BROWSE
genitive:
validated name (What is this?)
(Irish)
Louth
(English)

Hierarchy

county

Explanatory note

  • Gaeilge

    Ba é Lugmad (nó Lugbad go hannamh) gnáthlitriú na Sean-Ghaeilge. Comhfhocal dlúth atá sa logainm < Lug (dia Ceilteach réamh-Chríostaí sa chás seo meastar) + aicmitheoir doiléir. Mheas Dónall Mac Giolla Easpaig (‘NOUN + NOUN compounds in Irish placenames’, 162–3) an dara mír den logainm a mhíniú mar seo: ‘There is an o-stem which could possibly suit the context here. This is moth (later mod) which was used by the native grammarians to denote the masculine gender but which originally referred to the male member … The name Lugmad probably referred originally to a mound or standing stone at which Lugh was commemorated’.

    Bhí an carn consan meánach -ghmh-/-ghbh- (de réir litriú na Nua-Ghaeilge) ag dul ar ceal faoin 13ú haois sa logainm, rud atá soiléir ón litriú comhaimseartha Béarlaithe, leithéid Luueth (bliain 1235) agus Loueth (O’Rahilly 1930: 176). Cruthaíonn rím na filíochta a cumadh i gceantar Oiriall san 18ú agus sa 19ú haois go raibh á rá faoin tráth úd, ainneoin an éagsúlacht litrithe a chleachtaítí. Féach an tsolaoid seo i meadracht aiceanta le hArt Mac Cumhaidh cuir i gcás, ‘Dís ó Lú agus triúr ón Éirne’, nó an tsolaoid seo as ceapadóireacht den déanamh rainn agus amhrán le Risteard Taath a cailleadh i mbliain 1736 de réir dealraimh:

    Aithris dod’ mháighistir go glic,
    A leabhráin bhric, go raibh tú i Lúgh’,
    Go dtugais damh-sa sgéal Ádhamh.
    Cia an lá do bhlas an t-ubhall.

    (Ó Tuathail 1923: 60)

Centrepoint

53.9453, -6.48475latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm