BROWSE
Ceanannas
genitive: Cheanannais
validated name (What is this?)
(Irish)
Kells
(English)

Explanatory note

  • Gaeilge

    fair hilltop?
    Tá leanúnachas laistiar den logainm seo, ón fhianase is sine i leith, e.g. Cenondas (690c., Beatha Naomh Pádraig leis an Easpag Tíreachán atá caomhnaithe i Leabhar Ard Mhacha); Cenannas (bliain 743, Annála Uladh). Logainm aonfhoclach is ea é i bhformhór mór na bhfoirmeacha stairiúla atá le fáil go raidhsiúil ó dheireadh an 7ú haois i leith, seachas cúpla eisceacht ar nós Cenannas na Ríg (An Leabhar Laighneach, 1160c); Cenandas na Rig (Leabhar Bhaile an Mhóta, Leabhar Leacáin, 1391–7c), Ceanannas na Midhe (Foras Feasa ar Éirinn, 1633c), Cennadus na cCrois (lámhscríbhinn Ghaeilge, 1808c), Ceannadhnus an tSlóigh (Louth Archaeological Journal, 1840) mar aon le Ceannadas Mór na Midhe in Irisleabhar na Gaedhilge (1890). Is é an sampla deireanach an t-aon leagan den logainm a cuireadh i gcló roimh an 20ú haois a bhfuil an aidiacht mór ann. Bhí baint nár bheag ag Seosamh Laoide le hIrisleabhar na Gaedhilge — ceapadh ina eagarthóir é ar an Irisleabhar in 1899 — agus ba é a thug aitheantas don fhoirm fhada le mór ina ghasaitéar Post-Sheanchas ar foilsíodh an leagan Béarla-Gaeilge de i mbliain 1905, ‘Ceanannus mór na Midhe (locally Ceanadus mór na Midhe)’. Dá bharr sin, ní foláir, a rinneadh ordú rialtais sa 20ú haois ag athrú ainm an cheantair uirbigh go dtí Ceanannus Mór in ionad Kells. Bhí an leagan Ceanadas in úsáid sa Ghaeilge faoi thosach an 19ú haois ach go háirithe: an sampla is sine den leagan sin atá tugtha faoi deara againn ná, ‘Columb-kil’s House … Clugash Kanadus’ in Statistical Survey of the county of Meath a foilsíodh sa bhliain 1802.
    Is í Ceanannas foirm oifigiúil Ghaeilge an logainm ó 1969 i leith.
    Níor mhiste dhá ní eile a lua faoin logainm seo:
    Thug duine de scríobhaithe Tháin Bó Cuailgne le fios sa lámhscríbhinn Leabhar na hUidhre timpeall na bliana 1100 gurbh ionann Cúl Sibrinni (nó Cúl Sibrille) na tána agus ‘Cennannas’. Dealraíonn sé go raibh an chéad logainm as feidhm faoin tráth úd.
    Ba as foirm dhíshamhlaithe a bhí coitianta i dtéacsanna Laidine nó Béarla, .i. Kenles (srl.), a d’eascair an t-aistriúchán míchruinn Headfort Demesne atá fós mar ainm ar bhaile fearainn in aice bhaile Cheanannais

Centrepoint

53.7253, -6.8796latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Properties

POThere is or was once a post office here

Archival records

scanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned imagescanned image

Historical references

1598
Kelles
91.
Descr. Ir.
1654
The towne and lands of Kells 955 acres
279
CS V
1685c
Kellstowne land
Hib. Del.
1891
Ceannadas mór na Midhe, ‘Kells’
< Brian Mac Séafraidh, Maigh nEalta
Iris. na G. Leathanach: 76
1901
Ceannadas
[cainteoirí as Ó Méith]
Iris. na G.

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm