2024-06-08

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Báirí, camóga agus a thuilleadh camaibhneacha.
Boc Bháire/Buckwaria “ridge(?) of (the) hurling contest”
(féach logainm.ie #37593)

Dáta: 08/06/2024

Ar lean ó alt na seachtaine seo caite agus an iomáint faoi chaibidil — nó idir chamáin — againn. Ní hiad iomáint agus camán an t-aon dá fhocal amháin a bhaineann leis an gcluiche náisiúnta a thagann i gceist in ainmneacha bailte fearainn agus i logainmneacha eile. Tá bríonna éagsúla le báire, cuir i gcás, m.sh. “match”, “contest”, “goal [.i. cúl sa pheil, san iomáint, srl.]” nó fiú “shoal (of fish)”, ach gan amhras cuireann sé ‘cluiche iomána’ in iúl go sonrach freisin (féach FGB s.v. báire agus cf. an cuntas gleoite in An tOileánach ar chomórtas ‘báire’ .i. cluiche iomána, Lá Nollag ar an Tráigh Bháin). Dá bhrí sin, is maith an seans gur thagair an logainm Boc Bháire/Buckwaria (logainm.ie #37593) i gContae Mhaigh Eo do chluiche iomána. Ar obair pháirce dó ar an láthair sin i 1838, mhol Seán Ó Donnabháin an bhrí ‘a hurling green; a place for playing at Commáns’, míniú a d’fhéadfadh a bheith bailithe aige go háitiúil. (Tá an chéad eilimint boc ábhairín doiléir. Is dealraitheach gur malairt foirme é de buac .i. buaic “highest point; ridge” (féach FGB s.v. buac), rud a d’fhágfadh “ridge of (the) hurling contest”. Rinne an Dr. Fiachra Mac Gabhann, nach maireann, plé cuimsitheach ar an logainm seo in Logainmneacha Mhaigh Eo 2 (Barúntacht Mhuraisce) lgh. 78–81.)
Is í an pheil seachas an iomáint a thuilleann clú do Chontae Mhaigh Eo sa lá atá inniu ann, ar ndóigh, agus is é an dála céanna é ag Contae an Chabháin — ach féach go bhfuil an eilimint báire le fáil i logainm amháin, ar a laghad, sa dara contae sin freisin, mar atá Mullach an Bháire/Mullanwary (logainm.ie #4340). Breacadh síos an leagan Gaeilge áitiúil ‘Mullaigh an bháire’ le linn na Suirbhéireachta Ordanáis i 1836, ainm a mhínigh Ó Donnabháin mar ‘summit of the goal’. D’fhéadfadh sin a bheith cruinn, ach níor cheart a chur as an áireamh gur chluiche cáiliúil ar leith i gcuimhne na háite a thug ainm don mhullach, rud a thabharfadh “the summit of the (significant) hurling match” mar bhrí. Murab ionann is an dá chontae díreach luaite, tá ainm in airde ar Chontae Aontroma mar áit iomána gus an lá inniu. Tar éis dóibh an fhianaise a scrúdú don logainm a béarlaíodh mar Lagavara i dtuaisceart an chontae sin, mhol taighdeoirí an Bhrainse Logainmneacha Lag an Bháire “the hollow of the (hurling) match” go sealadach i 1986 (logainm.ie #61792); tháinig Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann ar a mhalairt de mholadh .i. Lag an Bheara “the hollow of the point” sna 1990í (féach an nóta anailíse ar PlacenamesNI.org s.n. Lagavara).
Agus bhí focail eile sa Ghaeilge ar an mbata iománaíochta de bhreis ar camán féin. (Mar a phléamar an tseachtain seo caite, tugtar idir hurl agus hurley ar an ngléas seo as Béarla, agus sa 19ú haois, thugtaí hurlet air freisin.) Tugann Ó Dónaill “camogie stick” mar cheann den dá phríomhbhríonna le camóg in FGB, agus gan dabht níl faic de dhifríocht idir sin agus camán na hiománaíochta. Ach arís, toisc nach bhfuil san fhocal camóg ach díspeagadh ar an bhfocal cam, tá go leor bríonna eile leis, m.sh. “crook”, “hooked stick”, “gaff-hook”, an tsiombal phoncaíochta ( , ), agus fiú “wisp” san fhocal camóg dheataigh (FGB s.v. camóg); freisin, “anything curved … a turn, a winding” mar a chuir an Duinníneach é (Dinn. s.v. camóg). Ó thaobh na logainmneacha de, is dócha gur minicí go mór gné nádúrtha chamtha nó lúbtha a bheith i gceist leis an eilimint camóg seachas don uirlis iomána.
Cuir i gcás An Chamóg/Cammock River (logainm.ie #116701) i gContae Bhaile Átha Cliath, sampla an-cháiliúil den ainm. Tá sé sin le fáil mar ainm abhann in áiteanna eile freisin, m.sh. An Chamóg/Camoge River (#1165620) i gContae Luimnigh. Tá tagairtí stairiúla againn do shampla eile i gContae Thiobraid Árann (‘Camoge’, ‘the River called Cumog’ (1654)), abhainn a thug ainm don bhaile fearainn ar an talamh ard lena cois lastuaidh, Drom Camóige/Dromcomoge “the ridge of, at An Chamóg” (logainm.ie #48788). Le linn an athraithe teanga, áfach, bhronn an baile fearainn a ainm féin ar an abhainn ar ais, go dtugtar Dromcomoge River sa Bhéarla anois ar An Chamóg (logainm.ie #67197). Ach ní aibhneacha amháin a bhíonn i gceist le camóga. Cé gur bhreac Ó Donnabháin an nóta ‘[t]his name is applied generally to winding rivers’ faoin ainm baile fearainn An Chamóg/Commoge (logainm.ie #11059) in aice Chionn tSáile i gContae Chorcaí, is cosúil nach mbaineann sin le hábhar sa chás áirithe sin. (Tabhair faoi deara nach ndearna an Donnabhánach aon obair pháirce i gContae Chorcaí.) Ná níl sé fíor i gcás an dá shampla de An Chamóg atá béarlaithe Cammoge (logainm.ie #7290) i gContae an Chláir agus Commoge (logainm.ie #26154) i gContae Chill Chainnigh. Pé gné aiceanta a bhí i gceist sna hainmneacha sin an chéad lá, níor chamabhainn, camóg ná camán é!

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí