BROWSE
townland
Cúil Chríche
genitive: Chúil Chríche
(Irish)
Hophall
(English)

Glossary

English corner, nook

Explanatory note

  • Gaeilge

    corner, nook of (the) boundary?

    Tá cur síos ar ghabháltas talún de chuid na bPiogóideach, plandóirí Sasanacha, le fáil in F 1386 (1569) agus go háirithe in CPR 112b–113b (1608) a thugann eolas maith ar theorainneacha na dtailte a bronnadh orthu i nDíseart Aonghais. Is féidir a dhéanamh amach gur bhain an logainm stairiúil 1563 ‘Colkey alias Colenechre’, 1605 ‘Coolekregh’, 1642 ‘Coolcree’, etc., le bf Hophall an lae inniu, mar a chuirtear in úil in 1735 ‘Coulerih alias Hophall’. Tugann tomhas na n-acraí in BSD le fios go mb’fhéidir go raibh bf Coolnacarrick san áireamh freisin ann.

    Is cosúil gurbh ionann an 1563 ‘Colkey alias Colenechre’ seo a bhí i seilbh an Phiogóidigh agus an 1549 ‘Cowlkre’, 1551 ‘Cowlkrey’, 1569 ‘Cowlkhre’, srl., a bhain le gabháltas Wise (agus Cosby ina dhiaidh sin) i bhFearann Ó Leathlobhair díreach laistiar. Más ionann ní léir cad ina thaobh go luaitear é sa dá ghabháltas i bhfoinsí comhaimseartha.

    Réiteodh cuid mhaith den fhianaise le Cúil Chré “corner, nook of clay, earth”. Ach is dócha gur féidir linn é a ionannú le 1282–83 ‘Culcrithy’ (Inq. PM 2 267) sa chur síos ar thailte mhainéar Dhún Másc, litriú a réiteodh le Cúil Críche “corner, nook of (the) boundary” (in CDI II 467, eagrán eile den téacs céanna, ní thugtar mar léamh anseo ach ‘O . . .’). Tá cuid den bhaile fearainn i dteorainn le barúntacht an tSráidbhaile agus níl sé rófhada ón teorainn idir Fearann Ó Leathlobhair agus Fearann an Phrióra laisteas (cf. cn Crois Uí Dhuibh/Croshy Duff (#1419165)). Féach bf Cúil na Carraige (#28488); cf. bf Ráth Críche (#28200).

    Mionainmneacha ar an léarscáil:
    Léirítear Toberacullen SO 6ʺ ar thaobh an chnoic ar theorainn theas an bhaile fearainn. Is ionann é seo is 1608 ‘Tubbergillereogh’ sa chur síos ar theorainn thailte an Phiogóidigh (CPR 113a). Tobar an Chuilinn “the well of the holly-tree” atá san ainm déanach, is cosúil, agus Tobar Giolla Riabhaigh “the well of Giolla Riabhach (ainm pearsanta)” atá sa seanainm. (Caolseans go bhfuil gaol idir an dá ainm, áfach, m.sh. gur forbairt é Toberacullen SO ar 1608 leg. ‘Tubbergillenagh’ < An Tobar Cuileannach, Tobar na gCuileannach (?).)

    Ainmneacha stairiúla:
    I dtuaisceart an bhaile fearainn, i dteorainn le bf Doire (#28489), faighimid 1608 ‘Knockanroe’ < An Cnocán Rua “the red hillock” agus 1608 ‘Knockanetritoagh’ < Cnocán (Trí Tuath?) (“hillock of three districts”, b’fhéidir, sa chúinne thiar mar a mbuaileann trí pharóistí le chéile), leirgí thuaidh na talún airde seo. (Pléitear ‘a moor called Monecharin, extending to Knockanetritoagh’ faoi bf Doire (#28489).) Bheadh súil agat gur anseo freisin a bheadh ‘Carigııı ban’ (v.l. ‘van’) le fáil, ainm atá léirithe ar léarscáil 1563c lastuaidh de ‘croche dougā’ (cn Crois Uí Dhuibh/Croshy Duff (#1419165)). Ach chuaigh dínn a leithéid a aimsiú.

    Cf. bf Baile an Chnocáin (#28495) a thagraíonn do leirg thiar theas na talún airde seo i bpar. Chill Cholmáin Bháin, agus 1608 ‘Knockanemore’ < An Cnocán Mór “the big hillock” ar leirg theas cn Carraig Fhinn (#1417882).

Centrepoint

53.0076, -7.23903latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Historical references

1282–83
Culcrithy
Inq. PM 2 Imleabhar: II, Leathanach: 267
1549
Cowlkre?
extent of ffarryn I llaillor
Carrigan MS Imleabhar: 46
1551
Cowlkrey?
"Henry Wise ... parcel of the lordship of Farryn y liallor, in Leix"
F Alt: 716
1557c
Coulecrede?
P.R.O.L. Imleabhar: 62/1
1563
Colkey alias Colenechre
John Pygott of Dissert
F Alt: 496
1569
Cowlkhre?
Francis Cosbie
F Alt: 1376
1570
Cowlkhre?
Francis Cosbye
F Alt: 1624
1587
Colkey alias Colenechre
Rob Pyggotte
F Alt: 5047
1593
Cowlkhre?
Alex. Cosbie
F Alt: 5824
1605
Coolekregh
Wesley prióir Chill Dara
Inq. Lag. Alt: 1 J I
1607
Coolkey al' Cowlechreigh
Piggott
Inq. Lag. Alt: 1 J I
1608
Coolkey otherwise Coolecreighie
Piggott
CPR Leathanach: 113
1642
Colecree
Dep. 1641
1642
Culcrea
Dep. 1641
1659
Culecrihy
Cen. Leathanach: 497
1660c
Cloghsrigh
Piggott
BSD (La) Leathanach: 97
1735
Coulerih als Hophall
CGn. Imleabhar: 84.35.57833
1740
Coulerih otherwise Hophall
CGn. Imleabhar: 102.39.69603
1805
Coolereagh
sic
Cahill (La)
1805
Hop Hill
Cahill (La)
1838
Hop Hall
BS:AL Leathanach: E019,1,10
1838
Hop Hill
Cahill Co. Map:AL Leathanach: E019,1,10
1838
Hop Hall
OC:AL Leathanach: E019,1,10
2006
hopˈhɑːl
Áit.

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm