Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
subunits
Hierarchy
county
barony
civil parish
Explanatory note
- Gaeilge
the streaked, grey top
Tá an baile fearainn seo suite i measc na gcnoc ar Shliabh Bladhma. Níl léirithe anseo ar léarscáil an Down Survey ach ‘wast mounteyne’ (1655). Measaimid gur dóichí barr “top” sa chéad eilimint anseo ná bán “grassland, lea-field”. Is cosúil gur tháinig foirmeacha in -n- ar nós 1838 ‘Bawnreagh’ san Ainmleabhar chun solais de bharr míthuisceana. Féach na foirmeacha áitiúla éagsúla ó 2004.
Suite taobh le bf Barr Doinn (#28516) lastoir agus bf An Barr Leathan (#41455) (UF 37) lastuaidh.
Mionainmneacha eile ar an léarscáil:
Ar a slí ó Chúige Uladh go Cionn tSáile in 1601 chuir arm Uí Néill campa i nGleann Leitreach (#41462) (UF 37) in Éile Uí Chearúill, atá i gContae Uíbh Fhailí an lae inniu. Tá Hugh O’Neill’s Well léirithe sa bhaile fearainn úd ar SO 6ʺ, ach féach ‘Unable to locate a natural spring well that is associated with Hugh O’Neill’ i bhFardal Seandálaíochta an chontae sin. Is cosúil gurb amhlaidh go raibh an tobar seo ar thaobh Chontae Laoise den teorainn, in iarthar an bhaile fearainn seo idir chamáin (Hugh O’Neill’s Well SO Cassini, SO Discovery, Fardal Seandálaíochta; www.archaeology.ie).Pén taobh den teorainn a raibh an tobar seo, díol spéise gur cosúil go réitíonn an suíomh le 1621 ‘Tobbernagrosse’ < Tobar na gCros “the well of the crosses” a bhí ina mharc teorann ar Osraí Uachtarach in Inq. Lag. 19 Jac. I agus in CS X 33 (1654) araon. Is ag an bpointe seo ar Shliabh Bladhma a bhuail trí seandúichí le chéile, mar atá Uí Riagáin in Uí Fhailghe (bar. Thigh na hInse), Éile Uí Chearúill (bar. Bhaile an Bhriotaigh (UF)) agus Osraí Mhic Giolla Phádraig féin (bar. na Coille Uachtaraí).
In oirthuaisceart an bhaile fearainn tá an bhearna a dtugtar The Cut anois air (#28354), mám suntasach trína ritheann bóthar ón seandúiche úd Uí Riagáin (bar. Thigh na hInse). Tá sé le tuiscint as an Ionchoisne thuasluaite ó 1621 gurb ionann an bhearna seo agus seanmharc eile, ‘Bearnacormaine’ (< Bearna Chorr Mheáin (?) “gap of (the) middle round hill (?)”) (cf. bf Móin Mhic Nua (#28522)).
Centrepoint
Historical references
1655 |
'wast mounteyne'
|
|
1838 |
Bawnreagh
|
BS:AL Leathanach: La045,18
|
1838 |
Banreagh
|
Hamilton, W. :AL Leathanach: La045,18
|
1838 |
Bawnreagh
|
Rour, G. :AL Leathanach: La045,18
|
1838 |
Baureigh
|
Despard:AL Leathanach: La045,18
|
1838 |
Bán riach, 'grey field'
|
OD:AL Leathanach: La045,18
|
1838 |
Baunreagh
"We have adopted 'baun' to represent 'bán', a green field, and 'bawn' for 'badhbún', a castle." [Nóta OD]
|
OD:AL Leathanach: La045,18
|
1838 |
[Baunreagh]
"…'Sentry Box'.";
|
Desc. Rem.:AL Leathanach: La045,18
|
1868 |
Baureigh, my mountain property of
Steuart-Trench
|
LScapeSBloom Leathanach: 230
|
2004 |
bɑːnˈriː
|
|
2004 |
bɑːˈriː
|
|
2004 |
bɑːˈriː
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28354.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML