Cartlann Fuaime an Bhrainse Logainmneacha

Cartlann Fuaime de thaifeadtaí logainmneacha de chuid an Bhrainse Logainmneacha is ea an Chartlann seo. Cuimsítear inti breis is 1,200 uair an chloig de thaifeadtaí a rinneadh sna 1960idí agus sna 1970idí go príomha. Rinneadh na taifeadtaí i 24 contae timpeall na tíre agus bailíodh logainmneacha ó bhreis is 4,000 duine le linn na tréimhse sin ar fad.

Rinneadh digitiú ar an ábhar fuaime agus ar an gcatalóg a théann leis le linn 2009. Cruthaíodh bunachar sonraí in Fiontar mar chuid de Chomhaltacht Taighde MA a bhí ar siúl ag Cáit Nic Fhionnlaoich, 2010–2011, faoi scáth na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Mar thoradh ar an obair sin tá an t-ábhar fuaime agus an chatalóg ar fáil anois ar líne d’fhoireann an Bhrainse Logainmneacha agus do thaighdeoirí eile.

Tráchtas Cháit Nic Fhionnlaoich »

Cuirimid ar fáil anseo bunachar sonraí teoranta den chatalóg dhigitithe, gan na comhaid fuaime, ionas gur féidir le daoine tuiscint a fháil ar an méid atá sna taifeadtaí fuaime. Ní féidir, mar gheall ar chúrsaí príobháideachais agus cead craolta, na taifeadtaí a chur ar fáil go poiblí ar an idirlíon.

Má tá spéis agat in aon cheann de na taifeadtaí, scríobh ríomhphost chuig logainm@dcu.ie ag lua uimhir thagartha na dtaifeadtaí atá uait (1a1, mar shampla) agus ag míniú an fáth a bhfuil rochtain ar na taifeadtaí uait. Is faoin mBrainse Logainmneacha atá sé cinneadh a dhéanamh maidir leis na sonraí seo a chur ar fáil.

Treoir úsáideora don Chartlann Fuaime

  1. Tabharfar an dara cluaisín, SPÓIL ag barr an leathanaigh, thú chuig liosta de na spóil uile atá sa Chartlann Fuaime.
    1. Is féidir brabhsáil trí na taifeadtaí ach úsáid a bhaint as an mbarra nascleanúna faoi na boscaí cuardaigh.
    2. Is féidir cuardach a dhéanamh de réir contae ach ainm an chontae a scríobh isteach sa chuardach Téacs san fhormáid Co. + ainm an chontae, m.sh. Co. Phort Láirge, Co. Dhún na nGall, Co. Thiobraid Árann.
    3. Is féidir cuardach a dhéanamh de réir bailitheora ach cliceáil ar roghnaigh sa bhosca cuardaigh sin.
  2. Má tá spéis agat i spól faoi leith, cliceáil ar traiceanna thíos faoin eolas a bhaineann leis an spól sin. Tabharfar thú chuig na traiceanna a bhaineann leis an spól. Beidh eolas ar fáil ansin mar gheall ar an áit lena mbaineann an taifeadadh, an dáta taifeadta agus an cainteoir.
    1. Má chliceálann tú ar ainm na háite osclófar cluaisín eile, ina mbeidh an iontráil don áit sin in www.logainm.ie.
    2. Má chliceálann tú ar ainm an chainteora, tabharfar thú chuig an iontráil don duine sin faoin gcluaisín CAINTEOIRÍ, áit a bhfuil tuilleadh eolais faoin gcainteoir, agus nasc chuig na traiceanna eile a bhaineann leis/léi.
  3. Tá cuardaigh eile ar fáil faoin gcluaisín TRAICEANNA: cuardach ginearálta Téacs, cuardach ar Chainteoirí, cuardach ar Bhailitheoirí, cuardach ar áiteanna (caithfear úsáid a bhaint as an uimhir uathúil a bhaineann le háit ar www.logainm.ie), cuardach ID (an uimhir ar chlé ar bharr an traic: 28 m.sh.) agus cuardach de réir Leasainm (uimhir an traic féin: 1a1, mar shampla).
  4. Is féidir cuardach trí na CAINTEOIRÍ agus trí na BAILITHEOIRÍ ach úsáid a bhaint as an gcuardach Téacs faoi na cluaisíní sin.

Sound Archive of the Placenames Branch

This sound archive consists of the placenames recordings of the Placenames Branch. It contains more than 1,200 hours of recordings that were made mainly in the 1960s and 1970s. The recordings were made in 24 counties around the country and placenames were collected from more than 4,000 people during that period.

The audio material and its catalogue were digitised in 2009. A database was created in Fiontar as part of an MA Research Fellowship undertaken by Cáit Nic Fhionnlaoich, 2010–2011, sponsored by the Department of Community, Equality and Gaeltacht Affairs. As a result of that work, the audio and catalogue material are now available online for the staff of the Placenames Branch and for other researchers.

Cáit Nic Fhionnlaoich's thesis »

A limited database of the digitised catalogue, excluding the audio files, is available here to the public in order to give people some idea of the archive’s extent. The recordings, however, cannot be made available publicly online due to issues of privacy and broadcasting permission.

If you are interested in any of the recordings, please email logainm@dcu.ie with the reference number of the recording to which you would like access (for example, 1a1) along with the reason why. The decision to grant access to this data rests with the Placenames Branch.

User Guide to Sound Archives

  1. The second tab at the top of the page, REELS, will take you to a list of all the reels in the Sound Archive.
    1. You can browse through the recordings using the navigation bar under the search boxes.
    2. You can refine your search to a particular county by typing the name of the county in the Text search in the format Co. + county name, e.g. Co. Phort Láirge, Co. Dhún na nGall, Co. Thiobraid Árann.
    3. You can search by collector by clicking select in the collector search box.
  2. If you are interested in a particular reel, click on tracks below the reel’s information. You will be taken to the tracks related to that reel. Here you will see information about the recording such as the place associated with the recording as well as the recording date and the speaker.
    1. If you click on the placename, the entry for that placename on www.logainm.ie will open in a new tab.
    2. If you click on the speaker’s name you will be taken to the entry on that person in the SPEAKERS tab, where there is more information on the speaker as well as links to the other tracks related to him/her.
  3. The following searches are available under the TRACKS tab: Text, Speaker, Collector, Spool, Place (the unique number of the place on www.logainm.ie must be used here), ID (the number on the top left hand side of the track: 28, for example) and Nickname (the number of the track itself: 1a1, for example).
  4. You can search the SPEAKERS and the COLLECTORS by using the Text search under those tabs.