2025-08-23

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Más fíor bréag… (Cuid II)
Airí Bhréige / Arrybreaga
“(the) false (summer) milking-place”
(logainm.ie #32471)

Dáta: 23/08/2025

Cúpla mí ó shin, fuair an Brainse Logainmneacha fiosrúchán ó chainteoir dúchais Ghàidhlige as Eilean Leòdhais in Inse Ghall agus í ag fiafraí an raibh aon samplaí i nGaeilge na hÉireann den eilimint Ghàidhlige àirigh. Tagann an focal sin i gceist i logainmneacha Inse Gall sa bhrí “an area or pasture land for … summer milking of cattle”, de réir a mínithe féin, agus is minic a bhíonn siad seo le fáil in áiteanna iargúlta, scoite amach. (Le haghaidh plé acadúil ar àirigh na Gàidhlige, a bhfuil stair an-spéisiúil ag roinnt leis i logainmneacha Inse Ghall, cf. Foster 2017; Fellow-Jensen, Nomina 1980.) Tuigtear buaile i logainmneacha Leòdhais mar “cattle fold, enclosure, dairy, milking place” freisin, ceart go leor, ach áiteanna iad seo atá suite ar an gcoimíneacht ar imeall na feirme féin, murab ionann is àirigh. Chomh fada agus is féidir a dhéanamh amach, a dúirt sí, ní bhaintí úsáid as buaile i Leòdhas mar ainm ar na láithreacha buailteachas samhraidh i bhfad i gcéin.

Ba mhór an díol spéise é sin dúinne, mar i logainmneacha na hÉireann – cé go gcreidtear a mhalairt go coitianta – níl gá go dtagraíonn an eilimint buaile do bhuailteachas sléibhe go sonrach .i. na beithígh a thabhairt go dtí talamh ard. Ní hea, ach d’fhéadfadh buaile a thagairt do shuíomh ar bith, is cuma ardán nó ísleán, atá oiriúnach don innilt i gcoinníollacha áirithe aimsire, nó d’áit ar bith a chuirtear in áirithe chun innilt ann ag tréimhsí ar leith den bhliain, cuir i gcás Buaile na Nollag / Boleynanollag “the boley of Christmas-time” (logainm.ie #21027) i gContae na Gaillimhe agus Buaile na Cásca “the boley of Easter-time” a béarlaíodh mar Easterfield (logainm.ie #20989) i gContae na Gaillimhe (‘Baulanacaske’ 1801) agus mar Boolanacausk “the boley of Easter-time” (logainm.ie #7433) i gContae an Chláir. (Mar sin féin, faoi mar a chonaiceamar an tseachtain seo caite, níor mhór bheith aireach sna háiteanna seo uaireanta, m.sh. An Bhuaile Bhradach / Bolabradda “the treacherous boley” (logainm.ie #52877) agus An Bhuaile Bhréagach / Ballybregagh “the false (deceptive, treacherous) boley” (logainm.ie #52339) i gContae Loch Garman.)

Sna samplaí thuas as Leòdhas, dhá rud éagsúla ab ea àirigh agus buaile na Gàidhlige, agus an àirigh suite i bhfad i gcéin ón bhfeirm. I bhFoclóir Dwelly (Am Faclair Beag) s.v. àirigh, tugtar na míniúcháin “hill pasture” agus “Summer residence for herdsmen and cattle”. Tá na bríonna sin an-ghairid do áirge na Sean-Ghaeilge (bunfhoirm àirigh na Gàidhlige): féach “summer milking-places in the mountains”, “place for milking cows, byre, cowshed” (eDIL s.v. áirge; d’fhéadfadh an tréad féin a bheith i gceist freisin). Sampla maith ón tseanteanga is ea Luid Mael Ruain Tamlachta fechtas dia airge .i. ceppan i Sléib Mairgge ‘Chuaigh Maolruain Thamhlachta uair amháin go dtí a airge .i. ceapán i Sliabh Mairge’ i gcló ag Fergus Kelly, Early Irish Farming lch. 44.)

Thug an comhfhreagras seo orainn samplaí a scrúdú den leagan Nua-Ghaeilge den fhocal céanna i logainmneacha, mar atá áirí. (Cf. ‘a herd (of cattle), a pasture, a herdman’s hut’ Dinneen (1927) s.v. airghe; ‘milking-place; herd (of cows)’ Ó Dónaill s.v. áirí. Tabhair faoi deara idir a- gairid agus á- fada tosaigh; féach thíos.) Is follas ar an gcéad dul síos go bhfuil na bríonna seo atá luaite le àirigh na Gàidhilge – buailteachas samhraidh i bhfad amach ón bhfeirm – clúdaithe cheana féin ag buaile i nGaeilge na hÉireann. Is í buaile an eilimint is raidhsiúla go mór ar áiteanna buailteachais sa Nua-Ghaeilge abhus, bídís ard nó íseal, bídís i ngiorracht don fheirm nó scoite amach, murab ionann is buaile i nGaeilge na hAlban a bhfuil dáileachán an-teoranta aici i logainmneacha. É sin ráite, is ann don fhocal Nua-Ghaeilge áirí i logainmneacha abhus freisin, cé go bhfuil sé an-neamhchoitianta.

An sampla is soiléire, b’fhéidir, is ait le rá ach tá sé le fáil chomh fada ó bhaile ó Inse Ghall is a d’fhéadfaí a dhul in Éirinn! Tá an baile fearainn Drom na hÁirí / Drominaharee “the ridge of the (summer) milking-place” (logainm.ie #23392) suite i gContae Chiarraí, 700 km slí ó Leòdhas, rud a mheabhraíonn dúinn cé chomh fada fairsing is a bhí saol na Gaeilge tráth dá raibh. Díol spéise, áfach, nár thuig Gaeilgeoirí Chiarraí brí …na hÁirí faoi lár an 19ú haois. Ná níor thuig Seán Ó Donnabháin féin é i gceart, nuair a thug cuairt ar an áit i 1841 leis an tSuirbhéireacht Ordanáis. Cainteoir dúchais Gaeilge ab ea an Donnabhánach agus bhí cur amach maith aige ar an tseanlitríocht fiú ag an tráth sin dá shaol. Mhínigh seisean an logainm mar “ridge of the watching”, agus é ag iarraidh áirí a cheangal leis an bhfocal aire (eDIL s.v. 1 aire). Tá Drom na hÁirí suite i gceantar crochta sléibhtiúil, áit a mbeifí ag súil le buailteachas le linn an tsamhraidh amháin. Ach dhealródh sé nach raibh an áirí seo in úsáid faoin 18ú/19ú haois, nó neachtar acu go raibh an focal sin féin scriosta ar fad ag an bhfocal buaile sa ghnáthchaint le fada, ionas gur imigh brí an logainm as cuimhne.

Bíodh sin mar atá, díol spéise go bhfuil sampla againn sa chontae céanna den fhocal áiríoch “herdsman” – díorthaithe ó áirí gan amhras (eDIL s.v. áirgech) – sa logainm Doirín na nÁiríoch / Derreenanaryagh “the (little) (oak-)grove of the herdsmen” (logainm.ie #22330), a thagraíonn do bhaile fearainn sléibhtiúil eile, gar do Ghleann Chárthaigh. Ait go leor, thuig Ó Donnabháin an focal seo (‘shepherds’ a scríobh seisean), faoi mar a thuig an Seabhac (Pádraig Ó Siochfhradha), mórscoláire dúchasach eile, sa 20ú haois.

I Leath Mhogha atá na samplaí eile le fáil freisin. Tá Gleann Áirí / Glenary “valley of (the) (summer) milking-place” (logainm.ie #49236) i Sléibhte an Chomaraigh, Contae Phort Láirge. Agus tá dhá shampla de Coill Áirí “wood of (the) (summer) milking-place” againn, ceann acu béarlaithe Killary gar do Bhéal an Átha i gContae Thiobraid Árainn (logainm.ie #46377) agus ceann eile mar Killaree i gContae Chill Chainnigh (logainm.ie #26989). Ní sléibhtiúil an áit í Coill Áirí i gContae Chill Chainnigh, ach tá cnoic lomcharraige ghéara go maith ann (féach epa), ag bagairt os cionn an Chaisleáin Dhuibh agus iad faoi chrainn. Ní fhéadfaí aon bhuailteachas a dhéanamh anseo ach amháin sa samhradh. (Tabhair faoi deara nár thuig Gaeilgeoirí Chill Chainnigh an focal áirí i lár an 19ú haois ach an oiread! Is é míniú a thugadar d’Eoghan Ó Comhraí, ‘there are three of the Kings of Ireland buried in [the large rath in Killaree townland], whence the name Kileree or the Cell of the King’ LSO I 203 (1839), mar a bheadh *cill an rí ann!)

