BROWSE
bog
Featherbed Bog
(English)

Other names

Featherbeds
local name (What is this?)
(English)
Featherbed Mountain
local name (What is this?)
(English)

Explanatory note

  • Gaeilge

    ? An Dochtóg
    the soft-bedding bog??
    dochtóg — foirm dhíspeagtha de docht, malairt foirme de tocht “mattress(-filling)”?

    Tugtar Featherbed Bog ar an bportach atá os cionn Ghleann an Smóil ar an taobh thoir theas. Cé nach féidir deimhin a dhéanamh de, tá seans go dtagann leagan Gaeilge den ainm anuas chugainn i measc na mionainmneacha a bhailigh Eoghan Ó Comhraí ó Liam Ó Reachtúra (1753–*c.*1840), cainteoir dúchais a rugadh is a tógadh sa ghleann agus a raibh ardmheas ag Ó Comhraí ar a chuid Gaeilge. (Cf. ‘Uilliam Ó Rachtabhra ... speaks as good Irish as ever I heard spoken, as does his sister Una’ LSO (BÁC) 46 agus arís ‘William Rafter, a native who speaks very good Irish’ i nóta peann luaidhe san Ainmleabhar faoi #137319.) Sholáthair an Reachtúrach liosta mionainmneacha a thosnaíonn mar seo a leanas:

    Cnoc a tSidhain, a tumulus [=Knockanteedan (Mound) SO], Glais a Mhuicídhe [=Glassamucky SO], Brácaídhe [1760 ‘The Brakes’ Rocque = [Glassamucky] Brakes SO] Cón Árd [=Cunard SO], Sliabh na cCloch [=c. Glassamucky Mountain SO], *Dochtog* [?], Bun na tTrí tTromán [.i. an áit a mbuaileann Mareens Brook SO agus Tromanallison SO le sruthán eile], Aill Mháirín [.i. an chlais shuntasach trína ritheann Mareens Brook SO], Caislén Ui Cheallaigh [=Castlekelly SO], Aidhin Dothair [=Cot Brook SO], Troman Dubh [craobhshruthán de chuid Cot Brook SO gar do mhullach Chipiúir .i. foinse ‘Aidhin Dothair’ a luaitear roimhe], srl., srl.

    [LSO (BÁC) 47, 2/8/1837. Fágtar an litriú díreach mar atá ag EÓC sa litir ach amháin go bhfuil na ceannlitreacha caighdeánaithe.]

    Is féidir iad seo go léir, nach mór, a cheangal le hainmneacha nó gnéithe a léirítear ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis [SO]. Tabharfar faoi deara go n-ainmnítear na háiteanna in ord deiseal ag tosnú ag béal an ghleanna. Tá sé le tuiscint as an gcomhthéacs go dtagraíonn an mionainm 1837 ‘Dochtog’ [(An) Dochtóg] do ghné éigin taobh theas de Shliabh Ghlaise na Muice (.i. Sliabh na gCloch) agus taobh thuaidh de Bhun na dTrí dTromán. Is idir an dá áit sin, ar gach taobh de theorainn an chontae, atá an Featherbed Bog suite. (Featherbed Mountain is mó a úsáidtear i nGleann an Smóil sa lá atá inniu ann [eolas áitiúil 15/9/2018]. Tá an chuid is mó den talamh phortaigh ar thaobh Chill Mhantáin den teorainn (www.epa.ie).)

    Cuir i gcás mar sin an t-ainmfhocal docht ar malairt foirme é de tocht “mattress” FGB. Tá tocht “bed-tick” ag Ó Duinnín agus tá éadach tochta “ticking” le fáil in FGB. Is éard is brí le tick anseo ná mála a líontar le hábhar bog, m.sh. tuí, le codailt air (‘Tick ... The case or cover containing feathers, flocks, or the like, forming a mattress or pillow’ Shorter OED).

    Tá cuma an dúchais ar An Dochtóg mar logainm ach ní léir an aistriúchán ad hoc í an Ghaeilge ar an mBéarla. Ní léir ach oiread gur míníodh d'Ó Comhraí ag an am cad dó a thagair an t-ainm. Más rud é gur míníodh, is cosúil nár thug sé leis é — is i mBéarla amháin atá an chéad tagairt eile aige don phortach sna Litreacha, trí seachtainí ina dhiaidh sin: ‘on the edge of Feather bed Bog’ LSO 76 (22/8/1837). Ní féidir a bheith deimhnitheach faoin ionannú mar sin. D'fhéadfadh sé gurb é an focal céanna atá le fáil i 1836 ‘Dochtógpl:AL .i. bf Doghtog (#37976), ainm bhaile fearainn lastuaidh de Ráth Tó i gContae na Mí — agus ní léir aon phortach ansiúd.

    Mar leis an ainm Béarla de, tá featherbed le fáil i roinnt mhaith páircainmneacha i Sasana, m.sh. ‘Featherbed ... Feather Bed Field ... Feather Bed Ground ... “land with soft soil” ’ English Field Names 75; cf. an cnocainm Featherbed Moss i dtuaisceart na tíre sin. Tá an tsráidainm Featherbed Lane le fáil thall freisin, agus i mBaile Átha Cliath (1798 ‘Featherbed Lane’ IHTA 3 22), i nDroichead Átha agus i dTeampall Mór chomh maith. Féach an chiall íorónta seo a leanas i mbéarlagar Londain ón mbliain 1785: ‘Feather-bed Lane. A rough or stony lane’ in A Classical Dictionary of the Vulgar Tongue.

    D'fhéadfadh sé mar sin gur don phortach bhog féin a thagraíonn an t-ainm. Ach díol spéise an t-eolas seo a leanas a bailíodh ar an Leacain i dtuaisceart Chill Mhantáin i 1939: ‘Jane Lawlor told me that her grandmother made feather-beds from the ceannabhán [sic] (white bogcotton)’ Beneath the Poulaphuca Reservoir 180. (Cf. síoda móna (cf. FGB), an leagan Gaeilge a luaitear le Cill Mhantáin in Threlkeld, Synopsis Stirpium Hibernicarum... (1726) (bunaithe aige ar lámhscríbhinn Gaeilge ó *c.*1660): ‘Cotton-grass, Irish Keanuan ban [ceannbhán bán], in the County of Wicklow Siodha Monah [síoda móna]’ (s.v. Gramen tomentosum, an seanainm Laidine; cf. Eriophorum, tearma.ie). Fásann an síoda móna go rábach ar an bportach anseo freisin gan amhras.)

    Samplaí déanacha iad na samplaí de featherbed i logainmneacha Béarla thuas agus gach seans gur baisteadh go déanach é mar ainm ar an bportach idir chamáin freisin. Níl aon tagairt do Dochtóg ná do Featherbed sna deontais mhóinchearta ó thosach an 17ú haois a chuireann síos ar na portaigh sléibhe sa cheantar seo.

    [AMGC, uasdátaithe 29/11/2018, 2/2/2022]

Centrepoint

53.2207, -6.3181latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Historical references

1760
The Turff Bogs
Rocque
1821
Feather Bed
Duncan
1837
?Dochtog
LSO (BÁC) Leathanach: 47

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm