Fógra


Faoi láthair tá an Brainse Logainmneacha ag déanamh taighde reathach ar ainmneacha riaracháin i gCo. Dhún na nGall (lasmuigh den Ghaeltacht), Co. na Mí agus Co. an Chabháin. (Is iad ainmneacha riaracháin ná ainmneacha ceantar, toghrann, ionad daonra, agus bailte fearainn, etc.) Mar chuid den phróiseas taighde chuir muid tús le nótaí míniúcháin gairide a chur faoi Nóta mínithe, agus is amhlaidh go gcuirfidh sé sin feabhas thar cuimse le heispéireas an úsáideora logainm.ie. Féach mar shampla:

  • Ballynaman / Béal Átha na mBan (#16391)
    the ford-mouth, ford-approach, of the women

  • Baltigeer / Bailte Ó gCiara (#38916)
    the town(land)s of the Uí Chiara. Uí Chiara – ainm treabhchais; nó the town(land)s of the Ó Ciaras. Ó Ciara – sloinne

  • Cloncovet / Cluain Coimheáda (#5619)
    pasture of watching
    Tá an baile fearainn seo suite ar theorainn an chontae. Coimheád, gin. coimheáda a úsáidtear i logainmneacha oifigiúla.

2025-12-01

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téamaí faoi thrácht

An Milisín Míosúil

I mainséar fuar an asail…
Quignamanger / Cúige na Mainséar
“the fifth (land-portion) of the mangers” (logainm.ie #34135)

01/12/2025

Roinnt blianta ó shin, bhí duine de scríbhneoirí an nóta seo ag caint le mac dó mar gheall ar an Nollaig a bheith dírithe ar chúrsaí airgid is tráchtála. Le linn an chomhrá, dúirt an mac go graibh sé mícheart, scun scan, maisiúcháin na Nollag a chur suas agus earraí na Nollag a chur ar díol roimh mí na Nollag. Ní ar bhonn fealsúnachta nó creidimh a chuir sé chomh diongbháilte i gcoinne a leithéid, áfach, ach ar chúis eile ar fad: is í an Ghaeilge a phríomhtheanga, agus ba dheacair dó glacadh le maisiúcháin na Nollag a bheith á gcrochadh le linn mhí na Samhna. Ní bheidh fhios againn choíche an nglacfaí chomh héasca sin le ceiliúradh na Nollag a bheith ag tosnú go ríluath i mí na Samhna dá mbeadh an Ghaeilge ag formhór na ndaoine in Éirinn fós.

Ceist an-shuimiúil í dearcadh an duine dhátheangaigh ar an saol, ar ndóigh, ach tá ceisteanna teangeolaíochta eile ag baint leis an Nollaig atá inspéise freisin. Cuir i gcás an carúl cáiliúil Béarla úd Away in a Manger: ní foláir nó gurbh ait lena lán daoine abhus na liricí i dtosach báire, ó tharla nach bhfuil an focal Brl. manger coitianta i mBéarla na hÉireann in aon chor. Ach ní bheadh sé cruinn a rá nach raibh aon chur amach ar an bhfocal sin sa tír seo roimhe sin: bhí, ach ní sa Bhéarla é! Iasacht as an bhFraincis is ea Brl. manger, ar ndóigh, ach is cosúil gur tugadh an focal go hÉirinn tríd an bhFraincis leis na hAngla-Normannaigh. Nuair a d’iompaigh na Sean-Ghaill seo ar an nGaeilge tar éis cúpla glúin, gaelaíodh an focal Fraincise mar mainséar. (Pléite ag Henry Risk san alt ríthábhachtach leis ‘French loanwords’ in Études Celtiques 14 (1974) p. 83: ‘mainnsér < AN manger (OF mangeūre)’; cuirtear síos ar an bhfocal Gaeilge mar ‘Romance loan-word’ in Dictionary of the Irish Language (eDIL) s.v. mainnsér).

As sin amach, dealraíonn sé go raibh mainséar an-bhisiúil, is a rá go bhfuil sé le fáil i ndornán ainmneacha bailte fearainn agus logainmneacha eile i ngach cúige den tír, ó Thír Chonaill go Corcaigh is ó Mhaigh Eo go Cill Mhantáin. Cuir i gcás Cúige na Mainséar / Quignamanger “the fifth of the mangers” (logainm.ie #34135), in aice Bhéal an Átha sa chuid sin de Chontae Mhaigh Eo a bhí laistigh de Chontae Shligigh ó thaobh riaracháin de go dtí gur leasaíodh na teorainneacha faoin Acht Rialtais Áitiúil i 1898. (Sa chomhthéacs seo is rann talún atá i gceist le cúige (cf. ceathrú “quarter(-land)” atá i bhfad níos coitianta).) Ar na samplaí eile tá Doire na Mainséar / Derrynamansher “the (oak-)wood, grove of the mangers” (logainm.ie #14506) i gContae Dhún na nGall; Log an Mhainséir / Logavinshire “the hollow of (at) the manger” (logainm.ie #30622) i gContae Luimnigh; agus Móin an Mhainséir / Monavanshere “the bog of (at) the manger” (logainm.ie #11397) i gContae Chorcaí. Tá leagan níos faide den logainm Gaeilge An Mainséar / Manger (logainm.ie #54939) i gContae Chill Mhantáin le sonrú ar na tagairtí stairiúla: tugann ‘Mangerterelegh … Maunger, Tirlegh’ (c. 1540) Ir. Mon. Poss., ‘Mangertorlaght’ (1541) Fiants (Anr.) §211, ‘Manger Treleghe (1551) Fiants (Éad.) §775, agus ‘Manger Tereleighe’ (1559) Fiants (Eilís) §1367 an fhoirm Mainséar Thoirealaigh “the manger of Toirealach” le fios, cé nach eol dúinn cérbh é an Toirealach seo.

Ní bhfuarthas fós aon tagairtí atá níos sine ná an 19ú haois d’ainm an bhaile fearainn An Mainséar / Manger (logainm.ie #28184), Contae Laoise, agus seans dá bhrí sin gur cumadóireacht dhéanach sa Bhéarla atá ann. Ná níl dóthain eolais againn faoin logainm Manger i gContae Fhear Manach a ligfeadh dúinn aon rud a rá le cinnteacht mar gheall air; is dócha gur leid atá sa mhionainm ‘Manger Beg’ [< An Mainséar Beag?] , laistigh den bhaile fearainn céanna (placenamesni.org), ar bhunús Gaeilge. Tá an fhianaise don bhaile fearainn An Mainséar / Mountelliott (logainm.ie #53494), gar do Ros Mhic Thriúin i gContae Loch Garman, cuíosach casta. Is cinnte gur logainm de bhunús Gaeilge a bhí ann ó cheart, agus is cosúil gur mainséar a bhí san aicmitheoir (‘Mangers’ 1713, srl.); tagraíonn an t-ainm Béarla a tháinig ina ionad, Mountelliott (1786), do na Nua-Ghaill a bhí curtha fúthu sa teach mór anseo (pléite in Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn i gCo. Loch Garman (2016)). Ach tá sampla an-shoiléir againn ó Chontae Loch Garman sa logainm stairiúil ‘Manshearinneagh’ (1654) Civil Survey, lch. 55, nach maireann. Bhí sé seo suite gar don Abhainn Dubh, ar theorainn pharóistí dlí Chaisleán Eilís agus na Scríne, agus cuireann an litriú sin Mainséar an Eich “the manger of the horse” nó …na nEach “…of the horses” in iúl.

Cé nach ionann each is asal (ar iasacht é ó asellus na Laidine; eDIL s.v. asal), ar ndóigh, cuirtear sinn ag cuimhneamh ar an asal sa mhainséar sna scéalta a bhaineann leis an áit inar rugadh Íosa de réir chreideamh na Críostaíochta. Tá tagairt don eachtra úd le fáil i ndán Gaeilge ó 1814: ‘Nuair rugadh é go dearbh / A mainséar fuar an asail / Go bocht úiríseal dealbh gan ionmhas gan aer’ (corpas.ria.ie: Dánta Dé, dar tús ‘Céad glóire leis an Athair…’, líne 1087). (Seanlitriú is ea a anseo, ar ndóigh: léigh ‘I mainséar fuar an asail’.) Luaitear an eachtra céanna go minic i bhfilíocht na Gaeilge roimh an 20ú haois (féach corpasria.ie s.v. mainséar). Pé rud a mheasann an Gaeilgeoir faoin Nollaig a bheith ag tosnú le linn na Samhna, bhí fáilte roimh an asal i mainséar na nGael i bhfad siar.

Téama na Seachtaine

Machaire na Gé/Magheranagay
"machaire, talamh réidh, páirc ina bhfuil / mbíodh gé".
Féach logainm #35800

01/12/2025

Is cinnte gurb é an turcaí a bhíonn ar phríomhbhéile na Nollag in Éirinn le tamall de bhlianta anuas ach is nós é sin a tugadh isteach as tíortha eile agus ba í an ghé ba thábhachtaí roimhe sin. Is díol suntais, ina leith sin, nach neamhchoitianta tagairtí d'éin in ainmneacha na mbailte fearainn, agus go mbíonn an ghé le háireamh ina measc. Dá réir sin, tá Machaire na Gé/Magheranagay "machaire, talamh réidh, páirc ina bhfuil/ mbíodh gé" i gContae Mhaigh Eo, áit arb é 'Goose Park' a luaitear mar aistriúchán air in Tithe Applotment Book na bliana 1830 (féach logainm.ie: #35800). Tá Leacain na Gé/Lackenagea "taobh cnoic na gé" i gCorcaigh agus Lios na Gé/Lisnagea "ráth na gé" i gContae Liatroma. Is díol suime gur minic ainmhithe stoic a lua i logainmneacha atá ceangailte le lios, ráthráithín, focail ar tagairt do ghnéithe seandálaíochta gach ceann acu, agus bheadh le tuiscint uaidh sin gur mhinic a bhaintí 'athúsáid' astu nuair a bhí an bhunúsáid imithe i léig, e.g. Lios na nGabhar/Lisnagore "ráth na ngabhar"; Lios na mBó/Lisnamoe "ráth na mbó"; Lios na Muc/Lisnamuck "ráth na muc"; Lios na gCaorach/Lisnageeragh "ráth na gcaorach"; Lios na gCoiníní/Lisnagoneeny "ráth na gcoiníní"; Lios na Graí/Lisnagree "ráth na gcapall"; Lios an Eich/Lissaneagh "ráth an chapaill"; Ráth na Bó/Rathnabo "lios na bó"; Ráth na gCaorach/Rathnageeragh "lios na gcaorach"; Ráth na gCoinín/Rathnaconeen "lios na gcoinín"; Ráth an Eallaigh/Rathanally "lios an stoic".

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)