Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Hierarchy
county
barony
civil parish
Explanatory note
- Gaeilge
Ní cinnte bunús an ainm seo agus is réiteach fuaime a mholtar thuas.
Is ar éigean is féidir an défhoghar /əi/ i bhfuaimniú an lae inniu 2005 /kaˈməirə/ a léamh ar na foirmeacha luatha (murab ionann is bf An tOidhre (#28316) i gCluain Eidhneach, mar shampla). Tá na deontaisí ó Lúnasa 1622, Nollaig 1622, 1627 agus 1639 go léir gaolmhar lena chéile (‘Camore’), ach ní thagann na foirmeacha neamhspleácha eile 1629 ‘Camery’, 1655 ‘Camorie’ Down Survey (= BSD = Hib. Del.), 1662 ‘Cammory’ ná 1725 ‘Camore’ le foghraíocht an lae inniu ach oiread. Ní bheadh sé réasúnta a mheas go bhfuil siad seo go léir lochtach.
Is amhlaidh atá leanúnachas le fáil sna foirmeacha stairiúla seo 1622–1725 ‘Camore’, ‘Camery’, ‘Camorie’, ‘Cammory’ ach a chur i gcás go raibh an bhéim ar an gcéad siolla ó cheart. Is féidir an malartú -e-/-o- sa dara siolla a thuiscint ansin mar réaduithe ar ghuta gan bhéim, agus * /~ˈkɑmərə/ a léamh — faoi mar a bheadh béarlú á dhéanamh ar * cam(a)ra na Gaeilge, nó nuair is dócha go bhfuil an litriú -re, -ry ag cur r-caol in iúl, * camaire.
Bheadh dealramh le camdhoire * /ˈkɑmɣir′ɪ/ “crooked (oak-)grove” mar bhunús dá leithéid i measc na ndoire-ainmneacha eile sa cheantar seo ó thaobh céille de. Féach an camas beag sa sruthán teorann mar a bhfuil an choill bheag timpeall ar Glebe House SO in iarthar an bhaile fearainn — áit a bhfuil crainnte léirithe ar léarscáil SO 6″ agus áit atá faoi chrainn fós; tá sé léirithe mar thalamh den dara haicme ar léarscáil DS (cf. ‘arable and pasture … wood and bog(g)’ i ndeontais 1627–1639). Cf. teorainn chuartha thuaidh an bhaile fearainn féin.
Níl aon sampla eile againn den charn -mdh- sa chontae seo agus ní fios mar sin an mbeifí ag súil leis an bhfoghar /ɣ/ a dhul i léig faoin 17ú haois. Féach, áfach, 1950c /ˈkɑmverʹə/ ag beirt Gaeilgeoirí in bf Camdhoire (#18963) in oirthear na Gaillimhe ( LASID I — fuaim idir /v/ is /w/ is brí le /v/ anseo) agus an litriú 1834 ‘Comwerragh’ (#36477) i Maigh Eo (cf. 1937 ‘Camber’ < bf Gort na Camdharach (#30169) i Liatroim). Ba cheart a lua go bhfuil leithéidí Camgerry níos comónta san fhianaise bhéarlaithe do na hainmneacha sin, ach mar sin féin is rímhaith a d’oirfeadh * /ˈkɑmwərʹə/ < camdhoire do na foirmeacha béarlaithe de chuid an 17ú haois. Tabhair faoi deara go n-oirfeadh comhfhocal ar nós * camoireadh “crooked tilled land” go maith le 1622 ‘Camore’, 1629 ‘Camery’, srl.; cf. ainm an bhaile fearainn teorantaigh bf An tOireadh (#28476) (1607 ‘the Nerye’, 1622 ‘Nerrie’, ‘Nerry’).
Ach cloítear anseo leis an réiteach fuaime * Camaire de bharr na héiginnteachta seo (cf. leithéidí Liataire (< liath+ doire), Cronaire (< cru(i)nn+ doire), srl., www.logainm.ie).
Mar le fuaimniú an lae inniu de, dhealródh sé gurbh é * /~ˈkɑmərə/ fuaimniú béarlaithe an ainm i dtús an 18ú haois fós agus gurb in a bhí i gceist leis an litriú débhríoch 1778 ‘Camira’ an chéad lá. Féach gur mór an difear idir an éagsúlacht foirmeacha sa 17ú haois agus a dhaingne is a chloítear leis an litriú seo ‘Camira’ as 1778 amach. Tá an chuma air gur glacadh leis an bhfoirm seo mar a bheadh ainm bréagchlasaiceach ar theach mór, agus gur tháinig athrú ar an mbéim dá réir. D’fhéadfadh cur amach a bheith ag an uasalaicme ar ainm ar nós ‘Camīrus or Camīra, a town of Rhodes’ Bibliotheca Classica (1792) (.i. Kameiros, baile dúchais an fhile Peisander sa 7ú haois BC), nó fiú ‘Lady Camira Belville’ san urscéal Rose-Mount Castle (1798), a bhí suite in Éirinn.
Maidir le 1838 ‘Cam-eighre’ an Donnabhánaigh, is dócha gurbh é logainm a bhí ar intinn aige an logainm stairiúil 1241 ‘Caimeirghi [gin.]’ Annála Uladh = ‘Camergi [gin.]’ Annála Conn., láthair chatha in iarthar Chúige Uladh (cf. Ó Murchadha, Ainm VI 7 agus Williams, ITS LI 268; Caméirghe “crooked rise” [.i. Caméirí] an míniú a thugtar in FSÁG III). Ní fhéadfadh a leithéid bheith taobh thiar de na foirmeacha béarlaithe luatha anseo.
Centrepoint
Historical references
1622 |
Camore
Robert Loftus, 20/08/1622
|
CPR Leathanach: 552
|
1622 |
Camore
Walter Greame, 31/12/1622
|
CPR Leathanach: 560
|
1627 |
Camore (or Camoryn)
[leg. or Camorÿ] Theobald, Lord Brittas, 12/12/1627
|
O Doyne Ms. Leathanach: 176
|
1629 |
Camery
Barnaby Doyne, 22/12/1629
|
O Doyne Ms. Leathanach: 177
|
1639 |
Camery
Barnaby Dun, 13/04/1639
|
O Doyne Ms. Leathanach: 180
|
1639 |
Camore
An chléir, 13/06/1639
|
O Doyne Ms. Leathanach: 179
|
1655 |
Camorie gleab land
|
|
1660c |
Camorie (Gleabe Land)
|
BSD (La) Leathanach: 120
|
1662 |
Cammory
Barnab' Dunn de Ballynekill [ob 17 nov' 16[.]1] > Car' Dunn de Brittas, 23/08/1662
|
Inq. Lag. Leathanach: 2 C II
|
1669 |
Camore
|
Dunne Papers Leathanach: 135
|
1685 |
Camorie
|
|
1725 |
Camore
|
CGn. Leathanach: 44.290.29264
|
1778 |
Camira
|
T&S Leathanach: 158, 159
|
1795 |
Camira
|
CGn. Leathanach: 489.527.311919
|
1812 |
Camira
|
Leet Imleabhar: I, Leathanach: 123
|
1819 |
Camira glebe house
|
Par. Stat. Imleabhar: III, Leathanach: 332
|
1819 |
Camira
"[Derivation] Not obvious."
|
Par. Stat. Leathanach: 332
|
1823 |
Camira
|
|
1838 |
Cammory
|
Inq. C II:AL Leathanach: La056,8
|
1838 |
Camorie
|
DS:AL Leathanach: La056,8
|
1838 |
Cam-eighre, 'crooked rising'
|
OD:AL Leathanach: La056,8
|
1838 |
Cam-ira
|
pl:AL Leathanach: La056,8
|
1838 |
Cam-eye-ra
|
pron.:AL Leathanach: La056,8
|
1838 |
Camira
|
OD:AL Leathanach: La056,8
|
1838 |
Camira
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La056,8
|
1838 |
Cammira Glebe
|
Drogheda Map 1812:AL Leathanach: La056,8
|
1838 |
Carmirah Glebe
|
BS:AL Leathanach: La056,8
|
1997 |
kɛˈməirə
|
Áit. Cainteoir: C894b1
|
2005 |
kaˈməirə
|
|
2005 |
kaˈməirə
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28639.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML