BROWSE
townland
Ráithín Ruacháin
genitive: Ráithín Ruacháin
(Irish)
Raheenahoran
(English)

Glossary

English small ring-fort

Explanatory note

  • Gaeilge

    (little) ring-fort of (the) reddish earth?

    Sa chúinne thoir theas den bhaile fearainn léirítear Toberoran SO — foirmeacha stairiúla is ea 1608 ‘Tobberdreolane’, 1670/71 ‘Toberory’.

    In ainneoin a chosúlacht le dreolán na Gaeilge níl aon dealramh le ‘-dreolane’ mar litriú Béarla agus is léir go bhfuil sé truaillithe.

    D’fhéadfadh sé go bhfuil ainm an tobair gaolmhar le hainm an bhaile fearainn agus gur imir an fhorbairt dhéanach chéanna ar an dá cháilitheoir (e.g. 1608 leg. ‘Tobbereroohane’ (?) > Toberoran SO). Díol spéise go bhfuil paiste beag de thalamh ghléireach san áit seo ina bhfuil an tobar, mar a mbuaileann na trí bhailte fearainn le chéile (www.epa.ie). D’fhéadfaí an t-ainmfhocal ruachán (< ruadhán “reddish earth”?) a chur san áireamh sa dá logainm, b’fhéidir, téarma a thagann i gceist i logainmneacha eile ar fud na tíre, e.g. bf Ruachán ( 1) (#46058) — seans mar sin gur sampla de logainm aonair is ea 1605 ‘Roughin’ Inq. Lag. 1 Jac. I.

    Ainmneacha stairiúla:
    Bhí ainm eile ar iarthar an bhaile fearainn go stairiúil .i. 1660c ‘Rahinanuskey’, et var. < Ráithín an Uisce “the (little) ring-fort of the water” — cf. 1608 ‘through the middle of a lane, between the western boundary of the wood of Rahinuske’ ag an bpointe seo ar theorainn thiar thuaidh thailte an Phiogóidigh (CPR 113). Tagairtí stairiúla eile is ea 1563 ‘Rahinuske’, 1607 ‘Rahineneuske’, 1660c ‘Rahinanuskey’. Is léir nach ionann an áit seo agus an baile fearainn i bpar. Dhíseart Aonghais taobh theas de Dhún Másc, bf Ráithín an Uisce (#28253) an lae inniu, ar chuid de ghabháltas Brereton é an uair úd. Déanann an fhoirm 1607 ‘[Rahinepeske al’] Rahiniskdugh-mullegan’ (Inq. Lag. 1 Jac. I) an áit seo de chuid an Phiogóidigh a idirdhealú ar an gceann eile úd ó dheas (i.e., bf Ráithín an Uisce (#28253) i bpar. Dhíseart Aonghais, de chuid Brereton) trí úsáid a bhaint as ainm Gaeilge na dúiche seo 1551 ‘Twomelagan’, 1563c ‘Tovmologan’ < Tuath Mhaolagáin (féach par Srúbh Bhó (#1460)). Ní léir cé acu an béarlú díreach ar logainm Gaeilge atá anseo (*Ráithín Uisce Thuath Mhaolagáin “the Ráithín an Uisce in Tuath Mhaolagáin”) nó an comhdhéantús é den dá logainm béarlaithe. (Is cosúil gur botún cóipeála é 1608 ‘[Rahinuske ows.] Rahinkedow, Rahinmulligan’ (CPR 112b) ar an 1607 ‘[Rahinepeske al’] Rahiniskdugh-mullegan’ seo.)

Centrepoint

53.0515, -7.21723latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Historical references

1563
Rawelenneshean alias Rathneshian
F Leathanach: 559
1569
Raghlynneshean alias Rathneshean
John Whitney, gent
F Leathanach: 1353
1571
Raghlinneshean alias Rathneshean
F Leathanach: 1720
1577
Rathnegerathe?
F Leathanach: 2987
1603
Rahintowghan
Piggott
Inq. Lag. Alt: 1 Jac. I
1605
Roughin
Inq. Lag. Alt: 1 Jac. I
1608
Rahin-Raighan
Féach Cen. 497 (1659);
CPR Leathanach: 113
1608
Rathuneran, Dirreye
estate of the hospital of St. John's of Athy; Dirrete = Derry SO (p Straboe)
CPR Leathanach: 126
1614
Rathlinneshean al' Rathneshian?
Inq. Lag. Leathanach: 4 J I
1615
Raghlunieshian otherwise Rathneshian
CPR Leathanach: 283
1642
Rahein Rohan
Dep. 1641
1642
Rahinrohin
Dep. 1641
1642
Rahin=Roughane
Dep. 1641
1659
Rahinrahan
'Ballecarroll ... Ballemonny'; Raheen / Raheenahoran SO?
Cen. Leathanach: 497
1755
Raheenrohan
CGn. Imleabhar: 173.522.117129
1755
Raheenroan
CGn. Imleabhar: 175, Leathanach: 302, Uimhir: 117131
1755
Raheenrongh
CGn. Imleabhar: 179, Leathanach: 161, Uimhir: 119324
1813
Raheenrohan
CGn. Imleabhar: 658, Imleabhar: 157, Uimhir: 453126
1819
Ragheenroughan otherwise Raheenroghan otherwise Raheenroohan
CGn. Imleabhar: 740, Leathanach: 15, Uimhir: 503950
1822
Raheenroughan
CGn. Imleabhar: 774, Leathanach: 40, Uimhir: 524375
1838
Raithín uí Ódhrain, 'O'Horan's little rath, or earthen fort'
OD:AL Leathanach: La038,11
1838
Raheenahoran
BS:AL Leathanach: La038,11
2004
rahiːnəˈhoːrən
Áit.

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm