ndóigh, m.sh. siota “gust” sa logainm Baile Shiota / Ballyhitt “town(land) of (the) gust” (logainm.ie #54388) i gContae Loch Garman, atá béal dorais, dála an scéil, le baile fearainn darb ainm Béarla Coldblow (logainm.ie #54389). Ach díreoimid ar shampla beag den 90 éigin ainmneacha bailte fearainn a bhfuil gaoth, gin. u. (na) gaoithe iontu, atá le fáil ó Binn na Gaoithe / Beennageeha “the (mountain) peak of the wind” (logainm.ie #24732) i gContae Chiarraí go Droim na Gaoithe / Drumnagee “the ridge of the wind” (logainm.ie #61785; placenamesni.org) i gContae Aontroma.
Mar a mbeifí ag súil, dála binn agus droim sa dá logainm dheiridh seo, is minic an eilimint gaoth le fáil i dteannta le focail a chuireann ardáin in iúl: cuir i gcás Ard Gaoithe / Ardgeeha “height of (the) wind” (logainm.ie #48326) i gContae Thiobraid Árann; Ard na Gaoithe “the height of the wind”, atá béarlaithe mar Ardnageeha (logainm.ie #12645) agus Ardnageehy (logainm.ie #12070) i gContae Chorcaí; Cnocán na Gaoithe / Knockaunnageeha “the hillock of the wind” (logainm.ie #19121) i gContae na Gaillimhe. Faighimid Cnoc na Gaoithe “the hill of the wind”, arna bhéarlú mar Knocknageeha i gContaetha an Chláir (logainm.ie #7880), Mhuineacháin (logainm.ie #41018), Mhaigh Eo (logainm.ie #34989; #37430) agus Shligigh (logainm.ie #45070; #45675); mar Knocknagee i gContae Chill Dara (logainm.ie #24906); agus mar Knocknageehy i gContaetha Chorcaí (logainm.ie #9135) agus Mhaigh Eo (logainm.ie #35638). Talamh ard gaofar atá i gceist freisin le Corr na Gaoithe / Cornageeha “the round hill of the wind” i gContaetha Ros Comáin (logainm.ie #42357), Liatroma (logainm.ie #29398; #29474; 30085; #30164); Shligigh (logainm.ie #45503) agus Mhaigh Eo (logainm.ie #36825). Is é Cornagee an fhoirm bhéarlaithe den logainm Gaeilge céanna i gContaetha an Chabháin (logainm.ie #3748; #5578), Fhear Manach (logainm.ie #59021; placenamesni.org) agus Ros Comáin (logainm.ie #43065). A leithéid chéanna de bhrí, ó thaobh séimeantaice de, atá leis na logainmneacha Maol Gaoithe / Mulgeeth “bald hillock of (the) wind” (logainm.ie #25547) i gContae Chill Dara agus Tulaigh Ghaoithe / Tulligee “mound of (the) wind” (logainm.ie #9006) i gContae Chorcaí.
Tá taithí ag formhór againn bheith ar shráid ina dtreoraítear an ghaoth go suntasach sa tslí is go séideann gála tríd an mbóthar suas. A chosúlacht de thopagrafaíocht a chuirtear in iúl sa logainm coitianta Bearna na Gaoithe “the gap of the wind”, dá bhfuil samplaí le fáil ar fud na tíre. (Cuir i gcás freisin míniú deas an Oileánaigh ar an mionainm Mám an tSéideáin ar an mBlascaod Mór: ‘Mám íseal … é seo. Má bhíonn puth gaoithe as an spéir is thríd seo a bheidh a tabhairt amach le fáil agat, gur ghlac sé an ainm thuas.’) Rinneadh Bearna na Gaoithe a bhéarlú go foghrúil mar Barnageehy (logainm.ie #13695) i gContae Chorcaí agus é a aistriú mar Windgap (logainm.ie #49060) i gContae Phort Láirge. I dtuaisceart Chontae Chill Dara tá tagairt luath againn don bhaile fearainn Windgates (logainm.ie #25472) mar ‘Lez Wyndyates’ (1475), ach is ann do thagairt is luaithe fós ‘Bernegeyh’ (1305), a sheasann do Bearna na Gaoithe gan amhras. Díol mór suntais nach bhfuil tagairt ar bith le fáil don ainm Gaeilge seo sa taifead stairiúil, ach go raibh sé ar eolas ag Gaeilgeoir de bhunadh na háite i 1838, a sholáthair an fhoirm ‘bearna na gaoithe’ do thaighdeoirí na Suirbhéireachta Ordanáis. Ar an láimh eile, ní thagann aon fhianaise anuas chugainn a chaithfeadh solas ar an ainm Gaeilge a bhí ar Windgate (logainm.ie #55044) eile, gar do na Clocha Liatha i gContae Chill Mhantáin, agus go deimhin is maith an seans gurbh é lucht an Bhéarla i measc na gcoilínithe luatha a chum is a cheap (‘Le Windgates’ 1280). Is eol dúinn, áfach, gur ghlac na bailte fearainn Leaca an Mheantáin / Jockeyhall (logainm.ie #30621) agus An Tóin Bhán / Tonbaun (logainm.ie #30625) i gContae Luimnigh ionad seanbhaile fearainn darbh ainm Bearna na Gaoithe sa chóras Gaelach (‘leithsheisreach bhéirne na gaoithe’ c. 1550).
Faightear an eilimint seo gaoth i dteannta le míreanna a bhaineann le struchtúir lonnaíochta freisin, amhail dún “fort”, lios “ring-fort”, lisín “(little) ring-fort”, ráithín “(little) ring-fort”, á thabhairt le fios go raibh siad seo suite in áiteanna feothanacha freisin. Cuir i gcás Dún Gaoithe / Dungeeha “fort of (the) wind” (logainm.ie #31881) i gContae Luimnigh agus Lisín na Gaoithe / Lisheennageeha “the (little) ring-fort of the wind” (logainm.ie #21733) i gContae na Gaillimhe. Bhí foirm eile den logainm Ráithín na Gaoithe / Raheenagee (logainm.ie #52501) i gContae Loch Garman, in úsáid tráth .i. Cnoc Ráithín na Gaoithe “the hill of the (little) ring-fort of the wind” (‘Knockrahingie’ 1618); tá an ráithín suite ar ardán.
Ainm inspéise is ea Lios na Gaoithe “the ring-fort of the wind” (logainm.ie #35682) i gContae Mhaigh Eo (‘Lissnegihie’ 1617), freisin, ach ó thaobh an Bhéarla de. Is é an t-ainm atá air sa dara teanga oifigiúil ná Lisnageeha or Antigua, as oileán de chuid Oileáin na Fothana (Brl. Leeward Islands), sa Mhuir Chairib. ‘Fothain ón ngaoth’ atá i gceist i dteideal an oileánra seo ach is ar éigean gur imeartas focal indíreach ar an mbunainm Lios na Gaoithe a thug an t-ainm Béarla (‘Antigua’ 1783 an tagairt is luaithe dá bhfuil againn). Sampla é seo de na hainmneacha ‘galánta’ a baisteadh ar thithe móra na n-uaisle faoin tuath in Éirinn tar éis na díshealbhaíochta sa 17ú haois agus go luath san 18ú haois, ainmneacha nach raibh aon bhaint acu leis an topagrafaíocht áitiúil den chuid is mó, gan trácht ar na logainmneacha Gaeilge a bhí ann rompu. Rinne a lán de na hainmneacha nua ceiliúradh ar Impireacht na Breataine, a bhí ag forbairt thar cuimse le linn na tréimhse seo, agus an cabhlach chun tosaigh sa mhéadú sin: cuir i gcás Gibraltar i gContaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Mhantáin, na Mí agus Muineacháin, nó Portobello i mBaile Átha Cliath agus i gContae Ros Comáin, srl. Le linn na tréimhse seo, bhí ainm in airde ar Antigua ar fud na hImpireachta toisc a thábhachtaí is a bhí an t-oileán sin i dtrádáil sclábhaithe an Atlantaigh, ní amháin as na plandálacha siúcra a bhí san oileán féin, ach mar cheanncheathrú áitiúil ag Cabhlach na Breataine ó 1725 ar aghaidh. (Tá Antigua le fáil mar pháircainm i Sasana chomh maith; féach Field, A New Dictionary of English Field Names.)
Ach fillimis ar logainmneacha dúchasacha na hÉireann. Radharc choitianta ar fud na tíre is ea an sceach aonair idir thú agus léas, arna cromadh agus arna lúbadh ag na síorghaotha aniar (An ghaoth aniar, bíonn sí dian…). Ní haon iontas an t-íomhá seo a bheith caomhnaithe i logainmneacha Gaeilge ar nós Sceach na Gaoithe “the hawthorn of the wind”, mar shampla, faoi mar atá in ainm an bhaile fearainn béarlaithe Skenageehy (logainm.ie #17991) i gContae na Gaillimhe. Tá an logainm céanna le fáil i gContae Mhaigh Eo ach cuireadh Annefield (logainm.ie #34993) ina ionad mar ainm Béarla air. (Dála an scéil, díol spéise a chomónta is a bhí Annefield (logainm.ie #11114; #26629; #53637; #57110) nó Annfield (logainm.ie #17262; #26786) mar ainmneacha ar thithe na n-uasal faoin tuath le linn na tréimhse a luamar thuas. Níl bunús Béarla ag gach uile cheann díobh, aisteach go leor: is éard atá san ainm Annfield (logainm.ie #47110) i gContae Thiobraid Árann leathaistriúchán ar Gort Eanaigh “field of (the) marsh” (*Gort Eana’ an fuaimniú i gcanúint na háite).)
Tá go leor ainmneacha eile a d’fhéadfaimis a lua ach críochnóimid leis an dornán beag seo a leanas. Faightear Baile na Gaoithe “the town(land) of the wind” minic go leor: béarlaithe mar Ballynageeha (logainm.ie #18789) i gContae na Gaillimhe; Balgeeth (logainm.ie #38083) i gContae na Mí; agus Ballinagee faoi dhó i gContae Chill Mhantáin (logainm.ie #54875; #55120) agus uair amháin i gContae Loch Garman (logainm.ie #54531). Ábhar mór spéise é an logainm deireanach seo Baile na Gaoithe, atá laistigh de limistéar bhaile Loch Garman anois, agus é suite lámh le baile fearainn darb ainm An Muileann Bán / Whitemill, áit a léirítear muileann gaoithe ar léarscáil bharúntachta de chuid an Down Survey c. 1655 (féach downsurvey.tcd.ie: Forth); sa chlár a bhaineann le léarscáil an pharóiste féin, tá cuntas ar idir mhuileann gaoithe agus mhuileann uisce ann (downsurvey.tcd.ie: Forth, St. Peter’s).
Luaitear muilte gaoithe i logainmneacha i gcontaetha eile, ar ndóigh: cuir i gcás Muileann Gaoithe / Mullingee “(the) windmill” (logainm.ie #32941) i gContae na hIarmhí, áit arb é an logainm an t-aon fhianaise amháin ar an muileann féin, nach bhfuil rian de le fáil san fhardal seandálaíochta. Tagairt dheas is ea ‘Botherwolyngyhy’ (1553) nó Bóthar an Mhuilinn Ghaoithe, a thagraíonn don mhuileann gaoithe sa bhaile fearainn Baile an Mhuilinn / Windmill (logainm.ie #47552) gar do Chaiseal, Contae Thiobraid Árann (‘Windmill’ 1609 an chéad tagairt don ainm Béarla; cf. ‘Milltowne alias Windmill’ 1666). Bunús Béarla, de réir dealraimh, atá leis na samplaí eile de Windmill mar ainm bhailte fearainn i gContaetha Chill Dara (logainm.ie #25511), na hIarmhí (logainm.ie #51663) agus Lú (logainm.ie #33619; #34008), dála Windmill Lands (logainm.ie #17092) i gContae Bhaile Átha Cliath.
Mar fhocal scoir, tiocfaimid ar ais chuig baile Loch Garman, mar a bhfaighimid buaicphointe thionscadal an fhuinnimh ghaoithe in Éirinn sa Nua-aois Luath, gan aon agó. In achar beag lasmuigh den bhaile mar a bhí sa 17ú haois, taispeánann an Down Survey seacht gcinn déag de mhuilte gaoithe (downsurvey.tcd.ie: Forth). Ní heol dúinn a leithéid de dhlús in aon áit eile in Éirinn. Tugtar Windmill Hill ar an áit seo fós sa Bhéarla uaireanta, agus níl sé rófhada ó bhaile ón mbaile fearainn Baile na Gaoithe / Ballinagee a luamar thuas. Mar is gnách, bhí na Gaeil a tháinig romhainn fíorthuisceanach ar luí na talún agus iad ag cumadh logainmneacha amhail Baile na Gaoithe; tugaimis faoi deara freisin cé chomh lárnach is a bhí an fuinneamh in-athnuaite sa 17ú haois, bunoscionn le teicneolaíocht ár linne féin go fóill.
Léarscáil an Down Survey c. 1655. (Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: https://downsurvey.tchpc.tcd.ie/down-survey-maps.php#bm=Forth&c=Wexford)
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)