Sa deisceart fós atá Airí Bhuí / Arywee “yellow (summer) milking-place” (logainm.ie #31155) i gContae Luimnigh. Tabhair faoi deara an mhalairt foirme áitiúil, airí le a-gairid. Talamh íseal atá anseo, rud a thugann le fios b’fhéidir go raibh an airí ag tagairt d’áit in aice leis an bportach in iarthar an bhaile fearainn. Ísleán is ea Airí Bhréige / Arrybreaga “false (summer) milking-place” (logainm.ie #32471) sa chontae céanna freisin, a bhfuil an talamh draenáilte go maith den chuid is mó, agus a bheadh oiriúnach don bhuailteachas ó cheann ceann na bliana. Ach tá cúpla páirt de nach bhféadfaí a úsáid go dtí an samhradh, mar atá, an lomcharraig suas an cnoc i dtreo na Cloiche Fada lastoir, agus an mhóin eanaigh laistiar. B’fhéidir gur thagair an focal gin. bréige ‘bréagach’ san ainm do cheann den dá áit seo, a cheapfadh duine a bheadh oiriúnach don bhuailteachas ach nach raibh i ndáiríre.

Ar ais arís dúinn, más ea, ag caint ar bhréaga i logainmneacha. Seo tuilleadh samplaí mar fhocal scoir:

  • Ard Mhacha Bréige “the false Ard Mhacha”, béarlaithe Ardmaghbreague i gContae na Mí (logainm.ie #38187) agus Armaghbrague i gContae Ard Mhacha féin (logainm.ie #56378; placenamesni); mar chodarsnacht ar an bhfíor-Ard Mhacha / Armagh (#1411561) is cosúil;
  • Cnoc Bréige / Knockbreaga “false, (dangerously) deceptive(?) hill” (logainm.ie #37474) i gContae Mhaigh Eo;
  • An Buachaill Bréige / Boughilbreaga “the false boy, cowherd” (logainm.ie #1413201) i gContae Luimnigh (‘there is an old stone on top of it’ *c.*1973);
  • Seáinín na Bréige / Shauneenabreaga “the false Seáinín” (logainm.ie #1421372) i gContae Phort Láirge, ar carn é ar bharr sléibhe (WA002-080).
  • Faill na Bréige / Foylenabreaga “the false cliff” (#1415485) cois taobh na hEatharlaí i gContae Luimnigh;
  • Trá Bhréige / Trawbreaga Bay “treacherous strand” (logainm.ie #111463) i gContae Dhún na nGall, mar a bhfuil tuairisc i Litreacha na Súirbhéireachta Ordanáis ar dhaoine a bheith sciobtha isteach san fharraige le taoidí tobanna;
  • An Carnán Bréagach / Carnanbregagh “the false/deceptive (little) cairn, heap of stones” (logainm.ie #33822) i gContae Lú.

Luamar an tseachtain seo caite an tuairisc a thug Seán Ó Donnabháin as a chuimhne féin ar An Bhréagach “the treacherous (river)”, abhainn i gContae Chill Chainnigh a fuair ainm toisc go gcuireadh sé thar maoil gan choinne, go tubaisteach tragóideach ar uairibh. Nuair a bhí an Donnabhánach in iarthar Chorca Dhuibhne i 1841, thaispeáin muintir na háite carraig mhór dó amuigh i gCuan Fionntrá, le dornán carraigeacha beaga eile idir í agus tír, agus dúradar leis gur mhinic a chuiridís seo dallamullóg ar lucht na mbád. Is é ainm atá ar an ngné chontúirteach seo An Bréagaire “the liar” (logainm.ie #1393949).

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí