Sa téama seachtainiúil a postáladh ar logainm.ie roimh thús na Bealtaine 2024, luamar go bhfuil an focal Bealtaine, a thagraíonn d’fhéile an tSamhraidh, fós in úsáid sa Ghaeilge go dtí an lá inniu, ag tagairt don mhí go príomha (see logainm.ie Baile Maoilbhealtaine). Faightear é i ndornán ainmneacha bailte fearainn chomh maith, amhail Lios Bealtaine / Lisbalting “(the) ring-fort of May” (logainm.ie #48350) i gContae Thiobraid Árann, chomh maith le An Bhealtaine / Beltany i gContaetha Dhún na nGall (logainm.ie #16481) agus Thír Eoghain (logainm.ie #63248). Anuas ar an méid sin, is ann do Sliabh na Bealtaine / Beltany Mountain (logainm.ie: 14425) i gContae Dhún na nGall agus Tamhnaigh Bhealtaine / Tamnaghvelton “(the) grassy upland of May” (logainm.ie #1417840) i gContae Ard Mhacha freisin. Ainm atá píosa beag níos neamhghnáiche, agus a thagraíonn do Bealtaine “May” ar bhealach indíreach, is ea Baile Maoilbhealtaine “the (town)land of Maoilbhealtaine” i gContae Chorcaí. Ainm pearsanta is ea Maoilbhealtaine atá fíor-neamhchoitianta agus atá ar aon dul leis an struchtúr atá le feiceáil i leithéidí Maolphádraig < maol “servant” + Pádraig (.i. ainm an naoimh). Bhí ainmneacha pearsanta den struchtúr sin an-choitianta tráth ach is cosúil go raibh siad tite i léig faoi na meánaoiseanna deireanacha. Ainmneacha naomh a leanadh an eilimint maol den chuid is mó, chun dúthracht a chur in iúl, ach is amhlaidh a chruthaítí leasainmneacha ar an gcaoi céanna: cuir i gcás Maolanfa < maol + anfa “storm”, ainm a thug an sloinne Ó Maolanfa (NGM Ó Maolanfaidh), a bhéarlaítear mar Melamfy go coitianta. Níl aon amhras ach go mbaineann an t-ainm Maoilbhealtaine leis an dara catagóir seo. Dá bhrí sin, níl Maytown go hiomlán cruinn mar bhéarlú ar an logainm Baile Maoilbhealtaine, mar ní chuireann sé in iúl go raibh ainm pearsanta mar chuid de ar chor ar bith.
Tá dhá bhaile fearainn eile sa tír a bhfuil Maytown orthu sa Bhéarla, ceann i gContae Loch Garman agus ceann eile i gContae Ard Mhacha. Tá an chuma ar an scéal, áfach, nach bhfuil aon bhaint ag ceachtar acu seo le mí na Bealtaine féin. Is cosúil gur ainm de bhunadh an Bhéarla é Maytown i Loch Garman < mead “meadow” + town (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mBailte Fearainn, Co. Loch Garman). Tá Maytown Ard Mhacha níos doiléire fós, gan aon chinnteacht ann faoina bhunús (féach placenamesni.org: Maytown).
Anuas ar an méid sin, tá dornán bailte fearainn ann a bhfuil Mayfield mar ainm oifigiúil Béarla orthu, beag beann ar an mbunainm Gaeilge. Cuir i gcás Baile na gCailleach “the town(land) of the nuns” (logainm.ie #25175) i gContae Chill Dara, ar a dtugtar Mayfield or Ballynagalliagh go hoifigiúil; Gort Ardach “field of Ardach” (logainm.ie #49141) i gContae Phort Láirge (logainm ann féin ab ea Ardach de réir dealraimh) a béarlaíodh mar Mayfield or Rocketscastle; Lios Mhic Fheorais “the ring-fort of Mac Fheorais” (tuilleadh faoi seo thíos) (logainm.ie #36128) i gContae Mhaigh Eo, a tugadh Mayfield air; agus Baile na mBocht “the town(land) of the poor” (logainm.ie #129588), an ceantar ar an taobh thoir thuaidh de Chathair Chorcaí a bhfuil aithne forleathan air faoin ainm Béarla Mayfield.
Ní aistriúchán nó fiú bréagaistriúchán ar an mbunlogainm Gaeilge iad na hainmneacha Béarla seo, murab ionann agus Maytown i gContae Chorcaí. Is amhlaidh a thagann na samplaí seo de Mayfield ó ainmneacha tithe móra de chuid an 18ú nó 19ú haois (Mayfield (House), Mayfield Cottage). Tagraíonn an logainm Baile na gCailleach “the town(land) of the nuns” (logainm.ie #25175) i gContae Chill Dara don bhaile fearainn a bheith i seilbh an ‘Nunnery of Kildare’ (Irish Monastic Possessions, 1540-1541, lch. 146) tráth. Ar aon dul leis sin, talamh eaglasta a bhí i gceist le Baile na mBocht i gCorcaigh, agus é mar chuid de thailte San Stiofán, b’fhéidir (féach Calendar of Patent Rolls, lch. 244b). Dála an scéil, is cosúil go ndéanann ainmneacha ar nós Baile na mBocht “the town(land) of the poor” agus Baile Bocht “town(land) of (the) poor” tagairt do thalamh eaglasta a bhí curtha i leataobh do dhaoine bochta (féach Logainmneacha na hÉireann IV Ainmneacha na mBailte Fearainn, Co. Loch Garman, s.n. Baile Bocht / Ballybought, lch. 232). Maidir le Gort Ardach (logainm.ie #49141) i gContae Phort Láirge, áfach, is cosúil nach bhfuil aon bhaint aige le haon láthair eaglasta. Tugann an t-ainm sin le fios go raibh ceantar níos mó darb ainm Ardach ann tráth, agus go raibh an Gort seo mar chuid de sin. (Tagraíonn an t-alias Rocketscastle don ghné ar tugadh ‘Rockwells Castle’ air in Civil Survey: Waterford, 1654. Ba é ‘Richard Strang … Esq. Irish Papist’ (lch. 106) a bhí ag cur faoi ann ag an am.)
Tugadh Mayfield freisin ar Lios Mhic Fheorais (logainm.ie #36128) i gContae Mhaigh Eo. Níl baint dá laghad ag an dá logainm sin lena chéile, gan amhras (féach F. Mac Gabhann, Logainmneacha Mhaigh Eo, iml. 7). Ainm athartha is ea Mac Fheorais ó cheart, ach ar ndóigh ghlac muintir (de) Bermingham, de shliocht na Sean-Ghall, chucu féin mar shloinne Gaeilge é (E. MacLysaght More Irish Families, lch. 33). Foirm eile é Feoras de Piaras, an leagan gaelaithe de Piers na nAngla-Normannach. Thugtaí Clann Fheorais ar an teaghlach a bhí bunaithe timpeall ar an áit darb ainm Carraig Fheorais / Carrick (logainm.ie #25517) “the rock of Feoras (ag seasamh do Chlann Fheorais)” i gContae Chill Dara, agus bhí baint acu freisin le Coill an Ruiséalaigh / Russellswood (logainm.ie #25523) sa chontae céanna, chomh maith le Buaile na Bréachmhaí / Ballinabrackey (logainm.ie #133201), Caisleán Shiurdáin / Castlejordan (logainm.ie #38936) agus Maigh Dearbhaí / Longwood (logainm.ie #38954) i gContae na Mí (féach Analecta Hibernica 18 ‘The O Clery Book of Genealogies’). Chuir Clann Fheorais fúthu san iarthar chomh maith céanna: go deimhin, bhí siad chomh líonmhar sin i gCúige Chonnacht go dtugtaí Bermingham’s Country ar chuid de Chontae na Gaillimhe i gcáipéisí gallda. Ní haon iontas, mar sin, go ndúirt muintir na háite le taighdeoirí na Suirbhéireachta Ordanáis i 1838 gur mheasadar gur shloinne a bhí sa logainm seo Lios Mhic Fheorais / Mayfield i gContae Mhaigh Eo.
Maidir leis na samplaí eile de Mayfield thuas atá bunaithe ar ainmneacha tithe móra, níl sé soiléir cén chúis gur bronnadh na hainmneacha sin ar na tithe an chéad lá. B’fhéidir gur spreagadh daoine chun iad a chumadh toisc go gcuirfeadh an focal sin May duine ag smaoineamh ar thús an tsamhraidh. Agus is minic Mayfield in úsáid i saol an Bhéarla anuas go dtí ár linn féin, agus é á bhaisteadh ar shráideanna agus eastáit tithíochta i gContaetha Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, Chill Chainnigh, Luimnigh, Lú, Phort Láirge, na hIarmhí agus Loch Garman (féach sráidainm.ie) chomh maith le Contaetha Aontroma agus an Dúin (féach placenamesni.org).
Mar fhocal scoir, féach go bhfuil roinnt logainmneacha thall i Sasana ina dtagraíonn an eilimint may- do Brl. mayweed, luibh beag galánta a bhfuil bláthanna cosúil le nóinín air, a dtugtar ‘lus anainn’ nó ‘lus Bhealtaine’ air sa Ghaeilge (téarma.ie). Tagann Mayfield in East Sussex ó ‘Magavelda … “Open land where mayweed grows”. O[ld] E[nglish] mægthe + feld’ (Oxford Dictionary of English Place-names). (Féach freisin gur cosúil go dtagann Mayfield in Staffordshire ó ‘Medevelde … Matherfeld … “Open land where madder grows”. O[ld] E[nglish] mæddre [“madder”] + feld’.) Ach ní raibh mayweed coitianta riamh mar théarma i mBéarla na hÉireann, agus ní gá dúinn é a chur san áireamh in aon cheann de na logainmneacha atá luaite againn thuas.
Chun a thuilleadh eolais a fháil ar Bealtaine i logainmneacha na hÉireann agus na hAlban, féach: Kay Muhr, ‘Bealtaine in Irish and Scottish Place-names’, The Journal of Scottish Name Studies 10. https://clog.glasgow.ac.uk/ojs/index.php/JSNS/article/view/134/162
(Conchubhar Ó Crualaoich & Justin Ó Gliasáin)