Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Hierarchy
county
barony
civil parish
Explanatory note
- Gaeilge
tillage-plot of (the) block, boulder?
Murab ionann is bf An Cheapach Bheag (#28545), níl aon rian de -ch /-x/ deiridh an aicmitheora le sonrú san fhianaise. Cloítear le foirm an ainmnigh ceapach ina ainneoin sin (cf. bf An Cheapach Ard (#28342)).
Tá an dara heilimint doiléir. Cuirtear suas de oileán mar cháilitheoir de bharr na samplaí luatha in -ull-/-ol(l)- (1582, 1601, 1607, 1622, 1629, 1659) agus de bharr cháilíocht na talún freisin — téarma is ea oileán a chiallaíonn de ghnáth (lasmuigh de chomthéacs uisce) paiste de dhea-thalamh a bhfuil drochthalamh ar gach taobh de.
Is cosúil gur cheart na foirmeacha luatha a léamh mar seo a leanas: 1569 ‘Cap-ellan’, 1582 ‘Cap-ollan’, 1601 ‘Keappa ullane’, 1607 ‘Capp-illane’, 1607 ‘Capp-ollane’, ‘Capp-ullan’, 1659 ‘Cap-olane’. Is fiú iad seo a chur i gcomparáid le hainm stairiúil a thagair d’áit timpeall le bf An Goirtín nó bf Míleac, tamaillín ó thuaidh .i. 1607 ‘Garrifoolane’, 1622 ‘Garrefelan’ CPR, 1639 ‘Garryfelan’, 1660c ‘Garrifollan’ BSD, 1662 ‘Garryfellan’ Inq. Lag. < Garraí Faoláin (?) “the garden of Faolán (ainm pearsanta)”, ina bhfeicimid -oo-, -e-, -o- mar réaduithe ar -ao- na Gaeilge idir dhá chonsan leathana. D’fhéadfaí an cáilitheoir céanna a thuairimiú anseo, agus an túschonsan f- faoi shéimhiú i ndiaidh ceapach/ceapaigh (bain.) .i. Ceapach Fhaoláin (?) “the tillage-plot of Faolán”. Cf. an litriú -o- in 1739 ‘Ballifolan’ faoi bf Baile Uí Fhaoláin/Ballyfolan (#54859) i gCill Mhantáin (agus an litriú -u- in 1643 ‘Morrow O’ffulane’ Dep. 1641 sa chontae céanna úd), agus cf. 1601 ‘Tullalane’, 1615 ‘Tullelane’, 1626 ‘Tulliellane’ < bf Tulaigh Fhaoláin (#8233) i gCorcaigh.
Bheifí ag súil le rian éigin den fhréamhchonsan f- /f/, áfach, tharla go dtagann a oiread sin tagairtí anuas chugainn. Bhí seisear dar sloinne Whelan sa bharúntacht seo agus M‘Phelan amháin i gCluain na Slí in aimsir Griff. Val.
Maidir le ulán, cf. na mionainmneacha Gaeltachta cn Cnoc na nUlán (#1395150) i Múscraí agus mng An tUlán Liath (#1398992) in Inis Meáin; ní léir a leithéid de chloch shuntasach anseo.
Ainmneacha stairiúla:
Ní léir bunús 1607 ‘Kinnaghan’, ‘Kinaghan’, mionainm a luaitear i dteannta leis an mbaile fearainn seo in LS Uí Dhuinn 22.
Centrepoint
Historical references
1569 |
Capellan
|
F Leathanach: 1338
|
1582 |
Capollan
Malaghlen M'Owyn
|
F Leathanach: 3840
|
1601 |
Keappa ullane
Melaghlin M'Owen
|
F Leathanach: 6523
|
1607 |
Cappollane, Cappullan, Cappullane
|
O Doyne Ms. Leathanach: 22
|
1607 |
Cappillane
|
O Doyne Ms. Leathanach: 30
|
1622 |
Cappullane
|
CPR Leathanach: 552
|
1629 |
Cappullane
|
O Doyne Ms. Leathanach: 177
|
1642 |
Cappalawne
|
Dep. 1641 Leathanach: 170r
|
1659 |
Capolane
|
Cen. Leathanach: 506
|
1660c |
Cappalane
|
BSD (La) Leathanach: 126
|
1725 |
Cappolane
|
CGn. Leathanach: 44.290.29264
|
1823 |
Capalan
Capalane san innéacs
|
|
1832 |
Cappulane
|
Dunne Papers Leathanach: 135
|
1838 |
Cappalane
|
BS:AL Leathanach: La056,6
|
1838 |
Cappalane
|
Drogheda Map 1812:AL Leathanach: La056,6
|
1838 |
Capalane
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La056,6
|
1838 |
Ceapa lán, 'full plot'
|
OD:AL Leathanach: La056,6
|
1838 |
Cappalane
|
OD:AL Leathanach: La056,6
|
2005 |
kapəˈleːn
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28640.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML