Inghlacthacht ainmneacha

Ainmneacha deimhnithe

Logainmneacha nó ainmneacha geografacha a bhfuil stádas dleathach oifigiúil ag a bhfoirmeacha Gaeilge de thairbhe iad a bheith sonraithe in Orduithe Logainmneacha de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá logainmneacha áirithe i dTuaisceart Éireann curtha sa chatagóir seo chomh maith, ar nós contaetha, cathracha, bailte agus roinnt ionad daonra eile.

Ainmneacha neamhdheimhnithe

Logainmneacha nó ainmneacha geografacha a bhfuil foirm Ghaeilge shealadach socraithe ag an mBrainse Logainmneacha dóibh de thoradh taighde, ach nach sonraítear in Ordú Logainmneacha de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 iad.

Ainmneacha stairiúla

Foirmeacha stairiúla logainmneacha nó logainmneacha atá as feidhm.

Ainmneacha áitiúla

Foirmeacha áitiúla logainmneacha ar leaganacha malartacha iad d’ainmneacha oifigiúla. I gcásanna áirithe athraíodh ainm go dtí ainm eile nó go dtí foirm Ghaeilge ainm.