BRABHSÁIL
baile fearainn
An Barr Riabhach
ginideach: an Bhairr Riabhaigh
(Gaeilge)
Baunreagh
(Béarla)

Gluais

Béarla top
Béarla streaked, grey

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the streaked, grey top

    Tá an baile fearainn seo suite i measc na gcnoc ar Shliabh Bladhma. Níl léirithe anseo ar léarscáil an Down Survey ach ‘wast mounteyne’ (1655). Measaimid gur dóichí barr “top” sa chéad eilimint anseo ná bán “grassland, lea-field”. Is cosúil gur tháinig foirmeacha in -n- ar nós 1838 ‘Bawnreagh’ san Ainmleabhar chun solais de bharr míthuisceana. Féach na foirmeacha áitiúla éagsúla ó 2004.

    Suite taobh le bf Barr Doinn (#28516) lastoir agus bf An Barr Leathan (#41455) (UF 37) lastuaidh.

    Mionainmneacha eile ar an léarscáil:
    Ar a slí ó Chúige Uladh go Cionn tSáile in 1601 chuir arm Uí Néill campa i nGleann Leitreach (#41462) (UF 37) in Éile Uí Chearúill, atá i gContae Uíbh Fhailí an lae inniu. Tá Hugh O’Neill’s Well léirithe sa bhaile fearainn úd ar SO 6ʺ, ach féach ‘Unable to locate a natural spring well that is associated with Hugh O’Neill’ i bhFardal Seandálaíochta an chontae sin. Is cosúil gurb amhlaidh go raibh an tobar seo ar thaobh Chontae Laoise den teorainn, in iarthar an bhaile fearainn seo idir chamáin (Hugh O’Neill’s Well SO Cassini, SO Discovery, Fardal Seandálaíochta; www.archaeology.ie).

    Pén taobh den teorainn a raibh an tobar seo, díol spéise gur cosúil go réitíonn an suíomh le 1621 ‘Tobbernagrosse’ < Tobar na gCros “the well of the crosses” a bhí ina mharc teorann ar Osraí Uachtarach in Inq. Lag. 19 Jac. I agus in CS X 33 (1654) araon. Is ag an bpointe seo ar Shliabh Bladhma a bhuail trí seandúichí le chéile, mar atá Uí Riagáin in Uí Fhailghe (bar. Thigh na hInse), Éile Uí Chearúill (bar. Bhaile an Bhriotaigh (UF)) agus Osraí Mhic Giolla Phádraig féin (bar. na Coille Uachtaraí).

    In oirthuaisceart an bhaile fearainn tá an bhearna a dtugtar The Cut anois air (#28354), mám suntasach trína ritheann bóthar ón seandúiche úd Uí Riagáin (bar. Thigh na hInse). Tá sé le tuiscint as an Ionchoisne thuasluaite ó 1621 gurb ionann an bhearna seo agus seanmharc eile, ‘Bearnacormaine’ (< Bearna Chorr Mheáin (?) “gap of (the) middle round hill (?)”) (cf. bf Móin Mhic Nua (#28522)).

Lárphointe

53.0821, -7.57403domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1655
'wast mounteyne'
DS Par. (Reeves)
1838
Bawnreagh
BS:AL Leathanach: La045,18
1838
Banreagh
Hamilton, W. :AL Leathanach: La045,18
1838
Bawnreagh
Rour, G. :AL Leathanach: La045,18
1838
Baureigh
Despard:AL Leathanach: La045,18
1838
Bán riach, 'grey field'
OD:AL Leathanach: La045,18
1838
Baunreagh
"We have adopted 'baun' to represent 'bán', a green field, and 'bawn' for 'badhbún', a castle." [Nóta OD]
OD:AL Leathanach: La045,18
1838
[Baunreagh]
"…'Sentry Box'.";
Desc. Rem.:AL Leathanach: La045,18
1868
Baureigh, my mountain property of
Steuart-Trench
LScapeSBloom Leathanach: 230
2004
bɑːnˈriː
Áit.
2004
bɑːˈriː
Áit.
2004
bɑːˈriː
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm

Fo-aonaid