Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the black tops
Drochthalamh ard fliuch riascach. Is é is dóigh linn gur -s iolra an Bhéarla atá i ndeireadh an logainm seo. Tá Barradoos Mountain SO féin sa bhaile fearainn teorantach bf Coillín an Phearsúin (#28377) laistiar. Tá an sliabh seo i gcoigrích le Contae Uíbh Fhailí an lae inniu.
Cf. an dá logainm seo a leanas ar thaobh Chontae Uíbh Fhailí den sliabh: 1654 ‘Baresaska on the topp of Slewbloem’ CS X 33 (i gcur síos ar theorainneacha bharúntacht Bhaile an Bhriotaigh (UF)) < Barr Seasca “top of (the) sedgeland” [= c. bf An Seisceann (#41022)] laistiar; agus bf An Barr Leathan “the wide top” (#41455) laisteas.
Ainmneacha eile:
Tá ceithre chinn d’imfháluithe (gan ainm) liostaithe anseo san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie). Éiríonn abh An Chlóideach (#116170) i ndeisceart an bhaile fearainn — tugann Lewis 1837 ‘the Barradois or Clodiagh river’ Top. Dict. I 350 ar an abhainn chéanna. Pléitear an t-ainm abhann clóideach “the one that washes, the clean (river)” in Dinnseanchas V 24–25.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1819 |
the Barradois
|
Par. Stat. Imleabhar: III, Leathanach: 314
|
1819 |
the river Barradois
|
Par. Stat. Imleabhar: III, Leathanach: 316
|
1824 |
Barradoes
|
|
1837 |
the Barradois or Clodiagh river
|
Top. Dict. Imleabhar: I, Leathanach: 350
|
1838 |
Barrdoo's
|
CM:AL Leathanach: La036,9
|
1838 |
Barra dubha, 'black tops'
|
OD:AL Leathanach: La036,9
|
1838 |
Barradoos
|
OD:AL Leathanach: La036,9
|
1838 |
Barradooes
|
BS:AL Leathanach: La036,9
|
1838 |
Barradoos
|
pl:AL Leathanach: La036,9
|
1997 |
barəˈduːz
|
Áit. Uimhir : C894b2
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28370.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML